Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
splanc a bhaint as an tsaol enjoy life
" Bíonn an tréimhse sin i do shaol nuair atá coibhneas tréan idir an scáthán agus tú féin, nuair nach bhfuil ar d'intinn ach an bóthar a bhualadh agus splanc a bhaint as an tsaol.
splanc a bhaint as an tsaol enjoy life
" Bíonn an tréimhse sin i do shaol nuair atá coibhneas tréan idir an scáthán agus tú féin, nuair nach bhfuil ar d'intinn ach an bóthar a bhualadh agus splanc a bhaint as an tsaol.
Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste I really enjoyed college
" Deireann siad aga baile: 'Did you hear about the train in Buttevant that went off the rails like Nuala?' Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste ach bhíos ró-óg agus ní raibh splinc chéille agam.
ar a sáimhín só enjoying herself in comfort
" Orm féin a bhí an milleán nár fhág ar a sáimhín só í.
go mbainimís níos mó spóirt as that we used to enjoy it more
" D'ainneoin an sórt sin saoil, is dóigh liom go mbainimís níos mó spóirt as agus nach raibh an sórt duaircis seo (cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor) agus an phusadaíl a bhíonn ag daoine óga inniu aon chor ann.
go mbainfinn sult mór as that I'd really enjoy it
" Agus dúirt dlíodóir as Texas, Gregor Wilson, a bhí in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille liom triail a bhaint as cúrsa ansin, go mbainfinn sult mór as.
Bainimis taitneamh as let us enjoy it
" Bainimis taitneamh as - tá daoine ar fud an domhain in éad linn! Craft Recordings: www.
ag baint suilt as enjoying
" Agus Mike Kelly ina measc, ag baint suilt as gach nóiméad den ócáid.
bain taitneamh as enjoy it
" Coinnigh leis agus bain taitneamh as.
bainim an-sult astu I really enjoy them
" Chomh maith leis sin, tá mé ag déanamh cúrsaí le hOideas Gael i nDún na nGall le cúig nó sé de bhlianta anuas, agus bainim an-sult astu.
tá mé ag baint suilt as a bhfuil le feiceáil agam I'm enjoying what I'm seeing
" 'Is cuma muna dtuigim, tá mé ag baint suilt as a bhfuil le feiceáil agam'.
ag baint sú as an chomhluadar ann enjoying the company there
" “Cad é fúthu?” Agus cá háit a raibh Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Ghiolla Mháire, lena linn seo uilig? Bhí sí thíos cois locha, i nGaeltacht Fheis Mhór Ghaelach Milwaukee, ag baint sú as an chomhluadar ann; í ag damhsa ar an sean-nós agus ag ceol díséid le Matthew Joseph James Ó Farta a bhí ag craoladh beo an bealach ar fad go hÉirinn ar Raidió na Galltachta.
go mbainfidís taitneamh aisti that they would enjoy it
" AÓF: B'fhearr liom féin go mór nach mbeadh daoine (idir iomaitheoirí agus lucht éisteachta) chomh tógtha sin leis an gcomórtasaíocht ach go gcuirfidís níos mó spéise san amhránaíocht féin agus go mbainfidís taitneamh aisti.
bainim an-sult as I really enjoy it
" Téim ansin go minic agus bainim an-sult as.
bhain mé taitneamh as a gcóiriú a dhéanamh I enjoyed doing the arrangements
" Tá triúr amhránaithe iontacha agam air, Deirdre Scanlan, Mick Scanlan agus Nóra Butler, agus bhain mé taitneamh as a gcóiriú a dhéanamh ar an tionlacan dóibh.
ag baint thaitneamh an domhain really enjoying
" foghlaimeoirí Gaeilge idir 11 bhliain agus 18 mbliana d’aois), múinteoirí agus mná tí, ag freastal ar sheisiún ceoil anois is arís, agus ag baint thaitneamh an domhain as an obair agus as an saol difriúil a bhíonn ann i rith an tsamhraidh.
ag baint suilt as na bagairtí enjoying the threats
" Scrios siad Páirtí Aontachtach Uladh agus David Trimble – agus tá siad anois ag fanacht leis na chéad scoilteanna i monailit an DUP a fheiceáil (agus tá siad le feiceáil cheana), agus iad ag baint suilt as na bagairtí atá Peter Hain a dhéanamh.
taitneamh a bhaint as an gcluiche to enjoy the game
" An t-aon aidhm atá ag imreoirí ná taitneamh a bhaint as an gcluiche.
a thaithnigh thar cionn liom. that I really enjoyed.
