Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fréamhacha doimhne deep roots
" Nach ait an mac an saol! An fhadhb ná go bhfuil go leor de na comhlachtaí Meiriceánacha agus comhlachtaí eachtranacha go ginearálta ag úsáid na tíre seo mar láthair táirgíochta saor, seachas a bheith ag cur síos fréamhacha doimhne tré chonarthaí do thaighde agus d'fhorbairt a thabhairt do na fochomhlachtaí anseo.
de dhroim an domhain off the face of the earth
" Sin mar a cuireadh in iúl dhom féin go raibh an t-ionad do chuairteoirí a bhfuil Ceol mar ainm air le himeacht de dhroim an domhain sul i bhfad.
níos doimhne deeper
" Bhí mé ag samhlú páistí ag teacht chuige ar thuras scoile i mí an Mheithimh, daoine a bhí aineolach ar an gceol roimhe sin ag imeacht leo agus tuiscint níos doimhne acu ar an traidisiún.
Chorn Sacair an Domhain the World Cup
" Chaill foireann na hAstráile sa gcluiche deireanach cáilíochta do Chorn Sacair an Domhain.
radharc domhain world view
" An é sin radharc domhain Raidió Fáilte? Sílim narb ea, agus is docha nach bhfuil i gceist ach easpa smaoinimh.
faoi thionchar athruithe an domhain mhóir under the influence of world trends
" Maidir leis an iascaireacht, tá sé suimiúil a fheiceáil go raibh an tionscal seo faoi thionchar athruithe an domhain mhóir mar atá tionscal na ríomhaireachta sa lá atá inniu ann.
an domhain fhorbartha the developed world
" Cad é a tharla ina dhiaidh sin? Bhuel, cosúil le háiteanna eile fud fad an domhain fhorbartha, tháinig athrú ollmhór eacnamaíochta.
Corn Sacair an Domhain the Soccer World Cup
"Corn Sacair an Domhain thart um an dtaca seo agus tá foireann na hÉireann ar ais sa bhaile nó ar saoire in áit éigin chiúin nach bhfuil aon seans ann go mbualfaidh siad le *fans!* Bhí ceiliúradh mór ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, agus 100,000 duine i láthair más fíor do na tuairiscí, chun fáilte abhaile a fhearadh roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann agus aitheantas cuí a thabhairt dóibh as an ngaisce a rinneadar.
Corn an Domhain the World Cup
" Chomh luath is a chríochnaigh Corn an Domhain, áfach, d'athraigh an tírdhreach gan mhoill.
teagmháil níos doimhne a deeper contact
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
i gCorn an Domhain in the World Cup
" Ar ndóigh, d'ainneoin an mhothúcháin sin, chinn sé ar shacar idirnáisiúnta a imirt le Sasana, agus bhí sé go hiontach i gCorn an Domhain i Meicsiceo i 1986.
a shú go domhain to inhale deeply
" Cuireann áilleacht na háite daoine faoi dhraíocht agus bíonn fonn orthu filleadh arís agus arís chun aer úr na háilleachta a shú go domhain ina scamhóga.
craobh an domhain world record
" (Fuair Colm amach le déanaí gur ghlac seanuncail leis, Denis Cousin, páirt sna Cluichí Oilimpeacha i 1928 mar reathaí agus gur bhain sé amach craobh an domhain sa rás 100 slat ar féar an bhliain roimhe sin.
an tnúthán domhain the deep longing
" Is beag a shíl sé ag an am go gcabhróidh sé sa deireadh leis an Institiúid teacht i dtír ar an tnúthán domhain a bhí ann ar fud Mheiriceá le clár den chineál seo.
fréamhaithe go domhain deeply rooted
" Tá cúiseanna eile ann atá fréamhaithe go domhain i struchtúr agus meon na sochaí.
níos doimhne deeper
" Agus ar aon nós téann fadhbanna Fhine Gael i bhfad níos sia agus níos doimhne ná fadhbanna sa gceannasaíocht.
