Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag diúltú denying, refusing
" Tá muid dlúthcheangailte leis an stair sin agus caithfear aghaidh a thabhairt uirthi, rud a dhiúltaigh John Howard a dhéanamh; agus tá sé ag diúltú don fhírínne go fóill.
ag diúltú refusing
" Tá na húdaráis ag diúltú cead pleanála a thabhairt ar na cúiseanna seo: dochar don timpeallacht agus milleadh radharcanna tuaithe; easpa infrastruchtúir tuaithe agus an costas a bhainfeadh le caighdéain sasúil a bhaint amach sa réimse seo.
diúltú náireach shameful rejection
" Sin diúltú náireach SAM do Phrótócal Kyoto, comhaontú idirnáisiúnta a d'eascair as Rio a bhfuil mar aidhm aige dul i ngleic le truailliú an aeir (agus tús pianmhar a chur leis an obair chun téamh domhanda a stopadh).
seachas diúltú instead of refusal
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá doras oscailte ann anois do scoileanna neamhaitheanta agus tacaíocht ann dóibh seachas diúltú.
seachas diúltú instead of refusal
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá doras oscailte ann anois do scoileanna neamhaitheanta agus tacaíocht ann dóibh seachas diúltú.
ag diúltú ceada refusing permission
" Tá na póilíní ag diúltú ceada dóibh níos minicí, áfach, de bharr easpa daonchumhachta, a deir siad.
ag diúltú refusing
" An taobh istigh den bhád Atlantic Dawn Cúpla mí sular sheol an Atlantic Dawn isteach go Cuan Bhaile Átha Cliath, bhí an Coimisiún fós ag diúltú ceadúnas a thabhairt don bhád.
diúltú to refuse
" Reachtaíocht nua ======= I Meitheamh 1973 thosaigh Aontacht Chumann Riartha na nÁitritheoirí (ACRA) feachtas ag iarraidh ar an Rialtas an dlí a athrú agus idir an dá linn ag impí ar dhaoine diúltú aon chíos talún a íoc.
diúltú refusal
" Ní fhéadfaí a chur i leith Rialtas na hAstráile gur dlúthchara don chomhshaol é, mar atá léirithe aige san idirbheartaíocht faoi Phrótacal Kiótó agus ón diúltú atá tugtha aige don chonradh sin ó 1997.
diúltú do chaidreamh fisiciúil to refuse a physical relationship
" Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná "diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach"; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad.
diúltú glan totally refuse
" "Tá díomá an domhain orm le gach aon cheann des na páirtithe; níl sé de *spunk *ná de mhisneach ag páirtí teacht amach agus diúltú glan dó seo.
ag diúltú don réaltacht denying reality
" Ach nach meatacht é sin, ag diúltú don réaltacht? "Is fíor gurbh fhearr liom maireachtáil gan na drochrudaí sin ag cur isteach orm, an foréigean, an bochtanas.
diúltú na tairisceana the rejection of the compromise
" Cailleadh seisear stailceoirí ocrais sa tréimhse idir diúltú na tairisceana agus an uair a cuireadh deireadh leis an agóid ar choinníollacha nach raibh leath chomh flaithiúil leis an méid a bhí ar fáil ón “dreapadóir sléibhe”.
diúltú to refuse
" Táthar den tuairim gur cosaint cheannasaíocht an Gharda Síochána is cúis leis an Aire diúltú tuarascáil na nGardaí maidir le dúnmharú an iar-chomhairleora contae Eddie Fullerton a fhoilsiú.
diúltú do reject
" Is cosúil go bhfuil siad ag déanamh réidh le diúltú do cibé ráiteas a chuirfidh an IRA amach, agus dearfaidh siad nach leor é.
ag diúltú refusing
" Cheannaigh siad ticéid do thraein na síochána ach tá siad ag diúltú dul ar bord, ag screadaigh go bhfuil Gerry Adams ag tiomáint na traenach.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
chun diúltú do na tairiscintí sin to refuse those offers
" ” Deir Aoife go bhfaigheann sí tairiscintí ó stáisiúin eile teilifíse ó am go chéile ach go bhfuil sí muiníneach go leor aisti féin anois chun diúltú do na tairiscintí sin nuair nach mbíonn obair shuimiúil i gceist.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
ag diúltú cumhacht a roinnt refusing to share power
" Faoi láthair, agus an DUP ag diúltú cumhacht a roinnt le Sinn Féin, is deacair a shamhlú go gceadódh ceannairí ghluaiseacht na poblachta d’aon ní tarlú a thabharfadh leithscéal breise don DUP gan cumhacht a roinnt agus, dá bhrí sin, a chuirfeadh brú breise ar an dá rialtas glacadh le seasamh an Dr.
