Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eite wing
" Maidir leis an dá eite sa Pháirtí Poblachtach, is fabhalscéal é sin.
i bpolaitíocht na heite clé left-wing politics
" Is cuimhin liom agallamh raidió a chur tráth ar dhuine a bhí an-ghafa i bpolaitíocht na heite clé.
an eite dheis the right wing
" Tugadh dúshlán do cheannaireacht an pháirtí agus ba bheag nár buadh ar an eite dheis.
claonadh na heite deise right-wing leaning
" Tá an Páirtí Daonlathach tar éis claonadh na heite deise a thabhairt don Chomhrialtas FF/PD.
d'idé-eolaíocht na heite deise right-wing idealogy
" Ceapadh Letizia Moratti mar Aire Oideachais tar éis bhua na heite deise le teacht i gcomharbacht ar Luigi Berlinger agus tá sise ag féachaint le leasuithe a chur i bhfeidhm sa chóras scolaíochta chun go mbeadh rian d'idé-eolaíocht na heite deise le brath níos mó air.
páirtithe na heite clé the left-wing parties
"páirtithe na heite clé i gcoinne na leasuithe chomh maith ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil na polaiteoirí i mbun argóna faoi na ceisteanna seo de bharr na polaitíochta seachas de bharr iad a bheith buartha faoin oideachas nó faoin mhúinteoireacht.
an eite chlé the left wing
"an eite chlé ag tacú go láidir leis na hinimircigh, ag iarraidh go mbronnfaí cearta áirithe orthu (an cead vóta a chaitheamh, mar shampla) agus ag léiriú an-bhá leo.
eití wings
" Ag bailiú eolais ======= Is cinnte go bhfuil achan dream - poblachtánaigh, dílseoirí, PSNI agus eití éagsúla d'Arm na Breataine - ag coinneáil súl ar a chéile agus ag bailiú eolais ar a chéile, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil ionsaithe fuilteacha ar na bacáin.
eite dheas right wing
" Tá dul chun cinn féideartha Shinn Féin ó dheas - ainneoin go bhfuil go leor *hype* ag baint leis - ag cur eagla ar eite dheas na Breataine agus na hÉireann.
na heite deise of the right wing
" Baineann na veaineanna dubha seo leis an *uyoku*, páirtithe agus eagraíochtaí na heite deise.
clár den eite chlé left wing programme
" Comhghuaillíocht ======= Dúirt Gerry Adams go raibh an seanréimeas polaitíochta ag athrú agus gur féidir comhghuaillíocht a bhunú idir Sinn Féin, an Páirtí Glas agus Páirtí an Lucht Oibre le clár den eite chlé a chur chun tosaigh.
an Eite Dheas Nua the New Right
" Bhí tionchar an-mhór ag dúnmharú Pim Fortuyn, an fear a d'fhógair é féin ina cheannaire ar an Eite Dheas Nua san Ísiltír, ar thorthaí olltoghchán mhí na Bealtaine.
eití wings
" Tá difear an domhain idir an UDA agus a eití polaitíochta éagsúla ó shin i leith, ach b'fhéidir gur iarsma den smaointeoireacht radacach sin a bhí i "Common Sense" atá ag séideadh fríd an UDA faoi láthair, áfach.
polaiteoirí de chuid na heite deise right-wing politicians
" Le cúpla bliain anuas, tá roinnt polaiteoirí de chuid na heite deise ag moladh go ndéanfaí na drúthlanna a athoscailt; tá siad mídhleathach faoi láthair ach tá siad ann mar sin féin, cé go mbíonn siad ag cur i gcéill gur gnó eile ar fad iad.
an eite dheas the right wing
" Nuair a thosaigh an chaint faoi chogaíocht, bhí an eite dheas ina dtost ar dtús.
níos faide ar an eite dheas further to the right
" Beidh cainteanna chomh luath agus is féidir ag an "New UUP", atá níos faide ar an eite dheas ná mar a bhí le fada, le Tony Blair.
den eite dheas of the right wing
" Mar is dual do rialtas den eite dheas, tá sé de nós ag an rialtas a rá gurb é an margadh an máistir agus gur aige atá fuascailt gach faidhbe.