díomá an domhain great disappointment
" Chaith sé seacht mbliana ag obair ar leabhar ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus bhí díomá an domhain air a laghad díospóireachta a bhí ann nuair a foilsíodh an saothar.
níos doimhne deeper
" Tá cosúlachtaí go leor idir Éire agus na Stáit Aontaithe, go háirithe ó thaobh na teanga de (in ainneoin an bhéarlagair), ach feictear dom go bhfuil difríochtaí radaiceacha i gceist chomh maith, ar leibhéal níos doimhne cultúrtha.
iontas an domhain awe
" "Cuireann méid mór Nua-Eabhrac iontas an domhain ar na páistí.
fréamhacha doimhne deep roots
"fréamhacha doimhne aige, agus tamhan láidir freisin.
machnaimh domhain deep thinking
" Tá mórán daoine in Éirinn agus ar fud an domhain (den bharúil) nach ndearna George Bush agus a chuid comhairleoirí go leor machnaimh domhain faoin cheist seo.
dhiúl sí isteach a hanáil chomh domhain agus a thiocfadh léi she took as deep a breath as she could
" Nuair a d'oscail doras an ardaitheora, dhiúl sí isteach a hanáil chomh domhain agus a thiocfadh léi, ag dúil go dtabharfadh sin rud beag uchtaigh di.
a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach to make out its location on the surface of the earth
" Ón difríocht ama idir na comharthaí sin, bíonn an glacadóir ábalta a fhad ó na satailítí a ríomh agus, uaidh sin, a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach.
anáil fhada dhomhain long deep breath
" " Tharraing Réamonn Rua Ribeach anáil fhada dhomhain agus é ina shuí aniar ar an sínteán .
uaigh dhomhain chorrach a deep unsettled grave
" Cothaíonn sí na néalta a uiscíonn na plandaí a choinníonn beo muid, ach bíonn sí mar uaigh dhomhain chorrach ag cuid againne fosta.
Chraobhchomórtas Snúcair an Domhain The World Snooker Final
" Thaispeáin Ken tréithe dochreidte ina charachtar le linn Chraobhchomórtas Snúcair an Domhain le déanaí.
níos doimhne ná deeper than
" Tá a fhios ag an saol mór go dtéann cuid rútaí Bhalor siar i bhfad isteach i gceo na staire agus síos go domhain isteach i gcréafóg Thoraí, níos doimhne ná Poll na Raithní ann agus níos doimhne fiú ná roinnt poll clúiteach eile ar an oileán ársa.
dhromchla an domhain the surface of the earth
" "Tá iarracht réamhbheartaithe ar siúl ag an Indinéis le muintir Phapua Thiar a ghlanadh ó dhromchla an domhain, agus glúin nua a shíolrú a bhfuil craiceann geal acu agus gruaig dhíreach orthu.
níos doimhne deeper
" Is taispeántas é a mheallann isteach níos doimhne agus níos doimhne thú, gan fios agat cad é a bheas le feiceáil timpeall an chéad choirnéal eile.
Tá eagla an domhain orm roimh mhadraí! I'm terrified of dogs!
" Is é sin go dtí gur rith mada na gcomharsan i mo dhiaidh síos an bóthar! B'in deireadh leis na nuachtáin dom! Tá eagla an domhain orm roimh mhadraí! Fuair mé mo chláirseach féin bliain ina dhiaidh sin.
ionadh an domhain great surprise
" Tháinig sé trasna ar Eoin, agus d'fhreagair seisean an cheist; bhí ionadh an domhain ar an mbeirt acu, agus is mar sin a tharla an chéad teagmháil.
iontach domhain ar fad very deep indeed
" Bhí amhráin an cheantair seo ag croílár mo *repertoire *i gcónaí agus de réir mar a rinne mé taighde, dom féin ag an tús, b'fhacthas dom go raibh an tobar iontach domhain ar fad.
machnamh domhain deep thinking
" Scríobhann sé le húdarás an duine a bhfuil mórán léite agus feicthe aige, agus a bhfuil machnamh domhain déanta aige faoin ábhar.
