Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
drogall reluctance
drogaill reluctance
" Bhí rud beag drogaill air a bheith ina amhránaí aonair, áfach, agus nuair a fuair sé cuireadh a bheith ina bhall de Nomos, an grúpa óg fuinniúil traidisiúnta a bhí lonnaithe i gCorcaigh, ghlac sé leis.
drogall reluctance
" Bhí drogall air, áfach, a thuairim féin a nochtadh ar an spíce.
drogall reluctance
" Maidir le tionscal an cheoil, níl mórán spéise ag na siopaí móra sa tír seo sa gceol atá fíorthraidisiúnta ná sa sean-nós agus bíonn drogall orthu aon spás a chur ar fáil dá leithéid ar na seilfeanna.
drogall reluctance
" Ar an taobh eile tá drogall orthu glacadh le torthaí éiginnte na biteicneolaíochta.
drogall reluctance
" Ach, níos measa ná sin, de bharr na gcúiseanna thuasluaite tá drogall ar scríbhneoirí, eagarthóirí agus foilsitheoirí tuairisciú a dhéanamh ar ábhar conspóideach, fiú nuair is léir a bhfiosruithe a bheith chun leasa an phobail.
drogall reluctance
" Tá fadhb na n-ionsaithe gnéasacha ar pháistí ar eolas ag na heaspaig le blianta agus fós tá drogall orthu é seo a admháil.
an-drogall great reluctance
" Cén fath a rachainn? Shamhlaigh mé go mbeadh sí dorcha agus brónach mar áit, agus bhí an-drogall go deo orm roimpi.
drogall reluctance
" Tar éis an mhéid atá ráite ag an rialtas faoi na cúiseanna atá acu le cogadh a throid in aghaidh na hIaráice, bhí deis ag an bpobal a dtuairim féin a thabhairt i lár mhí Feabhra agus ní raibh drogall ar bith orthu an deis a thapú.
drogall reluctance
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
drogall reluctance
" Cinnte, is duine í a bhfuil an-ádh tar éis a bheith uirthi ina saol, cé go mbeadh drogall uirthi é sin a rá os ard gan a lámh a leagan ar an mbord adhmaid go neirbhíseach! An cheist dheireanach a bhí agam di ná cén chaoi ar theastaigh uaithi go gcuimhneofaí uirthi.
drogall reluctance
" Bhí na cailíní seo thar lear, i dtír dhifriúil, agus ní díol suntais a bhí ann dóibh go raibh teanga ar leith inti; ní raibh drogall ar bith orthu í a fhoghlaim ach oiread.
drogall reluctance
" " drogall ======= Tá Benson i gcónaí ag impí ar thuismitheoirí agus ar oideachasóirí daoine óga a ullmhú don domhan mór atá thart orthu.
drogall reluctance
" Faighim féin thart ar 50 teachtaireacht turscair gach lá, rud a chiallaíonn go mbíonn drogall orm mo ríomhphost a sheiceáil tar éis dom a bheith as baile.
bhí an-drogall orm I felt very reluctant
" Nuair a d'iarr an ghníomhaireacht fostaíochta orm dul go hoifig ar Bhóthar na Seancille, bhí an-drogall orm.
drogall reluctance
" Dúirt sí chomh maith go mbíonn tionchar mór ag an infrastruchtúr fisiciúil ar an scéal, mar shampla, má bhíonn imní ar thuismitheoirí faoi shábháilteacht an bhóthair go mbíonn drogall orthu ligean do na páistí siúl ar scoil.
drogall reluctance
" " Tá drogall ar Ray, áfach, an milleán a chur ar Barnes.
drogall reluctance
" Tuigeann Ibarretxe go maith nach mbeidh idirbheartaíocht cheart ann idir na dá rialtas agus tá sé ráite aige le rialtas sóisialach Zapatero nach dtuigfidh an chuid is mó den phobal Bascach drogall an rialtais lárnaigh dul i gcomhairle leo chun teacht ar shocrú.
drogall reluctance
" blá, blá blá!!! Cé go mbíonn drogall ar dhaoine a admháil go bhfuil *The Da Vinci Code *léite acu, fós is saineolaithe iad gach aon duine acu ar chúrsaí creidimh, ar chúrsaí ealaíne, ar chúrsaí staire agus miotaseolaíochta agus ar gach aon chúrsa eile a shníomhann fríd an leabhar seo.