eite spóirt sporting wing
" Fear a labhraíonn go binbeach fá Chaitlicigh, agus fán chultúr Éireannach, an fear a dúirt gur teanga leipreachán a bhí sa Ghaeilge, a thug "leadbelly" ar Alex Maskey i ndiaidh do dhílseoirí é a scaoileadh sa bholg, an fear a dúirt gurb é Cumann Luthchleas Gael eite spóirt an IRA.
eite óige youth wing
" Tá an UDA ag dul a chur cosc aoise ar ógánaigh atá ag iarraidh dul isteach sa Ulster Young Militants, eite óige na heagraíochta - is léir go bhfuil siad ag pleanáil don todhchaí.
eite wing
" I láthair na huaire, tá dhá eite an pháirtí ag mún (go meafarach) ar a chéile agus an fhírinne lom ag achan dream acu, dar leo féin.
an eite choimeádach the conservative wing
" Tá toradh dearfach a d'fhéadfadh a theacht as an choimhlint seo is déanaí: b'fhéidir go dtig le Trimble smacht a fháil ar an pháirtí agus straitéisí an UUP a mhúnlú mar is mian leis féin, gan a bheith ina phríosúnach ag an eite choimeádach.
eite wing
" Ach le laige Trimble agus na heite sin den UUP, is amhlaidh is láidre atá an t-aontachas eitneach - an *credo *gur dream ar leith iad Protastúnaigh Uladh, *the Chosen People* - ag éirí.
á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise being driven by worn-out right-wing ideology
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
tógtha le polaitíocht na heite clé taken with left-wing politics
" Bhí guth agus ceol iontach aige, agus cosuil leis an chuid is mó den dream sin, chítear dom, feasóg air agus é tógtha le polaitíocht na heite clé.
eite wing
" Tá na páirtithe eile dubh in éadan athruithe bunúsacha sa Chomhaontú agus ní bhfaighidh eite Robinson/Dodds spreagadh ar bith uaidh sin.
eite fhrith-Chomhaontaithe an pháirtí the party's anti-agreement wing
" Ionsaí ar Trimble ======= Ach cad é fán UUP? An féidir gur UUP agus Jeffrey Donaldson i gceannas air a bheas ag glacadh páirte i cibé idirbheartaíocht a bheas i gceist? Is léir go bhfuil eite fhrith-Chomhaontaithe an pháirtí réidh le hionsaí mór a dhéanamh ar Trimble le hé a dhíshealbhú.
eite dheas right wing
" "Ceann de na pictiúir is gáirsiúla, is mímhorálta agus is scannalaí dá bhfaca mé riamh …" Ráiteas é sin a tháinig ó bhéal an pholaiteora den eite dheas Giorgos Karatzaferis nuair a chonaic sé saothar de chuid an ealaíontóra Bheilgigh Thierry de Cordier darb ainm "Asperges Me (Dry Sin)" in *Outlook*, an taispeántas nua-ealaíne is mó a bhí riamh le feiceáil sa Ghréig.
ar an eite chlé nó dheas on the left of right wing
" Maidir lenár dTaoiseach faoi láthair, ní léir an le Boston nó Berlin a sheasann sé, an bhfuil sé i bhfábhar an phríobháidithe nó tacú le comhlachtaí stát-urraithe, nó an bhfuil sé ar an eite chlé nó dheas i bhFianna Fáil Cead a chinn do McDowell ======= Má chuir ráitis agus iompar an Taoisigh féin as don phobal i gcoitinne in 2003, tá go leor de chosmhuintir Fhianna Fáil ag lochtú an Taoisigh as cead a chinn a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, le linn 2003.
eite phragmatach the pragmatic wing
" Duirt sé go raibh an eite phragmatach - Peter Robinson agus Nigel Dodds - ag rá rudaí a bhí níos diongbháilte ná cuid ráiteas Ian Paisley.
heite fhorásach progressive wing
" An rud is scáfara ná go bhfuil Bob Stoker luaite le heite fhorásach an UUP agus measann náisiúnaithe go bhfuil sé ag tabhairt tacaíochta go hindíreach d'fheachtas seicteach a bhfuil sé mar aidhm aige Caitlicigh a ruaigeadh amach as ceantracha Protastúnacha.
ar fhealsúnacht na heite clé nó deise on the philosophy of the left or right wing
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
an eite chlé the left wing
"an eite chlé in ísle brí ar chúiseanna stairiúla.
