Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cothrom na Féinne justice, equality
" Is *melting pot* cultúrtha é Meiriceá, tír atá ar nós cuma liom faoi dhath craicinn daoine, a bhfuil comhionannas deiseanna agus cothrom na Féinne le fáil inti.
comhionannas equality
" Gan trácht ar mhoráltacht, cearta daonna, comhionannas nó an tsochaí i gcoitinne, ar bhonn eacnamúil amháin b'fhiú an infheistíocht a dhéanamh go luath seachas go mall.
Comhionannais equality
" Tá An Bille Comhionannais Teanga agus Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta foilsithe.
ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta fulfilling their responsibilities as regards equality
" Ach is ar mhaithe *linne *ba cheart dóibh í a fhoghlaim, d'fhonn is go mbeadh sé ar a gcumas ar deireadh thiar thall feidhmiú mar shaoránaigh chóra chearta na Poblachta, ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta i leith chlann na tíre go léir.
clár cothromaíochta equality programme
" Leasuithe ======= Tá leasuithe ag dul ar aghaidh ag baint le póilíneacht, dímhíleatú agus an clár cothromaíochta, mar a thugtar air, a mbeidh náisiúnaithe sásta leo.
Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002 The Official Languages (Equality) Bill 2002
" Go ndéanfaí acht den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002.
cothroime equality
" Cén fáth nach bhfuiltear ag caint ar chur i gcrích na ngeallúintí a rinne Rialtas na Breataine maidir le ceart agus dlí, cothroime agus póilíneacht, a fhiafraíonn siad.
easpa comhionannais lack of equality/uniformity
" Cuireann an easpa comhionannais seo daoine ar mire, ach caithfidh gach moltóir an cinneadh atá oiriúnach dar leis a dhéanamh i gcomhthéacs na himeartha agus an chluiche i gcoitinne.
an Coimisiún Comhionannais the Equality Commission
" Tá lear mór cáipéisí scríofa ag eagraíochtaí mar an Coimisiún Comhionannais, ach ní dhéanann siad difríocht ar bith.
chomhionannas equality
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Mar thoradh ar an Acht Teanga agus ar an aitheantas a thugtar anois don chomhionannas, tá súil agam go n-aithneoidh agus go n-éileoidh daoine a gcearta saol agus seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil gan dua, gan mhoilleadóireacht, gan mhasla agus ar chaighdeán chomh hard le nó níos airde ná an tseirbhís atá ar fáil trí Bhéarla.
comhionannas dleathach legal equality
" Faoi Alt 5 den acht sin, tugtar comhionannas dleathach do logainmneacha Gaeilge agus logainmneacha Béarla araon taobh amuigh den Ghaeltacht; sna ceantair Ghaeltachta, is iad na logainmneacha Gaeilge amháin a bheas dleathach.
comhionannas equality
" Bhain na tiarnaí agus a dtionóntaí leis an chlann chéanna – Clann Rois – ach ní raibh comhionannas eatarthu ar chor ar bith.
cothromas inscne. gender equality.
" *Ach, ar ndóigh, feicim na buntáistí atá agam féin agus ag mo thír – geilleagar láidir, caighdeán maith fostaíochta, oideachas, rogha slite maireachtála, sláinte, cothromas inscne.
comhionannas equality
" ”Tá an tuairim chéanna aige mar gheall ar an gcomhionannas fosta.
sa chothromaíocht ghlan in total (unquestionable) equality
" “Tá creideamh sa chothromaíocht ghlan *en vogue *sa lá atá inniu ann.
na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí to the Department Justice, Equality and Law Reform
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
Idir dhlíthe comhionannais agus dheontais chúnta, between equality laws and assistance grants,
" " An ionann oideachas agus geal anois, agus bochtanas agus gorm? Agus an amhlaidh gur cheart an bochtanas sin a cheiliúradh? Idir dhlíthe comhionannais agus dheontais chúnta, tá an dúrud déanta ag an rialtas chun lámh chúnta a thabhairt do na Gormaigh, ach ní mór don chine féin seasamh a ghlacadh anois agus a gcultúr a mheas.
cur chun cinn an chothromais the promotion of equality
" Arís eile in agallamh le *Hot Press*, dúirt Paisley *fils* gur chuir daoine aeracha déistin air agus ba é ab iontaí faoin scéal ná go raibh Ian Óg ina Aire i roinn a raibh cur chun cinn an chothromais mar chúram amháin dá cuid! Ach níl mórán cumhachta ag “an vóta bándearg” agus ligeadh do Paisley leanúint leis ag déanamh dochair dá pháirtí.