" Chaith mé dhá bhliain ag léachtóireacht i Roinn na Nua-Ghaeilge ansin, obair a thaithnigh thar cionn liom.
Bainim an-sult as mo chuid oibre I really enjoy my work
" ***An raibh sé deacair cinneadh a dhéanamh ******an Chomhairle Ealaíon a fhágáil agus tabhairt faoi dhúshlán úr?*** Is cinnte go raibh! Bainim an-sult as mo chuid oibre leis an Chomhairle Ealaíon.
taitneamh a bhaint as na léiriúcháin. to enjoy the productions.
" Measaim go bhfuil sé ríthábhachtach camchuairteanna a dhéanamh in Éirinn ionas go mbeidh an deis ag gach duine taitneamh a bhaint as na léiriúcháin.
ag baint taitnimh enjoying
" Bhíodh na tacaithe reoite leis an bhfuacht de cheal aon rud le déanamh! De réir a chéile, thosaigh mé ag baint taitnimh as an rugbaí agus bhínn ag imirt go rialta.
gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, that he enjoyed creating intimacy with the people of Belfast
" Bhraith mé, ón leabhar, gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin sé leis go mbíodh sé i lár an aonaigh in amanna.
bhain chuile dhuine an-chuid taitnimh as an mír. everyone really enjoyed the segment.
" Bheadh ionadh orm dá dtuigfeadh níos mó ná tríocha faoin gcéad den lucht féachana céard a bhí á rá ag na haisteoirí, ach d’ainneoin sin, bhain chuile dhuine an-chuid taitnimh as an mír.
sult a bhaint as an gceann atá agat to enjoy the one you have
" Nach bhfuil sé níos fearr sult a bhaint as an gceann atá agat ná a bheith buartha faoin gceann nach bhfuil agat? B’fhearr liomsa taitneamh a bhaint as an gceann atá agam – agus tá mé ag baint an-taitnimh as.
taitneamh a bhaint to enjoy
" Nach bhfuil sé níos fearr sult a bhaint as an gceann atá agat ná a bheith buartha faoin gceann nach bhfuil agat? B’fhearr liomsa taitneamh a bhaint as an gceann atá agam – agus tá mé ag baint an-taitnimh as.
bhain sí sult as a tréimhse ansin she enjoyed her time there
" Dar léi go raibh an institiúid sin an-chosúil leis an chlochar a bhí fágtha ina diaidh aici ach bhain sí sult as a tréimhse ansin mar sin féin.
ag baint taitnimh enjoying
" Ba léir dom go raibh na páistí ag baint taitnimh as an naíonra.
baint suilt enjoying
" Bíonn ranganna damhsa, gach saghas ceoil, agus teanga na Gaeilge á dtairscint dhá lá in aghaidh na seachtaine sa scoil, agus bíonn dreamanna de réimse leathan aoise ag baint suilt agus tairbhe astu – ó dhaltaí 7mbliana d’aois go daltaí i ngar don cheithre scór.
taitneamh a bhaint as to enjoy
" Bíonn ócáidí spóirt go fairsing freisin, agus bhí rás mór na mbád seoil, rás Volvo, tagtha chuig cathair na dtreabh agus na mílte duine bailithe timpeall ar dhuga na Gaillimhe chun na báid a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an atmaisféar.
sásamh a bhaint as to enjoy
" Ba nós liom Foinse a fháil ón siopa is goire dhom ar an Satharn, agus sásamh a bhaint as ag an mbricfeasta.
deatach a bhaint as to enjoy it
" Bhí an saol inár leith agus bhíomar réidh le deatach a bhaint as.
thaitnigh enjoyed
" SMM: Tá oiread clár déanta agat ón am a thosaigh tú le Echo Island na blianta fada ó shin – People in Need Telethon, All Ireland Talent Show, Lá Fhéile Phádraig, Celebrity Farm, na Cluichí Oilimpeacha 2003, Oireachtas na Gaeilge, Rodge agus Podge - cén clár is mó a chuaigh i bhfeidhm ort go dtí seo? BNC: Is dóichí, thaitnigh Echo Island go mór liom.
thaithin enjoyed
" Ar thaithin na cláracha sin leat, nó a mhalairt? DÓS: thaithin.
