Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dornálaíochta boxing
" Níl aon dabht faoi ach go mbeadh an-éileamh ar an iománaíocht dá mbeadh sí á heagrú i gceart agus séasúr cóir leanúnach ag baint léi faoi mar atá i gcás sacair, rugbaí, badminton, cispheile, haca, dornálaíochta agus chuile spórt eile.
dornálaíochta boxing
" Spóirt ar nós lúthchleas, snámha agus dornálaíochta atá i gceist agam, is é sin spóirt nach dtugtar an oiread sin airde orthu taobh amuigh de na mórócáidí ar nós na gCluichí Oilimpeacha.
dornálaíocht boxing
" ) Tá blianta fada caite aige ag scríobh faoi gach cineál spóirt, ina measc rugbaí, sacar, peil, iománaíocht, rásaí capall agus con, dornálaíocht agus cruicéad.
cumann láidir dornálaíochta a strong boxing club
" Ach ní taobh le peil amháin atá muintir Chamuis ó thaobh caithimh aimsire de mar tá cumann láidir dornálaíochta ann le blianta fada agus tá traidisiún na lúthchleasaíochta ann chomh maith.
dornálaíocht boxing
" Ní gá ach cuimhneamh ar an méid a bhíonn sna páipéir faoi na cluichí Gaelacha, faoi shacar Shasana, faoi rugbaí agus faoi rásaí capall i gcomórtas leis an méid a scríobhtar faoi lúthchleasaíocht, leadóg, dornálaíocht, cispheil agus na spóirt eile ar fad a thagann inár láthair gach ceathrú bliain.
dornálaíochta trom-mheáchain an domhain world heavy-weight boxing
" Ar feadh na mblianta ní raibh againne ach Teilifís Éireann ach chraoltaí ócáidí móra spóirt beo ó am go ham, cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann, Corn an FA agus imeachtaí eile ar nós dornálaíochta trom-mheáchain an domhain (is cuimhin liom Cassius Clay/ Muhammad Ali ag tosú amach le Craobh Dhomhanda i gcoinne Sonny Liston), corn sacair an domhain i 1966 agus mar sin de.
i gcomórtais dornálaíochta in boxing competitions
" Bhí clú ar na *Liverpool Irish *i gcomórtais dornálaíochta.
babhta de dhornálaíocht throm-mheáchain an domhain, a bout of world heavy-weight boxing,
" Ní hamháin sin, bhí Cluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 ann (casadh “God Save the Queen”, de réir mar a thuigim), agus babhta de dhornálaíocht throm-mheáchain an domhain, Muhammad Ali i gcoinne All Lewis, i 1974.
sa chró dornálaíochta into the boxing ring
" Thug sin faill do Paisley – naoi mbliana ina dhiaidh sin – bheith ag maíomh gur bua a bheas ann má dhéantar Céad Aire dó, ainneoin go mbeidh Martin McGuinness taobh leis! I bhfírinne, níl ann ach gur mealladh isteach sa chró dornálaíochta é.
sa bhfáinne dornálaíochta in the boxing ring
" Maratón ocht mí dhéag atá rompu go léir, agus ní cinnte in aon chor go mbeidh siad in ann fanacht sa bhfáinne dornálaíochta an fhad sin.
ar bhabhtaí dornálaíochta agus iomrascála a fheiceáil of seeing bouts of boxing and wrestling
" Tá taithí againn cheana féin ar bhabhtaí dornálaíochta agus iomrascála a fheiceáil ar an taobhlíne, sa tollán ag leathama nó le linn an chluiche é féin.
i gCraobh Dornálaíochta an Domhain in the World Boxing Chamionship
" Bua Barry McGuigan i gCraobh Dornálaíochta an Domhain sa bhliain 1985 agus bonn óir Michael Carruth ag na Cluichí Oilimpeacha in Barcelona sa bhliain 1992.
mar gheall ar dhornálaíocht na mban about women's boxing
" Tá sé ráite acu siúd atá eolach mar gheall ar dhornálaíocht na mban gurb í Katie an dornálaí amaitéarach mná is fearr, punt ar phunt, ar domhan.
Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan European Women's Boxing Championships
" Bhuaigh Katie bonn óir ag Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan trí huaire as a chéile agus bhuaigh sí ceann ag an gCraobhchomhórtas Domhanda in 2006.
lámhainní dornálaíochta boxing gloves
" Is iomaí cor agus casadh a tharla sa scéal ó chuir na hiarrthóirí na lámhainní dornálaíochta orthu ar dtús.
dornálaíocht boxing
" I dtaca leis na cluichí sa tSín, is iad an dá spórt ina gcruthaíonn na hÉireannaigh go maith go hiondúil ná an dornálaíocht agus an eachaíocht.
na húdaráis dornálaíochta the boxing authorities
" ArdmheasBhí ardmheas ag Balor ar dhornálaí Bhéal Feirste, Paddy Barnes, a dúirt leis na húdaráis dornálaíochta agus leis an Chomhairle Oilimpeach go dtiocfadh leo a mbonn cré-umha a shá cibé áit ar mhaith leo, nach raibh sé de dhíobháil air féin.
dornálaíocht boxing
" Is fear cliste é - tá céim as Ollscoil Cambridge aige, áit a raibh suim aige sa dornálaíocht.
dornálaíocht boxing
" Bhí guthanna áirithe ceangailte le spóirt áirithe: guth Mhíchíl Uí Aichir leis na cluichí Gaelacha agus le na rásaí capall; guth Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh leis na cluichí Gaelacha, guth Fred Cogley le rugbaí, guth Philip Green leis an sacar, guth Noel Andrews leis an dornálaíocht agus guth Jimmy McGee le réimse leathan spóirt.
chró dornálaíochta boxing ring
" tá sí ann!!” Cuireann an tráchtaire na ceisteanna atá ag déanamh scime don bhreathnóir: “Cad a dhéanfaidh an réiteoir? Cén dath ar an gcárta? An bhfuil an t-am caite?” Mar a Bhíodh is mar Atá Na craoltóirí is fearr ar nós Uí Aichir, Uí Mhuircheartaigh, McLaren, McGee tugann siad cuireadh don éisteoir/breathnóir páirt a ghlacadh sa dráma atá ar bun ar an bpáirc, sa chró dornálaíochta, ar an ngalfchúrsa; tarraingíonn siad pictiúr, ligeann siad don bhreathnóir a intinn féin a bheith aige ach tugann léargas breise ar a bhfuil ag tarlú.
gcró na dornálaíochta boxing ring
" Sa bhaile is é m’athair m’athair, ach sa halla gleacaíochta agus i gcró na dornálaíochta, is é mo thraenálaí é.
dornálaíocht boxing
" Níl amhras ar bith fá dtaobh de, a chairde: is cluiche é an galf atá thar a bheith contúirteach; níos dainséaraí go mór ná an dornálaíocht: níos contúirtí ná caitheamh sceana; níos baolaí ná an iomáint, ná an Iomrascáil Sumo, ná an taekwondo, ná an pholaitíocht féin, fiú.
gcróite dornálaíochta boxing rings
" Tá ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.
dornálaíocht boxing
" Bíonn barraíocht spóirt ann scaití - peil, rugbaí, iomáint, galf, dornálaíocht, liathróid láimhe, rásaíocht capall, cúnna, carranna, rothar, bád agus eile, lúthchleasa, leadóg, snúcar, cispheil, eitpheil, haca, cruicéad agus mar sin de.
gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla not taking up professional boxing
" Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais.
iarchuradh gairmiúil dornálaíochta an domhain former professional world boxing champion
" Bhí sé de phribhléid agam aithne bheag a chur ar Bhernard Dunne, iarchuradh gairmiúil dornálaíochta an domhain sa Coileachmheáchan Trom, ag tús 2011 nuair a iarradh orm cabhrú leis a chuid Gaeilge a chleachtadh.
mbabhta dornálaíochta trom-mheáchain heavyweight boxing bout
" Bhí alltacht agus múisiam ar dhaoine ar fud an domhain i 1997 nuair a bhain Mike Tyson plaic as cluas Evander Holyfield i mbabhta dornálaíochta trom-mheáchain.
na dornálaíochta of boxing
" Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh.
ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain the British amateur boxing champion
" Bhí Tom ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain.
dornálaíocht boxing
" D’imrímis, idir bhuachaillí agus chailíní, go leor cineálacha spóirt eadrainn féin – iománaíocht, peil, sacar, rásaíocht chapall, cruicéad, dornálaíocht, iomrascáil /an choraíocht, leadóg, lúthchleasa (rith, léim, rás cliath, caitheadh meáchain, caitheadh sleá, léim chuaille, saighdeoireacht san áireamh), galf, snámh agus araile.
miotóga dornálaíochta boxing gloves
" Ar ócáid amháin, fuair duine éigin miotóga dornálaíochta mar bhronntanas agus bhí comórtas dornálaíochta againn, cró déanta le téad ó chrann go geata go cuaillí nó a leithéid sin.
lucht dornálaíochta boxers
" Bhí lucht dornálaíochta ar ndóigh ag gabháil don oiliúint le fada agus an toradh le feiceáil le fada ar a gcuid oibre.
dhornálaíocht boxing
" Bhí Colm Mac Séalaigh ag faire ar dhornálaíocht Katie Taylor i gCraobh an Domhain agus ar chluichí i gCraobha na hÉireann.
blianta gairide dornálaíochta short space of time boxing
" Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta.