Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
salú dirtying
" Ní mó ná sásta a bheadh Dubhán Liphechaire na bliana 759 AD, ná Cairpre Liphechair na réamhstaire, le salú na habhann san am i láthair, óir is ionann 'Liphechair' agus 'cara na Life'.
lorg méar salach dirty finger marks
" Na huibheacha bruite a raibh mé ag súil go mór leo, bhí na blaoscanna bainte díobh agus lorg méar salach fágtha orthu! Bhí an freastalaí chomh cairdiúil, gealgháireach sin nach raibh sé de mhisneach agam gearán a dhéanamh! Creid é nó ná creid, d'éirigh liom iad a ithe agus táim fós beo.
cógaisí cáidheacha dirty medicines
" Ach, bhí na páirtithe polaitíochta agus an dá rialtas mar a bheadh dochtúir ann - ag tabhairt cógaisí cáidheacha do na hothair, á rá "tá a fhios againn go bhfuil sé go dona, ach déanfaidh sé maith duit.
páca madadh cáidheach pack of dirty dogs
" Agus ná bí ag súil le trócaire ó iriseoirí mar is páca madadh cáidheach iad iriseoirí a náireodh a máithreacha féin dá dtabharfaí an chéad leathanach dóibh.
níos cáidhí go mór far dirtier
" " Ní ag tagairt do lábán shuíomh na tógála i mBaile an Aba atá sé, ach do chlábar atá níos cáidhí go mór.
obair shuarach dirty work
" Bás nádúrtha? B'fhéidir é, ach cé chomh nádúrtha is a bhí an saol a chaith sé anseo i measc na milliúnaithe? Is iad na hÁisigh - Indiaigh, Pacastánaigh, Filipínigh - a dhéanann an obair shuarach i nDúbai, a ghlanann suas inár ndiaidh.
bpoblachtánach cáidheach dirty republicans
" **PM:** Ach seo bolscaireacht de cuid na bpoblachtánach cáidheach.
bhlaosc shalach dirty husk
" Déantar sléibhte a fholmhú, truaillítear an t-aer agus an t-uisce, agus nuair a bhíonn an gual ar fad bainte amach as suíomh, fágtar an mianach ina bhlaosc shalach - talamh nach féidir a úsáid arís.
chailleach cháidheach dirty hag
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
bhroghach dirty
" Bí cinnte nach aon bhiotáille bhroghach bháite de chuid Jameson nó Paddy nó fiú Powers féin a bhí ann, ach fíor-bheathuisce Preispitéireach aduaidh as Bushmills, an cineál fuisce is fearr leis an chineál is fearr de dhaoine, Cathaoirleach Údarás na Galltachta as an chuntas! Ach, ar an drochuair, is dóiche ná a mhalairt nach bhfaighidh mé ach an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach arís i mbliana," a cheasnaíonn Balor na Baothchainte.
leis an scaifte claibhtéirí cáidheacha sin with that crowd of dirty louts
" "Cad é mar a bheinn sásta leis an scaifte claibhtéirí cáidheacha sin?" a d'fhreagair Sodom.
ina phluais cháidheach in his dirty cave
" (Rabhadh: Tá an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd os cionn ocht mbliana déag d'aois agus dóibh siúd amháin!) Bhí brionglóid ag Balor - tromluí iontach trom a tháinig chuige agus é ar a leathluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathadh as an sliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
árasáin bhrocacha shabby/dirty apartments
" Ar na deacrachtaí eile a bhíonn i gceist agus a bhí le feiceáil sa scannán, tá árasáin bhrocacha, comharsana dainséaracha, agus "aíonna" a thagann chun tí gan choinne.
nuair a d'amharc Dónall orthu faoina shúil when Dónall gave them a dirty look
" Thosaigh na páistí ag gáirí ach nuair a d'amharc Dónall orthu faoina shúil, shlog siad an gáire.
salach dirty
" Tuigeann an Taoiseach féin é seo agus sin an fáth go bhfuil an choimhlint idir Eoin Ryan TD agus Royston Brady TD chomh géar agus salach agus atá.
an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint to avoid the dirty internal politics
" " Le linn a cuid ama in RTÉ chomh maith, d'éirigh léi an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint.
a dhá cos nochta shalacha ag gobadh amach her two bare dirty feet protruding
" Bhí ráfla ann gur striapach nuabháite a bhí sa mhainicín a d'úsáid sé don phictiúr ina léiríonn sé an Mhaighdean mar bhean mheánaosta mhíghnaíúil, í sínte amach ar leaba agus a dhá cos nochta shalacha ag gobadh amach.
cáidheacha dirty
" DENIS: Na *Brits *cáidheacha.
