Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlús a chur leis an díospóireacht to speed up the debate
" Tá an rún seo cáinte ag cuid mhaith tráchtairí nuachtáin agus daoine eile agus tá sé tar éis dlús a chur leis an díospóireacht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael faoi stádas amaitéarach imreoirí an Chumainn agus ceist na n-íocaíochtaí a chur faoin spotsolas arís.
le dlús a chur leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge to get Irish language university education moving
" Rinneadh an Bille Teanga a achtú sa deireadh, ceapadh an Coimisinéir Teanga, fuarthas réiteach ar cheist liúntas cánach na mban tí Gaeltachta agus bunaíodh Acadamh na Gaeilge le dlús a chur leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge.
le dlús a chur le próiseas na polaitíochta to speed up the political process
" Bhí an Taoiseach Bertie Ahern agus Príomhaire na Breataine i mBéal Feirste ar an 23ú lá den mhí seo caite le dlús a chur le próiseas na polaitíochta.
dlús momentum
" Cuirfear dlús leis an bhfeachtas seo níos deireanaí sa mbliain nuair a thabharfas Kirsty Gusmao, bean an uachtaráin (is Astrálach í féin), cuairt ar an Astráil lena mhíniú do phobal na tíre go bhfuil éagóir á himirt ag an rialtas.
le dlús a chur lena iarrachtaí to speed up its attempts
" Ar íoróiní an tsaoil, spreag na deacrachtaí sin an comhlacht le dlús a chur lena iarrachtaí margaí agus treonna nua a aimsiú - rud nach dtarlódh chomh sciobtha céanna, b'fhéidir, dá mbeadh an saol ar a gcompord acu sa mbaile i gcónaí.
tá dlús curtha leis an bhfeachtas the campaign has been speeded up
" I mbliana, áfach, tá dlús curtha leis an bhfeachtas mar gheall ar ghluaiseacht na síochána, gluaiseacht atá ag bailiú nirt in aghaidh an lae in ainneoin neamhshuim na mórmheán cumarsáide thall.
dlús a chur faoin dímhíleatú to speed up demilitarisation
" Bhí uachtarán Shinn Féin ag iarraidh dlús a chur faoin dímhíleatú, rud a chuideodh go mór leis an mheá a chothromú maidir leis na deonaigh, agus chonacthas an cruinniú mar chomhartha úr den mhuinín agus den chumhacht atá ag na poblachtánaigh.
dlús speed
" Le cois seo, chuir na Stáit Aontaithe, le caoinchead a gComhdhála agus a Seanaid féin, dlús le lastais armais nua a sheoladh go hIosrael.
dlús mór daonra a high density of population
ach tá dlús curtha leis le déanaí. but it has speeded up recently.
" Sílim gur thosaigh an t-athrú seo thart ar scór bliain ó shin, ach tá dlús curtha leis le déanaí.
chun dlús a chur le fás na ngaelscoileanna to intensify the growth of the Gaelscoileanna
" Ina dhiaidh sin ar fad, níl an feachtas ach ina thús agus chuireamar romhainn £20m a bhailiú taobh istigh de dheich mbliana chun dlús a chur le fás na ngaelscoileanna ó thuaidh.
dlús a chur leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais. to speed up the campaign for independence.
" Saoithiúil go leor, d’fháiltigh Alex Salmond roimh an mholadh agus thapaigh sé an deis dlús a chur leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais.
go háirithe ó cuireadh dlús le tionscal na turasóireachta. especially as the tourist industry intensified
" Thosaigh an Mhanainnis ag meath go tubaisteach sa naoú haois déag, go háirithe ó cuireadh dlús le tionscal na turasóireachta.
tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú. there is every chance that they could intensify its decline
" Dá mba rud é go raibh tionchar ag na meáin ar ráta fáis an Tíogair Cheiltigh, tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú.
