Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
easaontas disagreement
" Léiríonn na páipéir oifigiúla seo go raibh comhoibriú suntasach idir an Roinn Cosanta anseo agus MI6 le linn an Dara Cogaidh Domhanda, ach go raibh eagla ar Rialtas na Breataine go dteipfeadh air seo dá mbeadh easaontas sa todhchaí idir an dá thír.
easaontas disagreement
" Admhaíonn sí go raibh easaontas i measc na mball maidir leis na modhanna oibre ba cheart a úsáid.
ag brath ar thoradh an easaontais depending on the outcome of the disagreement
" Tá próiseas na síochána ag brath ar thoradh an easaontais.
easaontas disagreement
"easaontas idir an NNI agus an rialtas leis faoi cé acu ar cheart an chomhairle nua a bhunú ar bhonn reachtúil nó nár cheart.
easaontais disagreements
" Dar ndóigh, ar nós gach conspóid dá leithéid, ligtear i ndearmad na hargóintí agus na heasaontais a luaithe is a thosaíonn an séasúr nua tar éis na Nollag, ach amháin, b'fhéidir, i measc imreoirí a cheapann go raibh an gradam tuillte acu ach nach bhfuair é.
easaontas discord
" Ach réitímid ar fad sa ghrúpa le chéile – tá an t-ádh linn go réitíonn mar bheadh sé sin níos measa fós dá mba rud é go raibh aon easaontas eadrainn.
easaontas disagreement
" Dhá bhliain a sheas an rialtas sin go dtí gur tharraing Spring an súsa amach fá bhun Reynolds nuair a d’éirigh easaontas eatarthu faoi ainmniúchán don Chúirt Uachtarach.
easaontas disagreement
" Tá na logainmneacha dátheangach fosta, agus níor chuala mé go mbíonn aon easaontas faoi seo.
ag cothú easaontais creating discord
" Cáineadh Pauline Hanson go forleathan de bharr go raibh sí ag cothú easaontais idir grúpaí éagsúla san Astráil, ach bhí leisce ar John Howard ionsaí a dhéanamh uirthi.
easaontas disagreement
" (Scoilt idir poblachtaigh – dochreidte!) Tháinig an scoilt seo chun cinn mar go raibh easaontas ann faoin dóigh a gceapfaí an t-uachtarán.
ráitis a chothódh easaontas statements which would feed disunity
" Is féidir leis an tír shaibhir seo caitheamh go fial le daoine bochta atá ag éalú ó chruatan ina dtíortha féin agus tá dualgas ar pholaiteoirí abhus ráitis a chothódh easaontas idir grúpaí éagsúla a sheachaint.
easaontas disunity
" As sin amach, chinn ceannairí an pháirtí gan ligean do na meáin chumarsáide na coinbhinsiúin a thaispeáint mar ócáidí a mbíonn easaontas ná círéibeacha i gceist acu feasta.
easaontas dispute, disagreement
" Thapaigh SAM an deis ansin teacht i dtír ar an easaontas, agus thosaigh siad ag maoiniú rialtas Barre le thart ar $100 milliún in aghaidh na bliana.
easaontas disagreement
" Tá an cinneadh seo i ndiaidh easaontas agus achrann a spreagadh i measc cuid mhaith daoine go háirithe James Dean Bradfield, ceoltóir de chuid na Manic Street Preachers, a dúirt gur shíl sé go raibh an scéal ‘go hiomlán áiféiseach’.
Easaontais of disagreement, dispute
" Foinse Maoinithe - Foinse Easaontais Is é an tsiocair ghearáin a bhí acu, go dteastaíonn ó Madame Pécresse, dar leo, nach mbeidh na huachtaráin ollscoile ag brath go hiomlán ar mhaoiniú an stáit mar atá siad faoi láthair agus, dá thoradh sin, go mbeidh neamhspleáchas níos mó acu i bhforbairt cúrsaí agus i gcaiteachas caipitil.
easaontas disagreement
" Bhí an t-am ann agus bhí sé mar a bheadh Ayatollah ann ach anois, tá daoine ag cur ceiste, cad é an fheidhm atá leis? An dtreoraíonn sé beartais? An bhfuil stádas an státaire a bhíodh aige imithe le sruth? Tá easaontas nach bhfacas, ach sa bheag, ag dul i méid agus daoine taobh istigh de Shinn Fein féin, á bhréagnú ar dhóigh nach ndéanfadh siad blianta ó shin.
easaontas disagreement
" Ní bhíonn aon easaontas eadrainn riamh maidir le traenáil agus dornálaíocht, ach taobh amuigh de sin, ar nós aon iníon agus athair bíonn corrfhocal eadrainn anois is arís ach ní mórán é.
