Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhiúracáin missiles
" Agus cad é a bhí ag dul fríd intinn Bhrains nuair a bhí na tuairisceoirí ag caint ar dhiúracáin Cruise ag taisteal aniar? Ní dhéanfadh sé gearán riamh arís nach bhfuair sé seans taisteal thar lear.
diúracáin chúrsála cruise missiles
" Níor chuir sé na diúracáin chúrsála ag triall ar Bagdad.
diúracán missiles
" " Is cuma sa tsioc le Tomóg Mheiriceá cad é atá ag gabháil anseo, nó tá seisean róghafa le cúrsaí bioráin agus léarscáile: poll beag thall, poll beag abhus, agus é ag stiúradh na ndiúracán isteach san Afganastáin, ag iarraidh teacht ar Osama Ó Loideáin.
diúracáin missile
" Do bharúil cén sórt diúracáin is cóir dom a úsáid?' Smaoinigh mé ar feadh bomaite nó dhó 'fhad is a bhí an Sceach Óg ag cur meigeathonnaí faoina chúlfhiacail.
diúracán missile
" Nuair a bhíonn tú cóngarach d'imreoirí eile sa chluiche bíonn seans agat "diúracán" a sheoladh ina dtreo chun iad a ionsaí.
Diúracáin núicléacha á bhforbairt nuclear weapons being developed
" Diúracáin núicléacha á bhforbairt ag an tSeapáin.
diúracán missile
" Is ar mhaithe le daoine a chosaint ó cheimiceáin dhainséaracha a rinne siad é sin, de réir an scéil oifigiúil, ach níl ach bliain imithe ó rinne an tSín satailít dá cuid féin a bhualadh le diúracán.
diúracáin rockets
" Ní tharlódh an t-ionsaí mura mbeadh diúracáin á scaoileadh ó Ghaza ar bhailte san Iosrael agus tá freagrachtaí ar gach taobh, dar le Ging.
diúracán projectiles
" Bhí longa cogaidh SAM amach ón gcósta ag scaoileadh diúracán ar shráidbhailte ag an am céanna, a mhaíomh gur mhílistigh Ioslamacha a bhí iontu.
diúracán projectile
" B'iontach liom é - bhí grianghraif de chodanna an roicéid ann, agus léaráidí ag cur in iúl an chaoi a gcuirtear na gáis le chéile chun an diúracán a thiomáint.
diúracán rocket(s)
" Muna mbíonn siad sásta deireadh a chur lena n-ionaid eithneacha agus diúracán, ba chóir do SAM iad a ionsaí.
Ní eolaíocht diúracáin is not rocket science
" Ní eolaíocht diúracáin atá ann.
diúracáin missiles
" De thoradh na tuaiplise sin díríodh maslaí agus tarcaisní ar an réiteoir, bualadh é agus caitheadh diúracáin leis.
Diúracán Dearg red rocket
" ’Sé an tram an rud a dtugtar an Diúracán Dearg air ach i ndáiríre is ainm mí-oiriúnach é mar níl an Diúracán Dearg chomh tapa sin.
diúracán rockets
" “Mo shoraidh céad slán leo agus lena gcuid eitleán agus a gcuid bád spéire, lena a gcuid gunnaí agus lena gcuid gníomhairí rúnda agus gan a bheith rúnda, agus leis na carranna móra sin atá díonta in éadan buamaí agus diúracán ach a bhfuil bóithre na hÉireann in ann iad a bhriseadh,” a deir Balor an Bligeard.
diúracán missile
" Cosnóidh gach diúracán Hellfire $58,000 agus teilgeadh 4,184 díobh san Afganastáin anuraidh.
bíodh sé ag deargadh an aeir le diúracáin he may shoot all the projectiles he may wish to
" An té nach bhfeiceann cé tá i gceannas an stáit is mian leis a ionsaí, bíodh sé ag deargadh an aeir le diúracáin ach ní chuirfidh sé an cheannasaíocht de dhroim seoil.
a teilgeadh an chéad diúracán sa spás when the first rocket was fired into space
" Bhí nuachtáin ina measc freisin ón lá a teilgeadh an chéad diúracán sa spás i 1969; bhí trí nuachtán ó chuairt an Phápa go hÉirinn i 1979 agus sleamhnáin, clár agus ticéid ó chluichí Oilimpeacha Munchen i 1972.
diúracán projectile(s)
" Agus tá 900 milliúin úsáideoirí ag *Facebook* féin! Ní i réimse na cumarsáide amháin, ar ndóigh, a rinneadh dul chun cinn mór le céad bliain anuas: tháinig ann don teilifís, an diúracán – an roicéad, an chumhacht eithneach, an t-eitleán, an ríomhaire, an t-idirlíon, an frithbheathach, an nódú orgáin, agus go leor eile nach iad.
ré an diúracáin the projectile era
" Is i ré an diúracáin anois sinn thairis ariamh.
a mhúscail a gcuid diúracán who started their projectiles
" Ní fios go cinnte arbh iad SAM nó an Iaráin a mhúscail a gcuid diúracán i sciobóil sa Táidsíceastáin le ciall a chur iontu, ach bhain an méid sin an gus astu.
scaoileadh diúracán i ngar don Iorua a missile near to Norway was released
" Bhí solas beag lasta ar an chás agus nuair a d’oscail Yeltsin é léirigh scáileán istigh gur scaoileadh diúracán i ngar don Iorua agus go raibh sé dírithe ar Mhoscó.
rian an diúracáin the track of the projectile
" Tar éis dóibh súil a choinneáil ar rian an diúracáin ar feadh cúpla bomaite eile, thuig na Rúisigh nach raibh sé ag tarraingt orthu.
diúracán aimsire a theilg muintir na hIorua in airde a weather rocket which the Norwegians shot up
" Ba é an rud a bhí ann ná diúracán aimsire a theilg muintir na hIorua in airde chun staidéar a dhéanamh ar na Gealáin Thuaidh.
Géarchéim Diúracán Chúba Cuban Missile Crisis
" Is léir gur tharla sé cúpla uair gur beag nár baineadh úsáid as na hairm uafásacha seo d’aon ghnó, cuirim i gcás Géarchéim Diúracán Chúba sna seascaidí, ach tríd is tríd, ba lia ar fad na himeachtaí a raibh fadhbanna teicniúla nó cumarsáide i gceist.
cé a chaith na diúracáin cinniúnacha who cast the fateful rockets
" Ní fios cé a chaith na diúracáin cinniúnacha ar an 21ú Lúnasa (is mó is dóichí gurbh é arm Assad é), ach tá a fhios ag an domhan cé a d'fhulaing dá dheasca: fuair 635 bás nuair a phléasc diúracáin lán leis an néarghás Sarin i bhfobhailte thoir na Damaisce ina raibh na ceannaircigh i gceannas.
le diúracán a dhíriú orainn directing a missile at us
" An Cogadh Craorag ========= Má thosaíonn aon leath den domhan cogadh eithneach, b’fhéidir gur chuma leo sinne in Éirinn ann nó as agus nach mbacfaidís fiú amháin le diúracán a dhíriú orainn.
lena chuid diúracán eithneacha with their nuclear missiles
" Nuair nach mbíonn sé ag dúnmharú a chuid uncailí nó ag bagairt dheireadh an domhain lena chuid diúracán eithneacha ní maith leis a chuid ama a chur amú.
a tháirgíonn na diúracáin which produces the missiles
" Tá ionad i nDoire ag Raytheon, an comhlacht Meiriceánach a tháirgíonn na diúracáin atá á n-úsáid ag na comhghuaillithe san Iaráic.