Pota Focal Intergaelic
drug | druma | duga | ruga | drag
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mangaireacht drugaí drug selling
" Iad siúd nach mbíonn an t-ádh céanna orthu, súitear isteach i dtionscal an ghnéis iad nó i mangaireacht drugaí.
andúil sna drugaí drug addiction
" Is minic a chothaíonn a gcuid máistrí andúil sna drugaí iontu nó a ndéanann siad ionsaithe gnéis orthu le hiad a ullmhú don striapachas.
mangairí drugaí drug pushers
" Beidh na mangairí drugaí fós i mbun gnó i gcúinní dorcha fá shráideanna na gcathracha.
andúiligh drugaí drug addicts
" Níor chuir an cur síos ar na gadaithe iontas orm, mar déanann andúiligh drugaí an chuid is mó den ghadaíocht anseo agus bíonn siad i gcónaí tanaí.
Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí Drug Treatment Centre
" Cé gur tháinig titim, de réir mar a chuaigh na hochtóidí ar aghaidh, i líon na ndaoine a cúisíodh, tháinig méadú sa líon andúileach cócaoin a bhí ag freastal ar an Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí.
dá thromluithe óil nó drugaí of his drink or drugs nightmare
" Ach de réir a chéile thuig sé nach i gceann eile dá thromluithe óil nó drugaí a bhí sé, nach móide go mbeadh cos eile faoi ar maidin amárach ná arú amárach ná bliain ó arú amárach mura mbeadh cos mharbh mhístuama adhmaid nó phlaistigh ann.
mhí-úsáid drugaí drug abuse
" An bhfuil cúrsaí spóirt in umar na haimléise? Sin í an cheist atá á cur agam orm féin i bhfianaise na poiblíochta is déanaí faoi mhí-úsáid drugaí sa spórt.
ag baint leasa as drugaí using drugs
" , ag an leibhéal is airde, ag baint leasa as drugaí chun cabhrú leo caighdeáin agus spriocanna a bhaint amach agus buntáiste a bheith acu i gcoinne iomaitheoirí eile.
lucht úsáidte na ndrugaí drug users
" Sa scéal seo ar fad, is deacair gan a bheith ar buille nó feargach le lucht caimiléireachta, is é sin lucht úsáidte na ndrugaí, mar nuair a bhuann lúthchleasaí atá cam tá an seans ann go bhfuil lúithchleasaí eile atá "glan" thíos leis.
druga coiscthe banned drug
" An bhean a bhuaigh an rás sin, Svetlana Pospelova na Rúise, bhí tástáil dhearfa le haghaidh druga coiscthe aici ag na Cluichí Oilimpeacha i Sydney dhá bhliain ina dhiaidh sin.
coireanna drugaí drug crimes
" Tugadh go hAlbain - le cosaint na bpéas - iad ach, an tseachtain seo, cuireadh coireanna drugaí i leith Gina Adair agus a mac Jonathan i mBolton Shasana.
mí-úsáid alcóil agus drugaí alcohol and drug abuse
" Galar croí, ailse, mí-úsáid alcóil agus drugaí, féinmharú - tá drochstaitisticí i gceist i gcás na nÉireannach i ngach catagóir.
Údarás Bia agus Drugaí Food and Drug Administration
" I mí na Nollag 2003, vótáil Coiste Comhairleach na Sláinte Atáirgthe san Údarás Bia agus Drugaí (an FDA) 23 in aghaidh a ceathair i bhfábhar an piollaire seo a chur ar fáil do mhná gan oideas, mar a tharlaíonn i dtrí thír is tríocha eile, An Bhreatain san áireamh.
faoi thionchar drugaí under the influence of drugs
" Bíonn an tiomáint ar meisce mar chúis i gcás an tríú cuid de na timpistí ina maraítear daoine sa tír seo, agus tá fás ag teacht i gcónaí fosta ar an mhéid daoine a bhíonn ag tiomáint agus iad faoi thionchar drugaí.
formhór na n-andúileach drugaí most of the drug addicts
" Tá sin fíor ar bhealach; bhí an t-am ann, áfach, agus ba sna ceantair ba bhoichte sna cathracha a bhí formhór na n-andúileach drugaí.
an Choiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí National Advisory Committee on Drugs
" Taispeánann figiúirí de chuid an Choiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí do 2002/2003 gur bhain suas le 5% de dhaoine óga idir 15-34 bliain triail as cóicín ar a laghad uair amháin.
