Pota Focal Intergaelic
drip | drod | drol | drom | dron
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
braon sa ghrágán a drop taken
" Daoine thar a bheith cairdiúil iad na Guatamaltecos ach thig leo a bheith iontach tuirsiúil nuair a bhíonn braon sa ghrágán acu.
ag cúléisteacht eaves-dropping
" Beidh an Brainse Speisialta agus MI5 ag fáil pá sa bhreis ag coinneáil súl orthu, ag cúléisteacht le comhráití gutháin daoine agus gach rud eile a rinne siad orainne le blianta fada.
braon súip a drop of soup
" Anois céard a déarfá! Féach Elin trasna an bhóthair ansin agus í torrach le seacht mí nuair atá feighlí linbh agamsa! "Déanfaidh mé braon súip duit," arsa Neain.
braon taise a drop of moistness
" Tá ar a cumas braon taise a shú as plandaí nuair a bhíonn chuile cheo eile spalptha leis an tart.
braon drop
" "An bairille a mbíonn fíon ann, fanann an braon ins na cláir," a deirtear.
deoir bháistí drop of rain
" Agus ag tagairt do Pháirc an Chrócaigh, is cosúil go mbíonn an ghrian ag taitneamh i gcónaí ansin! Ní shílim gur thit aon deoir bháistí ann ar feadh an tsamhraidh ach oiread, cé gur sileadh neart deora ó am go ham! Aithním nach samhradh breá a bhí ag na feirmeoirí nó ag lucht saoire agus turasóireachta ach ag lucht leanta na gcluichí Gaelacha bhí samhradh den scoth de bharr fheabhas agus chaighdeán agus éagsúlacht na gcluichí éagsúla.
deoir drop
" Ansin chuir sé amach muga tae dó féin agus chuir an deoir bheag is lú bainne air.
go raibh braon maith ar bord aige that he had a good drop taken
" Bhí sé cairdiúil go leor mar is cosúil go raibh braon maith ar bord aige de bharr gurbh é an deireadh seachtaine é.
deoir drop
" Ansin chuir sé amach muga tae dó féin agus chuir an deoir bheag is lú bainne air.
go raibh braon maith ar bord aige that he had a good drop taken
" Bhí sé cairdiúil go leor mar is cosúil go raibh braon maith ar bord aige de bharr gurbh é an deireadh seachtaine é.
mún dreoilín san fharraige a mere drop in the ocean
" Airím i gcónaí nach bhfuil mé ach ag tosnú agus níl sa mhéid atá foghlamtha agam ach mún dreoilín san fharraige.
bualadh isteach drop in
" Is féidir le duine ar bith bualadh isteach ó mhí na Bealtaine go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.
go silfeadh an deoir dheireanach fola until the last drop of blood would drip (from him)
" Murach mé, a smaoinigh sé, ní bheadh duine ar bith anseo fós, b'fhéidir, ach é fágtha go silfeadh an deoir dheireanach fola agus a anam as i ngan fhios dó féin is don saol agus bheadh imithe cheana féin agus ar thóir lóistín i saol éicint eile.
deora báistí drops of rain
" Mura leor sin, is féidir dusta draíochta a scaipeadh leis an rogha "Fairy Dust" agus deora báistí a chur ag titim freisin.
braon drop
" Titeann braon mór anuas ón sconsa sa chistín go rialta - ach is cuma! Tá mé i ndiaidh fanacht ansin anois cúpla uair agus bualadh le roinnt daoine suimiúla ann, ina measc scríbhneoir óg ón tSairdín, a chuir faoi ansin ar feadh cúpla seachtain le roinnt scríbhneoireachta a dhéanamh.
Chloisfeá biorán ag titim. You'd hear a needle drop.
braonta báistí drops of rain
" Cé go raibh braonta báistí ag sileadh i gcónaí ó dhuilliúr na gcrann, bhí a fhios ag Peadar go raibh an cur stoptha.
braon drop
" Sinne a gclann, Is clann a gclainne, Dúinn is éigean Cónaí a dhéanamh In árais ó dhaoine A leagfadh cíos Ar an mbraon anuas.
ag blaiseadh braon beorach is fíona tasting a drop of beer and wine
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
san ionad buail isteach in the drop-in centre
" Bíonn siad ag cuidiú san ionad buail isteach atá i gceanncheathrú ICCM i Duke Street, Learpholl agus ag grúpaí sóisialta a eagraítear do na seandaoine sa chathair.
