Pota Focal Intergaelic
| dóigh | dho | dhá | dhe | dhé | dhi
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le clic nó dhó luiche with one or two mouse clicks
" Is féidir féachaint ar chuid mhaith de na pictiúir atá ar taispeáint go poiblí sa ghailearaí agus breis eolais a fháil mar gheall orthu le clic nó dhó luiche.
Cé is móite d'eisceacht nó dhó apart from one or two exceptions
" Cé is móite d'eisceacht nó dhó, mar shampla, Uíbh Fhailí i gcoinne Chorcaí sa bhliain 2000, is beag cluiche iontach a tharla de bharr an chúldorais ó 1998 agus bhí go leor cluichí aontaobhacha ann i mbliana faoin gcóras a thugann an dara seans do gach foireann.
mar ba dhual dhó as was natural for him
" Aistríodh Mícheal go dtí an Caiseal i 1973 agus, mar ba dhual dhó, ghlac sé cúram air féin foirne na scoile a thraenáil.
post an bhainisteora a thairiscint dhó to offer him the job of manager
" Is é an freagra a bhí ag an gCathaoirleach ar a litir tamall ina dhiaidh sin ná post an bhainisteora a thairiscint dhó! In ainneoin an mhéid a tharla roimhe sin ghlac sé leis an gcuireadh sin go fonnmhar, mar bhí a fhios aige go bhféadfadh sé athruithe a chur i gcrích (ag an am sin bhí cúigear roghnóir ceaptha ach gan aon duine amháin i gceannas!) agus an bhliain dár gcionn bhuaigh Tiobraid Árann Craobh Mhionúr na hÉireann faoina stiúir i gcoinne Cill Chainnigh.
diúltaíodh faoi dhó é he was refused twice
" Ní fhéadfadh siad cónaí sa chathair féin de bharr go raibh an cíos chomh hard sin, agus diúltaíodh faoi dhó é nuair a ghlaoigh sé ar dhaoine a bhí ag ligean tithe ar cíos i gceantar an Spidéil de bharr go raibh páistí aige.
faoi dhó twice
" Nuair a tháinig na Gardaí ar ghuthán soghluaiste i dteach duine go raibh siad in amhras air, rinne siad anailís ar an áit ina raibh an guthán roimhe sin agus bhí siad ábalta a fháil amach gur úsáideadh é faoi dhó gar don Ómaigh ar an lá a phléasc an buama.
ag déanamh trua dhó feeling sorry for him
" Bhí daoine tosaithe ag déanamh trua dhó agus b'fhaoiseamh mór dá lucht leanúna nuair a d'éirigh leis sa Ghearmáin.
é a dhó ar dhlúthdhioscaí éagsúla burn it onto various CDs
" Nuair a cheannaíonn tú ceol uathu, is leatsa é agus is féidir leat é a sheinm ar ríomhairí éagsúla, a chur ar sheinnteoirí soghluaiste (ar nós an Apple iPod) nó é a dhó ar dhlúthdhioscaí éagsúla freisin.
ó dhó breoslaí iontaise from the burning of fossil fuels
" Bhí ceist eile á plé: laghdú a dhéanamh ar thruailliú san atmaisféar ó gháis mar dhé-ocsaíd charbóin, ó dhó breoslaí iontaise.
sráidainm nó dhó one or two street names
" Faraor, níl fágtha anois ach sráidainm nó dhó chun comóradh a dhéanamh ar an obair ar fad a bhí ar bun ag an gcomhlacht Grubb & Son ó thart ar 1830 go dtí 1916.
faoi dhó twice
" Bhain siad an phríomhdhuais i gcomórtas Fhéile Ceol Tíre Idirnáisiúnta Leitir Ceanainn faoi dhó sna seachtóidí.
nuair a fheileann sé dhó when it suits it
" Ach tá seanchleachtadh ag rialtas na hAstráile ar an mbréag a úsáid nuair a fheileann sé dhó.
a dhó go talamh to burn down
" Mar a mhíníonn Warren: "Ar an 2 Feabhra, rinne slua de thart ar 25,000 duine ambasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath a dhó go talamh.
a dhó ar dhlúthdhiosca to burn onto a CD
" Is fearr, mar sin, na grianghraif atá uait a dhó ar dhlúthdhiosca roimh réidh agus an diosca sin a thabhairt don siopa, in áit an chárta grianghraf luachmhar.
faoi dhó twice
" Gan fhios dom, cúpla lá roimhe sin bhí iascaire i ndiaidh na focail *"No Tax, ha, ha ha" *a phéinteáil faoi dhó i litreacha ollmhóra bána ar an ché.
