Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toghchán uachtaránachta presidential election
" In olltoghchán na Breataine, mar shampla, bhí a lán cainte (uaimse an mhí seo caite, cuir i gcás) faoi fhuarchúis, ach an bhfuil an scéal chomh simplí sin? Vótáil 59% san olltoghchán, an ráta is ísle ó 1918 (ach níos airde ná toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe i mí na Samhna).
d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP an election would suit the DUP very well
" Mí ó shin, d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.
olltoghchán general election
" Bígí i dteagmháil le bhur gcairde i ngach páirtí polaitiúil - tá olltoghchán ag teacht! Tá dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas i gcúrsaí oideachais Ghaeilge agus tá an ghluaiseacht Gaelscoileanna le moladh go hard.
olltoghchán general election
" Agus seo agaibh anois roinnt dá bhfaca Balor Fáidh nuair a ghrinnigh sé putóga an tráchtaire polaitíochta a bhí aige mar dhinnéar Lá Nollag: **Earrach 2002**: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór ar olltoghchán in Éirinn.
fheachtais toghcháin election campaign
" Le linn an fheachtais toghcháin anuraidh, ba é Francesco Rutelli (46), ceannaire an Pháirtí Radacaigh, an príomhchéile comhraic a bhí aige.
clár toghcháin election programme
" Bhain sé an-sult as clár toghcháin TG4 a chur i láthair an mhí seo caite, agus is léir go bhfuil an-mheas aige ar an stáisiún sin.
fheachtais toghachánaíochta election campaign
" Le linn an fheachtais toghachánaíochta dheireanaigh, thug gach páirtí polaitiúil sa tír geallúint go gcuirfidís córas nua ar bun a chinnteodh nach iad na gardaí a bheadh ag scrúdú a gcuid oibre féin níos mó.
olltoghchán general election
" Ó bhí an t-olltoghchán ann, áfach, braitheann inimircigh dara glúine iad féin deighilte amach ón tsochaí Ollannach, próiseas a thosaigh tar éis uafás an 11 Meán Fómhair agus a bhfuil treisiú ag teacht air ó bhí an 6 Bealtaine ann.
olltoghchán Tionóil Assembly election
" Tá an Trimbleach ar ndóigh ag smaoineamh anois ar an chéad olltoghchán Tionóil eile ar an chéad lá de Bhealtaine 2003, agus chan é amháin go bhfuil sé ag déanmah na *splits *leis an dá thaobh den pháirtí a choinneáil le chéile ach tá an síorsceitheadh líomaintí ó "fhoinsí slándála" ag cur an-bhrú air; agus tá caint arís ann fá smachtbhannaí in éadan Shinn Féin, constaic eile ar an bhóthar iarainn a bhfuil traein na síochána air.
i dtoghchán an tSeanaid the Senate elections
" Ag glacadh páirte a bhíomar i dtoghchán an tSeanaid, teach uachtarach an Oireachtais.
olltoghchán general election
" Chuaigh 66% de thoghthóirí na hÉireann amach chun vóta a chaitheamh san olltoghchán i mí na Bealtaine ach ní raibh ach 36% sásta vótáil sa reifreann deireanach ar Chonradh Nice.
olltoghchán general election
" Ar ndóigh, caithfidh muid fanacht go dtí an chéad olltoghchán eile, ach meastar go mbeidh seasamh láidir Trimble in éadan Shinn Féin ina chuidiú aige sa choimhlint leis an DUP agus táthar ag tuar go mbeidh an dá pháirtí aontachtacha cothrom i ndiaidh an toghcháin sin.
olltoghchán general election
" Ansin, d'éirigh an Rialtas an-ghnóthach agus iad ag cur in iúl don phobal go rabhadar ag iarraidh an ráta dífhostaíochta a laghdú; bunaíodh coimisiún a raibh sé mar aidhm aige tuarascáil a chur ar fáil faoin dífhostaíocht! Sea, ó bhuaigh Schröder an t-olltoghchán in athuair i mí Mheán Fómhair 2002, táthar fós ag caint faoin tslí is fearr leis an ngéarchéim eacnamaíoch a shárú.