heasaontas dissention
" Meas tú céard a cheapfadh an gnáth-Mheiriceánach faoi leithéidí Lieberman, a mhaíonn gurb é an stát Giúdach an comhghuaillí is fearr atá acu, dá mbeadh a fhios aige gur chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954 le heasaontas a chothú idir Nasser agus SAM; gur mharaigh Iosrael 34 Meiriceánach nuair a d’ionsaigh siad an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967; go ndearna spiaireacht na nIosraelach, go háirithe spiaireacht Jonathan Pollard, an-dochar go deo do SAM; go raibh cúigear gníomhairí Mossad ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh ionsaithe 9/11; gurb é Iosrael agus a gcairde i Meiriceá foinse na faisnéise bréagaí i dtaobh na hIaráice; agus faoi go leor gníomhartha fill eile nach iad? Lena iarracht seo an t-idirlíon a mhúchadh, an é muintir Mheiriceá atá á chosaint ag Lieberman ó sceimhlitheoirí? Sin, nó an iad a leathbhádóirí fealltacha atá á chosaint aige ó mhuintir Mheiriceá?
easaontas disagreement
" Bíonn fáilte roimh dhíospóireacht agus easaontas san Iarthar, ach sa tSín, a bhfuil Cóinfúiceachas mar bhunsraith inti, ní luíonn an dearcadh ansiúd leis an díospóireacht sáraíochta.
d’easaontas disagreement
" Tá imní ar lucht tacaíochta Iosrael, áfach, go ndéanfaidh a léithéid d’easaontas dochar don chúis.
t-easaontas disagreement
" Is léiriú é an scéal seo ar cheann de na gnéithe míthaitneamhacha, díomácha a bhaineann le spórt ag gach leibhéal agus is é sin scaradh na gcarad nó an t-easaontas a tharlaíonn rómhinic idir dhaoine a bhí tráth den saol ina ndlúthchairde.
easaontas disagreement
" Tugtar spléachadh dúinn ar an bhfrustrachas, ar an easaontas, ar an bhfearg agus ar an drochtheanga a thagann chun cinn nuair a sheasann an chosmhuintir an fód i gcoinne chórais an stáit agus ollchomhlachtaí idirnáisiúnta.
easaontas disunity
" org, David Keyes, fear a d’oibrigh mar chomhordaitheoir faoi Sharansky ar chláir um daonlathas ag an Institiúid Adelson, go Nua Eabhrac agus Washington, áit ar fhreastail sé ar chomhdháil faoi easaontas Idirlín ag an Washington Institute for Near East Policy (WINEP), meitheal smaointe a chuir an *American Israel Public Affairs Committee* (AIPAC) ar bun.
easaontas binbeach bitter disagreement
" Bhí cur agus cúiteamh mór agus easaontas binbeach uaireanta i measc an phobail (nó i measc na ndaoine fásta a bhí timpeall ormsa agus mé ag fás aníos ar aon nós).
Easaontas disagreement
" Easaontas faoi Ainmneacha =============== Seachtar a bhí ar an cúrsa, le beirt stiúrthóirí ann.
heasaontas clé-deas left-right division
" Agus na meáin ag moladh go bhfuil sé thar am deireadh a chur le heasaontas clé-deas, toghfar Buddy Roemer (nó Jon Huntsman, b’fhéidir) mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe.
t-easaontas disunity
" ” Is cuma faoi na bratacha, mar sin, mairfidh an t-easaontas polaitiúil beag beann ar fhoirne rugbaí.
Dímheas agus Easaontas contempt and disagreement
" Dímheas agus Easaontas ========= Oíche Shamhna, bhí muid tigh s'aigesan agus tháinig cara dá chuid isteach.
teannas agus easaontas tension and disagreement
" Ach sna nuachtáin, ar an teilifís agus ar an raidió sna míonna atá amach romhainn, ní bheidh ach mórchuimsiú scéalta ar mhórshiúlta, teannas agus easaontas.
ag cothú easaontais giving rise to disagreement
" Níor cheart cead a thabhairt cluichí eile a imirt i bPáirc an Chrócaigh agus níor chóir go mbeadh an cheist áirithe seo ag cothú easaontais idir cuid ball Chumann Lúthchleas Gael.
Easaontas disagreement
" Easaontas idir pháirtithe an rialtais, idir pholaiteoirí agus saol na feirmeoireachta agus fíorais astuithe astu féin a chuir Tomas Ó hAodha i mbun méarchláir.