iontas an domhain great surprise
" Thug sé cuairt ar amhránaí aosta de chuid an oileáin, Séamas Ó Mianáin, i 1984 agus chuir sé iontas an domhain air an stór ollmhór amhrán a bhí aige.
níos doimhne deeper
" Tar éis tamaill thosaigh mé ag gabháil isteach níos doimhne sa scéal go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann.
de dhroim an domhain off the face of the earth
" Gan a bheith ag iarraidh leatrom a dhéanamh ar aon saghas eile ceoil, is ceart a lua nach n-imeodh *ballet *nó *opera *de dhroim an domhain ar fad dá dteipfeadh orthu in Éirinn.
curiarracht an domhain a shárú world record
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
clábar domhain deep mud
" Fásann deora Dé agus a mbláthanna dubhdhearga sé troithe ar airde ar thaobh an chasáin, agus bhí clábar domhain faoinár gcosa.
i gCorn an Domhain in the World Cup
" Ní amhrán náisiúnta na hÉireann, "Amhrán na bhFiann", a chas foireann rugbaí na hÉireann (is ea, foireann rugbaí na hÉireann) roimh a gluichí i gCorn an Domhain le déanaí san Astráil, ach píosa nua-chumtha dar teideal "Ireland's Call".
díomá an domhain terrible disappointment
" "Tá díomá an domhain orm le gach aon cheann des na páirtithe; níl sé de *spunk *ná de mhisneach ag páirtí teacht amach agus diúltú glan dó seo.
bhochtáin an domhain the poor of the world
" Ba cheart na doirse a oscailt agus ligint do bhochtáin an domhain teacht isteach, ar ár son féin agus ar a son-na.
trinsí doimhne cosanta deep defensive trenches
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
ag bagairt an domhain threatening the world
" Bhain sé sin go háithrid leis an eolas a cuireadh ar fáil faoi na "hairm ollscriosta" a dúradh a bhí ag an Iaráic agus a bhí ag bagairt an domhain.
ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain paying attention to the World Cup in soccer
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
a ghéaga leata faoi chosa an domhain his legs open under the feet of the world
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
Chorn an Domhain the World Cup
" Chuaigh mé go dtí an tSeapáin agus Saipan le linn Chorn an Domhain in 2002, agus is cuimhin liom féachaint ar na biachláracha gan bheith in ann tada a thuiscint.
muinín an domhain great trust
" Ba shóisialaí agus cheoltóir é a athair agus d'oibrigh sé i muileann plúir i Sráid Duibhis, agus bhí muinín an domhain aige as Wee Joe Devlin.
eolas níos doimhne deeper knowledge
" Tar éis bheith ag taisteal mar sin, bheadh neart grianghraf agam - ach bhí mé ag iarraidh eolas níos doimhne a fháil agus, dá bhrí sin, thuig mé gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna, gan bheith ag rith i gciorcail.
i bhfad ní ba dhoimhne a lot deeper
" Ach bhí an sneachta i bhfad ní ba dhoimhne anseo agus tar éis dul trasna na habhann bhí sé deacair dul suas.
clár an domhain the face of the earth
" DENIS: Nach raibh Naomh Agaistín ina pheacach chomh mór is a shiúil clár an domhain riamh? Agus rinneadh easpag agus fealsamh de.
phobal ealaíne an domhain the world art community
" Tugann an *Biennale*, a thosaigh breis is céad bliain ó shin agus a bhíonn ar siúl gach dara bliain, deiseanna, nach bhfuil a sárú le fáil in aon fhéile eile, d’ealaíontóirí a saothar a chur i láthair phobal ealaíne an domhain.
scothealaíontóirí an domhain the best artists in the world
" I rith na féile seo beidh criticeoirí, stiúrthóirí agus díoltóirí ealaíne, agus an gnáthphobal ina mílte, ó gach cearn den domhan ann le freastal ar na himeachtaí éagsúla agus le breathnú ar shaothar scothealaíontóirí an domhain.