céile comhraic toghchánaíochta election rival
" Ag an am sin, bhí ag éirí go maith le hEdmund Stoiber, céile comhraic toghchánaíochta de chuid an Aontais Shóisialaigh Chríostaí.
toghcháin elections
" Má éiríonn leo an bhua a fháil ar an UUP - má bhíonn toghcháin ann i mí Áibreáin - beidh siad in áit nach raibh siad roimhe.
a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin that were kept secret at the time of the general election
" Agus an méid sin ráite, áfach, níor éirigh leis teacht i dtír ar dhrochíomhá an rialtais san fhómhar, nuair a sceitheadh an t-eolas faoi na ciorruithe móra a bhí beartaithe ach a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin.
iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí the party's former director of elections
" Nuair a toghadh Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael chuir sé "Grúpa Athbhreithnithe Straitéise" ar bun, faoi chathaoirleacht Frank Flannery, iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí.
toghcháin áitiúla local elections
" Sa tuarascáil inmheánach a réitigh an grúpa cuireadh béim ar leith ar iarrthóirí maithe a aimsiú don pháirtí do na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn.
olltoghcháin general election
" Agus nuair a thagann nuachtáin an Domhnaigh isteach sa teach ní bhíonn tada eile déanta an chuid eile den lá! Tharla go raibh mé ag déanamh ceardlainne sna Sceirí i gContae Átha Cliath ar lá an olltoghcháin i mí na Bealtaine anuraidh, agus caithfidh mé a admháil gur chaith mé formhór an deireadh seachtaine sa leaba ag faire ar na torthaí agus iad ag teacht isteach.
thorthaí toghchán election results
" Ag breathnú ar thorthaí toghchán, is léir gurb é Sinn Féin páirtí na todhchaí ó thuaidh.
olltoghchán general election
" Tá tráchtairí polaitiúla áirithe den tuairim go n-íocfaidh sé as sa chéad olltoghchán eile, a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn.
toghcháin elections
" Agus mé ag scríobh, ní léir go mbeidh na toghcháin ann ar chor ar bith.
go gcuirfí na toghcháin ar ceal that the elections be cancelled
" Inniu (30 Aibreán) tá sé le bualadh le Príomh-Aire na Breataine Tony Blair agus meastar go n-iarrfaidh sé go gcuirfí na toghcháin ar ceal.
beifear ábalta na toghcháin a ghairm the elections can be called
" Le himeacht na n-easaontóirí, má bhíonn Trimble agus a pháirtí athbheirthe mar chrann taca an Chomhaontaithe), má bhíonn fuinneamh úr i measc na bpáirtithe atá ar thaobh an Chomhaontaithe, má thig freagra dearfach ó phoblachtánaigh (gníomh suntasach díchoimisiúnaithe nó gníomh críochnaithe dá leithéid), ansin beifear ábalta na toghcháin a ghairm agus an Feidhmeannas a chur ar bun arís.
phróiseas toghchánaíochta election process
" I ndiaidh blianta de shíorghearán ón "talamh ard morálta" fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as "coireanna tromchúiseacha" a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh.
aimsir na dtoghchán áitiúil the time of the local elections
" Cloisfear neart bladair faoin bhfeachtas sin ó pholaiteoirí áitiúla san iarthar idir seo agus lár na bliana seo chugainn, aimsir na dtoghchán áitiúil.
toghcháin Eorpacha European elections
" Ó ceapadh é sa phost sin, tá Aled i ndiaidh go leor cúraimí móra a bheith air - na toghcháin Eorpacha i 1994 agus 1999, mar shampla, olltoghchán 1997 agus an chéad toghchán do Thionól Náisiúnta na Breataine Bige.