Cuireadh dlús leis gathered momentum
" Cuireadh dlús leis an ngluaiseacht sa bhliain 1909 nuair a d’fhoilsigh Preas Ollscoil Oxford an Bíobla Tagartha Scofield le Cyrus Scofield, “an naomh dispeansáideach” a thréig a bhean chéile agus a chlann agus a ciontaíodh as brionnú sular raibh sé “athbheirthe.
choinnigh dlús kept the pressure
" “Ní ginearál maith a theastaíonn uaim” mar a dúirt Napeoleon, “níl uaim ach ginearál ádhúil!” Nuair a bhí an geilleagar ag moilliú is ag meath ar domhan, thosaigh na Gaeil ag díol is ceannach tithe lena chéile, rud a choinnigh dlús faoi anseo seal sa bhreis.
dlús consolidated
" Cúrsaí polaitíochta ba bhun leis an iompú teanga, próiseas a bhí tosaithe roimh bhliain an Drochshaoil dar ndóigh, ach ar cuireadh dlús leis lena linn is ina dhiaidh.
dlús intensification
" Tíortha fo Thoinn ====== Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint ag an nGraonlainn, agus tá eolaithe áirithe buartha go sroichfear pointe iompaithe taobh istigh den fiche nó den tríocha bliana beaga amach romhainn.
dlús daonra an-ard high population density
" De bharr go bhfuil muid inár gcónaí in árasán i dtír a bhfuil dlús daonra an-ard inti, is breá linn beirt an timpeallacht gan mhilleadh agus an tírdhreach garbh, cnocach atá in Éirinn.
chuir dlús lena established his
" Ba é an tréimhse seo a chuir dlús lena shaol mar ealaíontóir suntasach tábhachtach agus thosaigh sé ar aicme nua péinteireachta inar úsáid sé móitífeanna dúchasacha cosúil le mná lena bpáistí mar ábhair.
chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir consolidated the counter-culture revolution
" Maidir le Kerouac, maítear gurb iad a chuid scéalta agus dánta siúd a chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir a tharla ar fud an domhain sna seascaidí agus i Meiriceá ach go háirithe.
dlús a chur consolidation
" Tá moladh ag dul don Aire as an bhogadh ar aghaidh agus caithfear dlús a chur anois leis an obair agus leis na gníomhaíochtaí.
a chuir dlús le who invigorated
" Bhí meas an domhain ag Pecker ar Fuller, mar b’fhacthas dó gurb eisean a chuir dlús le borradh faoi na rabhcáin sa Bhreatain sna 1960aidí.
níl i ndlús an atmaisféir ach atmospheric density is only
" Mar sin, ar bhealach, bhí sé fós an-ghar don talamh! Ach fós féin, ag an airde sin níl i ndlús an atmaisféir ach 1% den dlús atá ann ag cothrom na mara, rud a léiríonn a thanúla is atá an brat beag aeir atá bunriachtanach don saol.
a chur dlús le turnamh which quickened the end
" Ach dhiúltaigh Rialtas na Breataine fiosrúchán poiblí a ghairm, rud a chur dlús le turnamh Rialtas Liobrálach Gladstone in 1885 nuair a thacaigh Charles Stuart Parnell agus na feisirí Éireannacha leis na Caomhaigh.
le dlús a chur le hatógáil na tíre to consolidate the rebuilding of the country
" Leathchéad bliain ó shin, tháinig na chéad Gastarbeiter ón Tuirc le dlús a chur le hatógáil na tíre tar éis an chogaidh.
Dlús an daonra population density
" Dlús an daonra a ba bhun cuid mhór le sin mar go raibh Glaschú níos plúchta, plódaithe ná aon chathair eile sa Bhreatain.
a chuirfeadh dlús faoi iarrachtaí mhná an tuaiscirt which would strengthen the northern women’s attempts
" I 1996, tháinig Monica Mc Williams agus Pearl Sagar le chéile le Comhlathas na mBan a bhunu mar eagraíocht a chuirfeadh dlús faoi iarrachtaí mhná an tuaiscirt sna 1990í a bheith páirteach i struchtúir a bhí ag múnlú a dtodhchaí.
Cuirfear dlús faoin bhfeachtas uachtaránachta the presidential campaign will be furthered
" Cuirfear dlús faoin bhfeachtas uachtaránachta sna Stáit Aontaithe sna míonna amach romhainn.