theip air sa scrúdú Gearmáinise faoi dhó he failed the German exam twice
" Ach ní hamháin gur mná a bhí iontu, ach Protastúnaigh a bhí iontu chomh maith!” Bhí sé ar intinn aige céim a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis ar dtús ach theip air sa scrúdú Gearmáinise faoi dhó.
nitear na hológa faoi dhó the olives are washed twice
faoi dhó twice
" Bhí mé féin i Kruger faoi dhó, agus chonaic mé an t-uafás ainmhithe, idir eilifintí, *wildebeest,* dhobhareacha, shéabraí, shioráif agus leoin, agus bhí an t-ádh orm fiú síota a fhesicint.
a chailltí le cúilín nó dhó which would be lost by a point or two
" Ní déarfainn riamh nach bhféadfainn níos mó a dhéanamh nó go ndearna mé gach rud i gceart, go mór mór i gcás cluiche a chailltí le cúilín nó dhó.
ar feadh glúine nó dhó for a generation or two
" Cainteoirí Gàidhlig ab ea iad na ceannródaithe sin agus mhair an ceantar mar bhreac-Ghaeltacht ar feadh glúine nó dhó.
faoi dhó twice
" Thug sé Craobh na hÉireann leis sa ngrád faoi 21 freisin (faoi dhó) agus faoin tráth seo bhí sé ar an bhfoireann shinsear freisin.
i gcoirm cheoil no dhó in a concert or two
" Bhíodh seisiún againn gach seachtain, dúinn féin den chuid is mó, ach anois is arís bhíodh daoine eile ag éisteacht linn agus ghlacamar páirt i gcoirm cheoil no dhó.
faoi dhó twice
" Bhí sé de phléisiúr ag an scríbhneoir seo bheith i láthair ag an chúrsa faoi dhó go dtí seo agus beidh mé ar ais arís i mbliana, ag múineadh an ardranga, mar is gnách.
gan corrphingin nó dhó breise without the odd penny or two extra
" Is fada an mhí é Eanáir, mar shampla, gan corrphingin nó dhó breise.
cillín nó dhó a cell or two
" Mar a thuigfeá, mar sin, tá príosúin i Meiriceá atá chomh beag leis na cinn a bhíonn le feiceáil sna *Westerns*, nach bhfuil iontu ach cillín nó dhó déanta as barraí, agus cinn atá chomh mór le Cook County Jail i Siceágó, ina bhfuil 10,000 cime.
is gá go gcloífí iad faoi dhó they need to be beaten twice
" I bhfocail eile, is gá go gcloífí iad faoi dhó le linn an tsamhraidh.
leid nó dhó one or two clues
" Tugann sé leid nó dhó dúinn go mbíonn lionn dubh air anois agus arís.
é a cheol uair nó dhó to sing it once or twice
" Nuair a bhíodh suim aici in amhrán, deireadh sí leis an duine a raibh sé aige é a cheol uair nó dhó agus an dara huair bhíodh sé aici.
bhí an bua acu faoi dhó. they won twice.
" Bhuaigh an grúpa beag sin d’imreoirí Craobh Laighean sé huaire i ndiaidh a chéile, shroicheadar cluichí ceannais na hÉireann sé huaire i ndiaidh a chéile, bhuadar trí huaire, agus shroicheadar cluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta ceithre huaire i ndiaidh a chéile, agus bhí an bua acu faoi dhó.
go méadóidh an méid sin faoi dhó that that figure will double
" Táthar ag tuar go méadóidh an méid sin faoi dhó d’fheachtas 2008.
an Fathach á dhó the Giant being burnt
" An-chuid draíochta ag baint leis an gceann seo – seoltóireacht, rásaíocht agus an Fathach á dhó sa bhá! Bígí ann! http://www.
faoi dhó twice
" Ach, tubaiste! Chuir sé an liathróid san uisce faoi dhó agus chríochnaigh Pádraig seacht mbuille faoin bpar.
céim nó dhó chun tosaigh ar náibhíocht. one or two steps ahead of navying.
" Murar den chéim chéanna iad le sagairt agus dochtúirí, bhí an obair céim nó dhó chun tosaigh ar náibhíocht.
ach faoi dhó, but twice,
" Tar éis an tsaoil, ámh, ná déan dearmad gur vótáil pobal Mheiriceá dó, ní uair amháin, ach faoi dhó, agus gur bhua sách éasca a fuair sé ar a sheanchomrádaí ollscoile John Kerry i dtoghchán 2004.
a dhó go talamh. to burn to the ground.