olltoghchán general election
" Ó ceapadh é sa phost sin, tá Aled i ndiaidh go leor cúraimí móra a bheith air - na toghcháin Eorpacha i 1994 agus 1999, mar shampla, olltoghchán 1997 agus an chéad toghchán do Thionól Náisiúnta na Breataine Bige.
toghadh Arnold Arnold's election
" Rinne sé tagairt don mhéid a bhí le rá ag Ted Kennedy le déanaí, nuair a cuireadh in iúl dó go raibh an Poblachtánach Arnold Schwarzenegger díreach tofa mar ghobharnóir ar Chalifornia: "Léiríonn toghadh Arnold go bhfuil muid ag maireachtáil go cinnte i náisiún inimirceach.
na toghcháin áitiúla ar leic an dorais the local elections around the corner
" Fágann sin na comhairleoirí bochta áitiúla ag plé le scéimeanna míthaitneamhacha táillí a chuirfidh múisiam mór ar an bpobal, díreach agus na toghcháin áitiúla ar leic an dorais.
toghchán na huachtaránachta the presidential election
" Léireoidh toghchán na huachtaránachta i mí na Samhna i mbliana é sin.
toradh an toghcháin the election result
" Laistigh de chúpla uair an chloig, bhí toradh an toghcháin oibrithe amach ag an bhfoireann seo - toradh nár fógraíodh go hoifigiúil go dtí i bhfad níos déanaí.
olltoghchán general election
" Sin an radharc a bhí romham nuair a chaith mé seal mar cheannaí airleacain ag olltoghchán roinnt blianta ó shin - ach cuirfear deireadh leis an bpróiseas seo má éiríonn le rialtas na hÉirinn vótáil leictreonach a chur i bhfeidhm.
toghcháin áitiúla local elections
" Tá an conradh do na toghcháin áitiúla buaite ag an gcóras Nedap/Powervote ón Ísiltír, agus is léir ón suíomh gréasáin atá acu (http://www.
oifigeach toghcháin election officer
" Agus is féidir le daoine iarracht a dhéanamh na páipéir bhallóide a scrios - is cuimhin liom oifigeach toghcháin a fheiceáil ag caitheamh cuid mhaith ama ag cur páipéar ballóide stróicthe ar ais le chéile.
a chomhlíon a gheallúintí réamhthoghcháin uile which fulfilled all its pre-election promises
" Ach le bheith fírinneach, an raibh rialtas riamh a chomhlíon a gheallúintí réamhthoghcháin uile!? Creidim féin gurb é an *Bertie Speak *thar aon rud eile is cúis leis an titim thubaisteach i leibhéal tacaíochta an phobail don *Teflon Taoiseach*.
drochthorthaí toghcháin bad election results
" D'fhéadfadh sin a theacht i bhfoirm drochthorthaí toghcháin nó d'fhéadfadh fianaise ó cheann de na fiosrúcháin barrthuisle a bhaint as an Taoiseach.
toghchán an Tionóil the Assembly election
" Ní raibh ciall ar bith ag Tony Blair gan toghchán an Tionóil a ghairm i mí na Bealtaine.
fheachtas toghchánaíochta election campaign
" Le linn fheachtas toghchánaíochta na Dála i mí na Bealtaine 2002, d'eisigh an Taoiseach ráiteas ag rá nach mbeadh sé féin sásta glacadh le Sinn Féin i rialtas sa stát seo.
olltoghcháin general election
" Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Márta i Maidrid.
an chéad toghchán Tionóil eile the next Assembly election
" Tá *mandate *eile de dhíth ar an DUP agus ní thiocfaidh sin roimh an chéad toghchán Tionóil eile.
toghcháin áitiúla local elections
" Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.
toghchán uachtarántachta presidential election
" I bhFlorida tá na Poblachtánaigh le ceangal tar éis gur fhógair an eagraíocht síochána Pax Christi USA go gcuirfidh siad breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta chun na háite don toghchán uachtarántachta thall sa bhfómhar.