ar chlár an domhain on the surface of the earth
" “Áit ar bith ar chlár an domhain seo seachas an Tuirc,” a d’fhreagair Kebab le gáire mór garbhghlórach.
dornálaíochta trom-mheáchain an domhain world heavy-weight boxing
" Ar feadh na mblianta ní raibh againne ach Teilifís Éireann ach chraoltaí ócáidí móra spóirt beo ó am go ham, cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann, Corn an FA agus imeachtaí eile ar nós dornálaíochta trom-mheáchain an domhain (is cuimhin liom Cassius Clay/ Muhammad Ali ag tosú amach le Craobh Dhomhanda i gcoinne Sonny Liston), corn sacair an domhain i 1966 agus mar sin de.
ar dhóigh níos doimhne in a deeper way
" Ní chuirfidh an treoir áirithe seo mórán le híomhá na caoinfhulainthe san eagraíocht dhomhanda agus cuirfear na sagairt ar homaighnéasaigh iad agus atá ag feidhmiú san eaglais cheana féin go mór faoi bhrú agus beidh orthu dul i bhfolach ar dhóigh níos doimhne sa tsochaí.
shínfidís timpeall an domhain they would extend around the world
" Dá ndéanfaí iad seo a pháirceáil le chéile, shínfidís timpeall an domhain – 125 uair! Chun méadú mór ar an truailliú a sheachaint, ní foláir go n-éireofaí as peitreal a dhó sna féithiclí seo.
cluichí ceannais Chorn an Domhain the World Cup finals
" Rinne sé a sheacht míle dícheall ar feadh dhá bhliain go leith chun foireann na hÉireann a ullmhú agus a threorú chomh fada le cluichí ceannais Chorn an Domhain sa Ghearmáin in 2006.
tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain after being banished from the World Cup competition
" Tá an fhoireann náisiúnta sacair gan bhainisteoir agus in umar na haimléise tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain.
tuiscint dhomhain deep understanding
" Agus níl gá le haon tuiscint dhomhain ar chúrsaí teicneolaíochta nó rudaí casta ar nós cóid HTML chun iontráil nua a fhoilsiú ar bhlag – ní gach ach foirm bheag a líonadh isteach ar líne.
tuiscint dhomhain deep understanding
" Agus níl gá le haon tuiscint dhomhain ar chúrsaí teicneolaíochta nó rudaí casta ar nós cóid HTML chun iontráil nua a fhoilsiú ar bhlag – ní gach ach foirm bheag a líonadh isteach ar líne.
fréamhaithe go domhain deeply rooted
" Tá an séanadh fréamhaithe go domhain i sícé na n-aontachtach.
thóg anáil dhomhain took a deep breath
" Lasmuigh den tábhairne d’íoc sé fear an tacsaí, rug greim ar a mhála is a ghiotár, thóg anáil dhomhain agus isteach leis.
smaointe doimhne deep thoughts
" Bíonn go leor frustrachais i gceist agus iad ag iarraidh na smaointe doimhne seo a chumadh i nGaeilge chun ceist a fhreagairt nó chun bheith ag caint leis an duine taobh leo.
go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad that other countries of the world would see them
" Agus bhí an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach.
Corn sacair an Domhain the soccer World Cup
" Ba bhliain mhór greamaitheoirí é 1982, óir cúpla mí roimhe sin bhí Corn sacair an Domhain ar siúl sa Spáinn agus bhí idir chailíní agus bhuachaillí ag bailiú greamaitheoirí agus imreoirí sacair orthu.
ag baint thaitneamh an domhain really enjoying
" foghlaimeoirí Gaeilge idir 11 bhliain agus 18 mbliana d’aois), múinteoirí agus mná tí, ag freastal ar sheisiún ceoil anois is arís, agus ag baint thaitneamh an domhain as an obair agus as an saol difriúil a bhíonn ann i rith an tsamhraidh.