comhionannas equality
" Ba í an teachtaireacht eile a theastaigh uathu a chur in iúl ná nach bhfuil comhionannas iomlán bainte amach acu san Astráil sa chaoi is go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill agus go mbraitheann cuid acu faoi bhagairt an fhoréigin in amanna.
comhionannas iomlán total equality
" Ba í an teachtaireacht eile a theastaigh uathu a chur in iúl ná nach bhfuil comhionannas iomlán bainte amach acu san Astráil sa chaoi is go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill agus go mbraitheann cuid acu faoi bhagairt an fhoréigin in amanna.
ag éileamh comhionannais demanding equality
" Dúirt sé freisin go dtabharfaidh sí guth do dhreamanna éagsúla – do mhuintir na tuaithe, cuir i gcás, agus dóibh siúd atá ag éileamh comhionannais ar son na mban agus ar son na mBundúchasach.
de bharr na reachtaíochta comhionannais because of equality legistlation
" Tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas de bharr na reachtaíochta comhionannais in Éirinn agus an Bille um Pháirtíocht Shibhialta.
Acht um Chomhionannas Fostaíochta Employment Equality Act
" Ba chóir, mar shampla, leasú a dhéanamh ar mhír 37(1) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta a shíltear a bheith míchothrom mar go bhféadfaí úsáid a bhaint aisti le leithcheal a dhéanamh ar mhúinteoirí homaighnéasacha i scoileanna atá á reáchtáil ag na heaglaisí.
comhionannas pósta marital equality
" Is é téama Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath i mbliana ná “*always the bridesmaid, never the bride*”, téama atá tráthúil agus oiriúnach um an dtaca seo mar gheall ar go bhfuiltear ag diúltú go fóill comhionannas pósta a thabhairt don phobal aerach.
i leith comhionannais, with regard to equality
" Tá sé mar aidhm ag an gclár seo tuiscint na rannpháirtithe a fhorbairt ar theoiricí agus ar chleachtais i leith comhionannais, éagsúlachta agus seirbhíse ardcháilíochta do chustaiméirí.
bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha the basic principle of language equality
" Dyane Adam, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada: “Tá sé ríthábhachtach oiliúint a sholáthar d’oibrithe san earnáil phoiblí ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha.
cothrom na Féinne a roinnt leo to give them equality
" Cé go bhfuil bród orthu as a gceantar féin agus fonn orthu é a chosaint ar gach olc ón taobh amuigh – póilíní agus lucht nuachtáin agus teilifíse, mar shampla – tá fuath acu freisin don tsochaí nach bhfuil sásta cothrom na Féinne a roinnt leo.
chothromaíocht equality
" An Neamart Gan aird ar an anfa idirnáisiúnta, chuaigh geilleagar na hÉireann bealach na míchothromaíochta de dheasca na bpolasaithe a bhí á gcur i bhfeidhm le linn aimsir an tíogair.
cothrom na Féinne equality
" Ach, le cothrom na Féinne a thabhairt do Bhalor bocht, tá dua caite aige ag iarraidh an caitheamh a chaitheamh suas.
cothroime equality
" Tá sé oscailte do dhuine ar bith atá ina chónaí sa Bhreatain agus ba mhaith leis an ealaíontóir go mbeadh meascán daoine le feiceáil iontu siúd a roghnófar, a bhéarfaidh léargas cothrom ar réigiúin éagsúla na Breataine agus a mbeidh cothroime ann ó thaobh mionlaigh chine agus inscne.
cothromas equity, equality
" B’fhearr liom an focal ‘cothromas’ ná ‘fás/forbairt’.
Comhionannais equality
" Grád: C Dermot Ahern (An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí): Tá sé de bhuntáiste aige nach bhfuil sé rómhór nó róbheag leis an fhear cheannais.
comhionannas equality
" Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é.
cothromaíochta equality
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
cothrom na féinne equality
" An bhfaighidh sí cothrom na féinne nó an rachaidh rudaí chun olcais? Agus an buachaill óg .
cothrom na Féinne equality
" Mar sin, iarraimid ar an rialtas brú a chur ar Rialtas Westminster (tríd an gComhdhail Idir-Rialtasach, cuir i gcás) chun cothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge.
chomhionannas equality
" Bheadh seans ann tar éis toghcháin go dtiocfadh ceannaireacht nua chun cinn i gceannas ar rialtas ag a mbeadh fís úr, a bheadh bunaithe ar chomhionannas seachas ar shaint chun saibhreas pearsanta a chnuasach.
Cothroime do Chách equality for all
" com/watch?v=JuFuJ262pnY&feature=related) Cothroime do Chách Is furasta an scéal a réiteach.
cothromaíocht equality
" Braithim mar sin go bhfuil bonn lochtach faoin staidéar ón tús sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar an teoiric gur cheart go mbeadh ionannas agus cothromaíocht fostaíochta idir daoine le Gaeilge agus daoine le Béarla.
cothrom na Féinne equality
" Tá an chumhacht acu iad a chur as feidhm fríd an pholaitíocht a thugann cothrom na Féinne do gach duine.
chomhionannas equality
" Tagann na nósanna seo salach ar an chomhionannas, an fhreagracht, an t-ionracas, agus ar an oscailteacht.
chomhionannas equality
" ' Maíonn sé go mbíonn muid de shíor ag díriú ar stádas oifigiúil agus ar chomhionannas agus go bhfuil easpa pleanála ann ó thaobh idirdhealú dearfach a déanamh don Ghaeilge dá thairbhe.
comhionannais of equality
" Thug siad stádas dleathach don chomhpháirtíocht shibhialta agus chuir siad dlíthe comhionannais i bhfeidhm a chuidigh go mór le mionlaigh eitneacha agus leis an duine aerach.
Cothroime equality
" Mheabhraigh an tAire Airgeadais , Cothroime Ní Inscne, T.
chomhionannais gnéis sexual equality
" Luaigh sí Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann agus na héilimh a bhí acu sin sna 1960í - vóta d’achan duine - *one man, one vote* - (seo roimh aimsir chomhionannais gnéis!), scor na B-Speisialach, deireadh le leatrom i gcúrsaí tithíochta agus fostaíochta agus deireadh leis an chlaonroinnt.
cothrom na Féinne equality
" “Creideann siad gur féidir an stát a dhaonlathú agus go dtiocfaidh Éire Aontaithe mar thoradh ar sin, ar an mhéar fhada féin” arsa McAliskey, “ach ar leibhéal eile, na daoine ar an imeall, daoine atá ag streachailt bia a chur ar an tábla don teaghlach, daoine atá éagsúil ó thaobh eithneachta nó gnéasachta de, ar chruthaigh muid sochaí ina bhfuil cothrom na Féinne acu siúd? Measaim nár chruthaigh.
cothrom na Féine equality
" Tá a lán léaráidí de Claude Chevasse sa leabhar Cesca’s Diary- nach mbeadh sé oiriúnach cóip de cheann acu a chur ar an bhalla san Institiúid i gcuimhne Ian McKeane agus chun cothrom na Féine a thabhairt do gach géag ginealaigh mhuintir Chvasse? Cúnamh Meyer leis an Chéasar ============= Is ceist chonspóideach, ealaín agus Éire in Ollscoil Learphoill.
cothromaíocht equality
" “Agus an comhrialtas i Westminster ag caint ar “cothromaíocht” agus ar an ualach is mó a bheith á iompar acu sin is mó acmhainn, is fiú an £18bn sin a chur i gcomórtas leis an £2.
chomhionannas equality
" Bhí clú ar an Astráil, tráth den saol, mar thír a bhí forásach ó thaobh bheartas i réimse sóisialta de, tír ina mbíodh ardmheas ar chomhionannas agus ar chothroime.
chothrom na Féinne equality
" Tá ardmheas ag muintir na tíre seo ar chothrom na Féinne, mar a luaigh mé ag tús an ailt, agus tugtar ‘a fair go’ air i mBéarla na hAstráile.
cothromaíocht inscne gender equality
" An tAire Turasóireachta agus Ealaíona: Deirdre Clune ====================== Beidh ar Fhine Gael cothromaíocht inscne agus tíreolaíochta a chur san áireamh nuair a bheas an chreach á dáileadh.
Chothrom na Féinne equality
" Chothaíodar, leis, meas ar Chothrom na Féinne – an fair go mar a deirtear sa tír seo.
Comhionannais equality
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
cothromaíocht equality
" An ceart go mbeadh daoine saor ó leatrom maidir le cúrsaí tithíochta, cúrsaí bia, cúrsaí sláinte, cúrsaí cultúir agus go mbeadh cothromaíocht i gceist.
ar son comhionannais for equality
" D’fhill sé ar Mheicsiceó sna 20í agus bhí sé ina bhall de ghluaiseacht múrmhaisiú Mheicsiceó, gluaiseacht ealaíonta intleachtach a thug tacaíocht don fheachtas ar son comhionannais do mhuintir dhúchais na tíre.
