Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlíthe clúmhillte libel laws
" Cuireann sé díomá air go bhfuil dlíthe clúmhillte chomh docht sin i bhfeidhm sa tír seo.
dlíthe príobháideachta privacy laws
" Mar aon le hachtú bille nua ar chúrsaí chlúmhillte, a bheadh níos fabhraí do na meáin, creidtear go bhfuil seans láidir ann go ndéanfaidh an tAire iarracht na dlíthe príobháideachta a neartú agus foras a bhunú le monatóireacht a dhéanamh ar na meáin.
ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail tied to the amendment of the lible laws
" Tá lucht na meán sa tír seo le fada in aghaidh dlí nua chun príobháideacht an duine a chosaint a bheith ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail.
a chuirtear dlíthe i bhfeidhm in which laws are enforced
" Tá monatóireacht ar an bhealach a chuirtear dlíthe i bhfeidhm mar chuid dá chúraim freisin.
Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú although the new laws will be enacted
" An é go bhfuil an gá seo leis an alcól i síol na nÉireannach agus go bhfuil sé á iompar ó ghlúin go glúin mar a bheadh gruaig rua ann nó súile donna? Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú gan mhoill, is dócha go mbeidh siad cosúil le go leor dlíthe eile a thagann chun cinn in Éirinn - gan éifeacht mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad.
dlíthe diana severe laws
" "Tá teorainn maidir leis na háiteanna a dtig leo dul, tá dlíthe diana ina n-éadan taobh amuigh den Tearmann, táthar i gcónaí á gcuartú agus á gciapadh," arsa Gearóid.
ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn we must have immigration laws
" San am i láthair, is éard a deirimid le hinimircigh ná seo: "ar son leas an phobail, ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn.
dlíthe clúmhillte libel laws
" Go dtí seo tá úsáid freisin á baint as dlíthe clúmhillte na Breataine agus as an Acht Oifigiúil Rúndachta le foireann Stephens a chosc ó gach a bhfuil ar eolas acu faoin bhfear seo agus gníomhartha barbartha eile an FRU a nochtadh go poiblí.
gan dlíthe in aghaidh céasta without laws against torture
" Má ghabhtar thar lear iad, ní mór iad a choimeád thar lear, i dtíortha gan dlíthe in aghaidh céasta, más féidir, nó i bpríosúin ar thalamh neamhchinnte, mar Chuan Guantánamo i gCúba, mar shampla.
Nuair a achtaíodh dlíthe When laws were passed
" Nuair a achtaíodh dlíthe chun comhshaol agus dúlra na tíre a chosaint, thapaigh neart treibheannaan deis.
dlíthe nua new laws
" B’fhearr leis an rialtas go mbeadh aird an phobail dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, ach is ríléir go bhfuil aird á díriú ar na dlíthe nua caidrimh thionsclaíoch a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh.
dlíthe nua new laws
" Foilsíodh pobalbhreith seachtain tar éis an olltoghcháin, áfach, inar nochtaigh 52 faoin gcéad de na rannpháirtithe gurbh é ba chúis le téip an rialtais choimeádaigh ná dlíthe nua maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch.
dlíthe idirdhealaitheacha discriminatory laws
" dlíthe idirdhealaitheachaCuireadh tús leis an Mardi Gras in Sydney sa bhliain 1978, nuair a shiúil cúpla céad duine tríd an gcathair agus cearta daonna á n-éileamh acu.
breis dlíthe agus rialacha additional laws and rules
" Bheadh breis dlíthe agus rialacha á leagan síos ag an AE go gcaithfeadh na ballstáit uile, Éire san áireamh, glacadh leo agus iad a chur i gcrích.
ghéaraigh ar na dlíthe the laws were made more severe
" Le dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ghéaraigh ar na dlíthe a bhaineann le lucht iarrtha tearmainn.
dlíthe laws
" Is é an Feidhmeannas nó an Rialtas a dhéanann na dlíthe in áit an Oireachtais féin.
dlíthe laws
" Ní ceart dó srian ar bith a chur ar chúrsaí gnó i Meiriceá trí cháin a ghearradh ar chomhlachtaí, ná dlíthe a rith a chuirfeadh smacht ar a gcleachtais ghnó.
dlíthe laws
" De réir na teoirice seo, tuigeann an peileadóir óg Ciarraíoch, nó an t-iománaí óg as Cill Chainnigh/Corcaigh/Tiobraid Árann, ‘rialacha’ nó gnáthaimh an chluiche (ní hiad na rialacha nó na dlíthe scríofa atá i gceist agam) a chuireann ar a chumas an cinneadh ceart a thógáil go hiomasach i ngach gné d’imirt an chluiche.