thoghchán na huachtaránachta the presidential election
" Leanfar ar aghaidh ag plé na gceisteanna seo mar gheall ar thoghchán na huachtaránachta a bheith ag teacht.
na toghcháin áitiúla agus Eorpacha the local and European elections
" Ceann de na hargóintí a bhí ag an Aire Dlí agus Cirt chun an Reifreann seo a reáchtáil ag am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ná nach dtiocfadh mórán daoine amach chun vóta a chaitheamh.
iarrthóirí toghcháin election candidates
" Is fada an lá ó chonacathas cath chomh salach, ná chomh fíochmhar, idir beirt iarrthóirí toghcháin ón pháirtí céanna leis an cheann atá ar siúl le seachtainí anuas idir Eoin Ryan agus Royston Brady, beirt iarrthóirí Eorpacha Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath.
thoghcháin an Tionóil the Assembly elections
" Tá borradh faoin DUP faoi láthair i ndiaidh thoghcháin an Tionóil i mí na Samhna anuraidh agus is iarrthóir cumasach é Allister.
olltoghchán general election
" An é an toradh a bheas air seo uilig go mbeidh ar cheannaire nua Fhianna Fáil suí síos le Sinn Féin le comhrialtas a shocrú i ndiaidh an chéad olltoghchán eile nó, iontas na n-iontas, an dtiocfaidh Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile leis an namhaid úr seo a choinneáil faoi smacht? Tá rud amháin cinnte: tá croitheadh tugtha ag Sinn Féin do phota polaitiúil na hÉireann agus is chun tairbhe na tíre a rachaidh sé sin go cinnte.
olltoghchán general election
" I ndiaidh an tSaortha, bhí an bua ag na cumannaithe in olltoghchán na bliana 1946.
feachtas toghchánaíochta election campaign
" Tugann na tírghráthóirí Meiriceánacha a ardóidh bratach 'Mheiriceá Chorparáideach' ar an 4 Iúil a n-eitheach don argóint fhalsa sin, ach leanfar leis na hionsaithe sotalacha agus seafóideacha de réir mar a ghéarós an feachtas toghchánaíochta.
toghchán election
" Roimh an olltoghchán deireanach gheall an rialtas go raibh siad sásta breis is 200,000 cárta nua a chur ar fáil.
olltoghchán general election
" Roimh an olltoghchán deireanach gheall an rialtas go raibh siad sásta breis is 200,000 cárta nua a chur ar fáil.
toghchán election
" I dtrácht maidine ar bith, seans go bhfeicfidh tú greamaitheoirí ag baint leis an toghchán (*Don't Blame Me, I Voted Democrat*), cinn reiligiúnda (*Jesus is Awesome!*), cinn ag baint leis an ghinmhilleadh (*It's a Child, Not a Choice*), agus réimse eile idé-eolaíochtaí (*Mean People Suck*).
feachtas toghchánaíochta election campaign
" Nuair a bhí an feachtas toghchánaíochta deireanach ar siúl ag an SEA, chuir McCann féin dlúthdhiosca amach leis an cheoltóir/cumadóir amhrán Peter O'Hanlon.
olltoghchán general election
" Is féidir a rá go bhfuil an feachtas tosaithe i gceart anois don chéad olltoghchán eile agus go nglactar leis, ar deireadh, nach mbeidh toghchán ann don Uachtaránacht.
toghchán uachtaránachta presidential election
" Cé go bhfuil an ceart acu siúd a deir nach bhfuil seo chun leasa dhaonlathas na tíre, ar an lámh eile nílim cinnte an mbeadh toghchán uachtaránachta idir Máire Mhic Ghiolla Íosa agus Dana Rosemary Scallon chun leasa na tíre ach oiread.
sna toghcháin áitiúla in the local elections
" Nuair a buaileadh cic ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla níor thóg sé i bhfad ar an Taoiseach a rá go poiblí go gcaithfeadh an páirtí filleadh ar chuid dá sheanluachanna agus aire a thabhairt do na dreamanna ba bhoichte agus ba laige sa tsochaí.