" B’ón cheantar seo a tháinig drong dílseoirí i mí Lúnasa 1969 leis an tsráid ina raibh mé i mo chónaí a dhó go talamh.
uair nó dhó once or twice
" Bhí sin maith go leor, ach níor tháinig an liathróid chugam ach uair nó dhó i ngach cluiche, agus de réir mar a bhí na laethanta ag dul i bhfuaire, bhí mé féin a dul i bhfuaire freisin.
faoi dhó twice
" Thug mé féin cuairt air faoi dhó dhá bhliain go leith roimh a bhás ach, faoin am sin, ní raibh fonn cainte dá laghad air.
a mheallfadh litir ghearáin nó dhó. which would attract a letter or two of complaint.
" Síleadh i dtosach gur gnáthalt a bheadh ann, a mheallfadh litir ghearáin nó dhó.
faoi dhó twice
" Ní raibh mé ag caint leis ach faoi dhó riamh.
a bheas ar siúl ar feadh glúin eile nó dhó, which will be ongoing for another generation or two
" Ní hea; ní ag caint faoin gcogadh atá mé – a bheas ar siúl ar feadh glúin eile nó dhó, má thagann sé chun críche riamh – ach faoi shéasúr réamhthoghchánaíochta pháirtithe polaitíochta Mheiriceá.
Diomaite de lá nó dhó apart from a day or two
" (Seo anois mé ag obair!) Diomaite de lá nó dhó in oifig, caithim bunús mo chuid ama ag scríobh ar an ríomhaire agus ag craobhscaoileadh mo chuid gaoise fud fad na hÉireann agus na cruinne.
go ceann mí nó dhó for a month or two
" Tá súil agam go n-éireoidh go maith leo, ach tá mé chun mo rothar a úsáid go ceann mí nó dhó, ar eagla na heagla! Tá an gramadóir "Ceart", a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú doiciméad Gaeilge a chinntiú go huathoibríoch, foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.
a dhath a dhó nothing shall burn
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
faoi dhó twice
" Siadsan a íocann na préimheanna seo (a mhéadaigh faoi dhó le deich mbliana anuas, agus atá ag ardú a cheithre oiread níos tapúla ná an ráta boilscithe), agus dá réir sin, is mó an méid fostóirí atá ag éirí as árachas sláinte a thairiscint dá bhfostaithe.
faoi dhó twice
" Bím i dToraigh uair nó dhó achan bhliain agus bainim an-sult as, - faoi dhó i mbliana.
nó dhó or two
" As seo go ceann bliana nó dhó, beidh an tír ar an gcúigiú geilleagar is mó ar domhan agus ar an deichiú tír is mó a tháirgíonn ola.
nod nó dhó hint or two
"nod nó dhó anseo agam duit.
le seachtain nó dhó anuas for a couple of weeks now
" Trí cinn le seachtain nó dhó anuas a chuaigh go mór i bhfeidhm orm.
uair nó dhó once or twice
" “Tháinig mé amach uair nó dhó chun cinntiú go raibh sí fós ina codladh,” a dúirt sé agus é os comhair na cúirte i gcathair Colmar in oirthear na Fraince, “agus chun an teas a chur ar siúl sa charr.
nó Dhó or two
" Teip faoi Cheann Bliana nó Dhó =============== **SMM: Ní dóigh leat go mbeadh an comhrialtas athá ann faoi láthair chomh cliste sin agus go loicfidh siad ar na bannaí go gairid roimh an gcéad ollthoghchán eile, rud a chiallódh deireadh leis an €uro agus ar an tslí sin, go bhfaighfidís a lán dá gcuid vótóirí ar ais ar a dtaobh?** SÓhU: Ní dóigh liom go dtarlódh sé sin.
faoi dhó twice
" Phós a mháthair faoi dhó roimh na déaga aige, an dara huair le fear a bhí páirteach i gcultas aoise nua, darbh ainm *“The Great White Brotherhood”*.
rud nó dhó a thing or two
" Anois, éist liom go cúramach, a Bhaloir, agus b’fhéidir go bhfoghlaimeoidh tú rud nó dhó faoin dóigh le tír a rialú.
chlár nó dhó a program or two
" Thugas faoi chlár nó dhó a fheiceáil, agus tar éis dom iad a fheiceáil, ghlaos ar an óstán i mBaltimore ag iarraidh m'airgid ar ais.
le mí nó dhó anuas for a month or two now
" Agus mar atá feicthe againn le mí nó dhó anuas, is in airde atá praghas an bhreosla ag dul.
hamadán nó dhó a fool or two
" Thosaigh sé seo le hamadán nó dhó i rith feachtas toghchánaíochta Obama, ach tá sé ina bhunalt creidimh i measc cuid mhaith de lucht an "Tea Party" anois, na daoine i bhfad amach ar eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh a sheasann in aghaidh bheartais lárchlé an uachtaráin agus an Pháirtí Dhaonlathaigh.