línte doimhne deep lines
" Bhí línte i ngach áit air, a éadan, línte doimhne ag síorathrú timpeall ar na súile, ar an mbéal agus é ag meangadh, na malaí seasta amach, bán, scrobarnach ribí sna polláirí, i bpoill na gcluas, línte ar na méara freisin, an muineál, gach áit.
an domhain Luath-Chríostaí of the early Christian world
" Tá comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
níos doimhne more deeply
" Labhair mé le daoine áitiúla go bhfuil cáilíochtaí acu i ngnéithe éagsúla den ghnó sin agus shocraigh muid breathnú isteach sa scéal níos doimhne.
domhain shaorga níos réadúla a chruthú to create more realistic artificial worlds
" Cuirfidh an teicneolaíocht seo ar chumas foilsitheoirí domhain shaorga níos réadúla a chruthú le, mar shampla, uisce a shreabhann i gceart agus deatach a scaipeann go réalaíoch.
i gCorn an Domhain in the World Cup
" Ó bhí muid chun imirt ar son gach aon fhoireann timpeall an domhain agus i gCorn an Domhain chomh maith.
ar fud an domhain fhorbartha throughout the developed world
" Is léir go bhfuil an-suim ag daoine in Éirinn agus ar fud an domhain fhorbartha sa ghalf.
farraigí doimhne deep seas
" “Le croí mór maith, agus gan cuimhneamh orm féin, agus ní chreideann daoine é sin anois, scríobh mé chuici agus dúirt, ‘Bí cinnte go bhfuil tú in ann a theacht ar chomhairle neamhspleách a threoróidh tú trí na farraigí doimhne seo.
tar éis Chorn an Domhain after the World Cup
" De réir cosúlachta, d’fhan roinnt acu tar éis Chorn an Domhain ceithre bliana ó shin.
ag tochailt níos doimhne digging deeper
" Muid ag tochailt níos doimhne isteach i gcultúr na treibhe diamhaire Ainu seo.
ar fud an domhain i dteangacha éagsúla. all over the world in various languages.
" Cad é a bhí ann ach an grianghraf thuasluaite den Storrúil agus “Slieve League” mar theideal air! Pictiúr ó Bhord Fáilte a bhí ann agus is dócha go bhfuil sé le feiceáil i dtreoirleabhair ar fud an domhain i dteangacha éagsúla.
go domhain deep
" Faoin am a d’fhág mé an Mhaláiv, bhí an tír sin go domhain i m’anam, mo mheon, mo chroí.
ar son daoine ocracha an domhain. for the hungry people of the world.
" Tá mé ag máirseáil ar son daoine ocracha an domhain.
bá dhomhain dháiríre a deep and sincere empathy
" Ba dhuine mórchroíoch é a raibh bá dhomhain dháiríre aige le daoine nach raibh go maith as.
roinnt coincheap domhain polaitíochta some deep political concepts
" Sin mar a tharla agus seo mar a mhínigh Máire Ní Chlochráin roinnt coincheap domhain polaitíochta do Bhalor an Bhéil Bhinn: “A Bhaloir, a chara mhóir mo chroí, tá an sú seo go hálainn.
ag rásaíocht thart ar chathracha an domhain. racing around the cities of the world.
" Tá an dara bua ag an ghontacht fosta; cuireann sí le luas an scéil agus na n-imeachtaí, rud atá fóirsteanach nó baineann an scéal le carranna gasta agus iad ag rásaíocht thart ar chathracha an domhain.
babhta de dhornálaíocht throm-mheáchain an domhain, a bout of world heavy-weight boxing,
" Ní hamháin sin, bhí Cluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 ann (casadh “God Save the Queen”, de réir mar a thuigim), agus babhta de dhornálaíocht throm-mheáchain an domhain, Muhammad Ali i gcoinne All Lewis, i 1974.
speisialtóireacht agus oiliúint níos doimhne specialisation and a deeper kind of training
"speisialtóireacht agus oiliúint níos doimhne ag teastáil i ngach réimse den oideachas anois agus ní heisceacht ar bith í an Ghaeilge.
aird an domhain the attention of the world
" Tá cónaí ar Smith Jones i mbloc glas árasán i gcathair Anchorage agus tá aird an domhain uirthi le roinnt blianta anois, go háirithe ó fuair a deirfiúr Sophia bás i 1993.
oiread airde ar chruachás theangacha an domhain. so much attention of the predicament of the languages of the world.
