Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eite dheas right wing
" Tá dul chun cinn féideartha Shinn Féin ó dheas - ainneoin go bhfuil go leor *hype* ag baint leis - ag cur eagla ar eite dheas na Breataine agus na hÉireann.
an Eite Dheas Nua the New Right
" Bhí tionchar an-mhór ag dúnmharú Pim Fortuyn, an fear a d'fhógair é féin ina cheannaire ar an Eite Dheas Nua san Ísiltír, ar thorthaí olltoghchán mhí na Bealtaine.
an eite dheas the right wing
" Nuair a thosaigh an chaint faoi chogaíocht, bhí an eite dheas ina dtost ar dtús.
níos faide ar an eite dheas further to the right
" Beidh cainteanna chomh luath agus is féidir ag an "New UUP", atá níos faide ar an eite dheas ná mar a bhí le fada, le Tony Blair.
den eite dheas of the right wing
" Mar is dual do rialtas den eite dheas, tá sé de nós ag an rialtas a rá gurb é an margadh an máistir agus gur aige atá fuascailt gach faidhbe.
eite dheas right wing
" "Ceann de na pictiúir is gáirsiúla, is mímhorálta agus is scannalaí dá bhfaca mé riamh …" Ráiteas é sin a tháinig ó bhéal an pholaiteora den eite dheas Giorgos Karatzaferis nuair a chonaic sé saothar de chuid an ealaíontóra Bheilgigh Thierry de Cordier darb ainm "Asperges Me (Dry Sin)" in *Outlook*, an taispeántas nua-ealaíne is mó a bhí riamh le feiceáil sa Ghréig.
ar an eite chlé nó dheas on the left of right wing
" Maidir lenár dTaoiseach faoi láthair, ní léir an le Boston nó Berlin a sheasann sé, an bhfuil sé i bhfábhar an phríobháidithe nó tacú le comhlachtaí stát-urraithe, nó an bhfuil sé ar an eite chlé nó dheas i bhFianna Fáil Cead a chinn do McDowell ======= Má chuir ráitis agus iompar an Taoisigh féin as don phobal i gcoitinne in 2003, tá go leor de chosmhuintir Fhianna Fáil ag lochtú an Taoisigh as cead a chinn a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, le linn 2003.
eite dheas right wing
" Ó thuaidh, deirtear go raibh rialtais Aontachtacha sna 50 bliain ina mhair a réimeas níos faide ar an eite dheas ná Atilla the Hun, agus tá an fhianaise ann.
a raibh baill d’eite dheas where there were members of the right wing
" Chonaic mé í ag tabhairt léachta i nGleann Gormfhlaith a raibh baill d’eite dheas an DUP i láthair agus níl eagla ar bith uirthi dul isteach sa bhearna bhaoil leis an teachtaireacht a chraobhscaoileadh.
an Eite Dheas Chráifeach the Religious Right
" Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin.
an eite dheas reiligiúnda the religious right
" Tá an chumhacht atá ag an eite dheas reiligiúnda sna Stáit Aontaithe ag méadú an t-am ar fad agus céim mhór chun tosaigh a bheas ann dóibh má bhíonn an bua ag George W.