le bliain nó dhó anuas for a few years now
" Uirlis atá tagtha chun tosaigh sa Bhreatain le bliain nó dhó anuas ná an ‘sárurghaire’ a chuireann cosc ar nuachtáin eolas a chur i gcló faoi chaidrimh ghnéis sheachphósta a bhíonn ag daoine cáiliúla áirithe.
dhó na gréine sunburn
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
uair nó dhó lena mbeo once or twice in their lives
" Ach tá daoine ina gcónaí ar feadh an chósta anseo nach bhfaca an t-iontas úd ach uair nó dhó lena mbeo.
Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine the screen lights up with a ray or a blast of sunlight
" Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine nuair a thagann Anne ar ais chuici féin ó am go chéile.
pointe nó dhó eile sna pobalbhreitheanna another point or two in the polls
" Nuair a bhíonn sí ar a cosa sa Dáil ag náiriú an rialtais, go háirithe le linn do Éamonn Gilmore a bheith ag tógáil na gceisteanna uaithi, is beag nach bhfeicfeá tacaíocht an rialtais ag titim pointe nó dhó eile sna pobalbhreitheanna.
glúin nó dhó ó shin a generation or two back
" Má tá an saol i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí glúin nó dhó ó shin, tá ceisteanna móra ann atá le réiteach, cuirim i gcás, an comhshaol, an bochtanas domhanda, an dóigh is feidhmiúla leis an gheilleagar a stiúradh, an neamhionannas, agus rath an daonlathais féin.
faoi dhó le trí bliana anuas two fold over the last three years
" Mhéadaigh luas na gcóras leathanbhanada i Meiriceá faoi dhó le trí bliana anuas fad is nach bhfuil athrú mór tagtha ar chórais na hEorpa.
faoi dhó sa tseachtain twice a week
" Ní dhéanaim a dhóthain sa seomra aclaíochta, ach téim ann faoi dhó sa tseachtain.
uair nó dhó i rith an tsamhraidh once or twice during the summer
" Bhí brú orainn uair nó dhó i rith an tsamhraidh foireann a chur chun páirce nuair a bhí daoine ar saoire, ag obair, gortaithe is araile ach tháinig cuid de na peileadóirí i gcabhair orainn nuair ba ghá.
Is féidir léi ceacht nó dhó a mhúineadh dúinn go léir she can teach us all a thing or two
" Is féidir léi ceacht nó dhó a mhúineadh dúinn go léir faoi chúrsaí grá agus is é mo bharúil go bhfuil sé cabhrach éisteacht leis an gceol agus brí a bhaint as na lírící uaithi.
moladh nó dhó a thabhairt to give some counsel
" Shíl Balor nárbh fhearr dó rud a dhéanamh ná moladh nó dhó a thabhairt do roinnt daoine atá i mbéal an phobail i dtaca leis na gealltanais a dhéanfaidh siad, nó ba chóir go ndéanfaidís, agus an bhliain úr buailte linn anois.
faoi dhó gach seachtain twice every week
" Níl ach cúig mhíle fanta, geábh a rithinn faoi dhó gach seachtain san am roimhe seo.
lá nó dhó ina dhiaidh a couple of days later
" Níl a fhios agam an raibh an ealaín ag déanamh aithrise ar an saol nó a mhalairt ach chonaic mé mír amharclannaíochta an tseachtain seo caite a d’aistrigh isteach sa saol réadúil lá nó dhó ina dhiaidh.
faoi dhó twice
" Tá seo déanta ag an imreoir Henry Shefflin, sáriománaí Chill Cheannaigh, sa ghlúin chlé faoi dhó agus d’éirigh leis a bheith ar ais taobh istigh den naoi mí an dá am.
Bhain sé dhó a chasóg he took of his jacket
" Bhain sé dhó a chasóg, agus leag sé ar an bpoll é agus bhí sé ag coinneáil amach an uisce go breá.
glúin nó dhó ó shin a generation or two back
" Ar bhealach, chuir an cuardach mór cumha orm don ré sin, b’fhéidir glúin nó dhó ó shin, nuair a bhí an chruinne leathan ollmhór agus nuair a d’fhéadadh duine (nó long) taisteal ar an troigh gan tuairisc agus ar muir gan teagmháil.
faoi áis nó dhó about an aid or two
" Tá comhairle mhaith ag Roseanne Smith don té a bhfuil a (h)aghaidh ar an ollscolaíocht i mbliana, comhairle faoi áis nó dhó a chaithfear a fháil ar ais nó ar éigean.