Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beagnach de dhlúth agus d'inneach ann almost innate
" Bhí siad beagnach de dhlúth agus d'inneach ann anois agus ní ligfeadh an eagla dó a rá lena athair nach raibh dea-thomáint aige agus é ar an bhealach leis na cianta.
dhlútha close-knit
" Labhraíonn daoine go ceanúil faoina mbaile mar "my little coal-town", pobail dhlútha tógtha timpeall ar mhianach.
atá de dhlúth agus d'inneach iontu which are in their very fibre
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
dlúth dá chéile close to each other
" Éirí Amach na Cásca ======= Tá na hÉireannaigh dlúth dá chéile anseo i Learpholl agus bíonn muid uilig bródúil nuair a bhíonn duine againn ag déanamh go maith.
níos dlúithe closer
" Measaim go mbíonn ceangal níos dlúithe idir baill an teaghlaigh Éireannaigh, mar sin, agus nuair a bhogann na páistí fásta amach sa deireadh, tá claonadh acu fanacht gar do theach na dtuismitheoirí, agus an baile inar tógadh iad.
go dlúth closely
" Cheana féin tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis an gcoiste stiúrtha atá ag ullmhú phlean gníomhaíochta náisiúnta an rialtais maidir le ciníochas.
níos dlúithe more close-knit
" Tá guth na cathrach le clos ar TG4 agus táimid, dar liom, tar éis pobal Gaeilge níos dlúithe a chruthú i mBaile Átha Cliath.
gaol an-dlúth very close relationship
" Tá an saol níos ciúine acu anois, agus is léir go bhfuil gaol an-dlúth eatarthu.
ceangailte go dlúth le Batasuna closely linked with Batasuna
" net)), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA) an sléacht láithreach.
éadaí tanaí dlútha tight flimsy clothes
" Tá na múrphictiúir gháifeacha sa dá áit; tá fir ann a chaitheann bríste géine agus a bhfuil a gceann bearrtha; tá cailíní óga ann a chaitheann éadaí tanaí dlútha agus a mbíonn a leanaí leo i bpramanna.
an cheangal dlúth the strong tie
" Measann Bríd go bhfuil sárobair á déanamh sna Sé Chontae - na Gaelscoileanna agus leithéidí Chumann Chluain Ard i mBéal Feirste - agus admhaíonn sí go ndearna Sinn Féin cuid mhór leis an teanga a chur chun cinn, ach tá fuath aici ar "an cheangal dlúth" idir an poblachtánachas agus an Ghaeilge i súile daoine.
i bhfastó go dlúth ina inchinn firmly lodged in his brain
" Chun an fhírinne a rá, is é an t-aon chleachtadh de mo chuidse a mholfainn don fhoghlaimeoir ná ceachtanna a athdhéanamh arís agus arís eile, nó go mbeidh siad i bhfastó go dlúth ina inchinn.
níos dlúithe leis an chathair closer to the city
" "Dealraíonn sé domsa go bhfuil na hÉireannaigh (a bhí anseo ar 9/11) tar éis éirí níos dlúithe leis an chathair, rud atá nádúrtha," arsa Cochrane.
de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí an integral part of the Troubles
" Bhí an choiriúlacht de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí ariamh anall.
An cara is dlúithe the closest friend
" An cara is dlúithe atá agam, Suzanne Breen anseo i mBéal Feirste, feicimse an t-ualach oibre a dhéanann sise chun scéal a aimsiú, an obair a chuireann sí isteach.
cuid de dhlúth is d’inneach den nuachtán tablóideach part of the very fabric of the tabloid newspaper
" Scannail ghnéis ======= Is cuid de dhlúth is d’inneach den nuachtán tablóideach iad scéalta a bhaineann le scannail ghnéis.
foraoiseacha dlútha tense forests
" In áit talaimh thorthúil in aice leis an bhá, mar a gealladh dóibh, bhí cuid mhaith de na deonuithe talaimh níos faide isteach, i measc foraoiseacha dlútha.
cuid de dhlúth is d’inneach dár gcultúr part of the very fabric of our culture
" Tá deis iontach ann anois, áfach, leas a bhaint as TG4 le taispeáint dóibh gur teanga fhuinniúil, bhríomhar í a labhraítear go laethúil i gcodanna áirithe den tír agus gur cuid de dhlúth is d’inneach dár gcultúr í.
