Ach is daoine sochma réchúiseacha iad, agus feictear dom go mbeidís sásta glacadh le dáta nua don lá náisiúnta – ar chuntar go mbeadh lá saoire poiblí acu ar an dáta nua!
**CB: An mó leanbh a bhí agaibh an uair sin?**
MDÓS: Bhí beirt i Siceagó againn agus ansan fuair Danny *free transport* abhaile! Ní caitheadh díol as aon ticéad dó!
**CB: An raibh sé deacair oraibh socrú síos nuair a thánamhair abhaile?**
MDÓS: Bhí an chéad bhliain deacair – bhí rudaí chomh tapaidh thall is rudaí chomh socair anso.