Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dhréachtú to draft
" Cuireadh coiste ar bun chun rialacha a dhréachtú don Dublin Hurling Club a bhí ar tí a bhunaithe.
a rinne na leasuithe a dhréachtú who drafted the reforms
" I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an t-oideachasóir Giuseppe Bertagna, duine den dream a rinne na leasuithe a dhréachtú.
dréacht-reachtaíocht draft legislation
" D'fhoilsigh an rialtas thall dréacht-reachtaíocht i 1999 chun cosc iomlán a chur ar fhógraíocht do dhaoine faoi bhun ocht mbliana déag.
dréachtú drafting
" ) Agus ní ceart go bhfágfaí dréachtú an chomhpholasaí nua i lámha ionadaithe an tionscail, státseirbhísigh sa mBruiséil agus polaiteoirí a ghéillfeas go héasca d'éilimh na n-iascairí má cheapann siad go bhfuil vótaí ann.
cáipéisí a dhréachtú draft documents in Irish
" Dúirt an tuairisc go gcaithfeadh comhairlí Thuaisceart Éireann glacadh le hiarratais scríofa agus bhéil i nGaeilge, glacadh le húsáid na Gaeilge i ndíospóireachtaí comhairle, cáipéisí a dhréachtú i nGaeilge agus fir/mná teanga a fhostú.
an chéad dréacht the first draft
" "Tá mé ag obair ar leabhar eile anois, ach *God bless us*, tá sé do mo mharú! Tá sé ghearrscéal críochnaithe agam ach níl iontu ach an chéad dréacht agus níl meas dá laghad agam orthu.
dréachtaithe drafted
" Tá an chuid is mó den bhuntaighde déanta aige agus ceithre chaibidil dréachtaithe aige go dtí seo ach tá sé idir dhá chomhairle faoin teanga arbh fhearr an saothar a scríobh inti.
dhréachtphlean draft plan
" Ag tús na bliana seo d'aontaigh ballstáit an Aontais Eorpaigh ar dhréachtphlean do Chomhbheartas Iascaireachta na hEorpa (CIE) nua.
i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais in the drafting of the Union's trade policies
" Ina dhiaidh sin féin is coiste fíorthábhachtach agus cumhachtach atá ann, agus baint lárnach aige i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais.
agus dréacht-pholasaithe draft policies
" Cuireann sé moltaí agus dréacht-pholasaithe ar aghaidh chuig an gCoimisiún ar an ábhar céanna.
dréachtaí drafts
" Léigh sise dréachtaí éagsúla an úrscéil agus b'ardú meanman an-mhór é d'Anna nuair a mhol sí an chéad dréacht críochnúil den saothar.
dhréachtdoiciméad draft document
" Fuarthas amach cúpla lá ó shin, áfach, go bhfuil oifigigh rialtais ag obair ar dhréachtdoiciméad a leagfadh síos an comhthéacs ina gcuirfí ar bun feidhmeannas bunaithe ar roinnt cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin, ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe ón IRA.
á dhréachtú being drafted
" Is mór an náire, sa chomhthéacs sin, nár déanadh aon phlé ceart ar Thuarascáil Morris sa Dáil ón am a foilsíodh é, go fiú agus Bille an Gharda Síochána á dhréachtú faoi láthair.
á dhréachtú being drafted
" Is mór an náire, sa chomhthéacs sin, nár déanadh aon phlé ceart ar Thuarascáil Morris sa Dáil ón am a foilsíodh é, go fiú agus Bille an Gharda Síochána á dhréachtú faoi láthair.
Chíréibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac the New York Draft Riots
" An raibh sé tar éis suí trí cheacht staire le déanaí faoi Chíréibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac? An bhfuair sé *Gangs of New York* ar cíos ón siopa físeán ag súil le Ja Rule agus Jay Z agus 50 Cent a fheiceáil, agus ina áit sin go bhfaca sé na boic gheala seo agus blas aisteach ar a gcuid cainte, ag caitheamh daigéar ar a chéile? Sea, tá sé dian bheith ag iarraidh 30 páiste a choinneáil ag obair agus a choinneáil ciúin, agus teagmháil a dhéanamh leo ar bhealach ar bith.
