Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in easnamh missing
" Agus sin gné amháin nach mbíonn riamh in easnamh ag an nGóilín! Tugtar, mar a dúirt mé, tus áite don amhrán agus don amhránaí agus tugtar cluas éisteachta nach bhfuil a shárú le fáil in áit ar bith.
easnaimh deficiencies
" Tá a fhios againn go léir na heasnaimh a chuireann as do shaothrú na Gaeilge.
easnamh lack
" Níl aon bhéim dháiríre curtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe ar bhóithre ar ardchaighdeán i gConamara, agus beidh dris chosáin roimh mhuintir Charna nó go gceartófar an t-easnamh sin.
in easnamh uathu missing from them
" Dar leis go mbeadh an gairmiúlachas an-chontúirteach do na clubanna toisc go mbeadh na himreoirí is fearr in easnamh uathu, rud atá tar éis tarlú i gcás an rugbaí i gCúige Mumhan.
in easnamh lacking
" Rinne sé gearán go raibh "fuil agus anam" in easnamh ar an ealaín nua-aimseartha, agus go raibh an ealaín a bhí sa taispeántas fuar agus róthomhaiste.
in easnamh missing
" asp)Cuid 1 den alt ar fáil anseo Le cur leis an uafás, nuair a rinne an Teachta John Bruton (Fine Gael) fiosrú fuair sé amach go bhfuil 1,516 tuairisc seandálaíochta in easnamh (is gá tuairisc a chur ar fáil faoi gach láthair).
in easnamh missing
" Ach bhí rud tábhachtach in easnamh: bhí ainm in easnamh ar an gcathair agus bhí an t-easnamh seo ag déanamh buartha do dhaoine.
easnamh deficiency
" Ach ní raibh mórán áiseanna ar fáil chun an méid sin a dhéanamh in Toronto na laethanta sin: go bhfios dom, ní raibh ranganna le fáil ná leabhair le ceannach, easnamh a ghoill go mór orm.
easnamh want, deficiency
" Ach, mar a thug mé le tuiscint ag an tús, easnamh: mná.
in easnamh missing
" Bhí rud éigin in easnamh.
easnamh shortfall
" An-cháinteach, mar shampla, faoi easnamh i gclár caipitil an Údaráis ach ag an am chéanna bhí sé ar dhuine de na comhaltaí a mhol go ndíolfaí Tithe Saoire Eanach Mheáin don tríú tairiscint ba mhó, ar chaillteanas €0.
easnaimh deficiencies
" ” Feiceann sé easnaimh, áfach.
easnamh lack
" Is trua sin, mar is í foireann iomána Aontroma an fhoireann is fearr i gCúige Uladh le fada, cúige ina bhfuil an iomáint thíos agus an pheil thuas agus gan aon chosúlacht ann go bhfuil suim ar bith ag na contaetha ó thuaidh, seachas ag an Dún agus ag Aontroim, an t-easnamh sin a chur ina cheart.
in easnamh missing
" “Ba cheart go mbeadh Kennedy agus McCarthy ar an leibhéal céanna sna caogaidí, ach nocht an teilifís do Mheiriceá na tréithe a bhain le Kennedy a bhí in easnamh i gcás McCarthy.
easnamh cothromais negative equity
" Beidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin i 2015: “Méadú mór sa líon daoine atá ag táirgeadh a gcuid bia féin” Teaghlaigh in easnamh cothromais tar éis thitim na bpraghsanna Capaill oibre níos daoire ná tarracóirí anois Ach dá mbeadh freagairt éirimiúil agus thapa ó na rialtais Eorpacha tar éis na géarchéime in 2007? Bhuel, sin an cás deireanach: “**Roinnt Chothrom**”.
in easnamh missing
" Sílim féin go raibh cuid mhaith den mhí-ádh air sa mhéid is go raibh imreoirí tábhachtacha in easnamh de bharr iad bheith gortaithe nuair a bhí géarghá leo agus ní raibh mórán imreoirí den mhianach ceart ar fáil ar aon nós.
in easnamh missing
" Bhí leath dá chloigeann in easnamh, agus bhí a pheilbheas go hiomlán scoilte.
easnamh lack
" Caithfidh tú dul isteach sna ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha agus na ceantair iargúlta tuaithe leis an easnamh agus an fhaillí a fheiceáil i gceart.