stioc uisce a drop of water
" "Fan go bhfeicfidh tú, ní bheidh stioc uisce ann ach an oiread.
braon faoin ghrágán a drop too many
" Deir Karen McGlinchey go fiú go raibh braon faoin ghrágán ag gardaí áirithe nuair a thug siad a gcuid fianaise don Bhinse Fiosraithe.
braon faoin ghrágán a drop too many
" Deir Karen McGlinchey go fiú go raibh braon faoin ghrágán ag gardaí áirithe nuair a thug siad a gcuid fianaise don Bhinse Fiosraithe.
go súfaidh na meáin chuile dheoir that the media will suck every drop
" Is cinnte go súfaidh na meáin chuile dheoir as an scéal sin.
eiteán drop-spindle
" Inniu, tá sí ag sníomh le heiteán beag ina lámh agus ag bruith bonnóga aráin choirce.
ritheann sé le fána it drops down
" Tá bóthar amháin chuig Ulapul, a thagann ó Inbhir Nis trí shléibhte fiáine seasca, ansin ritheann sé le fána go dtí Loch Bhraoin, atá fada leathan.
deoirín fola nua a new drop of blood
" Céasadh mall na míle cneá is ea an cogadh do phobal Mheiriceá anois, gach marú san Iaráic ag baint deoirín fola nua ó chorp na tíre.
braon a drop
" D’ól sé braon as a chupán tae agus labhair arís: “Cad chuige a bhfuil tú i do shuí go luath?” “Tá mé ag máirseáil,” a dúirt Aoibheann agus í ag cur aráin sa tóstaer.
chun bualadh isteach chuig Simon to drop in to Simon
" Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn! Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin! Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, *rock ’n’ roll*, stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – *punk*, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach.
deora fola drops of blood
" Nuair a chonaic muid deora fola thart timpeall bhí a fhios againn go raibh sé contúirteach.
braon beag, a small drop,
" Caithfidh tú a bheith cúramach – d’ól mé braon beag, ansin léigh mé fógra ar an bhalla a dúirt gur phurgóid láidir an saghas sin uisce! **A lán imeachtaí**In aice leis an seomra caidéil, tá foirgneamh tarraingteach a dtugtar The Pavilion air.
arbh fhiú an braon fola é. was it worth the drop of blood.
" Murach gur chuir sé deireadh le stailc ocrais 1980, an bhfaigheadh deichniúr eile bás i 1981? Ghoill an smaoineamh sin go mór air go lá a bháis agus é ag meabhrú ar na “cultacha Armani” i Stormont agus ag cur ceiste air féin arbh fhiú an braon fola é.
ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne muscials in which the character start singing at the drop of a hat
" Murab ionann agus leithéidí *Mary Poppins* nó *Singing in the Rain* - ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne - tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán sa scannán áirithe seo mar gheall ar gur ceoltóirí iad na príomhcharachtair.
Corr-bhraon báistí odd drop of rain
" Corr-bhraon báistí agus teas mhí Lúnasa san aer.
An sup in áit na stuaime a drop too much
" An sup in áit na stuaime Níor luaithe trácht ar an tseiris thart ná go raibh leathghloine de Champagne Pol Roger os mo chomhair amach.
súimín a small drop/taste
braon fola drop of blood
" Mhair go leor acu fríd na Trioblóidí fuilteacha – arbh fhiu an braon fola? - fuil a sileadh in aisce, agus ní mian leo dul ar ais chuig laethanta na himeagla nuair a bhíodh eagla ort do dhoras a oscailt go mall san oíche.
braon fola blood spilling (a drop of)
" Más dian ort an braon fola – nó an galún fola sa chás seo - fan glan ar ‘*Let the Right One In*’, ach caillfidh tú ceann de na haislingí ceallalóíde samhlaíochtúla is úire agus is dúshlánaí ar camchuairt faoi láthair.
laghdaithe cut back, dropped
" Gá aici aire a thabhairt do chúraimí níos cóngaraí do bhaile fosta siocair go bhfuil líon suíochán Dhún Laoghaire laghdaithe go ceithre cheann agus Aire na Leanaí, Barry Andrews, mar leathbhádóir aici i soitheach atá ag dul go tóin poill go tiubh gasta.