dréacht draft
" Tá úrscéal scríofa agam, fiú amháin, nár fhoilsigh mé in aon chor mar, tar éis dom an chéad dréacht den rud a scríobh, d’aontaigh mé féin agus Caoilfhionn (Nic Pháidín) nach raibh sé go maith! Ceapaim gur fíoreagarthóirí iad.
dréacht draft
" Thaispeánas mo chéad dréacht do Jimmy cúpla lá ina dhiaidh sin, agus dúirt sé nárbh fhéidir leis feabhas a chur air.
deoch shuain sleeping-draft
" Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha …i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha … Gluais • Glossary glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss mullaightop of house buí-ómrayellow-amber bruth análahot breathing múr teasabank of heat cága callánachanoisy jackdaws á ngríosúinciting them a ngiúmaráilhumouring them go breabhsántasprightly meall gréineorb cabhail chathrachcity body spréite go hanástaspread awkwardly tnáitejaded basár a brollaighthe bazaar of her bosom ag borradhswelling dlaoithe casacurly tresses cabhsaí dúshlánachachallenging lanes á gclutharú féinhiding themselves méalasorrow buairtvexation cruachásdistress ag déanamh tochtagrieving silently an tréanthe strong ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch meannánkid méileachbleating scrínteshrines bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened ceannaircrevolt a d’fheall orthuwhich failed them boige paidrethe softness of prayer le báinífurious bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site ag déanamh angaidhfestering i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators bhachlógachindistinct siogairlínípendants glémhaiseachexquisitely beautiful go ríogúilregally teanga túisetongue of incense ag clingireachtringing bantracht bheoshúileachthe quickeyed women le coim na hoícheat nightfall ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness bioráinpins ag lonrúshining clóca sróilcloak of satin aigeantaspirited buimefoster-mother deoch shuainsleeping-draft spréachspark súgachmerry ag glinniúintsparkling tú a mhuirniúto caress you linntepools cumhaloneliness le tú a aoibhnniúto make you blissful ionúinbeloved másaíthighs a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks monabharmurmur chneasskin cumhrafragrant miandesire
an dréacht-chomhaontú the draft agreement
" Ach an uair seo, bhí an iomarca brú ar an rialtas sin: bhí gach tír Eorpach sásta leis an dréacht-chomhaontú Open Skies ach amháin an Bhreatain Mhór, agus fiú amháin bhí BMI British Midland i bhfabhar an athraithe.
an chéad dréacht the first draft
" Mhaígh iar-eagarthóir The Washington Post, Ben Bradlee, tráth gurb iad na hiriseoirí a scríobhann an chéad dréacht den stair.
a dhréachtú to draft
" Is ar an Roinn Cumarsáide, Mara, agus Acmhainní Nádúrtha atá an fhreagracht maidir le polasaí na hÉireann a dhréachtú i dtaca le dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha.
dréachtphlean airgid an Tionóil the Assembly's draft financial plan
" Tá Peter Robinson ina Aire Airgeadais agus d’fhoilsigh sé dréachtphlean airgid an Tionóil ag deireadh na míosa seo caite.
a dhréachtú to draft
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
dréacht deiridh final draft
" Cuireadh an bille áirithe seo ar chlár oibre an Rialtais ar éileamh an Chomhaontais Ghlais, ach is léir nach mó ná sásta atá John Gormley leis an dréacht deiridh mar gur measann sé é a bheith easnamhach.
dréacht draft
"dréacht de na rialacháin curtha i dtoll a chéile ag Roinn na Gaeltachta agus dualgais beachtaithe ann i leith úsáid na Gaeilge i stáiseanóireacht agus i gcomharthaí.
Drochscéala na Dréachtcháinaisnéise bad news of the draft budget
" Drochscéala na Dréachtcháinaisnéise Bhí a fhios ag an Uachtarán Obama go raibh tábhacht faoi leith leis an aitheasc seo, agus nárbh fholáir an tír a thabhairt leis, mar dhá lá dár gcionn, bheadh sé ag foilsiú na cáinaisnéise ba thábhachtaí i stair Mheiriceá ó 1930 i leith.
dréachtadh were drafted
" I ndiaidh an Dara Chogaidh Domhanda agus an domhan ag iarraidh theacht ar fhoirmle a chuirfeadh deireadh leis an choimhlint, dréachtadh 30 mír iontach simplí a mhaolódh cnámha spairne idirnáisiúnta dá nglacfaí leo, dar le lucht a ndréachtaithe.
dréachtadh drafted
" Ar ndóigh níor tharla an díospóireacht intleachtúil seo nuair a bhí an reachtaíocht teanga á dréachtadh ná á achtú.