Is sásúil spleodrach (I) really enjoy
" Is sásúil spleodrach liom a bheith ag amharc ar na bladhra ag damhsa agus an ghaoth ag glafarnach amuigh.
ag baint suilt as an iris enjoying the magazine
" Tá súil agam go leanfaidh sibh oraibh ag léamh *Beo!* agus ag baint suilt as an iris sna blianta atá romhainn.
taitneamh a bhaint as to enjoy
" Thar aon ní eile, taitneamh a bhaint as an ngnó.
bainimis sult as let’s enjoy
" B’fhéidir, ach idir an dá linn, bainimis sult as cruthaitheacht mhuintir Thoraí.
rath uirthi enjoying success
" Chonacthas dom gur cathair í Pescara a bhfuil rath uirthi faoi láthair.
Thaitin an t-úrsceal sin le enjoyed that novel by
" Thaitin an t-úrsceal sin le Jack Kerouac go mór liom, caithfidh mé a rá.
bhaineas an-scléip I enjoyed
" Ach, is oth liom a rá, bíodh is gur bhaineas an-scléip agus craic agus sásamh as an díothú agus an slad agus an choscairt a n-imríonn an dá lánúin orthu féin is ar a chéile le linn fad ochtó nóiméad *‘Carnage’*, ba chuma sa frig liom faoi cad a bhain dóibh ar deireadh.
le sult a bhaint as to enjoy
" Ó thaobh an raidió de, ós rud é nach mbíonn fotheidil ann, caithfidh cumas áirithe teanga a bheith agat le héisteacht, le tuigbheail agus le sult a bhaint as craoladh an raidió.
taitneamh a thabairt do chomhluadar enjoy the company
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
ag baint suilt as an aer úr glan enjoying the clean fresh air
" Is minic mé ar an tsliabh chéanna, ag baint suilt as an aer úr glan agus as íocshláinte an dúlra.
mbainfidís sult as they’d enjoy
" B'fhearr le foireann Bharcelona fanacht ina ndúiche féin le go mbainfidís sult as na tinte cnámh sa Chatalóin.
bhain mé an-sult as sin I really enjoyed that
" Ach duine ar bith, speisialta nó gan a bheith, a bhí ag tabhairt trioblóide, cuireadh síos go rang Ray iad (gáire), ach bhain mé an-sult as sin.
bhain mé sult agus sásamh as I really enjoyed
" Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
ag baint suilt as an saol enjoying life
" *"Childhood sweethearts* a bhí ar scoil lena chéile a bhí iontu," a mhínigh Julie, "agus shamhlaigh mé an lúcháir a bhí orthu agus an gháire a dhéanadh siad agus chonaic mé i mo shamhlaíocht iad cois na habhann ag baint suilt as an saol.
bhain muid sult as we enjoyed
" Bhí Larkin luaite sa bheathaisnéis *The Rolling Stonemason* a scríobh an sóisialaí Fred Bowyer i 1936 fosta agus bhain muid sult as an scéal faoin dóigh ar chuir an bheirt acu bosca, le teachtaireachtaí ó na sclábhaí ann, sa pholl faoin bunchloch san Ard-Eaglais Phrotastúnach i 1904.
bhaineamar an-taitneamh as we really enjoyed
" É sin ráite, bhaineamar an-taitneamh as an seal gáire.
taitneamh a bhaint as bualadh le to enjoy meeting
" **SMM: Deir tú go bhfuil sibh ag iarraidh ar dhreamanna Gaeilge theacht ar an Challenge agus taitneamh a bhaint as bualadh le dreamanna cosúil leo féin as áiteanna eile.
ag baint suilt as enjoying
" Ach an méid sin ráite, tá éileamh ar ranganna na Gaeilge anseo agus tá mé ag baint suilt as na ranganna.