Dlíthe síoraí na cruinne constant universal laws
" Dlíthe síoraí na cruinne a insíonn conas a rothlaíonn na pláinéid trí ‘fholús’ an spáis.
dlíthe laws
" Bhí muid sásta dlíthe na tíre a lúbadh agus ár dtimpeallacht álainn a scriosadh ar mhaithe lena mbeannacht agus lena n-airgead siúd.
dlíthe luatha early laws
" Agus bonneagar ceart á chur ar dhlí na hEaglaise don chéad uair le linn an ochtú haois, níor cuireadh na dlíthe luatha seo san áireamh.
dlíthe laws
" Ritheadh dlíthe eile dhá bhliain ó shin a thug na cearta céanna is atá ag lánúnacha heitrighnéasacha neamhphósta do lánúnacha comhghnéis i dtaca le cúrsaí cánach, slándáil sóisialta agus sláinte, cúram na sean agus fostaíochta.
dlíthe laws
" Ní reachtaíocht chonspóideach é de ghnáth agus tá dlíthe cosúil leis i bhfeidhm i dtíortha áirithe eile.
dlíthe crua smachtúla hard disciplinary laws
" Tá aird tarraingthe fosta ar an chlaonadh choimeádach atá ag an rialtas ó thaobh dúnghaoise de, ar nós dlíthe crua smachtúla in éadan homaighnéasach, dlíthe a dtacaíonn an Eaglais Cheartchreidmheach go mór leo.
ritheadh dlíthe ar fud na tíre laws were brought in throughout the country
" Cheana féin tá eagla ar gach éinne roimh gach éinne eile, go háirithe ó ritheadh dlíthe ar fud na tíre a cheadaigh do dhaoine gunnaí a iompar faoi choim.
dlíthe eile a cheadaigh other laws which allowed
" D'fhan dlíthe eile a cheadaigh na ciníocha a dheighilt ("scartha ach comhionann") go dtí 1964.
agus dlíthe imirce á ndéanamh when emigration laws are being made
" Is mithid leas na mban seo a chur san áireamh agus dlíthe imirce á ndéanamh agus á gcur i bhfeidhm.
deacair dlíthe is beartais a dhéanamh difficult to make laws and policies
" Cé gur deacair dlíthe is beartais a dhéanamh a shásaíonn gach ballstát den Aontas, tá roinnt dul chun cinn déanta chun comhbheartas inimirce a chumadh.
dlíthe is beartais laws and policies
" Is mar gheall air seo a dhéanann Stáit dlíthe is beartais i réimse na hinimirce nach bhfuil ciall mhórálta ná gheilleagrach ag baint leo uaireanta.
dlíthe laws
" Ní raibh cliseadh an gheilleagair ceaptha le tarlú, agus murar d'aon ghnó a tharla sé, léiríonn sé gur treise dlí Uí Mhurchú i saol an domhain ná dlíthe go leor eile.
dlíthe cultúrtha oidhreachtúla cultural heritage laws
" Cé leis an Ealaín Oidhreachtúil? ============== Tacaíonn EOECNA leis na dlíthe cultúrtha oidhreachtúla atá anois i bhfeidhm sa chuid is mó de thíortha an domhain inniu, a dheimhníonn gur coir é déantán ársa a thabhairt amach as tír gan chead.
dlíthe ceadúnúcháin licensing laws
" Tá méadú mór tagtha le roinnt blianta anuas ar an mhéid alcóil a ólann na hÉireannaigh agus caolseans go ndéanfaidh na hathruithe sna dlíthe ceadúnúcháin atá beartaithe ag an rialtas mórán difir.
dlíthe leabhail libel laws
" Tá sé i gceist cuid dlíthe leabhail na hÉireann a leasú gan mhoill agus comhairle preas a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin chlóite.
go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm until the laws are implemented
" Ní thiocfaidh athrú ar iompar thiománaithe na hÉireann ar na bóithre, agus ní thiocfaidh laghdú ar líon na dtaismí, go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm ar bhealach níos doichte.