Dhréachtaigh drafted
" org/) Dhréachtaigh siad Bille Cearta Ogoni a d’éiligh ceart sóisialta is eacnamaíochta mar aon le cóir ó thaobh na timpeallachta de.
dréacht draft
" Cuireadh dréacht bunreachta faoi bhráid na parlaiminte sa bhliain 2005 inar tugadh aitheantas don lucht fiaigh agus cnuais, ach níor glacadh leis an dréacht.
dréachtdoiciméad draft documents
" Go deimhin, tá níos mó sa dréachtdoiciméad faoi na meáin agus faoin teicneolaíocht ná mar atá faoi ghéarchéim na Gaeltachta.
dréachtstraitéis draft strategy
" Tá an dréachtstraitéis fiche bliain don Ghaeilge i mbéal phobal na Gaeilge agus mar sin is ceart di a bheith.
dréachtphlean draft-plan
" Bhí cainteanna idirnáisiúnta ar siúl ar feadh bliana roimh an ollchruinniú féin agus ba chóir go mbeadh dréachtphlean curtha le chéile roimh ré.
ndréachtadh drafting
" In áit dul ar 'ruathar aonair', áfach, is mó de sheans go gcuirfear a gcuid tuairimí san áireamh i ndréachtadh beartas.
Dréacht-Straitéis draft plan
" Dréacht-Straitéis an Ghrinn Ní cúram mar mhagadh é an greann agus ní foláir dua agus am a chaitheamh leis.
dréachtchúrsaí a draft course
" Eisíodh dréachtchúrsaí de na ceithre ábhar scoile atá ar chroíchuraclam na scoileanna abhus: an Béarla, an t-áireamh, an eolaíocht agus an stair.
dréachtstraitéis draft plan
" Le cúpla mí anuas tugadh deis do ghrúpaí teanga a gcuid moltaí maidir leis an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i láthair an Choiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
dhréachtaigh drafted
" Ba é Lewis “*Scooter*” Libby a dhréachtaigh an óráid mhí-ionraic maidir le hairm ollscriosúla na hIaráice a thug Colin Powell do na Náisiúin Aontaithe ar an 5 Feabhra, 2003.
dréachtstraitéis draft strategy
" BD: An gceapann tú go bhfuil na spriocanna sa dréachtstraitéis, maidir le cainteoirí Gaeilge de, réadúil? PÓC: Tá sé ráite ag roinnt tráchtairí go bhfuil sé ró-uaillmhianach, ach b’fhearr a bheith uaillmhianach, dar liom.
dréacht a draft
" Ghlac mé páirt i gceardlann inar pléadh dréacht den treoirleabhar seo.
dréacht draft
" Ón gcéad dréacht den leabhar go dtí an t-am a mbíonn sé foilsithe, tá tú ag caint ar cheithre bliana de ghnáth.
dréachtphlean draft plan
" D’eisigh bord bainistíochta na páirce dréachtphlean riaracháin bliain ó shin inar luadh na fadhbanna éagsúla a bhí ag cur isteach ar an gcarraig: na daoine ag fáil bháis uirthi, an bruscar a fágadh uirthi agus an creimeadh a bhí ag tarlú uirthi.
dréachtstraitéis draft strategy
" Tugadh tacaíocht traspháirtí don dréachtstraitéis go dtí seo agus níl aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh athrú ar sin nuair a bheas leagan leasaithe den straitéis i bhfeidhm tar éis moltaí a chuir an Comhchoiste Oireachtais le chéile a bheith curtha san áireamh.
dréachtphlean draft plan
" D’eisigh an rialtas sa Chríoch Thuaidh dréachtphlean bainistíochta anuraidh inár moladh go gceadófaí sealgaireacht safari na gcrogall inbhir.
