Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dianmhachnamh deep reflection
" Déanann gach duine acu dianmhachnamh ar an tasc tromchúiseach a bhíonn acu agus ullmhaíonn siad iad féin chomh maith agus is féidir leo le dul i mbun cluiche peile nó iomána.
dianmhachnamh deep thought
" Rinne mé dianmhachnamh ar ghnéithe éagsúla den fhile, a shaol misteach, a spioradáltacht, Maud Gonne.
dianmhachnamh deep thinking
" Tá Feargal Cochrane tar éis dianmhachnamh a dhéanamh mar gheall ar Chathair Nua-Eabhrac le hocht mí dhéag anuas.
go leor, leor dianmhachnaimh lots and lots of deep thinking
" Bíonn go leor, leor dianmhachnaimh i gceist.
dianmhachnamh careful thinking
" " Ní mór don Pháirtí Poblachtánach dianmhachnamh a dhéanamh sula ligeann siad don eite seo smacht a ghlacadh ar an bpáirtí.
tar éis dianmhachnaimh having contemplated the matter deeply
" Dar leis, ní fhéadfadh aon Rialtas a chuid cumhachtaí bunúsacha a ghéilleadh - fiú dá ndéanfaidís iad do ghéilleadh d’aon ghnó agus tar éis dianmhachnaimh - gan dochar a dhéanamh do chearta na nDaoine.
dianmhachnamh déanta great consideration given
" Fiú i Roinn an Taoisigh féin tugadh comhairle dó gan a bheannacht a thabhairt don Phlean go dtí go mbeadh dianmhachnamh déanta aige faoin mholadh go mbeadh rannóg faoi leith ina Roinn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge fán bhliain 1987.
i ndiaidh mo dhianmhachnamh a dhéanamh ar having seriously considered
" Tá mé i ndiaidh mo dhianmhachnamh a dhéanamh ar an cheist seo, agus aon leasú a dhéanfaidh mé, nó aon dlí úr a cheapfaidh mé, is ar mhaithe le muintir na tuaithe in Éirinn a bheas siad.