Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
easpa eagair lack of organization
" Tháinig an Páirtí Daonlathach ach go háirithe, agus an Comhaontas Glas go pointe, i dtír ar easpa eagair Fhine Gael i 2002.
a chur in eagar to edit
" Ní hé sin le rá nach féidir le gnáthdhaoine altanna a chur ar fáil do Vicipéid nó cinn atá ann cheana a chur in eagar.
dea-eagar good organisation
" AÓF: Céard faoi mholtóirí? An mbíonn sé deacair daoine a fháil chun moltóireacht a dhéanamh orthu? LÓM: Níl sé baileach chomh deacair agus a bhíodh, agus a bhuíochas sin don chóras moltóireachta atá i bhfeidhm agus an dea-eagar a bhíonn ar na hócáidí freisin.
eagar order
" Ba é an staraí ealaíne / ainmhíchara an Dochtúir Peter Husard a bhunaigh an músaem in Chichester sna Stáit Aontaithe i lár na seachtóidí, agus ó shin i leith tá staidéar á dhéanamh ansin ar ainmhithe éagsúla agus ar a gcuid ealaíne, mar shampla: na patrúin a fhágann caocháin agus iad ag tochailt faoi thalamh; an dóigh a dtiteann cac staile i bhfoirm pirimide; na marcanna a fhágann cait ina dtimpeallacht féin nó an t-eagar a chuireann scaoth éan orthu féin ag eitilt sa spéir le titim na hoíche.
eagar ceart a chur ar a saol to put their life in order
" Tá na mílte leabhar le ceannach sna siopaí na laethanta seo a bhfuil sé mar sprioc acu cur ar chumas daoine eagar ceart a chur ar a saol agus iad a chur ar bhealach a leasa.
a leithéid de mhí-eagar such disorganisation
" Bhí orm am agus áit an agallaimh a athrú níos mó ná uair amháin, agus má chuir a leithéid de mhí-eagar isteach ar Justine, d’éirigh léi é sin a cheilt go maith.
curtha in eagar edited
" Cúig imleabhar atá i gceist, a fhoilseoidh Oxford University Press, agus tá an chéad cheann foilsithe cheana, Imleabhar III, a phléann an leabhar i mBéarla ó 1550 – 1800, é curtha in eagar ag Andrew Hadfield agus Raymond Gillespie.
a chur in eagar edit
" B’éigean dóibh a gcuid áiseanna eagarthóireachta féin a cheannach leis an tsraith a léiriú mar go raibh orthu na buaicphointí a chur in eagar agus an clár á chur le chéile go gasta le go mbeadh sé “eisiach”.
a chur in eagar. to edit.
" Fágadh faoi na páistí iad féin é ábhar na míreanna a roghnú agus rinne lucht Raidió na Life an t-ábhar sin a thaifeadadh agus a chur in eagar.
é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach edit it in an understanding way
" "Ní fheicfidh daoine an chuid is measa de mar gurbh éigean do Jim é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach sa dóigh is nach múchfadh daoine a gcuid teilifíseán agus é ar siúl.
ord ná eagar make nor shape
" Grád: C+ Mary Harney (Aire Sláinte): Gan ord ná eagar ar an chóras sláinte le dornán blianta anuas (nó Angola mar a bhaist an Taoiseach ar an Roinn fadó.
cur eagair ar organizing
" Bhí mé ag cur eagair ar mo stór leabhar cúpla mí ó shin agus tháinig mé ar leabhar réalteolaíochta a bhí agam nuair a bhí mé i mo dhéagóir.
in eagar edited
" In aon lá amháin, de réir an chuntais chéanna, cuireadh cúigear saighdiúirí Éireannach chun báis i St Germain toisc go bhfuarthas ciontach iad i ngoid agus i marú (féach freisin ‘The Stuart Court in Exile and the Jacobites’, curtha in eagar ag Eveline Cruickshanks agus ag Edward Corp).
eagar organize(d)
" org/wiki/Abbey_Street) Chuireas eagar ar dtús ar an gcleas – chaitheas méid áirithe ama ar gach guta agus ansin dhírigh mé ar pé amhrán nó ornáidíocht ar theastaigh uaim a fhoghlaim nó a chleachtadh.
fá eagar in order
" Sochaí ina gcoimeádann an Críost Liútarach agus an Kaiser Gearmánach fá riar, fá eagar agus fá smacht phiúratánach iad.
ord agus eagar law and order
" org/wiki/The_White_Ribbon) Deir Haneke in agallamh le ‘Sight and Sound’ gur suim leis an ceangal idir phiúratánachas Liútarach thuaisceart na Gearmáine agus ‘cosaint’ na Naitsithe sin a mhaígh dá gcosaint féin nach raibh ach ord agus eagar á chur i bhfeidhm acu trí orduithe dleathacha a leanúint.
eagar arrangement
" Seoltar na splancanna ar aghaidh ó na cealla ar an liog éisteachta chuig stoc na hinchinne ar dtús agus ansin chuig an dá mhaothán tosaigh go réimse na haigneolaíochta agus na mothúchán, mar a ndéantar, idirdhealú idir ding agus dong, idir um agus am, idir glisiam agus fothram, idir sioscadh síoda taobh leat agus tuairt bhodhar agus ar ndóigh, idir drochcheol agus dea-cheol! In intinn an linbh óig, is nua gach fuaim agus mar sin bíonn stoc na hinchinne ag obair an-chrua leis na fuaimeanna nua uilig a rangú, a stóráil agus ord agus eagar slachtmhar a chur orthu le go n-aithneofaí na fuaimeanna chéanna nó fuaimeanna atá cosúil leo níos déanaí.