in easnamh missing
" Bhí muid réasúnta sásta leis ach bhí ní éigin in easnamh agus chinneamar ar chuireadh a thabhairt do Liam Ó Maonlaí an pianó a sheinnt air.
in easnamh missing
" Is scil ann féin é bheith in ann plé le láithreoirí agus iad a láimhseáil – sin rud atá in easnamh, go mór mór i gcás léiritheoirí.
easnamh mór big deficiency
" Is chun freastal a dhéanamh ar an easnamh mór seo i saol phríomhchathair na hÉireann a bunaíodh Comharchumann Raidió Átha Cliath.
i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu in light of the able players they were missing
" Gur bualadh Tír Eoghain ar deireadh, ní iontas ar bith é i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu ar chúis amháin nó ar chúis eile.
easnaimh i seirbhísí máinliachta ar bhonn logánta deficiencies in surgical sevices at a local level
" **C** An Tánaiste agus an tAire Sláinte, Mary Harney: Calmacht léirithe aici lena cinneadh dul i mbun na Roinne Sláinte ach maireann na seandeacrachtaí céanna i dtaca le scuainí otharlainne agus easnaimh i seirbhísí máinliachta ar bhonn logánta.
in easnamh missing
" Faraor, briseadh isteach sa charr a bhí ar cíos againn in Port Arthur, a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth – b’fhéidir gurbh é ceann de na taibhsí a bhí ciontach! Bhí draíocht éigin ag baint leis an Tasmáin domsa a bhí in easnamh ar an gcósta thoir.
easnamh nó cailliúint a lack or a loss
" ” B’in rud amháin a chuir ag scríobh é, an chaoi gur mhothaigh sé easnamh nó cailliúint maidir le teanga, maidir le cultúr.
in easnamh missing
" Bhíodar in easnamh i gcoinne na Fraince agus bhí sin le brath ar fhoireann na hÉireann.
gach spréach fuinnimh in easnamh. every spark of energy missing.
" Bhreathnaigh na príosúnaigh a chonaiceamar mar dhaoine a bhí leath ina gcodladh, a súile leathdhúnta, gach spréach fuinnimh in easnamh.
easnamh omission
" “Easpa airgid agus cúrsaí iompair ba chúis leis an easnamh seo,” a dúirt Derek liom.
in easnamh. missing.
" Cé go bhfuil “gach rud” acu, tá rud éigin in easnamh.
in easnamh missing
" D’aimsigh sé triúr nua agus chuir fáilte ar ais roimh imreoir a bhí in easnamh le cúpla bliain roimhe de dheasca tinnis.
in easnamh missing
" Measaim gurb é is cúis le dearcadh an phobail ina leith ná go mbíonn an tuin chainte in easnamh ina chuid scríbhneoireachta.
easnamh bliantúil sa bhuiséad annual budget deficit
" Caitear níos mó airgid phoiblí in Albain ná i Sasana (go háirithe ar an oideachas agus ar fhostaíocht san earnáil phoiblí) agus bíonn easnamh bliantúil sa bhuiséad acu dá réir.
easnamh omission
" Mar gheall ar an easnamh seo, bhí mé amhrasach faoin “perspective on ethnicity” atá ag an údar, go mór mór nuair a deir sé sa réamhrá: “In the absence of any phenotypic or linguistic difference (the overwhelming majority of migrants being English speakers) .
in easnamh missing
" Is iad na nithe atá in easnamh ná cumarsáid, meas, oscailteacht, freagracht agus muinín.
easnamh daonlathach democratic deficit
" Deirtear go bhfuil easnamh daonlathach ag baint leis an AE, ach níl.
easnamh cothromais negative equity
" Níl aon taithí ag mórchuid na glúine sin ar dhífhostaíocht nó ar shochar leasa shóisialta, gan trácht ar easnamh cothromais – rud atá i ndán go cinnte don dream donasach sin a cheannaigh tithe le bliain anuas ar bheagán cothromais agus ar mhorgáistí móra.
easnamh mór a great loss
" Cé go bhfuil fuinneamh nua ag foireann na tíre don bhliain seo amach romhainn, tá easnamh mór sa champa gan leithéidí Sarahjane Belton, Patrique Kelly agus Germaine Healy atá tar éis éirí as an rugbaí de bharr gortaithe.
