Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aird tarraingthe ar attention drawn to
" Cúpla bliain ó shin is minic a bhíodh daoine le feiceáil ag caitheamh T-léinte leis na focail "puttan-tour", léarscáil den chathair orthu, aird tarraingthe ar na ceantair is mó striapacha agus na táillí a bhí á ngearradh.
tarraingthe óna chuimhne drawn from his memory
" Tá comharthaí suntasacha ón chathair, ar nós Ardeaglais Naomh Fionnbarra nó dealbh an Athar Maitiú, le feiceáil ina chuid pictiúr agus iad ar fad tarraingthe óna chuimhne.
tarraingthe drawn
" Bhí cuma aisteach, stalctha ar na ceannaithe, agus bhí an béal beag tarraingthe agus snoite.
cruptha siar faoi drawn in under him
" Ach ba dhóigh gurb ann di, í cruptha siar faoi, b'fhéidir isteach faoi íochtar shuíochán an chairr.
sa chluiche comhscóir in the drawn game
" Tar éis an tsaoil nach é an sainmhíniú atá ar Chorcaíoch ar bheagán féinmhuiníne ná duine a cheapann go bhfuil sé chomh maith le duine ar bith eile! Cé go raibh fadhbanna ag na Corcaígh ag tús na bliana (chuadar ar stailc, in ainm Dé!) agus go raibh an t-ádh leo sa chluiche comhscóir i gcoinne Loch Garman, fós féin agus an t-am ag teacht níos gaire don Chraobh, bhí na húdair ag tuar go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait.
ní dhéanann sé paidir chapaill de. he doesn't make a long drawn-out story of it.
" Cliathánach go leor atá an cur síos a dhéanann sé ar na taomanna seo agus ní dhéanann sé paidir chapaill de.
na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann the crowds which will be drawn to the Glen
" I nGleann Cholm Cille a bheas sé ag oscailt roimh Nollaig, díreach in am do na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann fá choinne chóisirí na Nollag.
tarraingíodh isteach was drawn into
" Ba dhoiligh iad sin a fháil thart ar an tábla i mo theachsa - níl an oiread sin measa ar iriseoirí Eoraipeacha i súile pholaiteoirí Meiriceánacha!"Ba é an aidhm a bhí agam leis an dinnéar sin ná rud ar a dtugann na Meiriceánaigh "power dinner" air, ach tarraingíodh isteach sa scéal mé cionn is gur gheall na Meiriceánaigh do rialtas na Breataine nach mbeadh teagmháil ar bith acu le Adams agus seo é Nancy Soderberg ag bualadh leis "off campus" mar a déarfá.
cluiche cothrom a drawn game
" Bhain Rangers sraith na hAlban an la sin i ndiaidh iad Dundee United a bhualadh agus Celtic cluiche cothrom a imirt in éadan Hearts agus ba leor sin mar leithscéal ionsaí a dhéanamh ar cheantar Caitliceach.
tarraingthe ar drawn to
" Tá aird an domhain tarraingthe ar Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice ag tubaistí éagsúla i gcaitheamh na mblianta.
Tarraingíodh was drawn
" Tarraingíodh aird na meán idirnáisiúnta ar Uígir na Síne le déanaí nuair a bhris ráig fornirt amach in Urumqi, príomhchathair an réigiúin Xinjiang, tráthnóna 5 Iúil.
á tharraingt being drawn
" Mar gheall ar aer fliuch na farraige a bheith á tharraingt tríd an mbearna, déantar scamaill mhóra ann, a scaipeann arís chomh uain is a thagann siad amach ar an taobh eile.
tharraingtear are drawn
" Má thagann tú mar sin ar Tonn déanach, nó má tharraingtear isteach i gceann go déanach thú, is féidir gabháil siar ar an obair a rinneadh go dtí seo.
dhíreofaí aird attention would be drawn
" Ach dá mbeadh rialtas Obama lán i ndáiríre faoi neamhiomadú eithneach, ní ar thíortha san iar-Aontas Sóivéadach, cuirim i gcás, a dhíreofaí aird ach ar Mheiriceá féin.
is fadálach it’s long drawn out
" Anois, agus dhá chraobhchluiche na hÉireann imeartha, craobhacha na céachtaíola thart, na laethanta ag dul i ngiorracht agus na hoícheanta ag dul i bhfad, is fadálach agus is leadránach an mhí atá romhainn amach.
breactha drawn
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
fhadálach drawn out
" Níor mhór an cheist a chur, cad chuige ar dhiúltaigh an rialtas do bhreis is tríocha ceann de na moltaí sin? An raibh fiúntas ar bith leis an phróiseas fhadálach chomhairliúcháin - idir chruinnithe pobail, aighneachtaí srl.
dtarraingfear shall be drawn
" ” An Uachtaránacht =========== Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre.
a bhféadfaí tarraingt astu which could be drawn on
" - Bhí, ag an am céanna, neart cur chuige, tallainne agus acmhainní a bhféadfaí tarraingt astu ar fáil sa chontae.