drogall reluctance
" Thuigfeá drogall an Taoisigh faoi seo mar go raibh an cháil i gcónaí ar Aer Lingus gur "gníomhaireacht saothair Chathail Uí Eochaidh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath" a bhí ann.
drogall reluctance
" Cé go bhfuil drogall ar an sóisialaí nua i dTeach Laighean dul in aghaidh na gceardchumann, tá airgead (cé acu poiblí nó príobháideach) de dhíth ar an aerlíne don fhairsingiú, chun eitleáin nua, agus go háirithe eitléain nua fadraoin, a fháil (ar léas nó a cheannach).
drogall reluctance
" Thuigfeá cad tuige go mbeadh drogall ar an cheannasaíocht glacadh lena mhacasamhail de shocrú arís.
dhrogall reluctance
" Níos measa fós, go dtí seo measann rialtas na Breataine go bhfuil sos comhraic an UVF i bhfeidhm! Tá Caitlicigh buartha fosta fá dhrogall an PSNI admháil gur ionsaithe seicteacha a bhí sna buamaí peitril a caitheadh ar thithe Caitliceacha in Áth Eochaille, Co Aontroma.
drogall reluctance
" Níl drogall mar sin ar an Jim Larkin Republican Flute Band, ar ndóigh! Ag caint i nGaeilge ar dtús, dúirt Raymond McCartney: “Tá áthas orm a bheith anseo inniu le labhairt libh.
drogall reluctance
" Ní bhíonn drogall ar bhainc áirithe cur le do theorainn chreidmheasa gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh.
drogall reluctance
" "Dúirt Tuarascáil Lawrence go mbíonn drogall ar a lán íospartach labhairt leis na póilíní," a dúirt Margaret.
drogall reluctance
" ” Tá Aoife sásta go leor leis an chlár, mar sin, agus deir sí nach mbeidh drogall ar bith uirthi bheith páirteach sa dara sraith, má tharlaíonn sí.
drogall reluctance
" Mar a dúirt mé le cara liom blianta ó shin agus drogall air bheith ag labhairt Gaeilge sa teach tábhairne, áit a mbeadh na custaiméirí eile in ann muid a chloisteáil: “Is cuma liom - níl mé ag labhairt leosan.
drogall reluctance
" Dearmad a bhí ann gan Gaeilge a labhairt leo nuair a bhí siad an-óg agus tá drogall orm anois an Ghaeilge a labhairt leo a fhad is atá siad ar scoil ag foghlaim nithe eile agus ag stócáil le haghaidh scrúduithe.
drogall reluctance
" Le sin a chur i gcrích, beidh orthu dul i ngleic le go leor státseirbhíseach drogallach agus a ndúshlán a thabhairt.
drogall reluctance
" Is léir ó thuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2005 go bhfuil an Stát fós ag imirt cluichí cama le muintir na Gaeilge agus go bhfuil drogall go fóill ar fhostaithe an Stáit freastal ar riachtanais agus ar chearta mhuintir na Gaeilge.
drogall reluctance
" Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le neart ceachtanna agus cairdis, ach tá drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh tú muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil! Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin nó ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus mé ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?! Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i mí na Nollag: “Céard a dhéanfaidh mé anois?!” Den dara huair le hocht mí dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne.
drogall reluctance
" ” Dá dtabharfaí cead a gcinn d’Éireannaigh ní bheadh aon drogall orainn Parthas a scrios ar an dóigh a bhí Joni Mitchell a thuar san amhrán “Big Yellow Taxi”.
drogall reluctance
" Mar a bheifeá ag súil, bhí drogall ar an Aire Stáit tabhairt faoi na hiascairí sruthlínte bradáin agus tuairiscítear go raibh fíor-dhroch-chaidreamh idir an bheirt fhear.
drogall reluctance
" Mar a dúirt mé, tuigim an drogall atá ar fhostaithe Fhoras na Gaeilge bogadh ach ba cheart a chinntiú gur i nGaoth Dobhair a bheas aon cheapachán úr de chuid an Fhorais lonnaithe.
drogall reluctance
" Seans maith leis go mbeadh drogall ar FF aon chomhthuiscint a bheith acu le Sinn Féin.
go mbeadh drogall ar dhéagóirí teachtaireachtaí maslacha a scríobh that teenagers would be reluctant to write abuse messages
" Tá mé cinnte go mbeadh drogall ar dhéagóirí teachtaireachtaí maslacha a scríobh ar an idirlíon nó a sheoladh óna nguthán dá mbeadh an baol ann go mbéarfaí orthu.
