Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas that they will fulfill their responsibility
" Dualgas i leith na Gaeilge a chur ar na forais atá á maoiniú ag an stát agus a eagraíonn imeachtaí oideachasúla agus caitheamh aimsire don óige, ar nós The Ark Ard-Mhúsaem na hÉireann agus an Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas.
ag comhlíonadh ár ndualgais fulfilling our duty
" Tharla sé gach áit ar glacadh le roinnt mhaith eachtrannach, mar sin tuige nach dtarlódh sé in Éirinn? Muna nglacaimid leis na hinimircigh, áfach, ní bheimid ag comhlíonadh ár ndualgais sa domhan, dualgas atá orainn de bharr go bhfuil rath eacnamaíoch ar an tír faoi láthair.
dualgas obligation
" Smaoiním féin gurb é an dualgas atá orainn mar oideachasóirí ná na scoláirí a ullmhú don saol mór trí a dtuiscint, a gcuid eolais agus a ndearcadh a fhorbairt.
dhualgas duty
" Mar gheall ar a n-íobairt, tá sé de dhualgas orainn anois cabhrú lena chéile agus domhan nua cothrom carthanach síochánta a chruthú do shliocht ár sleachta.
ag comhlíonadh a cuid dualgas fulfilling their duties
" An teifigh iad nó daoine ag lorg dídine? Ar chóir iad a ligint i dtír? An raibh an Astráil ag comhlíonadh a cuid dualgas? An raibh cáineadh tuillte ag an Astráil? An cúis náire a bhí ann? Má bhí tairbhe ar bith ag baint leis an scéal, dhírigh sé aird na meán ar an méid teifeach atá ar domhan - tuairim is 22 milliún, beagnach ceithre mhilliún acu ón Afganastáin, fiú sular thosaigh an cogadh is deireanaí ansin.
dualgas responsibility
" Tá cuid de na daoine seo ar shlí na fírinne anois, de bharr easpa maoinithe san earnáil sláinte, agus de bharr nach raibh daoine a raibh an chumhacht acu ábalta ná sásta dul i ngleic leis an bhfadhb agus glacadh leis an dualgas a ghabhann le cumhacht.
dualgas reachtúil statutory duty
" An t-aon réiteach atá ar an fhadhb seo ná Bille Cearta Teanga a chur i bhfeidhm sa tslí go mbeidh dualgas reachtúil ann na seirbhísí seo a bheith ar fáil go forleathan gan cheist.
dualgas responsibilities
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
ar dualgas on duty
" Caitheann an fhoireann tarrthála uilig curghlacadóir maidhme sneachta anois nuair a bhíonn siad ar dualgas sa gheimhreadh.
dualgas duty
" Bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh, is deacair a thuiscint cén chaoi a bhfuil dualgas ar bith ar an CLG Páirc an Chrócaigh nó aon pháirc eile dá gcuid a "oscailt" do chluichí eile.
ar dualgas on duty
" Bhí an balla ar a gcuimhnítear ar na póilíní a chaill a mbeatha agus iad ar dualgas breac le nithe pearsanta: grianghraif, litreacha agus go leor eile.
dualgas responsibility
" Titeann an dualgas ar phainéal ealaíontóirí na saothair a roghnú don taispeántas.
dualgas duty
" Bás a deirféar ======= Mhothaigh Pádraigín go raibh dualgas uirthi a leithéid d'obair a dhéanamh, go háirithe i ndiaidh bhás a deirféar Eithne, a chuir lámh ina bás féin i 1999.
dualgas responsibility
" Mar a sheasann an dlí faoi láthair, níl aon dualgas ar phríomhoidí scoile cúlra aon duine a fhostaíonn siad a scrúdú.
dualgas duty
" Thar aon ní eile cáinim an cumann faoin fhaillí atá á déanamh aige san iománaíocht (shílfeá nach raibh dualgas ach ar chontaetha áirithe an iománaíocht a chur chun cinn), ach caithfear a admháil mar sin féin go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an gcumann chun an fhís agus na cuspóirí atá aige a chur chun cinn.
dualgas duty
" I bhformhór na gcásanna sibhialta is ar an gcúiseoir a bhíonn an dualgas a chás a chruthú.
ag comhlíonadh a chuid dualgas fulfilling his duties
" Deir sé go raibh sé ag comhlíonadh a chuid dualgas mar shagart ach go raibh sé an-deacair.
