Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de dhroim an domhain off the face of the earth
" Sin mar a cuireadh in iúl dhom féin go raibh an t-ionad do chuairteoirí a bhfuil Ceol mar ainm air le himeacht de dhroim an domhain sul i bhfad.
Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig we were all created equal on this earth
" Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig, agus tá a pháirt féin ag achan duine.
a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach to make out its location on the surface of the earth
" Ón difríocht ama idir na comharthaí sin, bíonn an glacadóir ábalta a fhad ó na satailítí a ríomh agus, uaidh sin, a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach.
dhromchla an domhain the surface of the earth
" "Tá iarracht réamhbheartaithe ar siúl ag an Indinéis le muintir Phapua Thiar a ghlanadh ó dhromchla an domhain, agus glúin nua a shíolrú a bhfuil craiceann geal acu agus gruaig dhíreach orthu.
de dhroim an domhain off the face of the earth
" Gan a bheith ag iarraidh leatrom a dhéanamh ar aon saghas eile ceoil, is ceart a lua nach n-imeodh *ballet *nó *opera *de dhroim an domhain ar fad dá dteipfeadh orthu in Éirinn.
clár an domhain the face of the earth
" DENIS: Nach raibh Naomh Agaistín ina pheacach chomh mór is a shiúil clár an domhain riamh? Agus rinneadh easpag agus fealsamh de.
ar chlár an domhain on the surface of the earth
" “Áit ar bith ar chlár an domhain seo seachas an Tuirc,” a d’fhreagair Kebab le gáire mór garbhghlórach.
Nílimid anseo ach seal beag gearr! We're only on earth for a short time!
" Nílimid anseo ach seal beag gearr! AÓF: Céard faoin gceol agus faoin amhránaíocht? An gcloiseann tú difríochtaí anois ann seachas mar a bhí sa seanam? MÓS: An ceol céanna i gcroíthe na seandaoine agus is bródúil atáim as an gcleas óg atá á thabhairt leo.
ar chlár na cruinne on the face of the earth
" Níl rud ar bith ar chlár na cruinne a chuireann teachtaireacht ina luí orthu siúd níos fearr ná an buidéal, an bríce agus an buama peitril.
déanta as cré made of earth
" Balla mór déanta as cré a bhí i gceist, agus tá cuid de le feiceáil go fóill.
screamh an domhain the crust of the earth
" Bhí an tigh lán ach thuig gach éinne go raibh an tigh folamh – folús amh mar a bheadh duine éigin tar éis cuid de screamh an domhain a stracadh i mbabhta fiáin feirge.
cinneadh siosmaideach a dhéanamh, to make a down-to-earth decision
" Masla do chumas phobal na hÉireann cinneadh siosmaideach a dhéanamh, ab ea an tuairim a nocht ár gCoimisnéar Eorpach, Charlie McCreevy, ar na mallaibh nuair a thug sé le fios gur staicín áiféise a bheadh ionainn san Eoraip dá mba rud é nár ghlac muid le Conradh Liospóin.
crith talún, earth quake
" Ní hamháin go bhfuil siad tábhachtach ó thaobh loingseoireachta agus ó thaobh threorú carranna de, ach is mór an cuidiú é an córas satailíte má tharlaíonn éigeandáil – tuile nó crith talún, cuir i gcás – aon áit ar domhan.
polasaí an rualoiscthe scorched-earth policy
" Ba é polasaí an rualoiscthe beartas na Coróine in 1868, nuair a thug siad dídean do cheannaire *Te Kooti*.
Neamh ar thalamh, heaven on earth
" Ach an bhfuil bunús ar bith le líomhaintí na Síneach? Neamh ar thalamh, nó *Shangri-La,* a bhí sa Tibéid roimh theacht na Síneach, dar le go leor daoine san Iarthar.
ithir dhearg red earth
" no problem!” * Bheadh sé deacair gan titim i ngrá leis na Malávaigh agus leis an Maláiv, agus cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, tá ithir dhearg na hAfraice go dlúth i mo mheon, i mo chroí agus i m’anam.
bunadh an domhain mhóir the people of earth
" A bhuíochas leis an tsatailít Mars Express, bhí bunadh an domhain mhóir ábalta íomhánna soiléire beachta de dhromchla an phláinéid a fheiceáil ar an idirlíon an mhaidin Luain sin.
chun Ollmháthair na Cruinne a shábháil to save Mother Earth
" Thairis sin, a fhad is a bhí polaiteoirí an domhain ag plé Agenda 21, bhí drumadóirí de chuid Manitou taobh amuigh á ngríosú chun Ollmháthair na Cruinne a shábháil.
dhromchla an domhain surface of the earth
" Faoin am seo, tá os cionn 10 faoin gcéad de dhromchla an domhain ina limistéar caomhantais.
siosmaideach down-to-earth
" Cinneadh siosmaideach, mar sin, a bhí sa chinneadh a rinne Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an mhaoiniú a thugann siad do nuachtán laethúil, de réir mo bharúlsa.
crith talún earth quake
" Thit margadh na foirgníochta as a chéile mar a bheadh crith talún ann.
talamh land, earth
" Ar bhealach is féidir amharc ar stair na sibhialtachta, ní mar choimhlint leis an chinniúnt ná leis an talamh, ach mar choimhlint i gcoinne chroí dorcha an duine féin.
putóga na cruinne the earth's innards
" ) Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
crith talúin earth quake
" Cuireann sí ceisteanna ar nós; conas a thiontaigh tromlach an iarainn go deannach? Ar an suíomh, tá mórchuid plé faoi 9/11, cúrsaí aimsire, crith talúin, an 'gléas troda fuinimh dírithe', NikolaTesla agus seanhippy ó Vancouver - John Hutchison.
domhain of (the) earth
" Samhain (Sam+fuin) Is mar fhuineadh, nó mar ‘dheireadh’ an tsamhraidh, mar ‘thráth báis’ na bliana a braitheadh an tSamhain riamh anall, agus bítear ag cuimhneamh ar ghnóthaí báis i leath thuaidh an domhain trí chéile, an t-am seo den bhliain.
ar domhan on earth
" Níl stiúrthóir scannáin ar domhan is fearr a thugann meas agus urraim don mbreathnóir sa tsaoirse is a bhronnann sé orainn.