mar nár bhain sé go dlúth because he wasn't closely connected
" Míshocracht Tá sé ráite ag Morrissey faoi amhrán eile ar an gceirnín, “Never Had No-one Ever”, gur fáisceadh é as an míshocracht a bhraith sé agus é ag fás aníos, mar nár bhain sé go dlúth leis an gceantar inar rugadh agus ar tógadh é.
go dlúth closely
" Níl sí sásta a rá, áfach, cén cineál leabhair a bheas i gceist ach deir sí nach mbainfidh sé go dlúth leis an obair atá ar siúl aici faoi láthair.
chomh dlúth as dense
" Ós rud é nach bhfuil an hidrigin chomh dlúth le ceirisín, bíonn níos mó de dhíth chun an turas céanna a dhéanamh.
I gcathracha dlútha in compact cities
" I gcathracha dlútha a bhfuil an iomarca tráchta iontu cheana féin, ní fiú bheith ag tiomáint níos mó, ach ní nuacht é sin do phobal cathrach na hÉireann ach oiread, atá i bhfostú i dtranglaim thráchta maidin agus tráthnóna gach lá, agus ní nuacht do mhuintir Nua-Eabhrac níos mó é ach oiread.
a chairdeas dlúth. his close friendship
" Cronófar a dhóigh shéimh, a cheannasaíocht dhocht agus a chairdeas dlúth.
go dlúth closely, intimately
" "* Tá rudaí eile sna boscaí a bhaineann go dlúth le saol pearsanta Warhol – na leabhair a bhí á léamh aige sular bhfuair sé bás in ospidéal i Nua-Eabhrac sa bhliain 1987, cuir i gcás.
cuid dhlúth a central part
" Is cuid dhlúth de bheith i do *Tūhoe* (“leanaí an cheo”) eolas a bheith agat ar ghunnaí.
go dlúth firmly
" D'admhaigh Lincoln a chuid earráidí agus chreid sé go dlúth gur chóir do cheannairí foghlaim óna gcuid botún.
níos dlúithe more steadfast
" Beidh deis ag ollscoileanna airgead a lorg ón earnáil ghnó agus ceangal níos dlúithe a bheith acu leis an margadh.
dlúth firm
" Bush ar Giúdaigh iad a bhfuil nasc dlúth acu le bunaíocht mhíleata Iosrael.
an-dlúth very close
" Teaghlach an-dlúth atá ionainn agus is é an teaghlach an rud is tábhachtaí dúinn.
de dhlúth is d'inneach interwoven aspect of
" Meas ar Dhealbh ====== Inár dtuairisc do Nuacht TG4 an oíche sin, labhair muid leis an staraí Tom Kenny a bhí ar mire leis an Chomhairle Cathrach a chaith na milliúin euro ar athchóiriú na faiche ach nach raibh in inmhe cloí lena ngealltanas maidir leis an mhacasamhail cré-umha de dhealbh a bhí mar chuid de dhlúth is d'inneach na faiche céanna.
is dlúithe most dense
" Ach thar thréimhsí fada, lagaíonn na matáin agus ní bhíonn an chosaint chéanna ar fáil - sin an fáth go mbíonn ceoltóirí rac nó daoine a bhíonn ag obair le fothram ard, ar feadh sealanna fada ama, bodhar! Cad a dúirt tú? Foghlaim na Fuaime ========= Tá an chochla (= an Laidin ar ‘seilmide’ mar gheall ar a cruth) lonnaithe go domhain sa bhlaosc, sa chnámh is dlúithe sa cholainn ar fad - cnámh na huisinne - cnámh a dhéanann córas casta na cochla a chosaint.
chomh dlúth ingrained
" Níl coincheap na húinéireachta chomh dlúth sa chultúr Síneach ach an oiread.
go dlúth tightly
" Bhí siad araon ceangailte go dlúth leis an ghluaiseacht a chuir deireadh le sean-mhodheolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus a chur tús le New Labour, eagraíocht a bhí rite le claonbholscairí, le dreamanna fócais is a bhfuil coincheapa mar ‘on message’ mar oidhreacht aige.
a dhlúithe how determined
" Léargas é sin, dar liom, ar a dhlúithe is a bhí an teagmháil idir na páirtithe éagsúla ag an am.
an-dlúth close
" Maidir leis na hainmneacha atá coitianta faoi láthair in Éirinn, léiríonn siad go bhfuil nasc an-dlúth idir cultúr na tíre seo agus an cultúr Sasanach.
