Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seasamh diongbháilte, dobhogtha firm, unyielding stand
" Beidh daoine ag vótáil ar son na bpáirtithe a mbeidh an mhuinín acu a gcuid tuairimí a chur chun cinn san idirbheartaíocht a thiocfas i ndiaidh an toghcháin, agus, mar a tharlaíonn roimh aon idirbheartaíocht, beidh seasamh diongbháilte, dobhogtha ag achan dream.
dhobhogtha unmovable
" Ní le teann mórtais ná díomais ná anuabhair a mhaíonn sé seo, ach leis an umhlaíocht sin a eascraíonn ón fhéinmhuinín agus ón chinnteacht dhobhogtha go mbíonn an ceart aige i gcónaí.
dobhogtha immoveable
" Ní miste ar dtús an beartas a scrúdú go mion agus go cruinn, agus féachaint céard iad na giotaí de a bheidh le caitheamh i dtraipisí… **Balor: “Ach, a Thaoisigh, dúirt tú ó thús go raibh an beartas sin daingean dobhogtha do-athraithe; ach tá tú ag rá linn anois go mbeidh píosaí de le caitheamh amach?”** Enda: “Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir.
a ndiongbháilteacht dhobhogtha their immoveable obstinacy
" Do phoblachtánaithe, saoirse chun saoirse a bhaint amach a bhí faighte acu; d'Aontachtaithe, ar íorónaí an tsaoil, bhí cibé cumhacht a bhí acu ídithe diaidh ar ndiaidh ag a ndiongbháilteacht dhobhogtha agus ní raibh an dara suí sa bhuaille acu ach dul isteach i gcomhrialtas le náisiúnaithe.
dobhogtha immoveable
" Nach againn a bheas an chraic, a Bhaloir? Beidh mise dolúbtha faoi seo agus beidh mo chuid rialacha dobhogtha agus mo réimeas dochloíte.
tá mé domheallta, dochloíte, dobhogtha faoi sin I’m unenticeable, invincible, unmoveable in that regard
" Ní bhainfhidh mé an ghairleog agus tá mé domheallta, dochloíte, dobhogtha faoi sin.