ag diúltú don iarratas, refusing the request,
" In ainneoin go bhfuil Maidrid ag diúltú don iarratas, ag rá go bhfuil an pictiúr ró-shobhriste lena bhogadh thart, tá tacaíocht láidir ann, go háirithe agus comóradh 70ú bliain na buamála i ndiaidh a bheith ann, don tuairim gur cheart an pictiúr a thaispeáint sa Guggenhéim- an dánlann iontach a dhear an t-ailtire Frank Gehry do mhuintir Bilbao.
diúltú anois is arís don chathú resist the temptation
" Ach bheadh sé go deas dá bhféadfadh sé diúltú anois is arís don chathú a bhraitheann sé an scian a shá i ndaoine .
diúltú a bheadh ann do ghnéithe áirithe rejection of some of the aspects
" Ní gá gur vóta i gcoinne na hEorpa a bheadh i gceist dá ndiúltófaí don chonradh sa reifreann atá ag teacht chun cinn, mar sin, ach diúltú a bheadh ann do ghnéithe áirithe de fhorbairt an Aontais.
diúltú to refuse
" Agus dúirt mé liom féin, ‘Ní féidir diúltú do seo’.
Táthar ag diúltú do na pleananna móra the big plans are being refused
" Táthar ag diúltú do na pleananna móra go leanúnach, agus níltear ag tabhairt mar leithscéal ach amháin, ‘níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge.
nó diúltú dó. or to reject it.
" ImeaglúTá an chumhacht againn glacadh le Conradh Liospóin nó diúltú dó.
an diúltú the 'no' vote
" Ní ghlacfaidh ceannairí na hEorpa le míniú ar an diúltú i mí an Mheithimh; beidh siad ag súil go leagfaidh an Taoiseach plean iomlán amach agus go gcuirfidh sé in iúl dóibh céard iad na chéad chéimeanna eile agus cén uair a chuirfear i gcrích iad.
diúltú to refuse
" Má éiríonn le plean an uachtaráin, ní bheidh na comhlachtaí in ann diúltú d'iarratasóir ar bith.
diúltú refusing
" Ba mhór an faoiseamh a bheadh ag teaghlach an fhir mhairbh dá bhfoilseofaí, chomh maith le sin, an tuairisc a rinne Leas-Choimisinear an Gharda Síochána ag an am, Eugene Crowley, ar bhás Mc Anespie, ach tá An Garda Síochána ag diúltú sin a dhéanamh "le finnéithe a chosaint.
diúltú refusing
" Trí mhí tar éis do mhuintir na hÉireann diúltú do Chonradh Liospóin anuraidh, chlis ar Lehman Brothers, an banc mór infheistíochta a bhí ar cheann de na bainc is mó dá chineál sna stáit Aontaithe.
diúltú turn down, refusal
" Ní ciotach ann mé a thuilleadh,Nuair a thugaim dá n-earraí diúltú-Lámha riastacha an oileáin,Ní féidir iad a chúiteamh.
diúltú dó to oppose it
" Is é an freagra a bhí ag Marcel Duchamp, an té a chuir tús leis an ghluaiseacht choincheapúil sna 60í, ar an ealaín a tháinig roimhe ná diúltú dó de bhrí go raibh sé róghafa le ‘optics’ agus teicnicí.
diúltú refusing
" Is furasta an rialtas a cháineadh as diúltú do chuid de mholtaí na saineolaithe.
diúltú refusing
" Ní hamháin go bhfuil sé ag diúltú don bhanc an t-airgead a aisíoc ag an phointe seo, ach tá sé ag cur an dlí ar Anglo as anbhroid a chur air agus as é a chiapadh! Ar ndóigh bhí scéal Michael Fingleton go mór i mbéal na daoine fosta.
diúltú to refuse
" Tá an tionscal mianadóireachta ar cheann de na fostóirí is mó sa tír agus fuair na feisirí parlaiminte achainíocha go leor ó na daoine ina dtoghcheantair ag impí orthu diúltú don cháin, nó í a ísliú go mór ar a laghad.
diúltú shooting down, denial
" **SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?** SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
ag diúltú refusing
" Caithfidh an Lucht Oibre an chodarsnacht soiléir a láimhseáil idir a bheith ag caint faoi Éamonn Gilmore a bheith ina Thaoiseach agus a bheith ag diúltú ag an am céanna aon iarracht a dhéanamh tacaíocht a lorg ó Shinn Féin agus ó iarrthóirí ar an eite chlé ar nós Joe Higgins, Finian Mc Grath, Catherine Murphy agus Séamas Healy, a mbeadh fonn orthu vótáil do Gilmore dá mbeadh An Lucht Oibre dáiríre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
diúltú refusing, shrinking from
" ** Le fada tá déagóirí ag diúltú don Ghaeilge mar theanga chumarsáide lena gcomhaoisigh agus go deimhin tá an galar sin leathnaithe chuig an té atá breis is fiche bliain d’aois chomh maith.