Choimisiúin Comhionannais Equality Commission for Northern Ireland
" (Is beag déagóir a bhfuil a fhios acu cad é an tslí bheatha atá rompu, ar ndóigh) ach i ndiaidh "sraith timpistí", tá Bob Collins ar na fir is mó tionchar ar dhá thaobh na teorann in dá réimse difriúla, mar Chathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ) ó dheas, agus mar Phríomh-Choimisinéir ar an Choimisiúin Comhionannais ó thuaidh.
gcothromaíocht equality
" Síleann lucht an Údaráis, idir fheidhmeannaigh agus bhord, gurb é an cúram atá ar an eagraíocht ná postanna a chur ar fáil, beag beann ar cé na daoine a bheadh sna postanna nó cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfostaíocht nuachruthaithe ar an gcothromaíocht teanga sa phobal.
cothrom na Féinne a fháil obtain equality
" Is trí na seirbhísí dlí a thig le daoine a gcearta a chosaint agus cothrom na Féinne a fháil.
foirfe ó thaobh na cothromaíochta de proper from the point of equality
" (Cén cháin atá foirfe ó thaobh na cothromaíochta de).
cothromaíocht equality
" Cérbh í Bernadette? ========= Mar a deir sí féin, ba ghnáthdhuine í Bernadette Ní Dhoibhlin ón aicme oibre Caitliceach, a fáisceadh as an bhfeachtas a bhí ar bun ag NICRA (Gluaiseacht na gCearta Síbhialta i dTuaisceart Éireann), le cothromaíocht a fháil do Chaitlicigh/náisiúnaithe i dtaobh guthaíochta, i dtaobh fostaíochta agus i dtaobh tithíochta.
an mhíchothromaíocht in-equality
" Léirigh Gonski a dhonacht is atá an mhíchothromaíocht sna scoileanna abhus.
cothrom na Féinne equality
" Ní oirfeadh a leithéid do mhuintir na tíre seo a mhaíonn go hurrúsach gur gné shainiúil lárnach dá sochaí í cothrom na Féinne, nó a fair go mar a thugann siad air.
cothrom na Féinne equality
" Ag caint ar na trí chontae sin, dúirt staraí aontachtach amháin, Gordon Lucy "nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola," ag cailleadh leimhe na tuairime sin i dtaca le saol daoine taobh istigh de na Sé Chontae! Ach luaigh Lucy Michael Elliott, aontachtach as tuaisceart Mhuineacháin a bhí ina bhall den Chomhdháil Éireannach deireanach i 1917, fear a mhaígh gurbh fhéidir stát naoi gcontae fanacht i seilbh na nAontachtach agus, dá mbeadh cothrom na Féinne ag gach duine san Ulaidh aontachtach seo, gur mó an seans go mairfeadh agus go mbláthfadh sé.
ag teacht leis an gcomhréireacht ná leis an gcothrom agreeing more with procedure than with equality
" Ba dheacair a rá go raibh breithiúnas na Cúirte ag teacht leis an gcomhréireacht ná leis an gcothrom, bunphrionsabail an dlí.
cothrom na Féinne do chách equality for all
" I gcomórtas le cruth an tseomra ranga bíonn modhanna teagaisc níos solúbtha ag an dojo, agus is é bunphrionsabal na gluaiseachta ná cothrom na Féinne do chách.
bainfear cothromaíocht chultúir amach cultural equality shall be achieved
" Glacfaidh sé tamall fada ach bainfear cothromaíocht chultúir amach luath nó mall agus tá difir an domhain idir stádas na gCaitliceach inniu agus a stádas le linn reiméas Stormont.
cothroime, ceart agus cóir equality, right and justice
" Is é bunrud an phoblachtánachais go mbeadh cothroime, ceart agus cóir, is cuma cén cúlra, inscne, is cuma cén dath atá ar a gcraiceann, is cuma cá gcónaíonn siad, ach gur chóir go mbeadh an fáil nó an rochtain chéanna acub agus na deiseanna céanna acub ar theach, díon a chur os cionn a gcloigne, fostaíocht a fháil, deis ar shláinte, ar oideachas agus mar sin de.
chothroime equality
" An Deis Tagtha Faoi Dheireadh Thiar ================= Nuair a thit an tóin as an chóras dhomhanda airgeadais sa bhliain 2008, cuireadh ceisteanna bunúsacha faoi chruth, faoi struchtúr, agus faoi chothroime an chórais chaipitlíoch ar fad.
