Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
zú-eolaí seandálaíoch archaeozoologist
eolach ar familiar with
" Is cinnte nach gcuirfidh na torthaí iontas orthu siúd atá eolach ar cheist na Gaeilge sa Ghaeltacht nó lasmuigh di.
eolaí sinsearach senior scientist
" Bhí an Dochtúir Regula Briellmann, eolaí sinsearach leis an Brian Research Institute, ar dhuine den fhoireann a rinne an taighde.
eolach knowledgeable
" Go minic bíonn siad ag brath ar shaorálaithe, dream a bhíonn an-díograiseach agus eolach.
pioc níos eolaí any the wiser
" Is deacair, mar sin, a shamhlú go mbeimid pioc níos eolaí agus an fiosrúchán seo thart faoi chlaonpháirteachas idir an IRA agus an Garda Síochána, ná mar atáimid faoi láthair ach ceist eile é an claonpháirteachas idir Arm na Breataine agus dílseoirí paraimíliteacha.
an-eolach very knowledgeable
" Tá an-chraic ag baint le Finbar agus is duine an-eolach é, mar sin bhí turas an-taitneamhach againn.
eolach knowledgeable
" Níorbh ionann í agus na teangacha eile a raibh mé eolach orthu.
eolach knowledgeable
" Níorbh ionann í agus na teangacha eile a raibh mé eolach orthu.
eolaí Meiriceánach an American scientist
" Agus d’aimsigh eolaí Meiriceánach córas Maglev eile a d’fhéadfadh bheith níos simplí agus níos saoire.
eolaí Meiriceánach an American scientist
" Agus d’aimsigh eolaí Meiriceánach córas Maglev eile a d’fhéadfadh bheith níos simplí agus níos saoire.
an-eolach very knowledgeable
" Ba iad sin Robin Ruddock, atá ina mhaor in ionad oideachais lasmuigh; Jim Allen, Oifigeach Comhshaoil Chomhairle Chúil Raithin; agus Robert Anderson, staraí mara atá an-eolach mar dhuine, a bhfuil am caite aige ar an fharraige é féin.
idé-eolaí ideologue
" Nuair a leathann a gháire ar Harper, géaraíonn an bainne féin! Is é Alberta in iarthar na tíre a phríomhdhaingean cumhachta agus idé-eolaíochta agus is ann a bhí a cuid fréamhacha ag an Chomhghuallaíocht Cheanadach.
níb eolaí more knowledgeable
" Ach bhí an chuairt a thug mé ar Ronnie McCartney fíorluachmhar domsa mar fuair mé a lán eolais cúlra agus bhí mé níb eolaí ar chúrsaí agus mé ag scríobh altanna ina dhiaidh sin.
a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne how well-informed and knowledgeable Poleas are as regards Polish history
" Ach dá mhéad an tsuim a chuireann Éireannaigh i stair na hÉireann, is geall le suim soip í nuair a thuigtear a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne.
a bhfuil daoine eolach orthu that people know
" Is dócha gurb iad na hamhráin “Cumha” agus “Cóilín Phádraig Shéamuis”na cinn is mó dá chuid a bhfuil daoine eolach orthu.
eolach ar an idirlíon knowledgeable about the Internet
" Níor chuir sé ionadh orm nuair a luaigh an tOllamh Ó Coileáin i ndiaidh an agallaimh nach bhfuil sé eolach ar an idirlíon.
eolach uirthi. familiar with.
" Níor scoil bheag ar chúl éaga í seo, ach áit cháiliúil a raibh an tír, agus an domhan thiar uilig, eolach uirthi.
eolach knowledgable
" Níl mé eolach ach ar an tríú cuid, b’fhéidir, de mo chathair dhúchais mar gheall ar an chinedheighilt reiligiúnach atá i bhfeidhm leis na céadta bliain.
eolach knowledgeable
" Is beag duine sa tír nach bhfuil eolach faoin am seo ar an bhfianaise a thug Ahern do Bhinse Fiosraithe Mahon.
cnuasach eolach aistí informed collection of essays
" Ar an ábhar sin amháin a chuirfinn fáilte roimh *Fáithe an Fichiú hAois* (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) le Séamus Ware, cnuasach eolach aistí ar shaol dáréag a bhí eisceachtúil.
eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré. knowledgeable about the related subjects in advance.
