Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhaoine míchumasaithe people with disabilities
" " Tá gairdín deas ann atá dírithe ar dhaoine míchumasaithe.
faoina mhíchumas? about his disability?
" Cad a shílfeá dá bhfeicfeá an duine céanna ag rith ar luas lasrach go stad an bhus? An ndéarfá gur calaois a bheadh ann? Agus cad faoin dochtúir a chuir teistiméireacht ar fáil faoina mhíchumas? An ndéarfá go raibh seisean nó sise comhpháirteach sa chalaois nó mar pháirtí i gcomhcheilg le bob a bhualadh ar an stát? Samhlaigh sa bhreis air sin dá dtarlódh a leithéid céanna i gcás breis is 6,000 duine eile.
míchumas foghlama learning disability
" De réir figiúirí a scaoil an Roinn Oideachais chugam faoin Acht um Shaoráil Faisnéise an mhí seo caite, bíonn duine as gach beirt a bhfuil míchumas foghlama orthu, agus a fhaigheann díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge dá bharr, ag déanamh staidéir ar nuatheanga Eorpach amháin ar a laghad.
éalang disability
" Rugadh é le pairilis cheirbreach (*Cerebal Palsy*) - éalang cholainne a d’fhág é gan aon smacht aige ar thromlach a mhatán.
réimse leathan éalainge a wide range of disabilities
" Anois tig le James nó Katy uirlis fisiciúil (ar gá a chur in oiriúint go meicniúil don chóras midi) a sheinnt lena súile! Is rud fíor-fíorbhunúsach atá déanta aige, óir beidh an deis anois ann ag daoine, le réimse leathan éalainge, ceol a sheinnt, más mian leo.
míchumas foghlama learning disability
" Léirigh an scéal seo go bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge faighte ag 2,297 dalta don scoilbhliain 2009-2010 de dheasca go bhfuil míchumas foghlama acu.
achan chineál éalainge every kind of disability
" Bhí an cúrsa ar oscailt do dhaoine a bhí ag múineadh, ar feadh trí bliana nó breis, na ndall, na mbodhar, na mbalbhán agus achan chineál éalainge.
dhaoine le míchumais people with disabilities
" **CF: Cad é an post ceart, an obair laethúil, atá agat, a Chabríní?** CAB: An jab atá agam faoi láthair, is bainisteoir seirbhísí mé do dhaoine le míchumais.
le míchumas foghlamtha with learning disabilities
" Bhí mé ag iarraidh obair leis an nGaeilge, obair le daoine gan dídean, bhí mé ag iarraidh obair le daoine le míchumas foghlamtha.
tá míchumas air a choinnigh he has a disability which has kept
" Ós rud é nach acmhainn dó an obráid is cóir a dhéanamh ar a chos, tá míchumas air a choinnigh i Maracó é, ag brath ar an déirc.
míchumas foghlama learning disability
" Léirigh taighde a rinne Breandán Delap le gairid go bhfuil méadú mór tagtha ar an líon daltaí nach bhfuil orthu an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar don Ardteist agus go bhfuil sé sin amhlaidh de bhrí go bhfuil mí-úsáid á baint as an díolúine atá ann do dhaoine a bhfuil míchumas foghlama orthu.
éalang disability
" Tugann Colm Ó Snodaigh cuntas dúinn san alt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag roinnt daoine agus comhlachtaí i leith ceapadh an cheoil ag an duine a bhfuil éalang ag cur as dó.