Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhaoine aonair individuals
" Cén fáth ar bunaíodh í? Theastaigh ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair deis a bheith acu a theacht le chéile agus ábhair a phlé agus gníomhaíochtaí a rachadh chun leas comónta na Gaeilge a chur chun cinn.
an duine aonair the individual
" Cad é is féidir leis an duine aonair a dhéanamh i mbliana le gréasán na Gaeilge a láidriú? An rud is dearfaí is féidir a dhéanamh ná bheith i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile go rialta.
duine aonair individual
" Is fíor an seanfhocal seo maidir le hobair dheonach, agus leas an phobail agus leas an duine aonair.
dhaoine aonair individuals
" "Tá siad go breá mar dhaoine aonair, ach cuireann na dronga imní ar dhaoine.
daoine aonair individuals
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
daoine aonair san áireamh individuals included
" Tá baill de Gluaiseacht ar fud na tíre, agus cé nach mbíodh ach eagraíochtaí ó choláistí ann roimhe seo tá gach saghas duine páirteach ann anois - a lán daoine aonair san áireamh.
daoine aonair individuals
" Theastaigh uaidh déileáil mar ba chuí le gach aon aicme sa tír agus roinnt daoine aonair chomh maith.
daoine aonair individuals
" Is céim dhearfach chun tosaigh don Ghaeilge é go bhfuil ionadaithe tagtha le chéile ó réimse leathan eagraíochtaí agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil don fheachtas chomh maith ag go leor daoine aonair.
daoine aonair individuals
" Go traidisiúnta, is daoine aonair de ghnáth a dheánann iarracht scrios a dhéanamh ar shaothair ealaíne san iarthar.
an chaoi a bhfulaingíonn duine aonair how an individual suffers
" "Thug Joyce blas ar an saol ar na sráideanna, tugann Maeve Brennan blas ar an saol taobh istigh de na tithe agus an chaoi a bhfulaingíonn duine aonair nuair atá rialacha ag teacht salach ar a chéile ón tsochaí mhór; rialacha faoi bheith i do thost is faoi rudaí áirithe a dhéanamh agus an chaoi a dteanntaítear daoine idir dhá chloch mhóra éagsúla.
daoine aonair individuals
" Dá bhrí sin, tá cuid mhaith den mhilleán ar an gCumann Lúthchleas Gael nach bhfuil Éireannaigh ag déanamh go maith ag na Cluichí Oilimpeacha! Dar ndóigh, tá spóirt eile an-láidir sa tír seo freisin, mar atá sacar, rugbaí, galf agus rásaí capall, agus tá foirne agus daoine aonair an-ábalta dul ag iomaíocht go hidirnáisiúnta sna spóirt sin.
dhaoine aonair individuals
" Deir Flick leo siúd a ionsaíonn é dá bharr seo nach gá do dhaoine aonair airgead a íoc isteach sa chiste.
daoine aonair individuals
" "Níl a leithéid de rud agus sochaí ann - níl ann ach daoine aonair agus teaghlaigh," arsa Margaret Thatcher nuair a bhí sí ina Príomh-Aire anseo 20 bliain ó shin.
duine aonair a cháineadh to criticize an individual
" "Tá sé fíordheacair duine aonair a cháineadh," a deir sé.
daoine aonair individuals
" "Bhreathnaigh siad ar ról rialacháin agus rialtóirí i dtionscail éagsúla agus socraíodh go mbeadh coimisiún, seachas daoine aonair, níos éifeachtaí sa phróiseas cinntí.
Daoine aonair individuals
" An é gur cheart dúinn seanmhúnla na Gaeltachta a chaitheamh uainn agus saothar níos mó a chaitheamh leis an teanga sa Ghalltacht agus i gcodanna éagsúla den domhan? Ar cheart dúinn ar a laghad cuid de na hacmhainní atá á gcaitheamh ar an Ghaeltacht "thraidisiúnta" faoi láthair a chaitheamh ar na grúpaí agus ar na Daoine aonair i ngach cearn den domhan, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, a úsáideann gach uirlis chaidrimh agus chumarsáide, go háirithe an t-idirlíon agus an ríomhphost, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh? Tá "pobal" nua Gaeilge tagtha chun cinn! Tá "Gaeltacht" dhomhanda gan teorainneacha geografacha á cruthú.
duine aonair one person
" Briseadh suntasach nóis é grúpa chomh mór seo a bheith ag glacadh páirte sa *Biennale *thar ceann na tíre seo; go dtí seo is duine aonair nó beirt de ghnáth a théadh ann.
dhaoine aonair individuals
" An mbeidh na coinníollacha ceannann céanna i bhfeidhm do na hoibrithe seo a bhogfaidh ó earnáil go hearnáil? Más buncheisteanna iad seo do dhaoine aonair, tá ceist ollmhór á tógáil ag na ceardchumainn fosta.
dhaoine aonair individuals
" Ba mhaith leo go gcuirfí gníomhaíochtaí bunaithe thart ar an cheol (ranganna, léachtaí, ceolchoirmeacha agus seisiúin) ar fáil do dhaoine aonair nó do ghrúpaí ar leith.
