Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díograiseach devoted, enthusiastic
" Leabhair a bhailigh siad agus a thug daoine dóibh a bhí ar díol acu ag an tús agus in ainneoin go raibh cogadh ag dul ar aghaidh agus nach raibh mórán airgid ag daoine ag an am, bhí siad díograiseach agus bhí fís acu.
díograiseach devoted, enthusiastic
" Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh siad díograiseach; daoine cosúil linn féin chun an fhírinne a rá leat.
daoine dúthrachtacha devoted/diligent people
" Cé nach raibh an Ghaeilge riamh chomh láidir leis na teangacha eile a bhí á labhairt sa tír, bhíodh méid áirithe daoine dúthrachtacha ann i gcónaí a bhíodh dílis di.
práinneach as devoted to
" "Cá'id go mbeidh tú ag baint arís?" "A ngearradh a dhéantar le scoilb!" Bhí sé práinneach as an téarma ceart gairme a bheith aige.
Chaith muid an-dúthracht we devoted ourselves
" Chaith muid an-dúthracht ag iarraidh Ian Paisley a thabhairt isteach i rialtas inár gcuideachta,” a dúirt Richard McAuley, ceannaire poiblíochta Shinn Féin, liom.
lucht leanúna an-díograiseach very devoted fans
" Bíodh is nach bhfuil a gcáil inchurtha le cáil na ngrúpaí móra mar U2, mar shampla, tá lucht leanúna an-díograiseach acu.
chaith sé a dhúthracht ar he devoted himself
" Chuaigh sé go Meiriceá i ndiaidh na Gaillimhe, fuair sé deis a bheith ag éisteacht le muintir Chonamara agus le bunadh Árann agus in áit Gaeilge na Leabhar, chaith sé a dhúthracht ar Ghaeilge bheo bheathach na ndaoine a chleachtadh.
go raibh a croí agus a hanam istigh she was very devoted
" Ba léir domh an-luath nuair a thoisigh mé ag obair léi, go raibh a croí agus a hanam istigh sa Ghaeilg agus sílim gur thug sí an-mhisneach do an-chuid daoine agus gur chuir sí an-chuid daoine ag foghlaim Gaeilge ins an tír seo.
bealaí teilifíse speisialta tiomnaithe special television stations devoted
"bealaí teilifíse speisialta tiomnaithe do chúrsaí grinn fiú amháin, bealaí a oibríonn 24/7 anois! Cé a shíl go dtarlódh a leithéid? Ar ndóigh bhí áilteoirí riamh in Éirinn agus abhac ag Fionn Mac Cumhail féin, Cnú Dearóil, chun ceol agus gáire a sholáthar dó.
bhí sé tiomanta he was devoted
" Ar an gcéad dul síos bhí sé tiomanta don pheil Ghaelach agus do Chiarraí ó bhí sé ina ghasúr óg.
chomh tiomanta sin so devoted
" Diansmacht agus Aigne An-Dírithe ============== Ach gnó amháin is ea é a bheith ag siúl nó ag rith ar do luas nó ar do chompord féin ar maithe le bheith aclaí nó meáchan a chailliúint, ach rud eile ar fad is ea é a bheith lándáiríre faoin ngnó agus a bheith chomh tiomanta sin is nach ndéanann tú tada eile ach ar éigean.
níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad they’re not devoted entirely to pleasant diversion
" 
Tá Éire an-tugtha go fóill don talk show agus cé nach bhfuil siad chomh trom is a bhíodh siad, níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad mar atá thall le cláracha Graham Norton agus Jonathan Ross.