an eite chlé the left wing
" Is ar éigean a bhí na torthaí fógartha ná gur thosaigh cúlbhinseoirí i bhFianna Fáil ag rá go raibh súil caillte ag Fianna Fáil ar an chúis a bunaíodh an páirtí, sin le rá le fealsúnacht náisiúnta phoblachtánach ar an eite chlé a chur chun cinn.
bpolaitíocht na heite clé left-wing politics
" Bhíos sáite i gcultúr Shasana agus gníomhach i bpolaitíocht na heite clé.
de chuid na heite deise of the right wing
" Diúltaíonn polaiteoirí áirithe de chuid na heite deise go hiomlán do bhunú Saorstáit Bhascaigh.
eacnamaithe na heite deise right-wing economists
" Is léir gurb é an chomhairle atá á tabhairt ag eacnamaithe na heite deise ná gur cheart an aerlíne a phríobháidiú.
polaitíocht na heite clé left-wing politics
" Is daoine a bhfuil bá acu le polaitíocht na heite clé iad seo.
ón eite mhíleata from the military wing
" Agus mhaígh sé go raibh an chumhacht i ngluaiseacht na poblachta ag bogadh ón eite mhíleata go dtí an eite pholaitiúil.
an eite pholaitiúil the political wing
" Agus mhaígh sé go raibh an chumhacht i ngluaiseacht na poblachta ag bogadh ón eite mhíleata go dtí an eite pholaitiúil.
a laige is atá an eite chlé the weak nature of the left wing
" An eite chlé ======= Fadhb eile a bhaineann leis an Mheánoirthear is é a laige is atá an eite chlé, dar le Fisk.
de chuid na heite clé of the left wing
" Agus ar eagla go sílfeadh éinne gur ceist í seo a bhaineann le dornán beag antoisceach de chuid na heite clé, níor mhiste a mheabhrú go bhfuil Éire cáinte ag eagraíochtaí creidiúnacha idirnáisiúnta maidir leis an cheist áirithe seo.
tráchtairí den eite dheis right-wing commentators
" Ar an raidió is mó atá siad sin le clos ag labhairt le tráchtairí den eite dheis atá ar aon intinn leo.
eite chlé left wing
" ” Páirtí an Lucht Oibre ======= Tá Muireann ina ball de Lucht Oibre le blianta fada anois ach deir sí go mbraitheann sí rud beag míshuaimhneach sa pháirtí anois, de bhrí go bhfuil sé tar éis bogadh ón eite chlé go dtí an lár.
an eite chlé the left wing
" Rinne iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ruairí Quinn, botún mór roimh an olltoghchán deireanach nuair a chuaigh sé in adharca le Gerry Adams i ndíospóireacht ar “The Late Late Show” faoi cé atá i gceannas ar an eite chlé in Éirinn.
de chuid na heite clé of the left wing
" Tá corradh le 100 feisire ag na Liobrálaigh, leathchéad ag an Bloc Québecois, agus 30 nach mór ag an NDP de chuid na heite clé.
eite wing
" Íorónta ======= An dea-scéala – má chreideann tú go bhfuil Sinn Féin i ndáiríre ag bogadh chun tosaigh chuig an pholaitíocht shíochánta amháin - nach raibh baill d’eite Adams/McGuinness den ghluaiseacht páirteach sa scliúchas.
na heití ar fad all the wings
" Beidh sé doiligh fiú ar Fhear Dia an Dá Thaobh na heití ar fad san áit sin a shocrú agus a shásamh; ach níl fear níos fearr ná é chun iarracht a dhéanamh.
baill áirithe d'eite dheis certain members of the right wing
" Ba san am seo a thosaigh baill áirithe d'eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh ag pleanáil don am a mbeidís ar ais i gcumhacht.
ag díriú ar an eite dheis focusing on the right wing
" Is dócha gur cinneadh chun feabhais é ceapachán Michael McDowell mar cheannaire sa mhéid is go bhfuil sé ag díriú ar an eite dheis – áit nach bhfuil róphlódaithe i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair.