cé a bhuafaidh an toghchán who will win the election
" "Is iad na vótaí sin a shocróidh cé a bhuafaidh an toghchán," a dúirt Marlin faoi na vótóirí Caitliceacha sna stáit sin.
próiseas cothrom toghcháin just election process
" Rinneadh ceangal idir an nóiseán cineál doiléir seo den tsaoirse agus an nóiseán doiléir eile gur daonlathas a bhí i Meiriceá, ina raibh próiseas cothrom toghcháin.
thoghchán uachtaránachta presidential election
" Chreid mé féin agus go leor eile go bhféadfaí a bheith ag súil go gcuirfí na rialacha dochta seo i bhfeidhm i gcónaí, go dtí go bhfaca muid iompar náireach agus mí-éifeachtach na n-údarás le linn thoghchán uachtaránachta na bliana 2000.
oifigigh thoghcháin election officials
" Go dtí seo, níl oifigigh thoghcháin - na daoine atá fostaithe go lánaimseartha chun aire a thabhairt do nithe tábhachtacha mar bhallóid neamhláithreacha - sásta freagracht ar bith a ghlacadh as an mhéid a tharla.
olltoghchán general election
" Fuair John Howard an ceann is fearr ar an bhfreasúra san olltoghchán an mhí seo caite.
thorthaí thoghchán na hEorpa the results of the European election
" Tá sin soiléir ó thorthaí thoghchán na hEorpa.
feachtas olltoghchánaíochta general election campaign
" Go deimhin, tá daoine i dTuaim a deir go bhfuil Fianna Fáil meáite ar cheacht beag a mhúineadh dóibh toisc gur thréig siad an páirtí, agus nach dtarlóidh aon cheo arís go dtoghfar Teachta Dála Fianna Fáileach ann arís nó, ar a laghad, go mbeidh feachtas olltoghchánaíochta buailte linn arís.
fothoghchán Dála Dáil by-election
" An t-earrach seo chugainn, reáchtálfar fothoghchán Dála i gContae na Mí don suíochán a d'fhág John Bruton nuair a ghlac sé leis an bpost mar ambasadóir an Aontais Eorpaigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
toghchán election
" Tá go leor daoine buartha nach ndíreofar ar na hábhair imní atá ag na hÉireannaigh de bhrí gurb é Bush a bhuaigh an toghchán.
torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach the results of the local and European elections
" Buaileadh an buille tubaisteach ceart go leor air, i mí an Mheithimh, nuair a fógraíodh torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach, ach níor thit sé ar a chlaíomh.
olltoghchán general election
" Tríd is tríd, tá gach cuma ar an scéal nach raibh Ibarretxe ag súil in aon chor go nglacfaí leis an bplean nuair a chuir sé faoi bhráid na Parlaiminte Bascaí é agus go raibh sé ar intinn aige leas a bhaint as chun níos mó vótaí a fháil san olltoghchán Bascach a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine.
toghchán na huachtaránachta the presidential election
" Anois agus toghchán na huachtaránachta thart i Meiriceá, tosófar na comhchainteanna arís chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhaontú eitlíochta déthaobhach (áit a bhfuil an "*Shannon stopover*" sáinnithe).
toghcháin na Comhairle Oideachais the Education Council elections
" “Moladh cairdiúil a bhí ann a cuireadh faoi bhráid chomhordaitheoir na dtuistí i ngach scoil phoiblí chun cur i gcuimhne do na tuismitheoirí dul amach agus vóta a chaitheamh i dtoghcháin na Comhairle Oideachais.
san fhothoghchán in the by-election
" Ba é an léamh a bhí ag O’Rawe air seo ná gur thábhachtaí i bhfad do cheannasaithe na gluaiseachta go dtoghfaí Owen Carron san fhothoghchán i bhFear Manach/Deisceart Thír Eoghain ná beatha na stailceoirí ocrais.