ar neamhní thrown out, dropped
" Cuireadh an cás i leith Rosen agus Weissman ar neamhní i mBealtaine na bliana seo, tar éis brú ón Teach Bán, is cosúil.
bhuailfeas drops (in), visits
" Tá an amharclann agus na hionaid cruinnithe ar fáil le cur in áirithe as seo amach agus beidh fáilte chroíúil roimh dhuine ar bith a bhuailfeas isteach le páirt a ghlacadh in aon cheann den chlár leathan imeachtaí atá ar fáil i gCultúrlann Uí Chanáin, an t-ionad pobal Gaeilge is nua-aimseartha agus is fearr áiseanna sa tír, gan amhras.
braonta drops
" Cibé braonta beaga aeir a bhí fágtha sa phluais bhí siad dá sú isteach ina ghaosán agus amach tríd an áit eile le gach aon srann agus broim.
deor dhomlais a bitter drop
" Anois, ó tá tinneas cinn agat, ar mhaith leat cupán tae? Más ea, ar mhaith leat deor dhomlais leis? Dáta mór sna Stáit Aontaithe is ea an 15ú Aibreán.
mhónóg allais drop of sweat
" Bíonn sé ag réabadh thart ó cheann ceann na páirce, tugann sé ugach d’imreoirí a bhíonn in ísle brí agus tugann sé íde béil fhíochmhar d’imreoirí nach mbíonn ag déanamh a gcuid ar son na foirne, saighdeann sé imreoirí níos réchúisí chun gnímh agus cuireann sé ’chuile mhónóg allais dá bhfuil ann ar son na cúise.
braon a drop
" D’fhliuch siad a ngoib le braon de shú na braiche, ar mhaithe leis an bheirt acu a chosaint ó luaithreach na hÍoslainne, agus chun Balor bocht a mhisniú i ndiaidh dó trí lá agus trí oíche a chaitheamh ag an gheata, gan aon ghreim bia ná néal codlata.
braon a drop
" Is áit suimiúil é le braon caife a ól agus le ham a chaitheamh ag amharc ar an saol ag dul thar bráid.
braon drop
" Ní fiú an buicéad, seachas an braon áirithe sin fola.
bolgam tae a drop of tea
" Ní raibh daoine - 40,000 acu, meastar - in ann iad féin a ní, an leithreas a shruthlú, bolgam tae a dhéanamh réidh.
titim a drop
" Ó tharla an tubaiste, tá titim 100% tagtha ar áirithintí na n-óstán ann.
corrdheoir fhearthainne the odd drop of rain
" corrdheoir fhearthainne ======= Nuair a bhíonn tú ag brath ar an rothar agus ar an phuball, bíonn ort cur suas le corrdheoir fhearthainne.
braon te idir an dá bhois agam a warm drop in my hands
" Thosaigh tóraíocht an túláin, agus ní fada go raibh braon te idir an dá bhois agam.
thit támhnéal codlata orm I dropped off to sleep
" Is gearr gur thit támhnéal codlata orm.
titim shuntasach a sizeable drop off
" Dá réir sin, tá titim shuntasach i méid na ndaoine atá ag freastal ar ranganna Gaeilge go foirmiúil ná go neamhfhoirmiúil.
Níor tairgeadh greim le hithe ná braon le hól there was no offer of a bite to eat nor a drop to drink
" Laoch an Bhéil Fhliuch agus an Bhéil Thirim ==================== Níor tairgeadh greim le hithe ná braon le hól do Laoch na Litríochta, ach fágadh ansin ina shuí é mar a bheadh mála prátaí ann.
Cibé braonta beaga whatever few drops
" Cibé braonta beaga aeir a bhí fágtha sa phluais bhí siad á sú isteach ina ghaosán agus amach tríd an áit eile le gach aon srann agus broim.
thiteann céadatán na dífhostaíochta the unemployment percentage drops
" Bíonn na polaiteoirí sásta nuair a thiteann céadatán na dífhostaíochta agus nuair a shábháiltear na milliúin euro ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh whisked them away at the drop of a hat to question them about (the murders)
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
ar iompú boise at the drop of a hat
" Maítear, os a choinne sin, nach mbíonn páistí a théann ar líne ar iompú boise ó thús deireadh an lae chomh toilteanach sin a bheith i dteaghmháil le daoine fásta.