easnamh a lack
" An mhí seo, áfach, is mian liom tabhairt faoi easnamh i bhfad níos tromchúisí i gcomhaid na Roinne sin.
t-easnamh need
" An t-easnamh is mó a bhaineann leis na hiarrachtaí seo, ná céard a tharlóidh munar leor iad chun stop a chur leis an scrios atá á dhéanamh ar an domhan nádúrtha? Síleann an t-eacnamaí agus an t-éiceolaí Herman Daly (údar an leabhair Steady State Economics) nach leor an nasc idir fás geilleagair agus scrios comhshaoil a bhriseadh.
in easnamh missing
" Tuismitheoirí nach dtugann faoi deara go bhfuil duine de na páistí in easnamh go dtí go bhfuil an stáisiún seirbhíse fágtha acu.
t-easnamh náisiúnta national deficit
" Má d’fhás George Bush an t-easnamh náisiúnta, a deir cuid mhaith de na Poblachtaigh, ní cheart don Uachtaran Daonlathach seo níos mó a chur leis, agus is amhlaidh gur mar sin atá.
in easnamh wanting
" Is cosúil go bhfuil na bunbhuanna in easnamh air: cumas cumarsáide, tuiscint ar an phobal, fís don tír, intinn ghéar, agus misneach.
in easnamh wanting
" Tá an dualgas poiblí, an fhreagracht, agus an t-ionracas lom in easnamh inár gcultúr polaitiúil.
Easnamh loss, lack
" Meathlú geilleagrach? Cén meathlú geilleagrach? Easnamh de chaoga billiún Euro? Cén caoga billiún Euro? Baileoidh mo chairde sna léinte glasa síntiúis agus ranníocaíochtaí ó lucht an rachmais fud fad na tíre.
in easnamh in need of
" Tá an bonneagar is bunúsaí fós in easnamh ar phobal Ogoniland.
in easnamh missing
" Bhí blas fola i mo bhéal agus ceann de na fiacla tosaigh in easnamh.
easnamh deficit
in easnamh missing, missed
" Is ansin a bhíonn loinnir an lae in easnamh.
in easnamh absent
" Sé sin, níl san aontú nua seo ach mianta, tá mionsonraí agus plean cuimsitheach in easnamh.
in easnamh absent
" Cé gur turas in aisce a bhí ann ó thaobh dreapadóireacht de, bhí sé go hálainn thuas agus mhothaigh muid go raibh muid i dteagmháil leis an dúlra, rud a bhionn in easnamh i Learpholl, muna mbíonn sneachta trom ann!
easnamh a lack
" Canaim é, feadaim é agus braithim easnamh ann - tuigim go bhfuil tríú cuid ag teastáil.
in easnamh wanting
" Tá rud éigin in easnamh ann.
in easnamh needed, lacking
" An rud is mó atá in easnamh ná a laghad daoine óga atá ag scríobh – faoi 30 nó 35 bliain d’aois fiú.
in easnamh needed
" "Óir, an rud a bhí in easnamh le 50 bliain de réimeas Stormont ná rannpháirtíocht ghníomhach mórchuid mhór den phobal náisiúnach agus ní thiocfadh leis a bheith buan mar gur séanadh cumhacht polaitiúil ar an mheánaicme Chaitliceach ach inniu tá an stát ó thuaidh buanseasmhach cionn is gur bhronn an mheánaicme sin buanseasmhacht air agus iad sáite go fonnmhar in oibríochtaí an stáit," ar sí.
t-easnamh lack
" Muna bhfuair, ímpím ar an IFI, nó ar an Light House an t-easnamh sin a leigheas, más easnamh é.
t-easnamh deficit
" Díríonn Brian Campfield aird na ndaoine sin a deir nach bhfuil bealach ar bith eile ann an t-easnamh sa cháinaisnéis a ghlanadh ar Paul Krugman agus ar Joseph Stiglitz, beirt bhuaiteoirí Dhuais Nobel sa Gheilleagar.
fhís in easnamh vision missing
" Bhí an fhís in easnamh chomh maith leis an tuiscint.
