Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an nathair dhiaga the divine snake
" Nuair a chuala muintir na hIndia go rabhamar ag dul chun na Seapáine bhí alltacht orthu - itheann na Seapánaigh an *naga*, an nathair dhiaga! Timpeall an chúinne uainn tá brainse d'Arm an tSlánaithe, an t-arm is fearr a tháinig riamh as an mBreatain.
idirghabháil dhiaga divine intervention
" Creidtear sa bhaile gur idirghabháil dhiaga a shábháil Barra de Navidad sa deireadh.
bó dhiaga divine cow
" ) Is iomaí bó dhiaga a roinn siad le chéile, iad ag caitheamh siar bairillí pórtair 'fhad is a bhí siad á gcogaint.
an dlí diaga the divine precept
" Scríobh sé gur cheart do dhaoine an dlí diaga a leanúint: “in doing to others, as we would wish others do unto us.
sinsear diaga. ancestors.
" Ach, murab ionann agus séipéil, ní léirithe de naoimh iad baill adhmaid na Maorach, ach léirithe dá sinsear diaga.
garráin dhiaga sacred groves
" Nemeton – garráin dhiaga a dtagadh druideanna le chéile iontu tráth den saol, lena ndeasghnátha a chleachtadh agus le corrainmhí bocht donasach a bhronnadh ar na déithe mar íobairt.
ar an bhfód diaga on the hallowed turf
" Féidearthacht eile ná go mbeidh mé ag filleadh ar Éirinn le pleidhcí an fhlainín a fheiceáil ar an bhfód diaga, Páirc an Chrócaigh! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann.
a bhraith go raibh ceart diaga acu who felt that they had a divine right
" “Cén chaoi ar féidir linn stádas an laoich a bhronnadh ar dhaoine a bhraith go raibh ceart diaga acu dul i mbun sléachta agus áir ar shráideanna Bhaile Átha Cliath? Ní raibh na hÉireannaigh faoi chois ag Sasana ag an am; ní raibh a leithéid de rud agus sclábhaíocht sa tír.
faoina riail dhiaga. under his devine rule.
" Ní móide, áfach, go mbainfidh Moon amach an sprioc is ansa leis: an domhan go léir a bheith faoina riail dhiaga.
diaga godly
" Tá an choimhlint seo i gcroílár cuid mhaith creideamh ar fud an domhain: an streachailt idir yin agus yan i dTaochas na Síne, idir Séat agus Osiris na sean-Éigipte, idir fhorsaí diaga agus lucht an tsaoil seo sa tsean-Ghréig, agus idir an Mhaith agus an t-Olc i mBíobla na Críostaíochta.
diaga liturgical
" Ní minic a sciobaim nath as an gceol diaga sa cholún seo, ach is lóchrann geal na n-aisteoirí iad an bheirt seo agus cluiche fichille na marthannachta thar an imeall á imirt acu lena chéile.
tsléibhe dhiaga godly mountain
" Ní i mbun troscaidh ná tréanais a bhí Enda, ámh; ná i mbun machnaimh ná marana, faraor; ná i mbun paidreacha buíochais, fiú; ach ag amharc dó amach thar shleasa garbha an tsléibhe dhiaga ar thír na hÉireann a bhí ina luí mar a bheadh stól coise aige agus é ar a ríchathaoir.
dánta diaga religious poems
" Agus thug sé soir go dtí cathair na Gaillimhe muid, agus bhí tréimhse caite agamsa ag obair agus …bhí an t-airgead seo coigilte agus bhí mé tar éis seinnteoir caiséid a cheannach dom féin agus rinne mé taifeadadh de Phádraic, d’fhear an tí, ábhar álainn, paidreacha agus dánta diaga ach an chaoi a ndúirt sé iad, cuirfeadh sé na deora leat, dáiríre, ach pé scéal é thug Máirtín mé féin agus Éilís agus an seinnteoir caiséid soir go dtí Mícheál Ó Concheanainn, scéalaí mór, agus is cuimhin liom i gcónaí an chaint a bhí ag Máirtín agus chomh humhal agus chomh lách is a bhí sé le Mícheál Ó Concheanainn.
do bharúil dhiaga shaineolach your expert divine opinion
" Ach an dtig liom ceist eile a chur ort anois? An bhfuil seans ar bith ag seanphágánach de mo leithéid dul isteach i Ríocht Dé ar ball? Caidé do bharúil dhiaga shaineolach?** Benedictus: Bhuel, a Bhaloir, tá iomlán mo shaoil caite agam ag staidéar na diagachta, agus is é atá foghlamtha agam ina dhiaidh sin is uile ná gur cóir i gcónaí dul ar ais chuig an Scrioptúr.
cheol diaga ecclesiastical music
" Beidh an ceiliúradh seo bunaithe ar an oidhreacht shaibhir de cheol diaga a thagann ó thraidisiúin na Gaeilge ar an dá thaobh de Shruth na Maoile agus beidh slua ceoltóirí ó Albain agus Éirinn rannpháirteach ann.