eagar na habairte sentence structure
"eagar na habairte éagosúil go hiomlán agus is gá dearmad a dhéanamh ar theangacha eile chun í a fhoghlaim.
eagar organize
" com>* Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
Geillmhí-eagar malevolent, deregulated economy
" Nuair a thit an tóin as geilleagar an domhain cheana, cad é an dóigh gur ligeadh don tubaiste tarlú arís mar sin, 1999? An Geillmhí-eagar ======== Tabharfaimis faoi deara an dara cuid den fhocal ‘geilleagar'.
gan ord nó eagair in disarray
" Má bhíonn an t-eolas ar fad faoi do chustaiméirí, nó custaiméirí féideartha, gan ord nó eagair, beidh a shliocht ar an ngnó - ní bheidh an saol oibre ró-éasca.
lucht eagair organizers
" Deir an lucht eagair agus cairde an chomórtais go bhfuil sé ag dul ó neart go neart agus go bhfuil an imirt ag treisiú leis.
chuir na dánta in eagar edited the poems
" Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar.
in ord agus in eagar proper and tidy
" Tháinig ar an saol mar sin, ní hamháin *Quora*, ach na céadta seirbhísí eile atá ag déanamh iarracht an t-eolas a choimeád in ord agus in eagar don bhrabhsálaí idirlín.
in ord agus in eagar ready and waiting
" Bhí na cruacheisteanna in ord agus in eagar ina intinn aige, agus níorbh fhada gur chuir sé an chéad cheann: **Balor: “Cad é mar atá tú, a Choimisinéir?”** Coimisinéir: “Réasúnta!” Bhí Balor réidh dá leithéid, agus chuir sé an dara ceist sula raibh seans ag an Choimisinéir teacht chuige féin arís i ndiaidh an chéad chinn.
lucht eagair the organizers
" Inné agus Inniu ======= Ach ag breathnú siar ar stair na 26 Chontae, cé a dearfadh go raibh lucht eagair an Chúnaint contráilte fá Riail Dúchais agus Riail na Róimhe? Nach bhfuil an stát ó dheas ag caitheamh uathu le scor bliain anuas na laincisí a chuir Eaglais na Róimhe orthu leis na céadta bliain? Nach raibh an ceart ag Carson agus Craig sa mhéid sin? Sin an fáth go bhfuil na cuimhneacháin atá romhainn ó thuaidh chomh tábhachtach céanna ó dheas is a bheas siad ó thuaidh mar, tá súil agam, fáiscfidh díospóireachtaí astu a threoróidh muid i dtreo tuigse níos doimhne as an stair agus go mbeidh muid ag breathnú ar imeachtaí iaróige, mar a déarfadh TG4, le súil eile.
ag cur ord agus eagar ar ordering and directing
" Bhí córas an stáit ag cur ord agus eagar ar dhílseoirí na hÉireann ag an am, ag sceanairt na náisiúnach ó thuaidh agus ag leagan buamaí ó dheas nuair a shantaigh siad sin a dhéanamh.
don lucht eagair to the organizers
" 30am mar d'inis na poilíní don lucht eagair go mbeadh a lán oifigeach de dhíth ag an chluiche sacar *Everton v Sunderland* ag 12.
lucht eagair na himeachta the organizers of the event
" Dar le lucht eagair na himeachta, comharthaíonn an 'bazh-eilan' (baitín sealaíochta) an nasc atá idir na glúinte, idir ceantair, bailte agus bailte fearainn, agus idir spórt agus saíocht.
Curtha in eagar ag edited by
" Curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus Máire Ní Neachtain.
gan mórán eagair in a disorganized way
" Go deimhin, múintear na céadta teanga sa tír, ach faraor, gan mórán eagair.
lucht eagair an chomórtais the competition organizers
" Ba iontach an lá peile é, agus is mór an chreidiúint atá ag dul do lucht eagair an chomórtais, chomh maith leis na foirne a thug orthu féin an t-aistear fada chun an chúinne seo den tír a dhéanamh.
Tá ord agus eagar ar gach rud everything is in its proper place
" Tá ord agus eagar ar gach rud; feicim go soiléir cé hiad na rudaí a bhfuil tábhacht leo agus cé na rudaí nach bhfuil.
na díospóireachta is tábhachtaí a chur in eagar to organize the most important debates
" Ach is dóigh liom féin go bhfuil ag teip ar pháirtithe agus ar “ghluaiseachtaí” na heite clé na díospóireachta is tábhachtaí a chur in eagar.
Gach Eagar-whore Faoi Ruball a Bhó Féin every editor to his own dirty work
" An ndéanfaidh tú sin, a stóirín?’ Gach Eagar-whore Faoi Ruball a Bhó Féin ================== Mar sin, a léitheoirí dílse: Má shíl sibh go raibh Beo Ar Éigean ní ba leimhe fiú ná mar is gnách an mhí seo a chuaigh thart, ní ba mharbhánta, ní ba bheaguchtúla.
an dream is mó a theastaíonn eagar a chur orthu that’s the group most in need of organization
" Sin an dream is mó a theastaíonn eagar a chur orthu.
fhear eagair (parade) leader
" Cuireadh tús le ceiliúradh bua Stephen ag Mórshiúl Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath agus é mar fhear eagair ar an mhórshiúl.
curtha in eagar edited
" Scéalta John Ghráinne Uí Dhuibheannaigh, an seanchaí Conallach, atá le léamh agus le cloisteáil sa phacáiste (i)An áit a n-ólann an t-uan an bainne(/i), atá curtha in eagar ag Seán Mac Labhraí agus a bhfuil leabhar agus DVD mar chuid de.