rún brocach, náireach, frith-Éireannach dirty, shameful, anti-Irish secret
" Ach bhí fearg ar na meáin i Learpholl go raibh rún brocach, náireach, frith-Éireannach seo na cathrach á scaoileadh ar RTÉ.
cnagáin cháidheacha dirty hard lumps
" Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
ba cháidhí most dirty
" Suarach ======= Ba é an scéal ba cháidhí a léigh mé le déanaí, áfach, ná an t-alt agus na grianghrafanna a bhí in *Ireland On Sunday *de mhac Malcolm McArthur agus é ag déanamh a bhealach go Coláiste na Tríonóide ar a rothar.
tuilithe cáidheacha dirty bastards
" ‘Gabhaigí suas oraibh féin, a scaifte hiúranna!’ nó ‘Níl ionaibh ach tuilithe cáidheacha!’ Ba iad sin na maslaí a d’fhoghlaim muid in Odious Gael ar scor ar bith.
do chuid rún folaitheach cáidheach féin your own hidden dirty secrets
" Ach ná scaoil mo rún le duine ar bith nó scaoilfidh mise do chuid rún folaitheach cáidheach féin leis an domhan mór ar an *Sindo*, fiú mura bhfuil rún ar bith agat! Anois fág an bealach agus lig dom sult a bhaint as an oíche!” Bhuel Balor Bocht! Caidé a bhí sé ag gabháil a dhéanamh? Níor thóg sé air ach an dá mheandar le cuimhneamh nach raibh rún ar bith fágtha aige, ná dea-chlú, ná cáil ar bith le cur ó chion, a bhuíochas sin don liarlóg *Beo Ar Éigean *agus don eagarthóir mí-thrócaireach Éamonn Ó Doornail.
Árasáin ghioblacha, bhrocacha tattered and dirty flats
" Codona – Don Cherry, Nana Vascanceoles, Collin Walcott ======= Árasáin ghioblacha, bhrocacha.
ag salú dirtying
" Nach aisteach, mar sin, gur beag úsáid a bhain na meáin Ghaeilge as ó tharla é a bheith tagtha ar an saol mórán an am chéanna is a bhí iriseoirí óga cíocracha ag saothrú ghort na hiriseoireachta den chéad uair? Ní haon strainséir í an tsluasaid sa Ghaeltacht agus b’fhéidir go bhfuil sé in am anois ag iriseoirí na Gaeilge níos mó ama a chaitheamh ag tochailt agus ag salú a gcuid lámh.
bréan, brocach. foul-smelling and dirty.
" Is minic, mar shampla, go mbíonn na leithris bréan, brocach.
Clúidín salach a dirty nappy
" Clúidín salach a bhí ag cur isteach ar an ghirseach bhocht.
cad é is brí leis an scéal cáidheach sin, what does that dirty story mean,
" ” “Agus cad é is brí leis an scéal cáidheach sin, a Bhaloir?” a d’fhiafraigh an tAire.
Brocais bhrocach cháidheach! A dirty filthy den!
" pluais urchóide! Brocais bhrocach cháidheach! Caithfidh reachtaire na háite sin an tsíoraíocht ag stócáil thinte Ifrinn as scaoilteacht mhorálta an choláiste sin.
báisteach shalach dirty rain
" Bhí na calóga ag titim go trom nuair a d'fhágamar sléibhte thuaisceart Nua-Gheirsí, ach seacht n-uaire an chloig níos déanaí, i Virginia, ní raibh ann ach báisteach shalach ag séideadh isteach ón bhfarraige go treallach.
forúnach dirty
" fós! Beidh sibh i gcónaí in ann a mhaíomh gur anseo, ar *Beo Ar Éigean*, a léigh sibh ar dtús é: foilsiú fíor forúnach na síntiús rúnda uilig a fuair Enda Aoibhinn Aoibhiúil – cinn nach bhfuil ag Vincent Browner than Brown de Brún go fóill fiú – cinn nár lig Enda thar a anáil fós, fiú faoi rún na faoistine, le Scuabaire Ifrinn é féin, Flopsy Flannery.
scannán salach a dirty movie
" Ba é cogar na sráide go raibh scannán salach ar taispeáint sa Ritz, pictiúrlann bheag ar Shráid Washington.
an obair shalach the dirty work
" Tá muid ag tabhairt neamhairde ar na daoine a tháinig anseo chun ár mbusanna a choinneáil ag dul agus chun an obair shalach a dhéanamh dúinn.
ina phluais bhrocach cháidheach shalach, in his dirty filthy cave
" Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís.
mar gheall ar chomh salach is a bhí a gcuid saorimeartha. because of how dirty their play was
" Dar le foireann Átha Cliath, “dáréag aspal” a bhí iontu, ach dé réir leagan fhoireann na Gaillimhe den scéal, is cinnte go dtabharfaí “dáréag lofa” ar imreoirí Bhaile Átha Cliath mar gheall ar chomh salach is a bhí a gcuid saorimeartha.
an chos cháidheach the dirty foot
" Mothaíonn tú go bhfuil Ní Dhuibhne sásta súil shlítheánta a chaitheamh ar an tsochaí ghalánta ach níl sí sásta an chos cháidheach a chur ar sceadamán agus anáil a bhaint as lena sála míne Stiletto – a bhuíochas sin, b’fhéidir, ar an cheangal a chuireann scéal Tolstoy uirthi.