an-scléip go deo as really enjoy it
" Agus bainfidh an juncaí polaitíochta, geallaimse duit, an-scléip go deo as.
bhfuilim ag baint an-taitneamh as an obair I’m enjoying the work
" Gníomhach i gCónaí ======= **CMS Cad é do ról le foireann peile Átha Cliath?** BD Ní féidir liom mórán a rá faoi sin, ach amháin go bhfuilim ag baint an-taitneamh as an obair.
mbainfidh siad taitneamh as they’ll enjoy
" Teastaíonn uaim go mbainfidh siad taitneamh as an teanga a labhairt.
ar bharr na gaoithe enjoying (ourselves)
" Ní iontas ar bith é go bhfuil gruaim ar mhuintir na tíre seo san am i láthair, nó chaitheamar deich mbliana ar bharr na gaoithe.
Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach enjoy writing in
" Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach faoi bhun na n-alt.
bhain muid an dúshult as we really enjoyed it
" “Ar an lá, caithfidh go raibh “Protastúnach” tátúailte ar ár n-éadain mar, ag am lóin, tháinig an múinteoir, cailín galánta darb ainm, Áine, a fhad linn ag an lón agus dúirt sí linn go raibh daoine as gach cearn den chathair ag freastal ar na ranganna agus go raibh fear as oirthear Bhéal Feirste ar ball den PUP é, ag freastal orthu - tráth a raibh m’fhear cheile, Brian, ina cheannaire ar an PUP! “Mar sin, gach Luan, chuaigh mé féin agus Alison chuig na ranganna agus bhain muid an dúshult as,” arsa Linda.
ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu in a way in which school children of all ages can can enjoy
" Cuireann sí amhráin a bhí againn uilig ar an scoil ar fáil arís ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu.
bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach I enjoy more so paying a visit to an old monastery building
" Anois, de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil.
ag baint sú as bhur gcuairt enjoying your visit
" **Balor: An dtig linn labhairt faoi chúrsaí na hÉireann, a Michelle, ós rud é go bhfuil tú anseo inár measc arís? An bhfuil tú féin is na cailíní ag baint sú as bhur gcuairt?** Michelle: Chuaigh muid go dtí Coláiste na Trioblóide, agus bhí Sasha cinnte gur in Hogwarts a bhí muid go dtí gur mhínigh Malia di an ceangal idir Trinity agus Hogwarts: gur in Trinity atá an chéad chóip a scríobh JK Rowling den chéad leabhar de chuid Harry Potter.
idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh in the meantime let’s enjoy
" Beidh fhios againn faoi sin in am agus i dtráth, ach idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh as an gcuid eile den chraobhchomórtas nuair a thabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chorcaigh agus Luimneach aghaidh ar an gClár.
Bhain mé an-sult as I really enjoyed it
" Bhain mé an-sult as - ag breathnú siar - píosa spraoi a bhí ann,” a dúirt sí liom.
An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil did you enjoy your years in school
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom that I enjoyed secondary very much
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
bhaineas ana-thaitneamh as I really enjoyed
" Gan dabht thógas seachtain saoire mar bhí an Contae ar fad imithe bán – drochthús arís i gColáiste Mhuire gan Smál! Ach thuigeas ag an bpointe go rabhas aige baile sa choláiste seo – bhí meas acu ar chaid is ar an gcultúr agus bhaineas ana-thaitneamh as mo thrí bliana ansan.
ag baint suilt as enjoying
" Bhí ceol aisteach sa chúlra, chonaic muid taobh istigh de theach beag coimhthíoch agus muid ag baint suilt as scileanna peile os ár gcomhair nuair a tháinig JCB de ruathair ar an láthair.
a bhaineann sult who enjoy
" Ach tá lucht an óil ann, daoine nach nglacfaidh le haon leigheas, a bhaineann sult as a bheith ag amharc isteach sa ghloine fholamh.
