Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan chríoch without ending
" Déagóir ab ea é féin le linn an Chogaidh agus fágaimid mar sin é, mar scéal gan chríoch, gan tús.
críoch bhreá a fine ending
" Tar éis beagnach aon uair déag i mo shuí san áit chéanna, ba mhór an t-áthas a bhí orm nuair a fuair mé amach nach raibh Basil Fawlty ag feitheamh orainn ag an deasc fáiltithe! Is mór, gan amhras, idir ciúnas draíochtúil na n-oileán agus trácht agus torann Ghlaschú, ach cuireadh críoch bhreá leis an turas i Leabharlann Partick.
droch-chríoch bad ending
" Is fear é a raibh go leor trioblóidí agus fadhbanna aige ina shaol pearsanta, ach de bharr na tallainne a bhí aige níor mhaith le héinne go dtiocfadh droch-chríoch air, rud a bhí i ndán dó agus é in umar na haimléise de bharr drugaí, óil, etc.
foirceann fíochmhar fierce ending
" An té atá bródúil as a Shasanachas, níl sé le cáineadh mura nglactar leis an tírghrá uaidh: I’ve been dreaming of a time When to be English is not to be baneful, To be standing by the flag not feeling shameful, racist or partial Cuirtear foirceann fíochmhar leis an aisling: I’ve been dreaming of a time When the English are sick to death of Labour and Tories And spit upon the name Oliver Cromwell And denounce this royal line that still salute him And will salute him Forever Ag cuimhneamh ar an raic a tharraing sé le bratach na Breataine i 1993, bhain tábhacht nach beag lena chinneadh bratach eile a tharraingt amach agus a chaitheamh isteach sa slua ag an gceolchoirm sin i Manchain i 2004.
agus go bhfuiltear ag smaoineamh ar dheireadh a chur leis ar fad. and that ending it completely is being considered.
" Tragóid Is é an feall é, dar liom , gur ligeadh Comórtas Chorn an Bhóthair Iarainn i ndearmad beagnach agus go bhfuiltear ag smaoineamh ar dheireadh a chur leis ar fad.
críoch chaithréimeach triumphant ending
" Cé go raibh críoch chaithréimeach leis an scannán *Mise Éire *a tháinig amach dhá bhliain roimhe sin, ní hamhlaidh do *Saoirse?* An chúis atá leis sin ná go gcuimsíonn sé tréimhse inar tharla ní hamháin Cogadh na nDubhchrónach, an sos cogaidh, an Conradh, bunú an tSaorstáit agus córas rialtais Stormont ach ar ndóigh mórthubaiste an Chogaidh Chathartha freisin.
ar shíorchainteanna ar dhíchoimisiúnú, ar spíodóireacht, ar choiriúlacht, on never-ending talks on decommissioning, spying and criminality,
" Níl am á chur amú níos mó ar shíorchainteanna ar dhíchoimisiúnú, ar spíodóireacht, ar choiriúlacht, agus tá Tionól Thuaisceart Éireann anois ag dul i ngleic – a oiread agus is féidir le rialtas ar cosúla le comhairle contae é – le fadhbanna a mhuintire.
críoch sásúil a satisfactory ending
" Is scéal é a bhfuil críoch sásúil air, ar bhealach – ó dheas agus ó thuaidh.
ar fad rchanbhasáil: the never-ending canvassing:
" “Ach an tsíocrothnóidh muid ar fad rchanbhasáil: deich dteachtaireacht téacs sa lá ar feadh dhá mhí; deich dteachtaireacht idirlín; deich scairt ghutháin .
síorphlódú tráchta never ending traffic congestion
" Cén chaoi a mbeadh saol na cathrach gan an síorphlódú tráchta seo? Spreagfadh dhá imeacht a bhí ar siúl le déanaí do shamhlaíocht maidir leis na féidearthachtaí atá ann.
scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, the ending of the Irish Language Broadcast Fund,
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
dea-chríoch happy ending
" Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, áfach, tá sé intuigthe go mbeidh dea-chríoch leis an scéal seo do dhaoine óga.
chríoch dhíomách a sad ending
" Ba chríoch dhíomách é seo do na cailíní, ach tá misneach nua agus meanma iontu i mbliana, a bhuí sin don tslí ar chruthaigh siad ag an gCraobh Eorpach dheireanach.
gan tairbhe as with no happy ending
" Cneas le cneas gan tairbhe as Téann sé dian orainn breathnú ar an mbearna dolíonta eatarthu.
ag deireadh na habairte at the sentence ending
" Bíonn an chopail (ar nós ‘Is’ agus ‘ba’ sa Ghaeilge) ann agus cuirtear í ag deireadh na habairte mar shampla ‘Seán desu’ (Is mise Seán.
chríoch iomlán leis an rannóg a complete ending to the section
" Tá an scéim seo anois i mbaol, ní hamháin mar gheall ar chiorruithe deontais ach mar gheall ar chríoch iomlán leis an rannóg a bhí ag riar na ndeontas féin.
chealú na sclábhaíochta the ending of slavery
" Sclábhaíocht ár Linne ========= Cé go léimid faoi chealú na sclábhaíochta sna leabhair staire, is ionann an gháinneáil ar dhaoine agus cineál sclábhaíochta.
dar críoch ending
" Sa bhliain dar críoch Márta 2012, bhí glansreabhadh 183,000 imirceach go dtí an Ríocht Aontaithe, titim shuntasach ón 242,000 i gcomhair na bliana dar críoch Márta 2011.
deireadh le daonlathas the ending of democracy
" Agus dá olcas na buillí a bhuaileadh an teanga is an Ghaeltacht le dornán blianta anuas – Acht na Gaeltachta, deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge, deireadh le daonlathas san Údarás srl.
an Seanad a scor ending the S.
" Buntáistí an tSeanaid ===== **SMM: Ní bheifeá ar son an Seanad a scor mar sin?** TÓC: Ní bheadh i ndáiríre.
ag fáil réidh le seachaint chánach domhanda ending global tax evasion
" Ar an raidió tuairiscíodh go raibh an tOchtar ag fáil réidh le seachaint chánach domhanda, iad á phlé in óstán bancbhriste cois Éirne.
ag cur deireadh le lúb ar lár ending a loophole
" B’é an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, a rinne an cinneadh agus maíodh gur ag cur deireadh le lúb ar lár sa chóras a bhíothas.