Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díograiseach diligent
" B'fhéidir go raibh sé i gcónaí fíor gur sna blianta an-óga a oileadh agus a deineadh na hiománaithe agus na peileadóirí, is é sin gur fhoghlaim siad na scileanna agus na cleasanna ar pháirc na scoile (a bhuíochas sin do na Bráithre agus na múinteoirí díograiseacha ar fud na tíre) agus ar an bpáirc imeartha áitiúil.
is dícheallaí most diligent
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é chun an baile is dícheallaí in Éirinn ar son na Gaeilge a roghnú.
dícheallach diligent
" "Cé go raibh sé cineál seanaimseartha agus leadránach, bhí sé dícheallach ina phost.
díograiseacha diligent
" Na láidreachtaí Daoine díograiseacha.
díograiseacha diligent, enthusiastic
" Bhí múinteoirí díograiseacha i scoileanna eile ag múineadh an oiread ábhar agus ab fhéidir leo trí Ghaeilge - iarsmaí fánacha ón seanchóras scoite amach leo féin.
dúthrachtach diligent
" Cad iad an laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Áras? Láidreachtaí: Tá foireann againn atá díograiseach, dúthrachtach i mbun a gcuid oibre agus iad bródúil as an Áras agus an obair atá idir lámha acu.
daoine dúthrachtacha devoted/diligent people
" Cé nach raibh an Ghaeilge riamh chomh láidir leis na teangacha eile a bhí á labhairt sa tír, bhíodh méid áirithe daoine dúthrachtacha ann i gcónaí a bhíodh dílis di.
díograiseacha diligent
" D'oscail na mná foighneacha ag na boird gach vóta go cúramach agus thaispeáin siad iad do na daoine díograiseacha a bhí taobh thiar de sconsa miotail in aice leo.
an-dúthrachtach very diligent
" "Tá na comhairleoirí sa státseirbhís an-oilte agus an-dúthrachtach i gcónaí agus ba cheart gur go hannamh a lorgófaí comhairle ó shaineolaithe ón taobh amuigh.
díograiseach enthusiastic, diligent
" “Is duine díograiseach mé,” a deir sé, “sin an méid.
díograiseach diligent
" Dá mbeadh na húdaráis sa tír seo díograiseach faoin athrú teanga, d’fhéadfaidís é a chur i gcrích.
díograiseacha diligent, hard-working
" Bealaí OSP thar lear ======= Ní hí Éirinn an t-aon tír amháin a bhfuil bealaí OSP le fáil inti: is amhlaidh go bhfuil roinnt mhaith bealaí idir mórthír na hAlban agus Inse Orc, an tSealtainn agus Inse Ghall; cuid de na bealaí idir bailte iargúlta san Iorua; idir tír mór san Iodáil agus an tSairdín; agus (*vive la différence!*) bealaí idirnaisiúnta ó Strasbourg go cathracha Eorpacha, chun go mbeidh turas deas simplí abhaile ag na Teachtaí Eorpacha díograiseacha.
díograiseach enthusiastic, diligent
" Tá Coiste Dúiche breá díograiseach sa chontae; tá na baill scaipthe ar fud an chontae ach, mar sin féin, tá siad i gcónaí ar fáil le cuidiú a thabhairt.
dhíograiseach diligent, enthusiastic
" Tá foireann dhíograiseach againn a chreideann sa choincheap.
dhíograiseach diligent, enthusiastic
" Tá foireann dhíograiseach againn a chreideann sa choincheap.
an-díograiseach very diligent/enthusiastic
" Mar atá le feiceáil sa stair a théann leis an áit, tá dream an-díograiseach taobh thiar den tionscadal seo, agus is iadsan atá á thiomáint go fóill.
dúthrachtacha diligent
" Ach is iad láidreachtaí s'againne ná samhlaíocht, fuinneamh, foighne, agus daoine dúthrachtacha tiománta a bheith ar bord.
ní raibh sé ródhíograiseach he wasn't too diligent
" D’fhreastail sé ar ranganna i gComhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach ach ní raibh sé ródhíograiseach sna blianta tosaigh sin.
an-díograiseach, dícheallach very enthusiastic and diligent
" B’fhear an-díograiseach, dícheallach é George Bain.
iarrachtaí dúthrachtacha diligent attempts
" Tá saol úr sa 21 haois geallta don lúbra meánaoiseach, Julian’s Bowers i Lincolnshire Shasana, i ndiaidh iarrachtaí dúthrachtacha caomhantóirí comhshaoil leis an lúbra a shábháil agus a atógáil.
an-diograiseach very diligent
" Bhí siad an-diograiseach - ní raibh aon charr acu agus shiúladh siad chuig an naíonra ó lár na cathrach gach Satharn.
dícheallacha saothracha busy diligent
" ” Is léir mar sin gur dhaoine dícheallacha saothracha iad tuismitheoirí John.
dúthrachtacha diligent
" Bhí an suíomh ar fáil, criathrach garbh ar aghaidh na gairmscoile, agus an fhís, an toil agus an tsamhlaíocht ag daoine cróga, dúthrachtacha an cheantair.
Scoláire dícheallach a diligent student
" Scoláire dícheallach atá i bPeter.
an ceannaire croídhílis the diligent leader
" Reáchtáladh na cluichí sé mhí tar éis fheallmharú Martin Luther King, an ceannaire croídhílis ar an ngluaiseacht cearta sibhialta i SAM.
scoláirí díograiseach students are diligent
" Tá na scoláirí díograiseach agus is léir go bhfuil suim acu sa teanga.
fear dúthrachtach séimh an affable diligent person
" Saothar Mór Joe Mitchell, an Foclóir Breatnais-Gaeilge ========================= Duine díobh sin, fear dúthrachtach séimh, tá blianta maithe caite aige ag cur an chéad fhoclóir Breatnais-Gaeilge i dtoll a chéile.
chomh saothrach as diligent
" Tá súil aige, agus deireadh ag teacht leis an rialtas reatha, go mbeidh an chéad rialtas eile chomh saothrach don Ghaeilge.