mhangaireacht drugaí drug dealing
" Dúirt sé freisin nárbh fhiú mórán an t-eolas a bhí aige faoi mhangaireacht drugaí san Áis i gcoitinne agus nach comhoibriú a bhí ar siúl aige maidir le heolas tar éis dó bheith gafa ach iarracht ar mhoilleadóireacht.
mhí-úsáid drugaí drug abuse
" Tá siad i gcoinne mhí-úsáid drugaí agus deir siad nár tugadh dóthain airde ar an dochar a dhéanann drugaí sa gcás seo.
dháileadh agus úsáid drugaí mídhleathacha the distribution and use of illegal drugs
" Ní cóir go mbeadh ionadh ar aon duine faoi sin mar tá faillí déanta leis na blianta fada ag rialtas i ndiaidh rialtais sa bpobal lárchathrach agus toradh an neamairt sin le feiceáil le breis agus scór bliain i bhfoirm dháileadh agus úsáid drugaí mídhleathacha, coireachta agus fadhbanna eile sóisialta.
a bhí ina mhangaire drugaí who was a drug dealer
" Tá a fhios againn anois go raibh Haddock – a bhí ina mhangaire drugaí chomh maith – ina bhrathadóir ag an Bhrainse fosta agus creideann McCord gur chosain an Brainse Speisialta é ó chásanna cúirte.
an druga is dainséaraí the most dangerous drug.
" Is é an druga is dainséaraí de réir na staitisticí.
go mbeidís ag smuigleáil drugaí. that they'd be smuggling drugs.
" B'annamh grúpa mac léinn agus léachtóirí ag teacht chun an phríosúin, agus ba bheag seans go mbeidís ag smuigleáil drugaí.
a tharrtháil ó dhrugaí to save from drugs
" Baintear leas as spórt chun daoine óga atá i dtrioblóid a tharrtháil ó dhrugaí agus mar sin de.
an mhangaireacht drugaí the selling of drugs
" Is iad an mhangaireacht drugaí agus an ghadaíocht an gnó atá acu, dála an Strand Gang, a bhfuil 41 ball idir sé bliana déag agus 33 bliain d’aois ann.
tástálacha drugaí drugs tests
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí – Conradh Liospóin – agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
ceannaithe drugaí drug dealers
" Cuireadh mangaireacht drugaí i leith na *Sandanistas*, ainneoin gurb iad laochra Reagan, na *Contras*, na ceannaithe drugaí ba mhó ag an am – a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA ar ndóigh.
go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí. that they would flood the borders of America with drugs.
" Anuas air sin, bhí Bo Hi Pak, giolla gualainne Moon agus iaroifigeach de chuid KCIA, ar na daoine is túisce a rinne comhghairdeas leis an rialtas nua, rialtas ar gheall aire dá chuid go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí.
mangaireacht drugaí drug selling
" Cuireadh mangaireacht drugaí i leith na *Sandanistas*, ainneoin gurb iad laochra Reagan, na *Contras*, na ceannaithe drugaí ba mhó ag an am – a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA ar ndóigh.
tiarnaí drugaí na tíre the drug lords of the country
" Tiarnaí drugaíNuair a cuireadh rialtas na Bolaive as cumhacht i 1980, tugadh an “*Cocaine Coup*” air mar gheall ar an bpáirt lárnach a bhí ag tiarnaí drugaí na tíre ann.
agus freagracht air i leith drugaí. with responsibility for drugs.
" **Buntáistí**: Chruthaigh sé é féin go maith mar aire sóisearach agus freagracht air i leith drugaí.
díol drugaí sale of drugs
" Bhí go leor daoine eile a raibh fadhbanna móra dlíthiúla acu ina mball chomh maith – leithéidí Agha Hasan Abedi, mar shampla, a bhunaigh BCCI, banc a d’úsáid an CIA chun sciúradh a dhéanamh ar airgead a tuilleadh as díol drugaí.
fadhbanna alcóil agus drugaí alcohol and drug problems
" Tá obair iontach ar siúl ag Irish Community Care Merseyside i measc na nÉireannach bocht i Learpholl agus iad siúd a bhfuil fadhbanna alcóil agus drugaí acu.
fadhb na ndrugaí the drugs problem
"fadhb na ndrugaí ag dul in olcas in Éirinn agus níltear ag gearradh pionóis dian go leor orthu siúd atá sáite sna drugaí, go háirithe na mangairí.
sáite sna drugaí involved in drugs
" Tá fadhb na ndrugaí ag dul in olcas in Éirinn agus níltear ag gearradh pionóis dian go leor orthu siúd atá sáite sna drugaí, go háirithe na mangairí.