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
screamh an domhain the crust of the earth
" Bhí an tigh lán ach thuig gach éinne go raibh an tigh folamh – folús amh mar a bheadh duine éigin tar éis cuid de screamh an domhain a stracadh i mbabhta fiáin feirge.
faoin tsíocháin a bhraith sé go domhain ina chroí about the peace he felt deep in his heart
" ***** Tá John Hoban ag caint ón altóir lá na sochraide, faoi na cainteanna fada a bhí aige le Ger cúpla seachtain roimh a bhás; faoin ealaín, faoin dealbh a bhí díreach críochnaithe aige, faoin saol, faoin tsíocháin a bhraith sé go domhain ina chroí agus an dealbh á críochnú aige.
óráid dhomhain John John's deep speech
" Níor chuala siad óráid dhomhain John ach chonaic macasamhail Ger sa saol nádúrtha.
iniúchadh dian domhain an intense deep scrutiny
" Tá gnó príobháideach pearsanta Bhertie Uí Hernia dá scrúdú ag binse fiosraithe Mahon i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, chomh maith le cúistiúnacht Chathail Mhic Coille ar *Morning Ireland*, ach tá Balor i ndiaidh iniúchadh dian domhain dá chuid féin a dhéanamh ar ghnó roinnt de na daoine eile i saol na polaitíochta, agus níl binse fiosraithe ar bith ina shuí maidir leis na cásanna siúd.
go domhain deeply
" Rinne mé iarracht dul go domhain isteach ina chuid ceoil le hanailís a dhéanamh air.
ar bharr an domhain on top of the world
" I níos mó ná bealach amháin, táim ar bharr an domhain anseo.
dallamullóg a chur ar thithe móra ceantála ar fud an domhain. deceiving big auction houses all over the world.
" Baineadh preab uafásach as saol na healaíne nuair a tháinig sé chun solais go raibh na caimiléirí ealaíne John Drewe agus John Myatt i ndiaidh na milliúin punt a dhéanamh as dallamullóg a chur ar thithe móra ceantála ar fud an domhain.
Comórtas Lúthchleasa an Domhain World Athletic Championship
" Bua Stephen Roche sa Tour de France sa bhliain 1987, cuir i gcás, mar aon le bonn óir Eamonn Coughlan sa rás 3,000 méadar ag Comórtas Lúthchleasa an Domhain sa bhliain 1983.
i gCraobh Dornálaíochta an Domhain in the World Boxing Chamionship
" Bua Barry McGuigan i gCraobh Dornálaíochta an Domhain sa bhliain 1985 agus bonn óir Michael Carruth ag na Cluichí Oilimpeacha in Barcelona sa bhliain 1992.
domhain deep
" D’ólamar deoch air go cúthaileach – óir thuigeamar nach domhain a bhí a phócaí an oíche úd.
níos doimhne deeper
" Níor mhaith liom dul níos doimhne sa scéal.
stíleanna ceoil an domhain a bhlaiseadh. to taste the musical styles of the world.
" Ceol traidisiúnta cathrach é ceol Kíla – ceol craosach, míshocair ar mian leis stíleanna ceoil an domhain a bhlaiseadh.
Raon de bhodhrán domhain gnéasach a track of deep, sexy bodhrán
" “Beidh mé libh i gceann sé huaire an chloig!” Raon de bhodhrán domhain gnéasach ó Rónán ar dtús.
Léiriú ar thús an domhain A depiction of the beginning of the world
" Léiriú ar thús an domhain atá le feiceáil in ailtireacht na *maraes*.
carachtar a bhfuil móraithne air timpeall an domhain. a character who is widely known around the world.
" Ní gnáthlacha é seo, ach Donald Duck - carachtar a bhfuil móraithne air timpeall an domhain.