fhothoghchán na Mí the Meath by-election
" Tá brúghrúpaí ag lorg seirbhíse paisinéara ón Uaimh go Baile Átha Cliath, agus is cinnte go dtógfadh an rian seo roinnt brú ón N3, ach an ndéanfar gealltanais fhothoghchán na Mí a chomhlíonadh i ndáiríre? Ábhar mór eile plé é Conair Iarnróid an Iarthair, an rian ó Inis i gContae an Chláir, trí Chontae na Gaillimhe agus Clár Chlainne Mhuiris go Sligeach.
ar mhaidin an toghcháin on the morning of the election
" “Cuireadh go Carna mé ar mhaidin an toghcháin, áit nach raibh mórán fáilte romham,” a deir sé.
olltoghchán election
" Deir sí go bhfuil “dímheas iomlán acu ar phobal na tíre, ar oidhreacht na tíre” agus níor mhaith léi go rachadh Páirtí an Lucht Oibre isteach i gcomhrialtas leo tar éis an chéad olltoghchán eile.
fógrófar olltoghchán gan choinne an election will be announced unexpectedly
" Faoi Cháisc na bliana fógrófar olltoghchán gan choinne, chun buntáiste a bhaint as cuid trioblóidí Enda *Soupspoon* Ó Ceanúil.
i ndiaidh an olltoghcháin dheireanaigh after the last election
" Dúirt Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Pat Rabbitte, i ndiaidh an olltoghcháin dheireanaigh gurb é an chéad uair gur roghnaigh an pobal an freasúra a chur as oifig.
Dá ngairfí olltoghchán if a general election were called
" Dá ngairfí olltoghchán amárach ní bheadh éifeacht dá laghad ag imeacht Ivor Callely ar an toradh.
olltoghchán a ghairm to call a general election
" Bertie Ahern ======= Seans maith go mbeidh Bertie sásta olltoghchán a ghairm i mbliana agus dul sa seans go n-éireoidh le Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach fanacht i gcumhacht.
olltoghchán general election
" Rinneadh na scéimeanna seo ón mbunphlean a luathú, a bhuí sin le brú leanúnach poiblí (agus cúpla suíochán imeallach san olltoghchán in 2007).
olltoghchán general election
" “Cad é atá ar siúl agatsa anseo, a Mháire Uí Ruairc? Nach cóir duit bheith sa bhaile ag ceiliúradh do bhua san ainmniúchán a fuair tú don chéad olltoghchán eile?” “B’fheidir gur chóir,” arsa an seanseanadóir scagbhéalach, “ach ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar an fheall a imríodh orm san olltoghchán deiridh.
olltoghchán general election
" Rialtas mionlaigh de chuid an Pháirtí Liobrálaigh a bhí ag Ceanada roimh an olltoghchán.
trí mhiontoghchán three minor elections
" Ciallaíonn seo nach féidir do réabhlóid pholaitiúil tarlú i Meiriceá, mar thógfadh sé breis is sé bliana (agus trí mhiontoghchán) chun gach ball tofa a chur as a shuíochán.
toghcháin mheántéarma mid-term elections
" Beidh an chéad toghchán eile i Meiriceá i mí na Samhna i mbliana, toghcháin mheántéarma, nuair a sheasfaidh iarrthóirí do gach suíochán Comhdhála agus do thrian de shuíocháin an tSeanaid.
ar thoghadh Polannaigh on the election of a Pole
" Mar sin, ar thoghadh Polannaigh mar Phápa i 1978 bhí sé mar a bheadh solas gréine ag taitneamh ar an tír tar éis blianta de spéartha duairce scamallacha.
olltoghchán ag druidim linn a general election approaching
" Ach bí san airdeall sna míonna atá romhainn: beidh cúrsaí fuinnimh agus an fhorbairt inbhuanaithe ag éirí níos tábhachtaí i measc an phobail – anseo in Éirinn (agus olltoghchán ag druidim linn), san Eoraip go léir, agus fiú amháin i gcás an andúiligh fuinnimh is mó ar domhan, na Stáit Aontaithe.