Is gnó salach é it is a dirty business
" Is gnó salach é an Sciobadh ar an Afraic, gan amhras.
Stailc an tsalachair the Dirty Protest
" Stailc an tsalachair Is scannán neamhghéilliúil dorcha é Hunger ina bhfuil saol truamhéileach na bpríosúnach atá ar an ‘Dirty Protest’ mar chúlra do scéal stailc ocrais Bobby Sands (Michael Fassbender) agus a idé-eolaíocht.
calaois dirty playing
" Ní bhíonn gá le réiteoir dáiríre mar ní dhéantar calaois ná feall ná ní bhíonn argóint ná troid idir imreoirí.
phluais bhrocach dirty cave
" Stán Balor go mailíseach ar an ghléas ghránna, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile aonaraí leis, chaith an fearas fuafar ar leataobh agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
phluais cháidheach dirty cave
" ) Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
obair shalach dirty work
" Fágaimid an obair shalach - an ceart an duine seo a choimeád nó a dhíbirt? - faoin stát, faoi lucht custaim agus faoi na póilíní.
cháidheach dirty
" Tá Balor slán sábháilte sa bhaile arís agus soiprithe ina phluais cháidheach i ndiaidh dó éalú ó mhná allta na Stát Aontaithe.
bhrocach dirty
" Nach bhfuil pluais bhreá bhrocach aige gan leictreachas, gan ghas, gan ola, gan rud ar bith ann a chuirfeadh le téamh an domhain ná a bhainfeadh de shláinte an phobail.
suarach dirty
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
smugachán salach dirty snotty brat
" Agus cad a rinne an smugachán salach ansin ach ceiliúradh, ’sea ceiliúradh, é féin agus a chomhghleacaithe cabanta.
fhill dirty deed, foul
" com/watch?v=juYmKSYQiy0) Chríochnaigh an cluiche go gairid i ndiaidh an fhill agus de réir na n-údar agus lucht saineolais, chaill an fhoireann ab fhearr.
bhrocach dirty
" Bhí an Nollaig thart agus bhí Balor an Bromaire Bocht Breoite ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bheag bhrocach.
graostacht dirty mindedness
" As bréantas agus graostacht na pluaise sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht.
suarachas dirty work
" Chonaic mé suarachas mar é ag tarlú le linn chluichí móra i bPáirc an Chrócaigh.
salach dirty
" Is minic, leis, a dhéanann imircigh an obair nach ndéanfaidh an pobal dúchais, an obair 3-D mar a thugtar air sa Bhéarla: salach, contúirteach is táireach.
cleasa gránna dirty tricks
" Anuas ar an méid sin, tá líomhaintí tromchúiseacha curtha ina leith, le beirt bhan ag maíomh go ndearna sé éigniú orthu le linn dó fanacht sa tSualainn, cé go bhfuil sé ráite ag a lucht tacaíochta nach bhfuil iontu ach cleasa gránna chun go sciobfaí uaidh a dhea-ainm agus a chlú.
phluais bhrocach dirty den
" Agus an mhonalóg thart, stán Balor go mailíseach ar an ghuthán phóca, scríob sé a gheadán go gangaideach leis an ghléas, ansin a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile; dhruid sé an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
huisce na gcos the dirty water
" Níl mé ag rá gur cheart dúinn caighdeáin a chaitheamh amach le huisce na gcos.
ciseán níocháin lofa dirty washing basket
" Cioca is fearr a thaitin liom, i ndeireadh na dála – ‘Ionad Ró-Naofa’ Beckett/McKellan, (holy of holies) ‘An Soitheach Rónaofa’ (Holy Grail) Shakespeare/Roger Allam, nó ‘Doirteal Cistineach’ Larkin/Tom Courtenay? Sin chugam an ciseán níocháin lofa sin, in ainm Chroim! Ach, impím ort gan mear a leagadh ar aon lasc dubh bacailite le corda cas ar sileadh uaidh….
chleas bradach dirty trick
" ” Agus ba mar gheall ar chleas bradach a d’imir an Mossad ar lucht faisnéise SAM – “Oibríocht Thraíoch” – gur chreid Washington gurbh iad na Libiaigh a bhí ciontach leis an mbuamáil dioscó.
