Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
imreas discord, quarrel
" Shéid Jimmy an fheadóg le deireadh a chur leis an gcluiche cúig nóiméad róluath! Is beag coinne a bhí aige féin, ná ag éinne eile, leis an raic agus leis an imreas a lean an dearmad simplí sin.
imreas strife, discord
" D'oibir sí sa cheantar ar a tugadh Triantán na nDúnmharuithe, bhí sí chun tosaigh san imreas a bhain leis na mórshiúlta Oráisteacha ar Bhóthar Ghairbh Achaidh agus bhí sí ina hAire Talmhaíochta sa rialtas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil.
easaontas discord
" Ach réitímid ar fad sa ghrúpa le chéile – tá an t-ádh linn go réitíonn mar bheadh sé sin níos measa fós dá mba rud é go raibh aon easaontas eadrainn.
ag cothú easaontais creating discord
" Cáineadh Pauline Hanson go forleathan de bharr go raibh sí ag cothú easaontais idir grúpaí éagsúla san Astráil, ach bhí leisce ar John Howard ionsaí a dhéanamh uirthi.
imreas polaitiúil political discord
" É sin, nó baile buan a aimsiú dóibh (ar nós an Gréige, b’fhéidir) sa dóigh is nach gcuirfidh imreas polaitiúil smúit ar an ócáid iontach seo arís.
díshondas discord
" Tá an díshondas idir an tragóid féin agus áilleacht a inste iomlán máistriúil.
a bhfuil imreas géar inti which has an intense discord
" Cibé Pápa a thiocfaidh i ndiaidh Benedict beidh sé i gceannas ar Eaglais a bhfuil imreas géar inti.
imreas discord
" Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar leabhar Dhéaglán Uí Bhuaigh *This is Our Year* agus ar an imreas a d’eascair as.