bhaineann go dlúth pertains particularly
" » Scéal bleachtaireachta é Sceon na Mara a bhaineann go dlúth leis an bhfarraige ar an gcósta thoir, agus a thugann léargas ar stráice comhaimseartha de shaol na hÉireann.
go dlúth earnestly
" Cibé tréithe eile atá ag Assange, is soiléir go seasann sé go dlúth lena chuid prionsabal.
dlúth thick
" Heaney ==== Is le linn na tréimhse seo sna 50í agus é ag tosú amach mar mhúinteoir ealaíne i gColáiste Naomh Muire, Béal Feirste, a chuir sé aithne ar an fhíle óg Seamus Heaney agus thosaigh dlúthchairdeas eatarthu a mhair iomlán a shaoil.
go dlúth le closely with
" Oibrímid go dlúth le Comhairle na Cathrach.
go dlúth closely
" Ó na seascaidí i leith, tar éis do Lemass agus do Whitaker an geilleagar a athnuachan, thaobhaigh siad go dlúth leis an lucht ghnó.
a bhaineann go dlúth le which is an integral part
" Dúirt an tUachtarán nach raibh an cleachtas seo at teacht leis an ‘ethos deonach’ agus an ‘stádas amaitéarach’ a bhaineann go dlúth le CLG.
ceangailte go dlúth connected firmly
" Má chruthaíonn tú spás cultúir atá lán deiseanna mar thriail muid roimhe mura bhfuil an spás sin ceangailte go dlúth le traidisiúin agus le comhthéacs an cheantair, rud imeallach a bheas ann.
go dlúth closely
" Is féidir le daoine nach mbaineann go dlúth le Gaeilge tuiscint a fháil ar shaol na Gaeilge – agus ansin a bheith sásta go bhfuil a gcáin ioncaim á caitheamh ar an nGaeilge, ar an teilifís, ar an raidió, ar an bhfoilsitheoireacht, ar na leabhair, ar na gaelscoileanna agus nach miste leo a leithéid tarlú! Caithfidh muintir na Gaeilge dul amach i measc an phobail agus braithim gur cuid den obair sin a dhéanann an Scoil Samhraidh.
bímid go dlúth le céile we’re gathered together
" Agus tarlaíonn sé amantaí go bhfuilimd in áit éigin ollmhór cosúil leis an gCeoláras Náisiúnta, amantaí eile bímid go dlúth le céile ins an stiúideo i nDomhnach Broc.
níos dlúithe closer
" Bhí súil le Euro 2012 go gcuirfeadh a leithéid an Úcráin ar an mbóthar ceart ó thaobh a bheith mar chuid níos dlúithe de phríomhshruth na hEorpa.
i bhfad níos dlúithe anois much closer now
" Domhnach Broc ====== **SMM: Mura ndéanfar an nascadh sin idir an dá sheirbhís, arbh fhearr libh a bheith scartha le Domhnach Broc, nó tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le Domhnach Broc?** ENíCh: Tá caidreamh agus teagmháil eadar Casla, Baile na nGall, Doirí Beaga agus Domhnach Broc i bhfad níos dlúithe anois ná mar a bhí.
de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne in integral part of Spanish culture
" Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách =============== Tar éis chaitheamh an dinnéir mhóir (de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne la cena) agus tar éis bhronnadh na gcorn agus thabhairt na n-aitheasc fadálach (nós thar a bheith Éireannach) a lean iad, thug lucht na peile aghaidh ar thrá Orzan, mar a raibh an chraic is an spraoi is lasracha na dtinte cnámh.
ina dhlúth is ina innéach as an ingrained part
" Ní léifear alt fiúntach nó ní bhreathnófar clár faisnéise mura mbeidh samhlaíocht, ealaín ar leith agus boige fíoras ina dhlúth is ina innéach.
a bhaineann go dlúth leis an 21ú céad which pertains explicitly with the 21st cent.