ón eite chlé from the left wing
" Níl mórán athrú tagtha ar thacaíocht an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna agus iad faoi ionsaí ag Fine Gael san earnáil liobrálach mheánaicmeach agus ag Sinn Féin ón eite chlé.
i bpolaitíocht na heite clé in left-wing politics
" Bhí aithne mhaith agam féin ar Colin i Learpholl, áit a raibh sé gníomhach i bpolaitíocht na heite clé nuair a bhí sé ina dhéagóir, san fheachtas dlúthpháirtíochta le Vítneam, mar shampla.
nuachtáin de chuid na heite clé left-wing newspapers
" Chuir muid nuachtáin de chuid na heite clé agus litreacha chuige ó Learpholl agus ba léir ó na litreacha a scríobh sé ar ais go raibh scoilt san IRSP.
lucht vótála na heite deise, right-wing voters,
" Seachas breathnú orthu mar áiteanna a chuirfeadh coirpigh ar atreo, tá daoine, go háirithe lucht vótála na heite deise, ag iarraidh go gcuirfí pionós ar phríosúnaigh thar a dtréimhse ar fad sa phríosún.
i dtreo na heite clé barraíocht. to far to the left.
" Léiríonn sé go bhfuil muintir na Poblachta in amhras faoi pholaitíocht atá i dtreo na heite clé barraíocht.
sna heití, in the wings,
" Bhí na cailíní ag damhsa go corpchuara chun tosaigh, bhí na buachaillí ina seasamh go craos-súileach sna heití, bhí an ceol dainséarach, fiáin agus bhí an oíche lán le hallas gáirsiúil, brothallach lár an tsamhraidh.
polaitíocht na heite clé left wing politics
" Is dócha go raibh mé i gcoinne ‘nóisean na gairme’ ar bhonn idé-eolaíoch mar gur bhain mé go láidir le polaitíocht na heite clé – creid é nó ná creid!”Is dócha, mar sin, go n-aontódh Myers le ráiteas cáiliúil Winston Churchill: “If a man is not a socialist by the time he is 20, he has no heart.
na heite deise, of the right wing
" Ní raibh fágtha aige le ceacht a mhúineadh dó ach Huckabee Finn, laoch thar laochra na heite deise, Críostaí thar Chríostaithe.
eite mhór a big fin
" Ní raibh siorc feicthe agam san fharraige go dtí sin agus bhí imní orm nuair a chonaic mé eite mhór ag gobadh amach as na tonnta.
Críostaithe den eite dheis right-wing Christians
"Críostaithe den eite dheis go mór faoi chomaoin ag airgead Moon chomh maith.
rialtas den eite chlé left-wing government
" Bhí leithscéal nua ó SAM le rialtas den eite chlé ar nós na *Sandanistas* i Nicearagua a dhíbirt.
ar an eite dheis on the right
" Maoiniú flaithiúilTá go leor daoine ar an eite dheis a bhfuil maoiniú flaithiúil faighte acu ó Moon, muintir Bush ina measc.
foilseachán bolscaireachta na heite deise. the right wing's propaganda publication.
" Níl ann i ndáiríre ach foilseachán bolscaireachta na heite deise.
boic mhóra na heite deise the big right-wing bucks
" Rinne Moon teagmháil le boic mhóra na heite deise sa tSeapáin go luath sna seascaidí, nuair a chuir bunaitheoir CIA na Cóiré (KCIA), Kim Jong-Pil, é in aithne do Yoshio Kodama agus Ryoichi Sasakawa – beirt choirpeach cogaidh agus máistrí *yakuza* a thosaigh ag obair do CIA na Stát Aontaithe (SAM) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
i gcogadh mínaofa na heite deise in the right wing's holy war
" Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.
dá eite two factions
" Ach téadchleasaíocht atá i gceist anseo; tuigeann na ceannasaithe nach féidir leo an Teach Bán a bhaint amach gan an dá eite a thabhairt leo – lucht tacaíochta Obama *agus* lucht tacaíochta Clinton.
eite mhíleata military wing
" Déarfaidh Sinn Féin go bhfuil bua acusan mar bhí an t-aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ar cheann de na héilimh ba thábhachtaí leo ó tharla go raibh an seanRUC ina eite mhíleata de chuid an rialtais Aontachtaigh le leathchéad bliain.
eite wing
" Níos measa fós, ámh, ná chomh solúbtha agus atá lucht tacaíochta na heite seo.
eite chlé left wing
" Is polaiteoir neamhspleách den eite chlé í Catherine Connolly, a fáisceadh as an lucht oibre, agus a bhíodh i bpáirtí an Lucht Oibre go dtí roinnt bheag blianta ó shin.