olltoghchán general election
" Ghnóthaigh Bobby Sands suíochán i Máthair na bParlaimintí agus in olltoghchán 1983, bhuaigh Sinn Féin 13.
olltoghchán general election
" “Ar na hábhair sin ar fad, gan an t-olltoghchán a lua ar chor ar bith, tá sé ag dul a tharlú.
ar thoghadh Polannaigh on the election of a Pole
" Mar sin, ar thoghadh Polannaigh mar Phápa i 1978 bhí sé mar a bheadh solas gréine ag taitneamh ar an tír tar éis blianta de spéartha duairce scamallacha.
toghcháin elections
" I measc na ndrochscéalta seo uilig, tá toghcháin ag teacht i mí na Samhna, agus táthar ag caint cheana féin ar iarrthóirí do thoghchán na huachtaránachta in 2008.
toghcháin elections
" I measc na ndrochscéalta seo uilig, tá toghcháin ag teacht i mí na Samhna, agus táthar ag caint cheana féin ar iarrthóirí do thoghchán na huachtaránachta in 2008.
foilsítear formhór na mbileog vótála most of the election leaflets are published
" Faoi láthair foilsítear formhór na mbileog vótála i Meiriceá go dátheangach, as Béarla agus as Spáinnis, chun spreagadh a thabhairt do chainteoirí Spáinnise a vótaí a chaitheamh i dtoghcháin.
sna toghcháin áitiúla in the local elections
" Déarfadh an té atá amhrasach gur iarracht shoiniciúil a bhí ann le go n-éireodh go maith le páirtithe an rialtais sna toghcháin áitiúla.
olltoghchán general election
" Má bhí, ní foláir ná go raibh bolg amach ar chóta Martin Corry! Ní bheadh Corry gan suíochán ón lá sin amach, go dtí gur dheonaigh sé gan é a chosaint in olltoghchán na bliana 1969.
toghcháin mhímhacánta dishonest elections
" Tháinig na cumannaigh i gcumhacht de bharr toghcháin mhímhacánta bheith eagraithe acu agus tugadh daoine a chuir in aghaidh na gcumannach chun trialach nó cuireadh chun báis iad.
i dtoghchán meántéarma na Comhdhála in the mid-term Congress election
" I 1993, bunaíodh grúpa beag darbh ainm Project for the Republican Future (PRF) agus é mar sprioc acu bua a bhaint amach i dtoghchán meántéarma na Comhdhála i 1994.
olltoghchán general election
" Tá an t-aighneas idir feirmeoirí agus lucht siúil sléibhe imithe in olcas, mar shampla, de cheal aon chinneadh ón Aire, agus an chosúlacht ar an scéal nach dtiocfar ar réiteach roimh an chéad olltoghchán eile.
olltoghchán general election
" ” Bhí olltoghchán ann i 1992, agus toisc go raibh Gaeilge ag Natasha, chuir siad í ag obair le polaiteoirí Fhianna Fáil.
toghcháin elections
" Sa scrúdú eile, beidh ar dhaoine tuairim is 30 ceist a fhreagairt a bhaineann le cúrsaí na hAstráile, ina measc an córas dlí, toghcháin agus dúchasaigh.
sna toghcháin Eorpacha in the European elections
" D’éirigh go holc leis an Chomhaontas Ghlas sna toghcháin Eorpacha ach, mar sin féin, éireoidh leis an pháirtí vóta frithbhunaíochta a mhealladh.
toghchán election
" Bhí tuairimí acu faoi gach aon rud – faoin bhfadhb SEIF, faoin toghchán a bhí ann ag deireadh mhí Mheán Fómhair, faoi oibrithe na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha, faoin gcur chuige a bhíonn ag an Iarthar i leith na hAfraice agus araile.