" Tá físeán déanta ag Julie atá ar *youtube* faoin turas pearsanta seo a théann siar sé ghlúin dá mhuintir ach ní *The Fields of Athenry* atá i gceist le *Clocks* ach ceol agus amhráin a bhaineann go dlúth leis an 21ú céad.
dlúth leis an uirlis seo solidity to this tool
" Is teicneolaíocht ghlan é agus cuma an- “allamuigh-ach” agus dlúth leis an uirlis seo: luíodh sé isteach le do threalamh scíála an geimhreadh seo.
ceangailte go dlúth le cruthaíocht firmly connected to creativity
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
ceangailte go dlúth closely connected
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
ceo-bháisteach dhlúth a solid closed mist
" Bhí ceo-bháisteach dhlúth ann anois, nach mbeadh i bhfad ag déanamh líbín den amadán a bheadh amuigh faoi agus gaoth a bhainfeadh na hadharca den eallach.
nach mbíonn siad sa ‘ceobháisteach dhlúth where they’re not in the blind fog
" Bíonn an geimhreadh fada againn, agus nuair a bhíonn samhradh fliuch ann go rialta fosta, bíonn siúlóirí ag lorg áit nach mbíonn siad sa ‘ceobháisteach dhlúth.
Bhíomar an-dlúth we were very ‘close’
" Bhíomar an-dlúth lena chéile, Derval agus mé féin.
teagmháil níos dlúithe stronger contact
" Tá an Íaráin ag tabhairt le fios go láidir le déanaí gur mhaith leo teagmháil níos dlúithe a bheith acu le tíortha an Iarthair.
ceangailte go dlúth leis strongly connected to
" Bhí na cnámha faoi thalamh ar feadh na gcéadta ar shuíomh atá ceangailte go dlúth leis an Naomh agus de bharr seo is iarsmaí beannaithe iad ar nós Coróin Deilge Críost, in Ard-Eaglais Notre Dame, Páras, Cumhdach Turin nó méar Naomh Tomás in Eaglais Santa Croce in Gerusalemme sa Róimh.
Baineann siad go dlúth liom they’re integrally linked to me
" Baineann siad go dlúth liom, tá m’anam iontu, agus murach na pictiúir sin ní bheinn beo, ní bheadh mo leanaí féin beo ná clann mo chlainne ach an oiread.
níos dlúithe le do fheathal closer to your brand
" Ach nárbh fhearr i bhfad an t-eolas a cheangal níos dlúithe le do fheathal, m.
measctha do dlúth ina chéile mixed densely through other
" An Creideamh ina Pholaitíocht ========== Ábhar aiféaltais a bhí ann don DUP ach níor fáth ar bith iontais é do pháirtí ina bhfuil an creideamh bunchreidmheach agus an pholaitíocht measctha do dlúth ina chéile.
na cairde is dlúithe atá agam the closest friends I have
" Bhí an-chraic go deo againn agus is ann a bhuaileas le cuid de na cairde is dlúithe atá agam.
ceantar atá fréamhaithe go dlúth an area deeply rooted
" Athrú poirt a bhí i ndán dóibh, mar dhea, nuair a reáchtáil DiFranco ceardlann amhránaíochta agus ceoil i seanteach plandála i Louisiana – ceantar atá fréamhaithe go dlúth i stair fhoiréigneach, bhrónach, sclábhaithe Afracacha san Oileán Úr.
thláthaigh dlúth iad brought them together
" Dá fheabhas í Parramatta mar cheann scríbe gastronomique, a bhuíochas san d’ealaín chócaireachta na bpobal éagsúla, nua agus sean, ba bheag eile anseo a thláthaigh dlúth iad.
oibriú go dlúth agus go tairbheach working closely and beneficially
" Chruthaigh Andy Warhol gur féidir leis an dá réimse – an ealaín agus an faisean - oibriú go dlúth agus go tairbheach lena chéile agus chruthaigh an dearthóir Bascach Cristóbal Balenciaga an rud céanna.
go dlúth ina hanam ingrained in her soul
" Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo.
baint níos dlúithe more solid connection
" Beidh baint níos dlúithe ag Cathair Dhoire le saol na healaíne feasta, chan as a bhfuil curtha i gcrích cheana féin amháin é, ach as ucht a bhfuil ar na bacáin, faoi cheann dhá bhliana go háirithe, nuair a lonnófar Duais Turner sa chathair sin.
scéal a bhain go dlúth le hÉirinn a matter which pertained directly with Ireland
" Tharraing dúnmharú tubaisteach Jill Meaghar i Melbourne cuimhne Bhearnaí Uí Dhoibhlin siar chuig scéal uafáis a thit amach i gCathair Darwin i samhradh na bliana 1999, scéal a bhain go dlúth le hÉirinn.