dhaoine aonair individuals
" Ba mhaith leo go gcuirfí gníomhaíochtaí bunaithe thart ar an cheol (ranganna, léachtaí, ceolchoirmeacha agus seisiúin) ar fáil do dhaoine aonair nó do ghrúpaí ar leith.
daoine aonair individuals
" Bhí sé amhail is gur tháinig cuimhne chomónta na ndaoine – na Péindlíthe, an leatrom agus an frith-Chaitliceachas go ginearálta agus an leatrom in éadan daoine aonair ó thuaidh – gur tháinig sé uilig le chéile sa choimhlint seo idir na stailceoirí agus Rialtas na dTóraithe sa Bhreatain.
ag cur comhairle ar dhaoine aonair advising individuals
" Bíonn Natasha féin ag cur comhairle ar dhaoine aonair maidir lena slí bheatha agus ag cur oiliúna orthu maidir le cur i láthair éifeachtach a dhéanamh, agus bíonn Cilian ag ullmhú daoine le bheith ag plé leis na meáin chumarsáide.
le fóirstean do shaol pearsanta duine aonair to suit the personal life of an individual
" Gan amhras, is tionscadal suimiúil é seo, tionscadal a osclaíonn amach romhainn féidearthachtaí iontacha maidir leis an teicneolaíocht dhigiteach agus an ealaín, ach is é an cheist mhór a ardaíonn sé ná an ealaín é seo nó cluiche intleachtúil de chineál éigin? Cé gurb iontach an rud é go bhfuil muid anois ábalta ealaín a bheith againn atá cruthaithe go speisialta le fóirstean do shaol pearsanta duine aonair agus don ghiúmar ar leith atá air ag an am, an gcuidíonn an cineál seo ealaíne linn tuiscint níos fearr a fháil ar an saol sin nó athrú chun feabhais a dhéanamh air? Cad é faoin ealaín a chuireann dúshlán romhainn agus a spreagann mothúcháin úra ionainn nó a chuireann ar bhealach suntasach leis an léargas atá againn ar an saol atá thart timpeall orainn? Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
an duine aonair the individual
" Ach tá freagracht fosta ar an duine aonair sa tír.
mar dhuine aonair as an individual
" Tá sé i bhfad níos deacra craobhchomórtas a bhuachaint mar dhuine aonair ná mar atá sé comórtas foirne a bhuachaint agus dhá fhoireann san iomaíocht, mar a tharlaíonn i gcás Chorn Ryder.
dhaoine aonair individual people
" Ón gcéasadh a rinneadh ar dhaoine aonair a raibh an deachtóir in amhras orthu, go dtí an t-ionsaí gáis nimhe a rinneadh ar phobal Coirdíneach Halabja i 1988 inar dúnmharaíodh suas le 5000 duine ar an toirt, gan trácht ar an máchail a fágadh ar na mílte sna blianta i ndiaidh an ionsaithe.
daoine aonair people on their own
" Thiocfadh le daoine aonair páirt a ghlacadh san fheachtas in éadan na gciorruithe agus iad páirteach i dtograí logánta.
duine aonair individual
" Is ceart go mbeadh tús áite feasta ag leas an phobail seachas ag leas an duine aonair agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht.
seachas an duine aonair as distinct from the individual
" Ní bhaineann sé le neamhspleáchas amháin, tá sé sin tábhachtach ach níl sé iomlán, tá sé bunaithe ar chothromaíocht agus ar dhínit an duine, na daoine i gcoitinne seachas an duine aonair.
chearta an duine aonair the individual's rights
" Is fada iriseoirí agus dlíodóirí in adharca a chéile faoi chearta an duine aonair saol príobháideach a bheith aige agus saoirse cainte na meán.
duine aonair individual
" Bíodh an comhrac sin síochánta nó ina ghleic airm, ar nós coimheascar na n-aicmí, buíonta creidimh, treibheanna, páirtithe nó daoine ina n-aonair, is é an scéal céanna i gcónaí é: buann an córas rialtais i gcónaí ar an duine aonair, ar an mbuíon, ar an bpáirtí, ar an aicme nó ar na daoine (iad féin) .
dócmhainneachtai i measc daoine aonair personal insolvencies
"dócmhainneachtai i measc daoine aonair méadaithe faoi dhó ó bhí 2007 ann agus dócmhainneachtaí comhlachtaí méadaithe ag an ráta céanna.
daoine aonair individuals
" Cén obair a dhéantar san eagras ó lá go lá? Bímid i dteagmháil le heagrais eile agus daoine aonair, comhlachtaí agus ionaid siopdóireachta ag iarraidh iad a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina gcuid comharthaí, ina gcuid bolscaireachta, srl.
cumhacht an duine aonair the power of a single person
" " Deir Mac Ionnrachtaigh gurb é an rud is dóchasai fán taighde atá déanta aige ná cumhacht an duine aonair.
daoine aonair individuals
" I mí Lúnasa gach bliain tagann grúpaí comhshaoil agus daoine aonair as gach cearn den Eoraip le chéile d'imeacht ar a dtugtar Ecotopia.
chinneann duine aonair a single person decides
" Is ait an mac saol na polaitíochta nuair a chinneann duine aonair iompar poimpe a tharraingt anuas orthu go léir.