dualgas duty
" Ach tá dualgas ar an choláiste, de réir a Ráitis Misin, oideachas comhphobail a chruthú agus a fhorbairt.
dualgas duty
" Ainneoin na líomhaintí i gcoinne an Chairdinéil Connell a bheith ar a laghad chomh holc lena bhfuil á chur i leith an Chairdinéil Law i mBostún, ní léir go fóill go mothaíonn an Cairdinéal Connell go bhfuil dualgas air sampla fhear Bhostúin a leanúint agus titim ar a chlaíomh.
dualgas morálta agus dleathúil moral and legal obligation
" Más amhlaidh go bhfuil an fhianaise i dtuarascáil Barron chomh láidir agus atáthar ag tuar, beidh dualgas morálta agus dleathúil ar an rialtas muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint agus fiosrúchán ceart a chur ar bun, macasamhail fhiosrúchán Saville.
dualgas reachtúil statutory duty
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Aonad na Gaeilge? Tá dualgas reachtúil ar Ollscoil Luimnigh, mar aon le hollscoileanna eile, i leith chur chun cinn na Gaeilge (Acht na nOllscoileanna 1997 agus Acht Ollscoil Luimnigh (Díscor Choláiste Thuamhumhan) 1991).
dualgais riaracháin administrative duties
" Cuireann dualgais riaracháin isteach ar mhórphlean Aonad na Gaeilge uaireanta.
dhualgas duty
" * I 1994 agus mé ar thuras domhanda, "sos gairme", mar a déarfá, chuaigh mé go hÉirinn ar feadh coicíse mar dhualgas - chuir mo mháthair brú orm dul ann fad is a bheinn thar sáile.
dhualgas tráchta traffic duty
" Arís, más fíor don Aire Dlí agus Cirt, tá 22 garda i mBaile Átha Cliath Lár Theas ar dhualgas tráchta, áit nach bhfuil ach 14 fostaithe le plé le cúrsaí drugaí.
dualgas duty
" Ach tá dualgas ar phoblachtánaigh na haontachtaithe a mhealladh, chan le focla suaimhneacha, ach le gníomh.
dhualgas duty
" Ní raibh deoch agam le cúpla lá agus nuair a chonaic mé an lipéad "Leann an Eileann" ar an chaidéal láimhe sa Nevis Bar, shíl mé go raibh sé de dhualgas orm tacaíocht a thabhairt don gheilleagar áitiúil ar an Eilean Sgiathanach, áit a ndéantar an leann.
dhualgas duty
" Go bunúsach, tá sé de dhualgas ar Choimisiún Um Chearta Daonna na hÉireann a chinntiú nach sáraítear na cearta uilig atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann, ná na cearta atá leagtha síos in aon chonradh idirnáisiúnta atá sínithe ag an stát seo.
ag cumadh dualgas i ndiaidh dualgais making up duty after duty
" Sin an fáth go bhfuil an oiread sin moilleadóireachta ar siúl ag aontachtaithe agus iad ag cumadh dualgas i ndiaidh dualgais le comhlíonadh ag an IRA, dar leo.
ar dualgas on duty
" Tharla troid idir an slua agus an trí scór póilín a bhí ar dualgas.
dualgas duty, onus
" Tá an tAire Dlí agus Cirt Micheal McDowell chun reachtaíocht nua a chur tríd an Dáil go luath a dhéanfaidh níos deacra é do dhaoine óga deochanna a cheannach agus a chuirfidh dualgas ar lucht tithe tábhairne gan deochanna meisciúla a dhíol le daoine atá ar meisce cheana féin.
dhualgas duty
" An mhí seo caite, dúirt Gerry Adams go raibh sé de dhualgas ar phoblachtánaigh dáimh le haontachtóirí a chothú, gur seo ceann de na hathruithe riachtanacha a gcaithfidh poblachtánaigh dul fríd.
ar dualgas on duty
" 250 póilín a bhí ar dualgas ag Creamfields, féile mhór ceoil damhsa a bhíonn ar siúl i Learpholl gach samhradh.
dualgas duty
" Is cóir dualgas a chur ar gach club, gach coiste contae agus gach comhairle chúige nithe praiticiúla a dhéanamh ar nós: An Club: camán do gach ógánach faoi 14 bliana, oiliúnóirí a chur ag obair ar fud gach contae, foirne a chur le chéile faoi 12 bhliain, faoi 14 bliana mar thús - aon chlub nach ndéanann na nithe seo, ní bhfaighidh siad deontas ná ticéid do Chraobh na hÉireann, etc.