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
san eolaí teileafóin in the telephone directory
" Ba é sin ainm m'athar, a fuair bás beagnach fiche bliain ó shin, cé go bhfuil a ainm fós san eolaí teileafóin don teach a bhfuil cónaí orm ann.
go raibh mé réasúnta eolach that I was reasonably knowlegeable
" Shíl mé féin go raibh mé réasúnta eolach ar an ábhar seo go dtí gur léamh mé an liosta seo.
nach bhfuil eolach ar an teanga who aren't knowledgeable about the language
" Is cinnte go bhfuil ábhar inspéise sa saothar seo do lucht na Gaeilge agus is cosúil go dtabharfaidh sé lón machnaimh don chuid eile den tsochaí Éireannach nach bhfuil eolach ar an teanga nó ar na nithe atá ina n-údair imní – agus ina n-údair bhróid – dá lucht labhartha in Éirinn agus i gcéin.
eolach ar na cúrsaí seo. knowledgable about these matters.
" Sin an rud a deir na daoine atá eolach ar na cúrsaí seo.
eolach knowledgeable
" Anois, an té nach bhfuil eolach ar an scéal Rúiseach, thiocfadh leis tarlú go gcuirfeadh sotal den sórt sin ó dhoras é.
nach raibh mé eolach go leor ar an cheird, that I didn't know enough about the craft
" Tá roinnt ceachtanna foghlamtha agam faoi sin, mar tá a fhios agam go raibh mé i bhfad ró-uaillmhianach mar léiritheoir, nuair nach raibh mé eolach go leor ar an cheird, agus ag iarraidh rudaí a bhaint amach nach bhféadfaí a bhaint amach.
eolaí ardcháilithe highly-qualified scientist
" Ach chomh maith le hé a bheith ina eolaí ardcháilithe, is file, scríbhneoir, agus ealaíontóir é Hugh.
eolach knowledgeable
" Mar bharr air sin, bhí sé soiléir nach raibh cuid mhaith den lucht polaitíochta eolach ar an Chonradh nó eolach ar mhodh oibre an AE mar atá sé.
eolach ar knowledgeable of
" Agus na céadta míle ag foghlaim na Gaeilge in Éirinn agus i gcéin, is dócha gurb ann do go leor daoine atá eolach ar an bhfocal scríofa, ach atá dall ar fhoghraíocht na teanga (nó bodhar uirthi, is dócha!).
eolaí staidrimh statistician
" Is eolaí staidrimh agus staraí é Frank Neal, agus cé gur rugadh agus gur tógadh i Learpholl é, tá sé ina ollamh in Ollscoil Salford le fada.
t-eolaí expert
" Von Hagens agus Body Worlds Ba é an t-eolaí Gearmánach Gunther Von Hagens, an chéad duine a d’úsáid an próiseas leasaithe plaistiniú sna 1970í.
eolach aware, knowledgeable
" Sula dtabharfaidh polaiteoirí na hEorpa aird ar chomhairle Ottolenghi agus a institiúid ‘neamhrialtasach,’ ba cheart dóibh a bheith eolach ar chruinneshamhail geopholaitíochta na hirise Commentary, áit a mbíonn Ottolenghi ag blagáil.
eolaí scientist
" Dar le Freud agus Piaget (ceannródaí i réimse aigneolaíocht na forbartha), ní bhíonn an leanbán, nó an leanbh óg, in ann idirdhealú a dhéanamh idir an fhírinne agus an bhréag.
don té atá eolach to anyone who’s aware
" Is ríléir don té atá eolach ar an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus Iosrael go bhfaigheann “stát na nGiúdach” an lámh in uachtar beagnach i gcónaí.
eolaí polaitíochta an expert in politics
" Is léir go raibh sé ag smaoineamh mar fhear geilleagair agus ní mar eolaí polaitíochta.
Eolaí scientist
" Ar an Aoine 14 Eanáir, fógraíodh príomhbhuaiteoir an 47ú Taispeántas Eolaí Óg agus TeicnEolaíochta BT 2011 nó an *BT Young Scientist & Technology Exhibition* mar a thugtar air go coitianta, faraor.
níos eolaí more informed
" Is beag duine atá níos eolaí ar stair an chaidrimh SAM-Iosrael ná é.