Cruinniú Mullaigh earth summit
" Thosaigh an próiseas sin sna hochtóidí agus leagadh amach cuid mhaith de na spriocanna ag ‘Cruinniú Mullaigh Rio’ sa bhliain 1992.
de dhroim an tsaoil of the face of the earth
" Ós rud é go bhfuil cuid mhór daoine mar sin ar m’aithne, an cóir dom iad ar fad a cheangal dá chéile agus tonna cloch a cheannach ó Roadstone, nó an mbeadh sé ceart go leor i súilibh Dé dá síobfadh an coirpeach óg dífhostaithe de dhroim an tsaoil iad nuair a bheas sé réidh leis an tiománaí bus? A Phápa agus a Iris, a chairde na páirte, is agaibhse atá na freagraí a chuirfidh suaimhneas ar m’anam.
ar an talamh on earth
" Ach is ar an talamh is soiléire atá dul chun cinn na Síneach le feiceáil.
Neamh ar Thalamh Heaven on Earth
" Tá ceacht an-simplí a mhúineadh don rialtas sa chás seo: ní féidir leat Neamh ar Thalamh a fheabhsú, ach is féidir leat dochar a dhéanamh dó.
chréafóg clay, earth
" Bíodh go bhfuil sé an-deacair é a chreidiúint faoi láthair, fiú amháin, méadaíonn an teocht chomh maith, agus bíonn an chréafóg ag téamh timpeall orainn.
duine ar bith beo no one on earth
" Ní dúirt duine ar bith beo riamh liom go raibh deacrachtaí acu, ná fiú gurbh ann dóibh.
as na ceithre hairde from every corner of the earth
" Bíonn múinteoirí as na ceithre hairde ag teacht go Meiriceá chun a dteangacha féin a theagasc.
tíriúla down to earth
" Maíonn na Fíor-Fhionlannaigh gur daoine díograiseacha, tíriúla iad, a oibríonn go dian agus a bhfuil grá acu dá dtír.
teacht chun talún coming to earth
" Bheadh scileanna scannáin Leni Riefenstahl de dhíth ar an té a léireodh teacht chun talún an tsaorspioraid eisceachtúil áirithe seo.
fillte ar thalamh returned to earth
" Halleluia, a Bhráithre! Nílim fillte ar thalamh go fóillín.
shíobadh de dhromchla an domhain to blow of the face of the earth
" Is féidir iad a shíobadh de dhromchla an domhain mar cheacht do gach éinne sa bhaile agus i gcéin.
ar chlár na cruinne on earth
" Aingeal Aingiallta Gearmánach a bhí ar an bhean seo; agus chuala Edna go raibh cleas aici nach raibh ag ceannaire ar bith eile ar chlár na cruinne ach í féin, agus go raibh sí in innimh an cleas seo a úsáid arís agus arís eile chun airgead a bhailiú de réir mar a theastaigh uaithi, chun an Ghearmáin a choinneáil i mbarr a réime mar phríomhthír thábhachtach an Domhain Thoir.
lucht an Domhain the earth dwellers
" Níl tuairim ar bith ag lucht an Domhain níos mó.
as gach cearn den domhan from the four corners of the earth
" Is iad na tíortha móra (SAM, An Rúis is araile) a bhuann formhór na mbonn dar ndóigh ach beidh iomaitheoirí as gach cearn den domhan ag déanamh a míle dícheall an bonn a bhuachan ar son a dtíre féin.
os cionn an domhain i lamhnán above the earth in a balloon
" Chuaigh Baumgartner suas 24 míle os cionn an domhain i lamhnán agus léim sé amach.
an saol domhanda life on earth
" Sílim gur chóir go mbeadh tuiscint ní b’fhearr againn ar a thábhachtaí is atá an spás agus ar a leochailí is atá an saol domhanda.
Is mian liom daoine coitianta cosmhuintireacha I want the ordinary down to earth people
" Is mian liom daoine coitianta cosmhuintireacha a bheith thart orm sa saol gach lá mar tá draíocht ansin fosta.
daonna, tíriúil, greannúr, onórach human, down to earth, humorous, honourable
" Duine daonna, tíriúil, greannúr, onórach, ach solúbtha, nuair nach raibh aon dul as aige – b’shin an Lincoln a chruthaigh Day-Lewis.
bhí scaipeadh mionéan na himirce orthu they emigrated to the four corners of the earth
" Bhí cónaí ar na fonnadóirí sna chríocha is iargúlta in Éirinn, é sin nó bhí scaipeadh mionéan na himirce orthu.
níor síobadh de dhromchla an domhain iad they weren’t blasted clean of the surface of the earth ar aon chuma at least
" Mothaíonn muintir na Gaeilge ar feadh roinnt laethanta nár múchadh an dé ina sinsir, is má buaileadh iad go dona sa saol, níor síobadh de dhromchla an domhain iad ar aon chuma.
ithir dhearg red earth
" Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo.
de dhroim na talún of the face of the earth
" Is dream iad atá sáinnithe ag drong mhíleata Maenmar a imríonn gach feall is féidir lena ndíothú de dhroim na talún.