ag diúltú go dubh agus go bán do refusing point blank
" Ag caint leis an Chomhchoiste Oireachtais ar ghnóthaí Oidhreachta, Iompair, Cultúir agus Gaeltachta ar an 28 Feabhra thug Leas-Phríomhfheidhmeanch an Fhorais, Seán Ó Cuinn le fios nach bhféadfaí an córas nua maoinithe seo a bhrú ar aghaidh i gcoinne thoil na n-eagras Ghaeilge: “An moladh a bheidh againn nuair a bheidh an próiseas comhairliúcháin thart, dá mbeadh gach duine ag diúltú go dubh agus go bán do sin, ní bheadh muid ábalta dul ar aghaidh leis.
diúltú freastal refuse to attend
" ” Bhí cruinniú mullaigh faoi choinne thíortha na hEorpa Láir agus Thoir le tarlú idir 11-12 Bealtaine i Yalta na hÚcráine, ach tar éis do 13 de na 20 ceannaire stáit diúltú freastal air mar agóid in aghaidh na dtarluithe sa tír, ní raibh an dara rogha ag an Uachtarán Yanukovych ach é a chur ar ceal.
raibh údar leis an diúltú iad there was a reason for refusing them
" Baineadh feidhm as dea-thréithe na n-oibrithe Áiseacha sa bhreis ar chéad bliain ó shin le maíomh go raibh údar leis an diúltú iad a ligean isteach sa tír.
ag diúltú Béarla a labhairt refusing to speak English
" Bhí sí ag diúltú Béarla a labhairt agus bhí a cairde, sna déaga, ag gáire agus ag tathaint uirthi *“Ah come on (ainm), speak English to us, come on, please”*.
cúiseanna a lua leis an diúltú eadóirseachta to spell out the reasons for refusing the naturalization
" Chuaigh Mallak i muinín an dlí chun iallach a chur ar an Aire cúiseanna a lua leis an diúltú eadóirseachta.
ag diúltú an Ghaeilge a labhairt refusing to speak Irish
" Thart ormsa i gCois Fharraige, le deich mbliain anuas nó mar sin, tá cuid mhaith de na daoine óga ó na déaga suas ag diúltú an Ghaeilge a labhairt mar ghnáth-theanga eatarthu féin.
an diúltú céanna don íoróin agus don searbhas the same refuting of irony and bitterness
" Ach ó thaobh Joyce de, feictear na cleasanna céanna i bprós Wallace is a fheictear in oeuvre an Éireannaigh: an bhéim chéanna ar an leadránacht nó “*paralysis*”, an íogaireacht chéanna dos na riachtanaisí fisiciúla daonna is bunúsaí, an diúltú céanna don íoróin agus don searbhas, mar aon le rialacha stairiúla liteartha a rinne iarracht guth an scríbhneora a chur fé smacht.
gcaithfidh tú diúltú dó sin you have to refuse the other
" Ceapann siad gurb ionann agus coinsias a bheith ag glacadh le rialacha ó eaglais éigin agus, chun an daonlathas a chosaint, go gcaithfidh tú diúltú dó sin.
diúltú glacadh le refusing to accept
" Níor mhaith liom a bheith im’ phríomhoide i Meánscoil, go háirithe na laethanta seo, tar éis don ASTI, ceardchumann na meánmhúinteoirí, diúltú glacadh le Socrú Bhóthair Haddington.
Ní diúltú iomlán it’s not a complete denial
" Cén fáth a gcuirfeá rudaí amú nuair nach bhfuil gá agat leo ar an gcéad dul síos agus go bhfuil tú sona ina n-éagmais cíbe ar bith? Ní diúltú iomlán do shaol an lae inniu é - ná diúltú don domhan mar a fheidhmíonn sé faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an bhfásach iargúlta amhail Ord manach Trapach nó Búdaíoch.
ag diúltú glacadh lena refusing to accept
" Tá Ming ag diúltú glacadh lena thuarastal iomlán €92,672 (nó €87,258 inniu Bealtaine 2014).
nár cheart dó diúltú do he shouldn’t turn down
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.
Diúltú an rialtais a government refusal
" An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:** Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air: * Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge * Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.