easnamh want, lack
" In ainneoin a mhionchoiriúlachta, in ainneoin go bhfaigheann scór duine bás de bharr cleas a d’imir sé chun airgead a dhéanamh, in ainneoin gach máchail, on agus easnamh ar a charachtar, éiríonn le Bardem dínit agus uaisleacht a aimsiú in áit éigin domhain sa bhfear suarach, briste seo.
in easnamh lacking
" Tá an bonneagar sóisialta seo in easnamh in Éirinn.
in easnamh not present
" Is céim síos é don fhoireann idirnáisiúnta go bhfuil cuid de na himreoirí is fearr, dar le cách, in easnamh.
in easnamh missing
" Sna spéartha lasmuigh tá Antares anois in easnamh, alpaithe ag Melancholia.
an easnamh cháinaisnéise atá ceadaithe of the permitted budget deficit
" Cuireann na rialacha sin teorann ar mhéid an easnamh cháinaisnéise atá ceadaithe (3% OTI) chomh maith le teorainn ar an mhéid fiacha ina n-iomláine atá ceadaithe ag tír ar leith (60% OTI).
ach brí a bheith in easnamh air other than having no meaning specified
" Thuigeas gurbh ann do ghaol éigin (an nasc 'Ceilteach' uileghabhálach úd, nach brí leis go hiondúil ach brí a bheith in easnamh air) idir Éirinn agus an Ghailís ag dul siar sa stair.
in easnamh ag barr na leice missing at the top of the stone
" Bhí scata beag againn ag breathnú go ciúin ar an leic nua nuair a dúirt fear go borb linn go raibh an focal “dúnmharfóir” in easnamh ag barr na leice.
rud éigin in easnamh ionam I was missing something
" Thosaigh mé ag leanúint GAA i Meiriceá, ach is dóigh, agus mé thar lear, gur mhothaigh mé go raibh rud éigin in easnamh ionam, mo theanga dhúchais, b’fhéidir.
Tá rud amháin in easnamh ort fós you still need one thing
" ” Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: Tá rud amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh.
roinnt mhaith imreoirí cáiliúla in easnamh a fair amount of famous players absent
" Deirim gur deireadh ré atá ann in ainneoin go bhféadfadh sé tarlú go mbuafadh Cill Chainnigh craobh na hÉireann an bhliain seo chugainn ach go fiú is go dtarlaíonn sé sin, is dóigh liom go mbeidh roinnt mhaith imreoirí cáiliúla in easnamh agus aghaidheanna nua ina n-áit.
an t-easnamh sa bhuiséad a mheas go garbh to roughly guess the budget
" Ní raibh ach 36% de na daoine a ceistíodh in ann an t-easnamh sa bhuiséad a mheas go garbh.
an t-easnamh the deficit
" Ar an drochuair tá an t-easnamh atá ar bhuiséad na tíre seo fós ar cheann de na heasnaimh is airde san Eoraip.
a fhágfas easnamh de which shall leave a deficit
" 5 míle milliún, rud a fhágfas easnamh de 5% de OTI ag deireadh na bliana seo chugainn (bhí sé 8% an bhliain seo caite agus 30% sa bhliain 2010).
Easnamh mór a great lack
" Easnamh mór a bhaineann le stair na hÉireann ná go gceapann lucht a scríofa go minic go gcríochnaíonn a gcuid oibre ag calafoirt agus ag aerfoirt na tíre.
ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu not a grain was missing
" Insítear gur tharrthaigh sé mairnéalaigh a bhí i mbéal an bháis ar an mbealach ar ais dó ón Talamh Naofa; gur thug sé páistí a bhí básaithe ar ais ar an saol; gur shábháil sé muintir Myra ón ocras nuair a d’éirigh leis arbhar a fháil uaidh long a bhí ar an mbealach go Byzantium ach nuair a shroich sí lucht trádála Byzantium, ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu! Cuireadh i ngéibheann é ar feadh seala i rith ré an Impire Diocletian, mar b'iondúil ag an am do Chríostaíthe.
bhí in easnamh b’fhéidir which was needed
" Tá ilghnéitheacht agus saibhreas agus beocht sa cheol a sheinntear inniu a bhí in easnamh b’fhéidir san am atá thart.
an t-easnamh sin that need
" Cuireadh an t-easnamh sin ar shúilibh an Phríomh-Aire Julia Gillard, le linn laethanta buile luatha a réime ghairide.