an chúthaileacht agus an drogall the shyness and reluctance
"an chúthaileacht agus an drogall caillte anois aige, mar is é teideal an tsaothair ná *Waituhi: The Life of the Village *(1984).
drogall reluctance
" Tá an chúthaileacht agus an drogall caillte anois aige, mar is é teideal an tsaothair ná *Waituhi: The Life of the Village *(1984).
drogall reluctance
" Níl drogall ar bith ar Heussaff focail Bhéarla a chaitheamh isteach san insint agus is deacair a dhéanamh amach cad chuige.
drogall reluctance
" Ba mhó an tuiscint a fuair sé ar chúrsaí bólachta ná ar chúrsaí polaitíochta le linn chuairt an Aire ar an mhí seo a chuaigh thart, áfach, agus ní raibh drogall ar bith air é sin a chur in iúl di an lá cheana, agus an bheirt acu arís ina suí cois na tine i bpluais Bhaloir.
drogall aversion
" Murab ionann agus amhrán náisiúnta Shasana, ní raibh aon drogall roimh chasadh an Marseillaise, amhrán náisiúnta na Fraince.
drogall reluctance
" Tá an ceart acu go mbíonn drogall ar lucht na Gaeilge leabhar – nó leabhair áirithe – a léamh agus a cheannach.
drogall reluctance
" Is maith a fheiceáil, mar sin féin, nach bhfuil drogall ar thithe foilsitheoireachta eile a ndúshlán a thabhairt ó am go ham.
drogall reluctance
" Bhí sceitimíní ar Liam, ach ag an am chéanna bhí drogall air a bheith ag traenáil leis na hiomaitheoirí.
drogall reluctance
" “Sea, Guns 'n' Roses ainm an chomhrialtais!” De bhrí go bhfuil baint tar éis a bheith Gearóid leis an oiread sin fiontar i rith a shaoil, is beag agallóir nach mbeadh drogall air díriú isteach ar an stróc agus a shaol ar fad a laghdú go dtí an eachtra sin ina ndearnadh damáiste tromchúiseach don taobh deas dá inchinn agus don taobh clé dá chorp.
drogall reluctance
" Thug a chomharba, Gordon Brown, tacaíocht don chogadh in 2003, cé go raibh drogall air á dhéanamh sin, agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cén dóigh a n-éalóidh sé as an tubaiste san Iaráic.
go mbeidh drogall ar mhuintir na tíre that the people of the country will be reluctant
" Measann daoine áirithe go mbeidh drogall ar mhuintir na tíre an oiread sin cumhachta a thabhairt do pháirtí amháin.
drogall reluctance
" ”Fadhb eile atá ann ná an drogall atá ar chuid acu páirtíocht a bhunú le comhlachtaí eile, nó féidearthachtaí comhléirithe a fhiosrú.
drogall reluctance
" Cé go bhfuil amhras ar an roinn féin faoi stádas dleathach an churaclaim, agus iad ag beartú é a fhorordú anois, níor chuir sé sin aon drogall ar oifigeach de chuid na roinne roimh bheith ag moladh don aire, ar an 14 Meitheamh 2006, gur chóir cumhachtaí eile faoin acht a úsáid le tabhairt ar Ghaelscoil Mhic Easmainn a pholasaí i leith an luath-thumoideachais a athrú: *“The board should be informed that the Department takes a serious view of the situation and is anxious for an urgent response that will be considered in the context of the Education Act 1998 including the provisions of Part IV (Boards of Management, their functions and provision for dissolution etc.
tá drogall orthu fáil réidh leo. they are reluctant to get rid of them
" Céard leis a bhfuil siad ag fanacht? De bhrí, b’fhéidir, gur féidir le scríbhneoirí an obair a dhéanann eagarthóirí agus foilsitheoirí a fheiceáil go fisiciúil – san eagarthóireacht agus sa leabhar – tá drogall orthu fáil réidh leo.
drogall reluctance
" ” Cé nach raibh fonn rómhór ar Liam mórán airde a tharraingt ar phósadh ná ar chlann Uí Éanaí, ní raibh drogall air nithe diúltacha a chur i gcló a dúirt daoine éagsúla mar gheall ar an fhonnadóir.
an-drogall a lot of reluctance
" Dar le Smith féin, bhí an-drogall air glacadh le polagamas ach gur dhúirt Dia leis go ndamnófaí é mura gcleachtfadh sé é.
níl drogall air poiblíocht a lorg. he's not afraid to seek publicity.
