Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuinneamh taidhleoireachta diplomatic energy
" Ní maith leo ainmneacha a mball a fhógairt, ach tá spriocanna an tionscadail seo sách soiléir: mar a deir siad féin, “Is ar mhaithe leis an domhan agus le Meiriceá go mbeadh Meiriceá i gceannas" agus "tá neart míleata, fuinneamh taidhleoireachta, agus prionsabal morálta de dhíth chun an cheannasaíocht sin a chur i réim.
bheartas taidhleoireachta diplomatic plan
" Ach an dtabharfaidh sé faoina gcomhnascadh? Gan a bheith chomh héifeachtach céanna mar Aire Tuaithe agus mar ghlór an iarthair agus teipthe ar a bheartas taidhleoireachta i dtaobh conspóid phíobán gáis na Coiribe a réiteach.
foireann taidhleoireachta diplomatic staff
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
plámás na taidhleoireachta speaking in diplomatic terms
" Ní raibh i gcaint an chuairteora Shínigh ach plámás na taidhleoireachta, ach mar sin féin, chuir ráiteas Xi ag meabhrú mé ar an chaoi a ndearna geilleagar na tíre seo a bhealach isteach sa nua-aois, agus ar an tSín féin, a bhfuil leathchos amháin aici sa nua-aois agus cos eile fanta sa ré réamhthionsclaíoch.
a chuid éachtaí taidhleoireachta his diplomatic feats
" Bhain sé an cháil sin amach fé dheireadh, ach cáil ab ea é a bhí bunaithe ar a chuid buanna dochreidte scríbhneoireachta in ionad a bheith bunaithe ar a chuid éachtaí taidhleoireachta.
stádas taidhleoireachta diplomatic status
" Ghlac Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí na Samhna le stádas taidhleoireachta a thabhairt don Phalaistín, céim ab ionann is breith stáit, sna tailte a bhí fanta fós acu fán bhliain 1967.
cheap na ridirí taidhleoireachta the diplomatic knights
" Mar a deir beirt chorpán i gCré na Cille de chuid Mháirtín Uí Chadhain, cheap na ridirí taidhleoireachta gur “lánchumhachtóirí” iad, ach cheap daoine eile go "ndeachaigh siad thar a n-údaráis" nuair a shíníodar an conradh céanna.
caidreamh taidhleoireachta diplomatic relations
" Cuireadh tús le caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus an Astráil bunáite seachtó bliain ó shin agus ba chaidreamh an-chairdiúil é formhór mór an ama sin.
ach nósmhaireacht taidhleoireachta just a diplomatic protocol
" Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.
ionadaithe taidhleoireachta diplomatic representatives
" Tugadh – agus tugtar fós – an teideal ‘Ard-Choimisinéir’ ar ionadaithe taidhleoireachta de chuid bhallstáit an Chomhlathais.
trí mheáin taidhleoireachta by diplomatic means
" Rinne na rialtais éagsúla náisiúnta gearráin oifigiúla trí mheáin taidhleoireachta, ach ba dhóigh liom nach raibh i gceist leis an bhfreagairt seo ach an gotha, an rialtas ag cur na gcaorach thar an abhainn.