fáil réidh leis ar iompú boise get rid of this at the drop of a hat
" Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
díbríodh was dropped
" Baineann conspóid amháin leis an imreoir Caoimhín Ó Caiside, a díbríodh ón phainéal ag deireadh na bliana 2011 cionn is gur ghlac sé páirt, trí agallamh, i leabhar a scríobh an t-iriseoir Declan Ó Buaigh *‘This is Our Year’* faoi bhliain na peile i gcúige Uladh.
laghdú ar luach tithe a drop in house prices
" Tugann roinnt fianaise ó na Stáit Aontaithe le fios go dtagann laghdú ar luach tithe nuair a thógtar feirmeacha gaoithe in aice leo.
tá tarraingt siar mór déanta ar ghraithí tacaíocht assistance has dropped off big time
" Rinne sé sin leas mór dhó chomh maith, ach tá tarraingt siar mór déanta ar ghraithí tacaíocht’, leis an nGaeilge a choinneáil ag imeacht.
laghdú ina sciar den mhargadh a drop in their share of the market
" Cé gur chuir cinneadh míofar GM go leor daoine le báiní abhus, bhí sé i gcomhfhios don saol mór le deich mbliana anuas go raibh an comhlacht ag sracadh leis an saol agus laghdú ina sciar den mhargadh le sonrú de réir a chéile.
Is linne gach uile bhraon we own every single drop
"Is linne gach uile bhraon d’uisce in Éirinn anois, fiú uisce na farraige a thagann i dtír agus uisce na díleann a thiteann anuas ón spéir orainn.
an clár a chur ar ceal áfach however to drop the program
" Bheartaigh an bhainistíocht an clár a chur ar ceal áfach cúpla seachtain ó shin, gan trácht fiú ar chaighdeán na haisteoireachta agus na drámaíochta sa tsraith speisialta seo.
an oighearchlúid a leag síos ice-sheet which dropped (it
" Ó Ré Nua na Cloiche atá na hulacha moghlaeracha seo, agus mar sin, ó thaobh na staire de, níl siad róshean ar chor ar bith ! Tá uirlis, lámhdéanta as breochloich idir 300,000 agus 400,000 bliain roimh Chríost, b’fhéidir, in Ard-Iarsmalann na hÉireann, ach de réir lucht saineolais ansin snoíodh í in áit éigin eile agus ba é an oighearchlúid a leag síos ina dhiaidh sin í gar do chósta na hÉireann.
ar an bpointe boise at the drop of a hat
" Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh! Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu.
braon tae a drop of tea
" Rachaidh mé leis le haghaidh braon tae nó caife, cuirfidh mé ceist is breacfaidh mé corrnóta, faoi bhraistint an duine, faoi na fótáin, is faoin tsolas.
b’fhiú an braon fola it was worth the drop of blood
" Ach b’fhiú an braon fola, dar leo.
Tugtar leideanna hints are dropped
" Tugtar leideanna nach bhfuil de theacht isteach ag Alina ach pé airgead a ghnóthaíonn sí sa réimse manglamach sin a bhfuil an striapachas agus an phornagrafaíocht le sonrú air.
Braon ‘sa Ghrágán a drop aboard, tipsy
" Braon ‘sa Ghrágán’ ======== Is ag faoi (Mad Me)(http://www.
súimín a small drop/taste
" Thug Alan Desmond aghaidh ar Bhaile Mhaolmhuaidh, ionad Darina Allen, i gCorcaigh le freastal ar chúrsa súimíneacht fíona.
braon a drop
" Bhí deis ag Rónán bualadh soir chuig a theach Cois Claidigh, braon tae is caife a réiteach don bheirt acu, aghaidh a thabhairt ar an mhicreafón agus labhairt amach, rud a bhfuil Rónán go maith in ann a dhéanamh.
go dtiteann an tsíocháin le mochdháil maidine peace comes dropping from the veil of the morning
" Yeats go dtiteann an tsíocháin le mochdháil maidine, ach is túisce an cith mallachtaí ar Shráid Dhún na nGall ná a dhath mar a mhothaigh Robert McMillen lena dhá chluais féin.
de dheasca titim mhór sna síntiúis due to a large drop in subscriptions
" Tuairiscítear go mbeidh ar charthanais seirbhísí a chur ar fionraí de dheasca titim mhór sna síntiúis.