Gach fear faoi ruball a bhó féin every man to his own dirty work
" - Uimhir a seacht: Suas leis an Ghaeilge! Go maire ár dteanga beo! Go maire ár nGaeilge slán! Fad saoil do Michael Dee Ó Daighdeal Dum! Gach fear faoi ruball a bhó féin! Feisíodh gach bean ina rogha leapa féin ag Oireachtais na Gaeilge!
ina phluais bhrocach cháidheach in his stinking dirty cave
" Nuair a bhí a sháith den chearc fhrancach ite ag Balor an Bromaire Bocht Breoite agus a sháith de gach deoch mheisciúil ólta aige, shín sé a chnámha craptha siar ar an charn craicne a bhí os comhair na tine ina phluais bhrocach cháidheach agus thosaigh sé ag meabhrú.
nár salaíodh didn’t dirty
" Caint chontúirteach é sin ó dhuine a admhaíonn sa gclár nár salaíodh a lámha le gunnaí ná le semtex le linn na cogaíochta.
na sonraí suaracha a chíoradh to pore over the dirty details
" Ní gá na sonraí suaracha a chíoradh arís ach chun an scéal a ghiortú, seo mar a tharla.
lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích to bring to fruition their dirty deeds
" Tuigtear do na póilíní lena chois sin go bhfuil líonra mór daoine ag tabhairt lámh chúnta don NSU lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích.
a rinne an beart náireach who did the dirty deed
" Cé gur mhínigh ambasadóirí agus lucht taidhleoireachta dóibh go soiléir gurbh é an Irish Star a chuir na pictiúir i gcló, creideann siad fós gurbh é An Réalt, cumann paidreoireachta de chuid Léigiúin Mhuire a rinne an beart náireach.
Gach Fear Faoi Ruball a Bhó Féin every man to his own dirty work
" Gach Fear Faoi Ruball a Bhó Féin =============== Patsaí: Is é do bheatha abhaile a Bhaloir.
agóid shalach ag dul ar aghaidh a dirty protest in progress
" 
 Tá a fhios agam go bhfuil an pictiúr mór ann fosta - dúirt m’athair liom go bhfuil coimhlint sna príosúin le cúpla bliain anuas agus go bhfuil agóid shalach ag dul ar aghaidh.
ach fo-bholg suarach na cathrach but the dirty urban underbelly
" Ní seo Barcelona Gaudi ná Mesi, ach fo-bholg suarach na cathrach.
nár bhodach é le síobaire mná lánfhásta wasn’t he the dirty old man with the full-bodied female hitchhiker
" Tugann an *‘Guy’* (Dawaele) cosaint di - a slánaitheoir? Ach nárbh eisean an péidifíleach le hiníon comharsan, agus nár bhodach é le síobaire mná lánfhásta a bhain di le fonn dó? Ar bheart dhíbeartha dheamhanta an tsuirí sa dá chás sin, nó sealbhú deamhanta? Sealbhú deamhanta, déarfainn.
trácht ar liathróid shalach go minic mention of a dirty ball often
" Chuala mé trácht ar liathróid shalach go minic fiú amháin ar laethanta breátha samhraidh gan ruainne puití le feiceáil ar bhuatais ná ar gheansaí imreora ar bith.
smachtbhannaí gránna déistineacha horrible dirty sanctions
" Tá bainc na hÉireann (tá a fhios agaibh na bainc sin a cheannaigh muid tamall ó shin?) ag ullmhú liosta mór fada smachtbhannaí gránna déistineacha.
an Rúisís bhréan dirty R.
" Agus bhí sé ag labhairt theanga an námhad, an Rúisís bhréan, ar thalamh bheannaithe na Rómaine.
Gach Eagar-whore Faoi Ruball a Bhó Féin every editor to his own dirty work
" An ndéanfaidh tú sin, a stóirín?’ Gach Eagar-whore Faoi Ruball a Bhó Féin ================== Mar sin, a léitheoirí dílse: Má shíl sibh go raibh Beo Ar Éigean ní ba leimhe fiú ná mar is gnách an mhí seo a chuaigh thart, ní ba mharbhánta, ní ba bheaguchtúla.
clúidíní salacha dirty nappies
" Bhuel, ós rud é nach dtuigim an focal bonker nó fiú bonkáil, agus nach bhfuil ceachtar den dá fhocal san fhoclóir úr, ná fiú i bhfoclóir an Duinnínigh, ní thig liom mórán a rá faoin raic atá ar siúl idir an t-iar-Uachtarán agus na heaspaig, seachas go bhfuil baint aige le clúidíní salacha agus cac, mún agus buinneach.
salach dirty
" Ba cheart mála caca a cheangal de thóin Rúdolf nó tá gach díon tí in Éirinn chomh salach le Páirc Chill Airne aige.