eite dheis right wing
" Cheap roinnt daoine ar an eite dheis i mbunaíocht Iosrael nach mbeadh Hamas sásta páirt a ghlacadh i bpróiseas na síochána, agus go gcuirfidís deireadh leis na comhaontuithe a bhí ann leis an PLO, a dúirt oifigeach SAM nach raibh ag iarraidh a ainm a thabhairt.
heite chlé left wing
" Tugadh léachtaí ag deireadh seachtaine faoi roinnt de na pearsana móra de chuid na heite chlé i stair na hÉireann: daoine ar nós Big Jim Larkin agus Michael Davitt.
i dtreo na heite deise to the right wing
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
eite dheis right wing
" ’ Faigheann an Páirtí Daonlathach beagnach 60 faoin gcéad (35 faoin gcéad i gcás na bPoblachtánach) dá chuid airgead ó Ghiúdaigh atá dígeanta ina dtacaíocht don eite dheis san Iosrael.
heite deise right wing
" Mac polaiteora na heite deise is ea Roman.
Eite Armtha armed wing
" An Eite Armtha Tá rian an neamhghéillte sin ar an KNLA, áfach.
eite dheis right wing
" Páirtí náisiúnach iad ar an eite dheis a chuireann an bhéim ar shaíocht, oidhreacht, agus faraor, ar leas na Hiondúch.
eite chlé left wing
" Thuig cuid mhaith daoine eile ar an eite chlé é seo fosta agus thug siad tacaíocht do Peter Cranie.
eite dheis right wing
" “There is no middle way for Americans: It is victory or holocaust,” a deir an bheirt a bhfuil baint mhór acu leis an eite dheis Iosraelach.
eite dheis right wing
" I bhfad amach ar eite dheis an Pháirtí, ámh, tá scata mionghrúpaí ag aontú in aghaidh rialtais Obama agus ceist mhór amháin á dtarraingt le chéile: ról an rialtais i saol na tíre.
eití éan birds wings
" Sníomhann fuachteití éan,oighear-ré,sin mo scéal.
eite chlé left wing
" ece) Chreid go leor ar an eite chlé é in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurbh ó lucht Iosrael a theastaigh an cogadh.
eite dheis right wing
" Is léir go bhfuil dearcadh an Uasail Lieberman athraithe beagáinín ó shin, mar a facthas i 2008 nuair a sheas sé taobh thiar d'fheachtas John McCain agus Sarah Palin, ach cuireann sé síos ar féin mar Dhaonlathach go fóill, fiú más ar eite dheis an pháirtí é.
eite wing(s)
" Cé go bhfuil an t-ainm liobrálach acu, is páirtí coimeádach é an Páirtí Liobrálach, agus tá dhá eite ann: an eite chlé, atá liobrálach i dtaobh dhúnghaoisí sóisialta, agus an eite dheis, atá an-choimeádach.
eite dheis right wing
" Tá faitíos orthu roimh thrí dhream: eite dheis a bpáirtí, atá ag cur laige agus amaidí ina leith, polaiteoirí sa mbaile ar an eite chéanna, atá ag eagrú feachtas ina n-aghaidh le cinntiú go gcaillfidh siad a suíocháin i dtoghchán lárthéarma 2010, agus a dtoghthóirí, atá á ngríosadh ag na polaiteoirí céanna agus scaothairí raidió is teilifíse.
eite dheis right wing
" Ba léir go raibh go leor daoine, go háirithe ar an eite dheis, a sheas go láidir in aghaidh réimeas nua na nDaonlathach, agus a shíl gur loic an réimeas a bhí ann ar feadh ocht mbliana, réimeas George Bush agus na bPoblachtach, orthu freisin.
heite clé left wing
" Maíonn na buíonta seo go bhfuil baint ag na hagóideoirí Emberá le FARC, dream paraimíleata na heite clé, ach tá roinnt Emberá easáitithe mar gheall ar bhagairtí ó FARC chomh maith.
heite deise right wing
" Ba é Sarkozy laoch na heite deise, polaiteoir a raibh chuile dhuine ag caint faoi agus a bhí á ullmhú féin le teacht i gcomharbacht ar Jacques Chirac mar uachtarán ar an tír.
eite eile another arm
" Tá gach uile eagraíocht á maoiniú ag an gcáiníocóir ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, bíodh sé trí Fhoras na Gaeilge, An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, nó tríd An Roinn Oideachais nó trí eite eile den státchóras.