tarraingthe go teann drawn tightly
" Bhí barr an bhosca clúdaithe le píosa éadaigh, é tarraingthe go teann agus ceangailte ag na taobhanna le tairní.
tarraingítear is drawn
" Ar dhul isteach thar an táirseach di, tarraingítear aird Justine ar réalta mhór dhearg sa spéir, Antares.
a éadan bán, tarraingthe a drawn ashen face
" Ní raibh néal codlata déanta aige ach a éadan bán, tarraingthe agus na súile slogtha ina cheann.
tarraingthe siar go sraoilleach loosely drawn back
" Bhí sí féin gléasta ina cuid fo-éadaí, bhí a cuid gruaige fliuch agus í tarraingthe siar go sraoilleach.
i ndiaidh dó ábhar na cainte a tharraingt as bocsa having drawn the subject of the speech from a box
" Beidh achan duine ag caint beagnach as a sheasamh i ndiaidh dó ábhar na cainte a tharraingt as bocsa.
mé féin ’ mo mhealladh ar ais myself being drawn back
" 
 "Le blianta beaga anuas, diaidh ar ndiaidh, mhothaigh mé mé féin ’ mo mhealladh ar ais go Gaillimh agus nuair a rinne mé staidéar measartha domhain ar mo chraobh ghinealaigh, mhothaigh mé go raibh mé féin beo beathach i saol na ndaoine seo de mo shinsear a chuaigh romham.
nuair a thoisíof ag leagan amach mapaí na háite when local maps were being drawn up
" Tharla an rud céanna anseobh blianta fada fada fada ó shin nuair a thoisíof ag leagan amach mapaí na háite, nuair a tugadh síos na logainmneacha ar léarscáileannaí.
Is mó an chonspóid a tharraing an ghluaiseacht seo this movement has drawn a lot of controversy
" Is mó an chonspóid a tharraing an ghluaiseacht seo ó bunaíodh í thart ar cheithre mhí ó shin.
Sé an tátal atá le baint as the conclusion to be drawn from
"Sé an tátal atá le baint as an tuarascáil agus as próiseas comhairliúcháin na Roinne ná go gcosnódh sé idir €60,000 agus €80,000 in aghaidh an táirge mar chostas aonuaire bileoga eolais agus lipéidí as Gaeilge a chur ar na cógais.
gur ceachtanna staire go maidin a bheadh ann it’d be a long drawn out history discussion
" Shíl mé gur ceachtanna staire go maidin a bheadh ann ansin, ach faoi mar a tharlaíonn ag féilte go leor, is gearr go raibh an greann in uachtar arís.
dtarraingeofar thú amach you’re drawn out
" Seo fís gach blagadóir bia: tar éis strachailt i ndorchadas an “blagosphere” go n-aithneofar thú agus go dtarraingeofar thú amach i solas geal an chlú agus mórcháile.
de thoradh dhá chluiche comhscóir because of two drawn games
" Bíonn bearnaí rófhada idir cuid de na cluichí faoin gcóras atá ann agus deifir rómhór le cluichí a imirt i gcomhthéacsanna eile – cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, b’éigean d’iománaithe Átha Cliath dul chun páirce de thoradh dhá chluiche comhscóir, agus gan mí an Mheithimh a bheith thart ach ar éigin! Lá tar éis chluiche úd Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, thug bainisteoir fhoireann Luimnigh, John Ó hAilín, le fios gur cheap sé sna laethanta roimh an gcluiche go mbuafadh Luimneach.
Má tharraingítear líne shoiléir if a clear line is drawn
" Má tharraingítear líne shoiléir, le dlí mar a mhol an Dr.
nó beidh sé ina sceanairt anseo or knives will be drawn
" Ach fanaimís sa mBreatain Bheag go fóill nó beidh sé ina sceanairt anseo .
mbíonn na dallóga tarraingte the curtains are drawn
" Tá scór bliain ann ó mhaígh an t-iar-Thaoiseach John Bruton go mbeifí ag rialú na tíre ‘trí phána gloine’ ach is iondúil ó mo thaithí féin go mbíonn na dallóga tarraingte ar an phróiseas chinnteoireachta.
Tarraingíodh m’aird ar an réimse my attention was drawn to (this) field
" Tarraingíodh m’aird ar an réimse teicneolaíochta seo arís le déanaí nuair a ghabh póilíní sa tSeapáin Yoshitomo Imura toisc go raibh 5 gunna clóite aige sa bhaile.
ina dtugtar aird ar scéalta where attention is drawn to stories
" Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an mblagadóir Laura Bates agus ag an tionscadal ar líne 'Everyday Sexism' (féach sna naisc ar dheis), tionscadal nua-aoiseach ina dtugtar aird ar scéalta mná atá céasta ag an ngnéasachas.
tarraingíodh aird an phobail ar public attention was drawn to
" Agus an bille thuas idir chamáin sa Seanad, tarraingíodh aird an phobail ar cheist an fhéinbháis toilteanaigh arís nuair a chuir seanfhear as an Astráil Theas, Max Bromson, lámh ina bhás féin.