" Tá a aghaidh clúdaithe le *moko* (tatúnna traidisiúnta) agus níl drogall air poiblíocht a lorg.
Bhí drogall orm ag an am, I was reluctant at the time
" Cad é mar a tharla sé sin? “Tá a fhios agat an t-amhrán sin de chuid Bob Dylan, ‘Stuck Inside of Mobile With the Memphis Blues Again’? Bhuel, tá línte san amhrán sin atá an-oiriúnach sa chás seo: ‘And here I sit so patiently, Waiting to find out what price, You have to pay to get out of, Going through all these things twice’! Bhí drogall orm ag an am, bhí amhras orm faoi dhul síos an bóthar céanna.
drogall reluctance
" Is léir ó bheith ag caint leis nach mbíonn drogall air riamh a bheith uaillmhianach nó pleananna móra a bhrú chun cinn.
drogall uafásach terrible reluctance
" Is annamh a bhaintear úsáid as an gcrosadh céanna, mar atá á léiriú faoi láthair sa drogall uafásach atá ar an rialtas anseo an *veto* a úsáid chun stop a chur le moltaí Choimisinéir Trádála an AE, Peter Mandelson, agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO).
go raibh drogall ar na Meiriceánaigh that the Americans were reluctant
" Más fíor do Boutros-Ghali, cén fáth nach raibh na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain ag iarraidh stop a chur leis an gcinedhíothú? Deirtear go minic go raibh drogall ar na Meiriceánaigh dul isteach i dtír Afracach eile mar gheall ar Chath Mogadishu, eachtra “threampánach”, inar maraíodh ocht saighdiúir déag, a tharla sa tSomáil sa bhliain roimhe sin (http://www.
mar bíonn drogall orthu because they are reluctant
" Cé gur gormaigh iad deich faoin chéad de dhaonra na cathrach, ní bhíonn daoine de chuid an phobail sin le feiceáil i bhformhór na n-áiteanna i Learpholl mar bíonn drogall orthu a gceantar féin (Liverpool 8/Toxteth) a fhágáil mar gheall ar chiníochas.
drogall agus eagla reluctance and fear
" D’iarr sé orthu ligean dó a saothar a thaispeáint agus a dhíol sna Stáit Aontaithe agus, in ainneoin go raibh drogall agus eagla orthu iad féin a chur i gcontúirt, ghlac siad lena mholadh.
drogall reluctance
" Bhí drogall ar Howard a leithéid a dhéanamh, ach faoi dheireadh sheol sé buíon bheag de 550 saighdiúir chuig an Iaráic.
drogall reluctance
" Díreach mar a bheifeá ag súil leis i gcás Éireannaigh stuama, bhí drogall ar John a bheith bainteach le Fáilte Towers nuair a fuair sé an tairiscint ar dtús.
drogall reluctance
" Is fada Balor sa tóir ar Bhiffo chun an t-agallamh seo a chur air, agus is fada Biffo ag seachaint Laoch na Litríochta cionn is go raibh a fhios aige nach mbeadh drogall ná doicheall dá laghad ar Bhalor na ceisteanna crua cráite a chur.
drogall reluctance
" Is réabhlóid mhór é seo ón am a raibh drogall orm mo chuid oibre a lua ar mo bhlag go dtí an lá atá inniu ann nuair atá comhlachtaí ag guí le cúpla líne ó bhlagadóirí faoina seirbhísí nó faoina dtairgí nua gan chaint ar na comhlachtaí atá ag tabhairt faoina mblag féin gan aon agó.
drogall reluctance
" Déanann Lyons agus O Connor tagairt do chuntas a scríobhadh ag an am a deir nach raibh ‘an bóthar idir St Germain agus Páras sábháilte de dheasca na robálaithe Seacaibíteacha (Éireannacha) seo’ agus go mbíodh ‘drogall ar aon saoránach stuama dul amach tar éis titim na hoíche’ toisc go raibh an pobal faoi bhagairt ó iarshaighdiúirí Shéamais.
drogall reluctance
" Ní bheidh drogall dá laghad orthu deireadh a chur leis an chomhpháirtíocht mura bhfuil siad ag déanamh brabach as.
