Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
próiseas earcaíochta recruitment process
" Tá an próiseas earcaíochta ar siúl an mhí seo le príomhfheidhmeannach a cheapadh ar Fhoras na Gaeilge, mar chomharba ar Mhícheál Ó Gruagáin.
earcaíochta recruitment
" An deacracht atá ann ná nach bhfuil am aici féin feachtas ceart earcaíochta a eagrú agus nach mbeidh go dtí go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí foirne.
mbothanna earcaíochta míleata military recruiting booths
" Bhí pléascadh i mbothanna earcaíochta míleata i Manhattan agus sna Bronx agus gortaíodh beirt.
earcaíochta recruiting
" Ceann de na deacrachtaí ná nach bhfuil an t-am agamsa ná ag an riarthóir a bheith amuigh ag déanamh earcaíochta! Agus níl na heagrais atá rannpháirteach i gcoiste an Oireachtais ag déanamh na hearcaíochta sin ar ár son.
seáp earcaíochta recruitment rush
" Freagra ab ea an seáp earcaíochta sin chun teacht i dtír ar fhearg na cosmhuintire Caitlicí a mhair go dearóil ar shráideanna searbha agus lánaí cúnga na míchothroime.
dianfheachtas earcaíochta an intensive recruitment campaign
" In ainneoin dianfheachtas earcaíochta a bheith ar siúl ag Roinn na Cosanta Náisiúnta (ní raibh aon éalú ó na fógraí ar theilifís Cheanada i rith Chorn an Domhain), ní fios an mbeidh speisialtóirí san arm féin chun na huirlisí cogaíochta úra a oibriú.
seirbhís earcaíochta recruitment service
" Is seirbhís earcaíochta é; bíonn tairiscintí oibre á bhfógairt ann, ach chomh maith leis sin bíonn nuacht ón bPolainn agus go háirithe ó Éirinn ann agus tá fóram ar an suíomh a thugann deis do Pholannaigh in Éirinn ceisteanna éagsúla a phlé le chéile.
earcaíochta recruiting
" Tá comhlachtaí neamhbhrabúis, comhlachtaí earraí tomhaltais, comhlachtaí earcaíochta, siopaí speisialtóireachta arlíne, lucht eolas fíona, eolaithe teicneolaíochta, ealaíontóirí, ceoltóirí agus eagraíochtaí Gaeilge (!!!) ag plé is ag roinnt is ag líonrú ar Twitter chuile lá.
dúnghaois earcaíochta recruitment policy
" Ar na laigí sa dréachtstraitéis a bhfuil deis ann fós lena leasú, tá ceist na hOifige Comhordaithe Clár i Roinn an Taoisigh, córas monatóireachta neamhspleách d'fheidhmiú na straitéise, múineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal agus dúnghaois earcaíochta a chinnteoidh foireann dhátheangach sa tseirbhís phoiblí.
earcaíochta recruitment
" Beartas athchothroime Tá aitheantas tugtha sa dréachtstraitéis do chearta phobal na Gaeilge faoin Acht Teanga ach cé a chuirfidh an tseirbhís trí Ghaeilge ar fáil? D’aontaigh mórán toscaireachtaí le tuairim an Choimisinéara Teanga go raibh gá le gníomh cothromúcháin earcaíochta chun a chinntiú go mbeidh go leor foirne sa tseirbhís phoiblí a bheidh inniúil ar an nGaeilge a labhairt agus a scríobh.
earcaíochta recruiting
" Díreach cosúil leis an saol ‘réadúil’ nuair atá fostaí nua uait, b’fhearr i bhfad moladh ó dhuine a bhfuil muinín agat as ná CV duine éicint ó shuíomh earcaíochta.
earcaíochta recruitment
" Is conradh fada uileghabhálach é Conradh na nOibrithe Imirce a chuimsíonn gach gné de phróiseas na himirce ó chúrsaí ullmhúcháin, earcaíochta is imeachta sa tír bhunaidh go cúrsaí fostaíochta sa tír cheann scríbe agus ath-lánpháirtiú sa tír bhunaidh sa chás go bhfillfí abhaile.
earcaíochta recruiting
" Idirdhealú dearfach le linn an phróiseas earcaíochta a thabharfadh tús áite do dhaoine le Gaeilge an réiteach, dar leis.
aois earcaíochta recruiting age
" Tar éis *The Blake Review* (2005) i ndiaidh bás ceathrar earcach óg ag Deepcut Barracks, Surrey, moladh ardú ar aois earcaíochta go dtí 18 blana.
Athrú Earcaíochta de Dhíth a change needed in recruitment
" Athrú Earcaíochta de Dhíth =============== Lena chois sin, dúradh ina thuarascáil bhliantúil nár dhein údaráis an Gharda Síochána aon argóint nach raibh a dhóthain baill le Gaeilge acu i measc an 13,000 comhalta atá san fhórsa chun an dualgas reachtúil a chomhlíonadh.
modh earcaíochta method of recruitment
" É sin ráite, sílim gur cheart córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm i modh earcaíochta na nGardaí.
teastaíonn sa gcóras earcaíochta the recruiting system shall need
" Le sin a bhaint amach, teastaíonn sa gcóras earcaíochta amach anseo ‘gníomh athchothromaithe’, mar atá ráite ag Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga.
feachtas earcaíochta a recruiting campaign
" Ag tús 2012, cuireadh tús le feachtas iomána – feachtas earcaíochta, seisiúin traenála/oiliúna agus cluichí dúshláin.
d’arduithe céime agus earcaíochta for promotion and recruitment
" Ba mar dhea-scéal don Ghaeilge a chuir Aire na Gaeltachta an fógra i láthair an phobail i mí Dheireadh Fómhair seo caite go raibh cinneadh déanta deireadh a chur le córas na bpointí bónais as Gaeilge a bhronnadh i gcomórtais d’arduithe céime agus earcaíochta sa Státseirbhís.
earcaíochta recruiting
" An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:** Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air: * Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge * Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.
earcaíochta recruitment
" Dá gcuirfeadh sé faoi ndeara do Brendan Howlin nach leor 6% de chainteoirí Ghaeilge sa bpolasaí earcaíochta chun réiteach a fháil ar an easpa mhór daoine sa státchóras atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh sa dá theanga, bheadh muid uilig ar a shon.
sháirsint earcaíochta recruiting sergeant
" Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal *‘Irish’* le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?