Bhain mé sult as cuimse as I really enjoyed
" Bhain mé sult as cuimse as an Bhunscoil,” ar sí, “cé go raibh go leor fadhbanna le sárú - ballaí taise, easpa leabhar, ach dá mbeinn ag iarraidh scoil a chruthú nuair a bheadh páistí agam féin, sin an scoil a dhéanfainn.
bhain sibh ceol agus sú as an chearc fhrancach you enjoyed the turkey immensely
" Tá súil agam go raibh Nollaig mhór mhaith agaibh, a léitheoirí dílse, agus gur bhain sibh ceol agus sú as an chearc fhrancach agus eile – mar a bhain Balor Blonagach gan dabht.
le sásamh a bhaint as to enjoy
" Casadh fear as Árainn orm le gairid agus bhí a thuiscint féin aige sin ar an ‘*lean back screen-free reading*’, nuair a dúirt sé liom gur olc an scéil é go gcaithfeá an ‘*laptop* a tabhairt leat ’ig teach an asail feasta le sásamh a bhaint as nuachtán Ghaeilge’.
bhain siad sult as they enjoyed it
" Drogall na Seaniomaíochta ========= Leis an tseaniomaíocht idir Learpholl agus Manchain, bhí drogall ar dhaoine ó Merseyside dul ann, ach cúpla seachtain ó shin chuaigh mé féin ann in éineacht le Liam óg agus Ryan agus bhain siad sult as.
thaitin siad go mór leo they really enjoyed them
" Penalty Shoot Out, Shot Stopper, Pass Master, d’fhéach siad iad uilig agus thaitin siad go mór leo.
Baineadh sult as an cheol the music was enjoyed
" Baineadh sult as an cheol a bhí le cloisteáil go fairsing ar achan sráid agus choirnéal.
bhain sí sú agus sult agus ceol as she really enjoyed in every way
" Dúirt sí gur bhain sí sú agus sult agus ceol as gach uile ghné de na cúrsaí sin ach amháin na ranganna Gaeilge.
ag maireachtáil leis agus ag baint suilt as living on and enjoying (life)
" Is é an féin a mhaireann atá i gceannas ag bomaite ar bith, ag maireachtáil leis agus ag baint suilt as an tsaol (nó á fhulaingt).
baineann muid an-sult astu we really enjoy them
" Tugaim cuairt ar na séadchomharthaí atá sa cheantar nuair a bhím ag obair ansin mar threoraí ar an cúrsa súil sléibhe ag Oideas Gael mar baineann muid an-sult astu.
teaghlaigh ag baint suilt as families enjoying
" Mheall ceiliúradh San Patricio na sluaite - bíodh baint acu le hÉirinn nó ná bíodh - agus d’fheadfá a bheith in áit ar bith in Éirinn - mura raibh gach duine ag caint i Spáinnis! Lá na Féile Pádraig féin, chuaigh mé chuig Colegio Santa Brigidia, scoil ghalánta ar Avenida Gaona a bhunaigh an Asociación Católica Irlandesa in 1899 ach bhí ceol agus craic, pinsinéirí súgacha agus tachráin ghealgháireacha ag caitheamh éadaí glasa agus teaghlaigh ag baint suilt as a n-oidhreacht chultúir faoi sholas na gealaí.
a dtig le gach duine sult a bhaint aisti which one may enjoy
" Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge, measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.
ag baint suilt as an saol enjoying life
" Rugadh Muireann Ní Chuív in Indreabhán i bhfad ó ilstóraigh Manhattan ach tá sí féin agus a fear chéile ag baint suilt as an saol cois Hudson.
Bhain mé sásamh as an gcúram I enjoyed the responsibility
" Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre.
gur chóir dúinn sásamh a fháil we ought to enjoy
" Is mé ag tabhairt faoin taighde don alt seo thug na giuirléidí áiféiseacha seo le tuiscint dom nach gcruthaíonn an gá ach crá inár gcroí agus gur chóir dúinn sásamh a fháil sa mhéad atá againn inár saol cheana.
baint taitnimh as enjoying
" Bhí Breandán de Gallaí ag baint taitnimh as bia follán na háite agus as an chnuasach a dhéanamh roimhré.
thóg an dream óg a chroí lena gcuid spleodair the young crowd enjoying themselves lifted his spirits
" Chonaic Ray Mac Mánais fiúntas agus saibhreas in imeacht na mblianta ag Oireachtas na Gaeilge agus má dhruid an duibheagán leis go bagrach ar an láimh eile, thóg an dream óg a chroí lena gcuid spleodair.