drogall reluctance
" " Foilsíodh na téacsanna ar an Irish News ní ba luaithe i mí na Samhna ach níor chuir sin drogall ar bith ar na dílseoirí.
drogall reluctance
" Ciallaíonn sé sin go mbíonn drogall ar lucht labhartha na Gaeilge dúshlán an stáit a ghlacadh ar mhaithe le cúrsaí teanga.
drogall reluctance
" ’ Sna cainteanna idir an dá thaobh, tháinig na tuairimí seo chun solais:* creideann na heagraíochtaí tuismitheoirí agus múinteoirí nach bhfuil go leor daoine fásta, idir mhúinteoirí agus fheitheoirí, fostaithe sna scoileanna* ní chuirtear béim go leor sna coláistí oiliúna ar thraenáil a chur ar mhúinteoirí conas deacrachtaí smachta a láimhseáil* bíonn drogall ar phríomhoidí agus ar lucht bainistíochta aird a tharraingt ar eachtraí a léiríonn go bhfuil an scoil ag teip ar eagla go gcuirfí cuid den locht orthu agus nach bhfaighidh siad ardú céime dá dheasca* is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuraclam páistelárnach a spreagann an páiste chun chuile rud a cheistiú, ní hamháin an t-eolas agus na foinsí eolais ach údarás an mhúinteora chomh maith Creidtear gurb é an easpa measa ar údarás is cúis le go leor den olc i sochaí ár linne.
drogall reluctance
" Agus is cinnte chomh maith nach mbeadh drogall ar bith ar SAM an tír sin a scrios le díoltas a fháil.
drogall reluctance
" De dheasca na heagla atá orthu roimh ionnarbadh bíonn drogall orthu drochiompar fostóra nó pá faoi bhun an íosphá, mar shampla, a chur in iúl do na húdaráis, rud a thuigeann fostóirí go maith.
drogall reluctance
" Cathair Choimeádach ab ea Learpholl sa bhliain inar rugadh mé féin, 1954, le toghlach Walton san áireamh, mar níl drogall ar chuid mhaith den lucht oibre Protastúnach vótáil PLO os rud é gur ‘Páirtí Éireannach’ a bhí ann.
drogall reluctance
" Bheadh drogall orm dóigh a dhéanamh de mo bharúil sna cúrsaí seo, ach déarfainn gur tugadh an post do Maradona ní i ngeall ar a oiriúnacht don phost, ach i ngeall ar an ngean atá ag gnáthmhuintir na hAirgintíne air.
drogall reluctance
" Na Sherwood Foresters ========== Ní raibh drogall orm labhairt le Ian faoin ócáid a bhí beartaithe ag Conradh na Gaeilge anseo nuair a bhí Learpholl ina Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2008- léacht le Hilary Pyle faoin leabhar a scríobh sí: Cesca’s Diary 1913-1919- Where Art and Nationalism Meet.
a drogall her reluctance
" Cháin siad an príomhaire go géar as a drogall aon bheartas scoir a thabhairt do mhuintir na tíre.
drogall reluctance
" Ach, tháinig drogall ar na margaí bannaí a cheannach fiú le ráthaíocht nuair a d’éirigh siad amhrasach faoin tír féin i lár na bliana seo.
drogall reluctance
" Astuithe na Feirmeoireachta ============= Cad faoi na feirmeoirí? De réir cara liom atá gníomhach san IFA leis na blianta, nach mbíonn drogall riamh air an eagraíocht a cháineadh nuair is gá, áfach, is i ndáiríre atá na baill líonraithe roimh an reachtaíocht seo.
Bíonn drogall orm I’m reluctant
" Bíonn drogall orm i gcónaí na cnoic a fhágáil i mo dhiaidh nuair nach bhfuil an ceann is airde dreaptha againn, ach bhí siúl fada againn ar ais go dtí an carrchlós i nGleann Beannchuir, in aice le Baile Ùr an t-Slèibh’ (Newtonmore).
Is le drogall reluctantly
" Is le drogall a d’fhágamar na folcadáin teo sa deireadh chun filleadh ar an óstlann.