Eolaí scientist
" Duaiseanna ======= Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais beirt de na leabhair seo: **Ciara Chainteach** **Bronntanais agus Féiríní Eile** **Cad a tharla don Eolaí Óg?** **Cé Chomh Mór is atá an Ghealach** 'Ciara Chainteach': ========= Cailín deas, gealgáireach í Ciara agus is maith le gach duine í.
eolach knowledgeable
" D’ainneoin cuma chiallmhar na comhairle, is léir don té atá eolach ar stair na ‘muirthéachtaí datha’ (Féach ‘Cogadh sa tSeoirsia,’ Beo! Meán Fómhair 2008) go bhfuil rud éigin le gnothú ag an mbainisteoir ciste fálaithe is saibhre ar domhan é féin as athrú réimis san Éigipt.
eolach orthu knowledge off
" “Na fiosrúcháin a bhfuil mé féin eolach orthu, shíl mé gurbh fhiú go mór iad.
t-eolaí Danmhargach Danish scientist
" Báireoir cumasach sacair ab ea Niels Bohr ach is i ngort eile ar fad a dhein an t-eolaí Danmhargach seo an t-aicsean a thuill clú is cáil dó ar fud na cruinne.
eolaí ab ea é tar éis an tsaoil after all he was a scientist
" Mhínigh Bohr nár chreid sé féin sa phiseog— eolaí ab ea é tar éis an tsaoil! Chuir sé an crú capaill ansin toisc gur chuala sé go n-oibreodh an phiseog fiú munar chreid sé féin inti.
leor nod don eolach a nod’s as good as a wink
" An cineál grinn a thaitníonn le muintir na hÉireann sa lá inniu, is greann uirbeach agus is greann tuaithe é, meascán den éadrócaire agus den chomhbhá (an greann sin inar leor nod don eolach chun é a thuiscint go minic).
Eolaí Siabhialta a civil scientist
eolach, cliste wise and knowledgeable
" Is duine eolach, cliste, láidir, sofaisticiúil mé - i ngan fhios don tsaol mhór cuid mhór den am! - agus ní ligim don diabhal rud mé a cheansú.
a bhuíochas do shoiléiriú daoine eolacha eile thanks to the enlightenment of other knowledgeable people
" Ach, a bhuíochas do shoiléiriú daoine eolacha eile agus don Ghréasán Domhanda chomh maith, tuigim anois gur disciplín ar leith é an siúl a bhfuil rialacha ar leith ag baint leis agus a éilíonn féinsmacht dian agus aigne an-dírithe i gcás an iomaitheora.
ró-eolach ar chúrsaí geilleagair too well versed in economics
" Léirigh staidéar atá á dhéanamh ag an Ollamh Brian Lucey (Coláiste na Tríonóide) nach bhfuil pobal na hÉireann ró-eolach ar chúrsaí geilleagair.
bí eolach fúthu be knowledgeable about them
" Fiú má shocraíonn tú gan páirt a ghlacadh i dteicneolaíocht ar bith, bí eolach fúthu agus bí cinnte faoi na fáthanna nach bhfuil tú ag tabhairt fúthu.
an-eolach faoi ríomhairí is urlabhra very knowledgeable about computers and speech
" Tá sé, gan amhras, an-eolach faoi ríomhairí is urlabhra is intleacht shaorga ach tá cúpla leabhar sláinte scríofa aige freisin, mar chaitheamh aimsire, nuair nach mbíonn sé ag comhaireamh a chuid airgid ar fad … Go dtí go raibh Kurzweil breis is daichead bliana d’aois, níor bhac sé mórán lena shláinte.
eolach go leor knowledgeable enough
" Is duine cuíosach iomaitheach mé ach ní ar bhonn luas mo chuid léitheoireachta! Ach braithim ciontach uaireanta nuair nach bhfuil mé eolach go leor ar ábhar ar leith nó nuair atá mé go hiomlán aineolach faoi nuacht mhór náisiúnta nó idirnáisiúnta tar éis dom lá a chaitheamh ag léamh is ag scríobh faoi conas mionmhíreanna a chur chun cinn ar na gréasáin <http://www.
eolaí eolais a data expert
" Ag tús an Mheithimh d’fhoilsigh triúir taighdeoirí, Adam Kramer, eolaí eolais le Facebook ina measc páipéar faoi thriail a rinne siad i 2012 (Féach sna naisc).
san alt seo don mbailitheoir eolach in this article for the well-informed collector
" Tá moltaí DVD agus Blu-ray áirithe ag Pat Butler san alt seo don mbailitheoir eolach ar tháirseach na Nua-Bhliana.