
“Cé thú atá sásta an scian a shá isteach i gcroí an Lúibín –
an ealaín is gaire do mo chroí féin… sea! é sin agus an amhránaíocht ar an sean-nós a bhfuil an-ráchairt air i mo dháilcheantar féin; agus an tAgallamh Beirte atá an-láidir faoi Chorr na Móna; agus an damhsa ar an sean-nós atá thar a bheith láidir i gConamara, agus a bhfuil muintir Iarthar na Gaillimhe ina máistrí air… agus ina máistreásaí air, chomh maith.