Bhí drogall orthu they were reluctant
níl drogall ar bith orm I’m perfectly happy (to)
" Tá mé nócha is a hocht bliain d’aois agus níl drogall ar bith orm an méid sin a admháil os comhair an tsaoil.
de Dhrogall of reluctance
" 7 Milliún de Dhrogall ============ Baineadh siar as daoine go leor, mar sin, nuair a thug Abbott le fios i dtús báire go raibh sé in amhras faoin reachtaíocht.
le drogall reluctantly
" Sin an fáth nach mbeidh de rogha agam ach mo vóta a thabhairt, le drogall, do Mhichael D.
drogall a reluctance
" Agus cé go mbíonn drogall ar Gaeilgeoirí é seo a admháil, déantar leithcheal orthu, a dúirt sé.
Tá drogall orm I’m reluctant
" Beidh leath acu láithreach…? Agus an leath eile…? Tá drogall orm é a admháil, a fheara, ach ní thuigim! **Troika:** Sin an tríú buntáiste a bhaineann le bheith gan cheannas: is cuma libh má thuigeann sibh nó mura dtuigeann sibh; tá sé a ghabháil a tharlú i gcás ar bith, fiú mura dtuigeann muid féin.
mbeadh drogall orthu they’d be reluctant
" Thuigfeá cad tuige go mbeadh drogall orthu bille a thionscain siad féin a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí.
a fear agus drogall air her husband and he loathe
" As Maigh Chuilinn í féin ach ba as Sligeach a fear agus drogall air an teanga a tharraingt chuige féin, mhínigh sí.
nach mbeadh drogall orthu they wouldn’t be reticent
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
Drogall an Oirthir eastern reluctance
" Drogall an Oirthir ======= Tá al-Assad ag brath ar shaighdiúirí tuarastail agus ar fhórsaí neamhrialta chun an réabhlóid a chosc freisin.
Tá lucht an drogaill i ndiaidh the reluctant gang have
" Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana.
Bíonn drogall ar go leor in earnáil na turasóireachta there’s a fair amount of reluctance in the tourist sector
" Bíonn drogall ar go leor in earnáil na turasóireachta tabhairt faoi thograí den chineál seo, rud a luíonn le réasún.
raibh drogall orm I was reluctant
" Caithfidh mé a rá go raibh drogall orm dul ag plé le polaitíocht arís, go háirid ó thaobh a bheith ag tógáil clainne agus mar sin de.
raibh drogall ar was reluctant
" Iarrachtaí Díbeartha ======== Ní hionadh go raibh drogall ar Mharius filleadh abhaile, go háirithe más fíor an scéal atá le hinsint aige.
An Drogall reluctance
" An Drogall ====== Ceist eile, áfach, ná an mbeadh na páirtithe eile sásta glacadh leo mar pháirtithe chomhrialtais.
Bíonn drogall ar na mná seo these women are reluctant
" Bíonn drogall ar na mná seo teagmháil a bheith acu leis na húdaráis ar eagla go gcuirfí abhaile iad.
An drogall seo maidir le dul i ngleic le this reluctance to get to grips with
" An Dornán Beag Tuisceanach ========== An drogall seo maidir le dul i ngleic le nádúr an oilc agus a iarmhairtí, tá sé sonrach i ndomhan na scannánaíochta chomh maith.
le go mbeadh drogall ar a gcomharsain cur ina éadan so their neighbours will be reluctant to oppose them
" Níl le déanamh faoi láthair ag comhlachtaí fuinnimh ach airgead a thabhairt d'áitritheoirí áirithe le go mbeadh drogall ar a gcomharsain cur ina éadan.
ina mbíonn drogall ar stáit where states are reluctant
" Léiríonn na constaicí seo an deacracht a bhaineann le comhaontú agus comhdhearcadh a bhaint amach ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe i réimse chomh conspóideach leis an imirce ina mbíonn drogall ar stáit aon phioc dá gcumhacht a thabhairt suas.
bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach the city’s gay people are reluctant
" De réir mar a thuigtear do Dhónall, bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach a spéis sa nGaeilge agus i saíocht traidisiúnta na hÉireann a léiriú de dheasca tuiscintí coiméadacha a bhíodh nasctha go haineolach leis an nGaeilge, rud nach bhfuil fíor a thuilleadh dar leis.
is minic go mbíonn drogall orthu they're often reluctant
" I gcás tíortha bochta is minic go mbíonn drogall orthu míshásamh a léiriú faoi ghníomhaíochtaí atá ar siúl ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta a fhostaíonn saoránaigh na Stát sin.