dualgas dleathúil legal duty
" Ach más fíor sin, cén fáth go bhfuil dualgas dleathúil ar 250,000 tionónta sa stát seo, sin an ceathrú cuid de thionóntaí an stáit, cíos talún a íoc sa lá atá inniu ann? Muna ndéantar reachtaíocht an stáit seo maidir le húinéireacht talún a leasú go tapaidh ní hamháin go bhfuil fadhbanna móra i ndán do go leor tionóntaí eile sa stát, ach tá gach seans ann go mbeidh ar an stát suim ollmhór airgid a íoc amach as an státchiste freisin.
dualgas responsibility
" Tá feabhas an-mhór tagtha ar na scéimeanna trína gcuirtear maoiniú ar fáil, ach ní cumarsáid aon-treoch a bhíonn ann; bíonn tionscal na foilsitheoireachta ag forbairt i gcónaí agus braithimid go bhfuil dualgas orainne mar fhoilsitheoirí deiseanna a chur ar a súile do na heagrais mhaoinithe.
dualgas duty
" Go bunúsach, le tamall anuas ní raibh siad sásta comhoibriú leis na ceardchumainn sa choláiste, NATFHE agus UNSION, i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta, cé go bhfuil dualgas orthu, de réir an dlí (Health and Safety at Work Act 1974), é sin a dhéanamh.
a ndualgais a chomhlíonadh to fulfil their obligations
" Le tamall beag anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí agus go bhfuil comhlachtaí sásta a ndualgais a chomhlíonadh - go mór mhór toisc go bhfuil Rialtas Mheiriceá anois den tuairim gur fadhb shlándála don tír sin atá i víris ar ríomhairí.
dhualgas responsibility
" Bhí sé mar dhualgas orainne a bhí i Roinn na Teangeolaíochta cuidiú leis na hollúna na ranganna a mhúineadh nó na scrúduithe a cheartú.
dualgas responsibility
" Thug an tAcht cumhachtaí breise do na húdaráis áitiúla leis seo a dhéanamh ach níor chuir sé aon dualgas orthu a leithéid a chomhlíonadh.
Dualgas cine duty to my people
" Dualgas cine agus dílseacht do mo mhuintir a spreag mé agus a choinnnigh orm cloí leis an obair go deireadh.
dualgas duty, onus
" " Faoi láthair, in aon chás clúmhillte a thógtar sa stát seo, tá dualgas ar an chosantóir a chruthú go bhfuil an rud a scríobh nó a dúirt sé fíor, seachas ar an chúisitheoir a chruthú go bhfuil sé bréagach.
dualgas duty
" Agus sin é mo scéal!" Dualgais ======= Tá raon leathan dualgas air mar gurb é an t-aon oifigeach amháin Gàidhlig ar fhoireann na Roinne Oideachais, cé go bhfuil leathbhádóir i roinn eile aige, Sarah Gundry.
raon leathan dualgas a wide range of responsibilities
" Agus sin é mo scéal!" Dualgais ======= Tá raon leathan dualgas air mar gurb é an t-aon oifigeach amháin Gàidhlig ar fhoireann na Roinne Oideachais, cé go bhfuil leathbhádóir i roinn eile aige, Sarah Gundry.
dualgas duties
" Níor chuir sé as dóibh ach an oiread gur dhúirt na Náisiúin Aontaithe go raibh neamhshuim déanta acu dá gcuid dualgas faoi Chúnant 1951 faoi theifigh, ná gur chuir an réiteach olc ar an Indinéis a dúirt gur caitheadh leo mar bheadh ionad dumpála do "bhruscar daonna".
ar dualgas on duty, stationed
" Agus tús bliana nua buailte linn, tá na fir agus na mná atá ar dualgas thar lear in intinn go leor daoine anseo i Nua-Eabhrac agus i Meiriceá ar fad.
dualgas duty, responsibility
" Ach cad é faoin Health and Safety at Work Act 1974 agus an dualgas atá ar fhostóirí? "Tá sé sin ag brath ar an fhostóir féin," arsa Tim Carter, agus é ar nós cuma liom.
dualgais responsibilities
" Braitheann McLaughlin go bhfuil dualgais áirithe air maidir le forbairt na háite.
dualgas duty
" Dá bharr seo, cuireann sé lena cuid dualgas go dtí go bhfuil sí féin ag meascadh a chuid dathanna dó.
dhualgas duty
" Dar liom féin go bhfuil sé de dhualgas ar Rialtas Shaorstát na Baváire cultúr na tíre a chaomhnú agus féachaint chuige gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint as a chultúr féin go nádúrtha.
dualgas duty
" Dár ndóigh, más amhlaidh go bhfuil fianaise bhreise ag an aire nach bhfuil ag na Gardaí, tá dualgas air mar Aire Dlí agus Cirt gníomhú ar an cheist agus dlí an stáit a chur i bhfeidhm.
dualgas responsibility
" "Is ormsa agus ar an gcuiditheoir is mó a bhí agam ag an am, an Príomh-Oifigeach, Seán de Fréine, a thit an dualgas an bord nuabhunaithe a thabhairt ar aghaidh agus bord reachtúil a dhéanamh de.
dhualgas duty
" Chuaigh scéal na Páise go mór i bhfeidhm air agus mhothaigh sé go raibh sé de dhualgas air é a insint ar a bhealach féin.
dualgas duty
" Cén fáth, mar shampla, go gcaithfidh an cumann nó an eagraíocht a riarann an spórt an costas mór ard seo a sheasamh? Cén fáth nach mbíonn dualgas ar gach imreoir polasaí árachais dá chuid féin a bheith aige sa chaoi is go mbeidh clúdach sásúil, iomlán aige i gcás gortú dona nó níos measa? Tá riosca ó thaobh gortú de ag baint le mórán spórt agus cluichí agus glacann chuile dhuine leis go bhfuil sé sin fíor.
dhualgas duty
" De réir an achta sin, tá sé mar dhualgas ar gach fostóir sláinte a chuid fostaithe a chosaint agus, de réir cóid cleachtais a eisíodh i Meán Fómhair 2000, tá an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar atá saor ó thoit.
ar dualgas on duty
" Níl figiúirí beachta ag Roinn Cosanta na Breataine ach i bhfreagraí éagsúla a tugadh don House of Commons, tuairiscíodh i 1999 go raibh 155,000 saighdiúir ar dualgas sna Sé Chontae ar a laghad uair amháin; in 2001, áfach, tuairiscíodh gur chaith 330,000 tréimhse sa chúige.
ar dualgas on duty
" "Ní raibh ach beirt nó triúr ar dualgas ag an stáisiún agus ní raibh aon chóras éigeandála acu.
dhualgas duty
" Toisc go bhfuil dearmad déanta againn ar an mbrí atá le saoirse, agus toisc go bhfuil an 'cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta' i ndiaidh forlámhas a ghlacadh ar ár gclár náisiúnta, mionnaím go ndéanfaidh mé mo dhualgas agus go nglacfaidh mé seilbh in athuair ar mo thír féin.
dualgas duty
" Fear óg oscailte é Ciarán Ó Maonaigh, ach fear é atá dílis dá thraidisiún féin agus a thuigeann an dualgas atá air maidir leis an traidisiún sin.
ar dualgas on duty
" Mar a tharla cúpla seachtain roimhe sin, bhí an rialtas tar éis diúltú d'iarratas ón Gharda Síochána go mbeadh gunnaí ag gardaí a bheadh ar dualgas lasmuigh de bhancanna.
dualgas duty
" Níl an Ghaeilge do na Gaeltachtaí amháin - agus níl an dualgas ar mhuintir na Gaeltachta í a mhúineadh do mhuintir na Galltachta.
ar dualgas on duty
" Ag an chruinniú céanna, labhair Rose Gentle, máthair Gordon Gentle, saighdiúir Albanach sna déaga a fuair bás ar dualgas san Iaráic i mbliana, agus Azmar Begg, athair Moazzam Begg, atá i ngéibheann i gCampa X Ray i mBá Guantanamo.
dhualgas duty
" Tá sé de dhualgas orainn mar shochaí díriú ar fhadhb seo na ndrugaí seachas neamhaird a thabhairt uirthi.
ag comhlíonadh na ndualgas beag eile fullfilling all the other little duties
" Bhí go maith agus ní raibh go holc; luigh sé isteach ar an obair, ag scuabadh an urláir, ag déanamh an tae, agus ag comhlíonadh na ndualgas beag eile a tugadh dó.
dualgas responsibility
" Le linn na tréimhse 30 bliain inar mhair an cogadh, níor chreid mé riamh go raibh dualgas ar cheannairí Shinn Féin cáineadh poiblí a dhéanamh ar ghníomhartha barbartha an IRA, ná go raibh orthu míniú nó freagra a thabhairt ar na huafáis chéanna.
cheann dá ndualgais one of their duties
" Is é fírinne an scéil gur beirt fhreastalaithe beáir a bhí i gceist, iad gléasta i T-léine dhubh de chuid Guinness, dála an chuid is mó de na freastalaithe eile sa chathair, agus bhí sé ar cheann dá ndualgais an bhratach a chur ar an chrann brait.
dualgas duties
" Dúirt O’Dowd go raibh sé ag ól ag am a bháis i dteach leanna i Leifir i gcuideachta garda eile, Pádraig Mulligan, a bhí in ainm is a bheith ar dualgas ag an am.
in ainm is a bheith ar dualgas supposed to be on duty
" Dúirt O’Dowd go raibh sé ag ól ag am a bháis i dteach leanna i Leifir i gcuideachta garda eile, Pádraig Mulligan, a bhí in ainm is a bheith ar dualgas ag an am.
dualgas duty
" Anuas air sin, tá sé greanta i gcloch anois ag an Bhord Pleanála go bhfuil dualgas ar gach Comhairle Contae coinníollacha a chur i bhfeidhm lena gceantair Ghaeltachta a chosaint.
dualgas duties
" Dúirt O’Dowd go raibh sé ag ól ag am a bháis i dteach leanna i Leifir i gcuideachta garda eile, Pádraig Mulligan, a bhí in ainm is a bheith ar dualgas ag an am.
in ainm is a bheith ar dualgas supposed to be on duty
" Dúirt O’Dowd go raibh sé ag ól ag am a bháis i dteach leanna i Leifir i gcuideachta garda eile, Pádraig Mulligan, a bhí in ainm is a bheith ar dualgas ag an am.
dualgas duty
" Ní shasódh ceann ar bith de na freagraí úd an ceistitheoir de ghnáth mar bhí cineál dualgas ort tacaíocht a thabhairt do cheann éigin de na foirne sacair i Sasana.
dualgas duty
" Bhí coirp agus saighdiúirí gortaithe i ngach áit ach lean siad ar aghaidh leis an dualgas a bhí orthu a chomhlíonadh agus tar éis tamaill bhí na Ceanadaigh ábalta dul chun tosaigh intíre go dtí Graye sur Mer agus ansin Caen.
ar dualgas on duty
" Ar mhaidin an 11 Meán Fómhair, bhí sé ar tí aghaidh a thabhairt ar an bhaile tar éis an oíche a chaitheamh ar dualgas.
dhualgas oraibh
" Tá sé os cionn na coimhlinte agus tá sé de dhualgas oraibh cibé duine nó dream a dhéanann éagóir a thabhairt os comhair na cúirte.
dualgais responsibilities
" Uimhir a ceathair, comhairle a chur ar eagrais Stáit maidir le na dualgais atá orthu, agus ar deireadh, breathnú ar ghearáin a bhaineann le haon Acht eile.
dualgas duty
" “Tá dualgas orainn daoine a chur ar an eolas faoina gcuid cearta, agus faoi na seirbhísí atá ar fáil dóibh.
dualgas dúshlánach challenging responsibility
" Is ar choiste liteartha an tionscadail a thit an dualgas dúshlánach cúig fhile dhéag a roghnú ón dá thír agus ba iad na filí féin a roghnaigh píosaí dá gcuid féin, chomh maith le dhá phíosa eile a ainmniú, le cur sa taispeántas agus sa leabhar.
dualgas duty
" Ridirí míleata a bhí iontu, agus an dualgas orthu aire a thabhairt do na hothair.
dualgas duty
" Le fírinne, tá dualgas ar an eagraíocht é sin a dhéanamh.
dualgas duty
" Dúirt Andrea Crossfield ó Smokefree Liverpool gur éirigh go hiontach leis an fheachtas cártaí poist, “Positively 100% Smoke Free”, agus go raibh dualgas ar an rialtas anois aird a thabhairt air.
dhualgas duty
" Maidir leis na AFP, tá siadsan ag rá nach mbeidh siad ag gabháil leithscéil ar bhealach ar bith faoin méid a rinne siad sa gcás seo agus go bhfuil sé de dhualgas orthu pobal na tíre a chosaint ó dhrugaí agus mangairí a chur faoi chois.
dhualgas duty
" Measaim go bhfuil sé de dhualgas ar chainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh leo siúd a bhfuil grá acu don teanga agus dea-scéala na teanga a chraobhscaoileadh mar tá neart daoine ann nach bhfuil a fhios acu go bhfuil a leithéid de rud agus Gaeilge ann ar chor ar bith.
dualgas duty
" Ach bheartaigh mé, mar shaoránach de chuid na tíre seo, go raibh an ceart céanna agamsa, agus an dualgas orm fiú, mo thuairimí faoin uasal Ó Catháin a chur i dtoll a chéile agus a nochtadh do dhuine ar bith a bhí sásta éisteacht leo / léamh fúthu.
dualgas obligation
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
dualgais duties
" Tá tuiscint mhaith againn ar an margadh, ar an reachtaíocht a bhaineann leis na heagrais phoiblí, agus na dualgais agus na freagrachtaí atá anois ar na heagrais phoiblí seo in Éirinn.
dualgas responsibility
" "Faigheann muid deontas ó Údarás na bPóilíní mar gur cuid den dualgas atá orthu stad a chur le ciapadh ciníoch," a dúirt Margaret liom.
dualgas obligation
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí to ensure that fathers would fulfil their duties as regards their children
" Coincheap ar sine go mór é ná an Chríostaíocht agus a cumadh lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí.
dualgais duties
" Tá tuiscint mhaith againn ar an margadh, ar an reachtaíocht a bhaineann leis na heagrais phoiblí, agus na dualgais agus na freagrachtaí atá anois ar na heagrais phoiblí seo in Éirinn.
dualgas obligation
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
dualgais laethúla daily duties
" Dhéantaí na dualgais laethúla – mar an chócaireacht, an scríbhneoireacht agus an mhiotalóireacht - i mbotháin eile ar an láithreán.
nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige that he wasn't fulfilling his duties
" Chomh maith leis sin, thairg sé éirí as a phost san ollscoil mar gur bhraith sé nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige a fheabhas is ba chóir, bhí an méid sin dualgas eile air – bhí sé ina Ardeaspag ar Kraków faoi 1964 agus thagadh sé ó Kraków go Lublin ar thraein oíche le nach gcuirfí a chuid ama amú.
dhualgas duty
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
dualgais laethúla daily duties
" Dhéantaí na dualgais laethúla – mar an chócaireacht, an scríbhneoireacht agus an mhiotalóireacht - i mbotháin eile ar an láithreán.
Laochra ar dualgas heroes on duty
" Laochra ar dualgas dá sladmháistir Slobodan Milosevic, Búistéir na mBalcán.
dualgas duty
" Mar sin, nuair a moladh go gceapfaí stiúrthóir iomána i mBaile Átha Cliath, glacadh leis an moladh ag coiste an chontae mar thuig daoine nach mbeadh aon fhreagracht ná dualgas orthu féin níos mó a dhéanamh ar son na hiomána.
nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige that he wasn't fulfilling his duties
" Chomh maith leis sin, thairg sé éirí as a phost san ollscoil mar gur bhraith sé nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige a fheabhas is ba chóir, bhí an méid sin dualgas eile air – bhí sé ina Ardeaspag ar Kraków faoi 1964 agus thagadh sé ó Kraków go Lublin ar thraein oíche le nach gcuirfí a chuid ama amú.
nár chomhlíon a gcuid dualgas who did not fulfil their duties
" Bhí cuid de na ranna stáit is tábhachtaí ina measc siúd nár chomhlíon a gcuid dualgas i leith marcanna breise a thabhairt d’iarrthóirí a bhí inniúil sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha ardú céime.
dualgais laethúla daily duties
" Dhéantaí na dualgais laethúla – mar an chócaireacht, an scríbhneoireacht agus an mhiotalóireacht - i mbotháin eile ar an láithreán.
dhualgas duty
" Tá sé de dhualgas orm sult a bhaint as gach nóiméad de, maith nó olc.