eite dheis right wing
" Tá sé ag éirí tuirsiúil a bheith ag éisteacht leis na cláracha cainte raidió, ó nach bhfuil ach aon churfá amháin acu, idir láithreoirí agus éisteoirí: "Croch Iad! Croch na Feidhmeannaigh!" Go polaitiúil, tá an eite dheis deighilte faoin gceist, díreach mar a thuaras le déanaí.
eite dheis right wing
" As an naonúir breitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát, cheap George W Bush triúr acu (Na Breithimh Alito, Thomas, agus Roberts) agus tá siad seo go mór ar an eite dheis.
heite fíordheise extreme right-wing
" Tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an bua ag páirtí de chuid na heite fíordheise in olltoghchán an 9 Meitheamh agus go mbeidh fear atá cosúil le m’iar-mhúinteoir tiomána ina Phríomh-Aire ar an Ísiltír.
hEite Clé left wing
" Díomá na hEite Clé === Níor éirigh go rómhaith leis an Lucht Oibre dul i ngleic leis an neamh-chomhionannas, afách, atá níos measa sa Bhreatain ná mar atá in aon tír Eorpach eile.
eite clé left wing
" uk Bhí ceangal láidir idir *The Connolly Association*, eagraíocht Éireannach den eite clé <http://www.
eite wing(s)
" Chun síocháin a chruthú i dTuaisceart Éireann, dar leis an mbeartas nua, ní raibh le déanamh ach arm na Breataine a chur i mbun cogaíochta leis an dá eite den *IRA* chun iad a bhriseadh agus bingo, thiocfadh deireadh leis na tríoblóidí ó thuaidh.
eite clé leftwing
" Baineann sé leis an eite clé agus is ionad tábhachtach é do WOW.
heite deise right wing
" Pamela Geller, cuir i gcás, blagadóir as Nua-Eabhrac a bhfuil luí aici le polaitíocht na heite deise ("Atlas Shrugs" is ainm dá blag, in ómos don fhealsúnaí frithchumannach Ayn Rand) agus leis an bhfrith-Ioslamachas (bhunaigh sí grúpa darb ainm *Stop Islamization of America* ar mhúnla na buíne *Stop Islamisation of Europe* sa Danmhairg agus sa Ríocht Aontaithe).
eite a wing
" Mar sin, an dearcadh a bhí ag Poblachtanaithe Oifigiúla, na *“Stickies”*, agus eite i NICRA a mheas go dtiocfadh aontú na tíre mar thoradh ar leasaithe sna Sé Chontae, tá an dúnghaois sin anois á leanstan ag Sinn Féin an lae inniu chomhair a bheith 50 bliain ó tháinig sé chun cinn.
heite chlé left wing
" ó Shligeach-Liatroim, Jimmy Devins agus Éamonn Scanlon, nach dtagann faoi aoireacht Fhianna Fáìl ach a vótáileann leis an rialtas i gcónaí; - sa bhfreasúra tá 75 vóta idir FG (51), LO (20) agus SF (4); - tá ochtar neamhspléach ann, triúr acu a mbíodh sé de nós acu vótáil i gcónaí leis an rialtas de bharr socruithe speisialta a bhí déanta leo, ’siad san, Jackie Healy-Rae, Michael Lowry agus Noel Grealish ach tá Grealish, tar éis a thacaíocht a tharraingt siar de bharr na giorruithe atá déanta ag an HSE i réigiún an Iarthair; - tá triúr easantóirí eile de chuid Fhianna Fáil atá ag bagairt vótáil in aghaidh an rialtais, ’siad san, Mattie Mc Grath, Joe Behan agus James Mc Daid; - Tá beirt neamhspléach eile ar thaobh na heite chlé, Finian Mc Grath agus Maureen O Sullivan, nach mbeidh in ann tacú leis an gcéad Cháinaisnéis eile.
na heite clé left wing
" Níorbh fhada go raibh stáisiúin nuachta ar fáil dóibh siúd ar thaitin nuacht Chríostúil leo, nuacht na heite clé, nuacht thapa.
na heite deise right wing
" Creideann sé i bpolaitíocht na heite deise agus i gceart na ngnólachtaí agus na bhfostóirí.
heite deise right wing
" Tá tú ar thaobh na heite deise, nó ar thaobh na heite clé, agus sin a bhfuil de.