Dréachtstraitéis draft strategy
" Tuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta (2002), Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta (2004), Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2009), Tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2010).
dhréachtaigh drafted
" Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
a dhréachtú to draft
" Ar bhealach, táimidne, ar nós DeValera sa bhliain 1937, ag amharc ar an bhileog ghlan agus muid ag féacháint le cruth na poblachta úire a dhréachtú.
lucht a dhréachta those who drafted it
" An fhadhb is mó a bhí ag lucht a fhreasúra ina gcoinne ná an tslí gur shocraigh lucht a dhréachta ar chasúr a úsáid in áit an chleite.
i ndréachtadh na reachtaíochta úire in drafting the new legislation
" Ach is fút féin atá sé anois a chinntiú go mbeidh ionchur láidir ag an Údarás i ndréachtadh na reachtaíochta úire.
i mbun oibre ar dhréachtadh to work on drafting
" Léiríonn cáipéisí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go ndeachaigh Oifig an Ombudsman i mbun oibre ar dhréachtadh an dara scéim go luath ina dhiaidh sin.
dréachtaithe drafted
" Chuir Oifig an Ombudsman fógraí sna nuachtáin go luath ina dhiaidh sin ag lorg aighneachtaí agus gheall siad don Roinn go mbeadh an dara scéim dréachtaithe acu roimh an Fhómhar sin.
ag am a dhréachta at the time it was drafted
" Bhí an Cumannachas ina bhagairt ar fud na hEorpa ag am a dhréachta agus d'fhág an eaglais a hanáil ar na haltanna úd a bhaineann le sealbhúchas agus le príobháideachas.
a bhí freagrach as dréachtú an bhille who was responsible for drafting the bill
" Ba é Alfred Deakin, an tArd-Aighne, a bhí freagrach as dréachtú an bhille agus labhair seisean faoin gcontúirt a bhainfeadh le hinimirce ón Áise.
siocair gur dréachtaíodh é i ré eile because it was drafted in another era
" Ach dálta achan rud eile, tá nithe áirithe de nach bhfuil fóirsteanach do shochaí ilchultúir an lae inniu siocair gur dréachtaíodh é i ré eile.
ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a reformed version was prepared in a draft
" Tar éis na tuairimí agus na moltaí go léir a fuarthas a bhreithniú chuathas i gceann an córas sin a leasú agus ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a cuireadh faoi bhráid daoine arbh eol suim ar leith a bheith acu i ngramadach na Gaeilge agus saineolas acu uirthi .
roimh dhréachtadh before drafting
" A Chur Bealach an Gharraí =========== Mhol an mheitheal saineolaithe idirnáisiúnta a tháinig le chéile faoi scáth Fiontar DCU chun comhairle a chur ar an Rialtas roimh dhréachtadh Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh dhá ábhar éagsúla Ghaeilge ins an Ardteist.
má leanfar leis an chéad dréacht if the first draft (of these new rules) are followed
" Déanfar leithcheal ar mhórán bealaí ar dhaoine atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge má leanfar leis an chéad dréacht de na rialacha nua seo.
dhréachtadh to draft
" 3 den Bunreacht, ba dheacair reachtaíocht fiúntach ar cheist achrannach an ghinmhillte a dhréachtadh, mar go dtugann an Bhunreacht na cearta céanna don leanbh sa bhroinn agus a thugtar don mháthair atá á hiompar.
reachtaíocht chuí a dhréachtadh dá bharr to draft proper legislation as a result
" isteach sa mBunreacht agus go bhfuil sé dodhéanta reachtaíocht chuí a dhréachtadh dá bharr agus (ii) deis a thabhairt i reifreann Alt 40.
dréacht iomlán a full draft
"dréacht iomlán aige feasta ag Joe Mitchell, múinteoir seal dá shaol, tiománaí veain na leabharlainne anois i gCo.
dréachtaí is fíor drafts admittedly
" Agus rogha mhaith dánta ann, dréachtaí is fíor, ach oiread 's a bhféadfaínn lón na hoíche a bhaint as.
leis an litir a dhréachtadh with drafting the letter
" Bhí baint agam leis an litir a dhréachtadh agus inti dúradh go neamhbhalbh le Dinny Mc Ginley go raibh ‘tréas’ déanta ar an nGaeltacht nuair a bhrúigh sé Acht na Gaeltachta tríd an Oireachtas dhá bhliain ó shin, gan aon tacaíocht ag an reachtaíocht ó aon duine taobh amuigh den rialtas.
dréachtstraitéis draft strategy
" Caitheann John Walsh súil ar an dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus aimsíonn idir bhuanna agus laigí inti.
Dréacht draft
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta.