Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
duibheagán abyss
" Barracáidí ar an ardán nach n-osclaíonn go dtí go stopann an traein, ar eagla daoine ag tabhairt léim caorach sa duibheagán.
i nduibheagán na hoíche in the depths of the night
" Ach go fóill, beidh náisiúnaithe ar a bhfaichill ar eagla go dtiocfadh buama peitril fríd an fhuinneog s'acu i nduibheagán na hoíche.
dhuibheagán na hintinne the depths of her mind
" Bhí sí ag casadh os íseal in éindí liom, na focail ag teacht ar ais chun cuimhne di de réir a chéile, a cuid beola á dtarraingt aníos ó dhuibheagán na hintinne.
sna duibheagáin iarmhéile in the depths of plaintive sorrow
" Is é an míniú agus an réiteach a bhí ar an agallamh sin go raibh Balor Bocht sna duibheagáin iarmhéile an mhí seo a chuaigh thart gach aon uair a smaoinigh sé ar na fir bhuí bhochta nach raibh an dara rogha acu ach dul i mbun círéibeacha ar shráideanna na Sé Contae.
i nduibheagáin in (the) black hole
" Tá iriseoirí gairmiúla den scoth agus neart airgid riachtanach don fhiosrú fhíochmhar a bhíonn de dhíth chun an solas a lonrú i nduibheagáin an daonlathais.
duibheagáin dark recesses
" Rud deacair ab ea é sin go minic, go háirithe i gcomhthéacs an rugbaí, agus cé nár éirigh le McLaren rúndiamhaire na clibirte a léirmhíniú do mhórán daoine, ba thaitneamhach a bheith ag éisteacht lena ghlór breá agus é ag déanamh cur síos ar a raibh ag tarlú timpeall na páirce agus ar na himreoirí a bhí ar a míle dícheall an t-ubhchruth a aimsiú agus a shaoradh as duibheagáin na clibirte céanna.
duibheagán black hole
" “Measaim gur físí (*a visionary*) nó fáidh atá in Gerry Adams sa mhéid is, an t-am b'uafásaí anseo agus muid ag déileáil le marú, le huafás, le tórraimh, bhí seisean ag smaoineamh ar bhealach amach as an duibheagán a aimsiú.
thit sé amach sa duibheagán he fell into the abyss
" Mí ina dhiaidh sin, bhíos ag caint le B’leáth Cliathach eile sa Cholóim, ag roinnt scéalta faoinár gcuid taistil agus d’inis sé dom go ndearna sé Potosi chomh maith, ach é ag léimt na bearna céanna, níor bhain sé an taobh eile amach agus thit sé amach sa duibheagán, agus bhí sé ag luascadh ar an téad tarrthála go dtí gur tharraing triúr fear aníos é.
duibheagán geilleagair economic black hole
" Shíl Balor Bocht aineolach i gcónaí riamh gur trí chapall ag tarraingt carráiste nó sleamhnáin de shórt inteacht a bhí sa troika, ach tá faighte amach aige ó shin gur trí chapall ag tarraingt tíre isteach sa duibheagán geilleagair atá ann.
más sa duibheagán a bhí mé ag daoine áirithe if I felt depressed by some
" Ach, más sa duibheagán a bhí mé ag daoine áirithe oíche Dé Sathairn, is sna flaithis a bhí mé ag dream óg an Oireachtais oíche Dhéardaoin.
i nduibheagán an bhróin in the depths of sadness
" “Bhí mé ag smaoineamh ar an fhear seo agus acmhainn iontach grinn aige, é iontach greannmhar, gealgháireach ach i ndiaidh bhás a chéadghrá, bhí sé i nduibheagán an bhróin.
as an duibheagán a thochail siad dóibh féin out of the abyss which they dug for themselves
" (Tá a fhios agaibh na daoine sin atá i ndiaidh na bainc a tharraingt amach as an duibheagán a thochail siad dóibh féin le tamall de bhlianta anuas?) “Ó nach iontach an saol é?” a deir Balor.
Duibheagán black hole
" Is é a gháir chatha feasta: Éalaímis as an Duibheagán!
má dhruid an duibheagán leis go bagrach (even) if evil threateningly approached him
" Chonaic Ray Mac Mánais fiúntas agus saibhreas in imeacht na mblianta ag Oireachtas na Gaeilge agus má dhruid an duibheagán leis go bagrach ar an láimh eile, thóg an dream óg a chroí lena gcuid spleodair.