Cothroime don Aonteangachas Bhéarla equality for English monoglottism
" Cothroime don Aonteangachas Bhéarla ================ Murab ionann is na ceantair Ghaeltachta, is iondúil go mbíonn pobaltheanga na gcathracha agus na mbailte móra scoite amach óna chéile.
lán d’fhearg i ngeall ar an easpa cothromaíochta full of rage about the lack of equality
" ” An é go raibh an leaid óg seo an-aibí agus é ag tabhairt faoin chumadóireacht agus ag treabhadh gort nua an cheoil? “Bhí mé ag éisteacht cuid mhaith le Dylan agus ansin ag cumadh amhráin a bhí lán d’fhearg i ngeall ar an easpa cothromaíochta a bhain le sochaí Mheiriceá sna seascadaí! Ní raibh ciall ar bith leis,” a deir sé agus gáire ar a bhéal.
ag fáil cothrom na Féinne receiving fairplay, equality
" Cé go bhfuil an-dul chun cinn déanta sa Tuaisceart, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an dá rialtas ag leanúint leis an phróiseas mar a bhí beartaithe, agus thug sé dhá shampla dúinn: níl aon Acht na dTeanga ann go fóill, mar a bhí socraithe ag an Comhaontú Chill Rìmhinn agus mar sin tá a lán daoine ann nach bhfuil ag fáil cothrom na Féinne faoi láthair.
na cothromaíochta equality
" Pobal faoi leith é an pobal aerach atá ag dul ó neart go neart le deireanas agus cearta bunúsacha daonna bainte amach acu i dtaobh an stádais phósta agus na cothromaíochta dhe.
cothrom na Féinne ann equality in place
" Ba léir do Dhónal, scoláire PhD agus léachtóir in Ollscoil na Cathrach, Baile Átha Cliath, nach raibh cothrom na Féinne ann don chultúr Gaelach i measc na n-oícheanta aeracha a bhíonn ar siúl timpeall Bhaile Átha Cliath.
de chomhionannas inscne a thabhairt of gender equality
" Mhaígh sise go bhfuil ‘an tsíleáil ghloine’ fós le sonrú i gcúrsaí rialtais na tíre cé go bhfuil sé de dhualgas ar an bPríomh-Aire dea-shampla de chomhionannas inscne a thabhairt do na hearnálacha eile abhus.
le tairbhí a bhaint as an ionannas to take advantage of the equality (status)
" Scríobh Bolt sna colúin go raibh na ceannairí seo ag maíomh go raibh siad ina mbundúchasaigh le tairbhí a bhaint as an ionannas.
an comhionannas equality
" Go príomha is páirtí don meánaicme é Páirtí an Lucht Oibre, an chuid den aicme sin a chreideann gur rud maith é an comhionannas agus nach bhfuil treoraithe ag an tsaint a mhill an stát seo le linn réimeas tubaisteach Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach.
ar nós an chomhionannais like equality
" Fíorluach na hOla ======= De réir Browne is fearr d’Albain dul i ngleic le fadhbanna ar nós an chomhionannais má tá sí ina chuid de thír atá níos mó.
leatrom leanúnach á dhéanamh a continual in-equality in practice
" An easpa Críostaíochta agus spioradáltachta atá go forleathan san Iarthar – na tíortha ar maos le pornagrafaíocht, caimiléireacht stáit, mímhacántacht agus leatrom leanúnach á dhéanamh ar mhná agus ar pháistí - is fearr dóibh fanacht mar atá siad san iargúil, fiú más bochtaineacht, aineolas agus sceon atá mar thoradh air.
Ceart Dom, Ceart Duit equality, the same treatment
" Ceart Dom, Ceart Duit ========== Ba cheart, dar liom, go mbeadh teorainn ama leis an chead phleanála do fógraí príobháideacha agus go ngearrfaí fíneáil ar éinne nach mbainfeadh iad taobh istigh den tréimhse seo.
cothrom na Féinne equality, fair play
" Féachann Douglas Dalby ar an nasc láidir atá idir Glasgow Celtic agus na hÉireannaigh ó bunaíodh an club sacair cáiliúil seo in 1888, agus ar an tslí ar thug club misneach dóibh agus iad ag streachailt le cothrom na Féinne a bhaint amach i sochaí sheicteach.
chothroime equality
" Ba cheart amharc go géar ar an chonradh shóisialta agus an chothroime a chur san áit a bhfuil sé ar iarraidh ann faoi láthair.
cothrom na Féinne equality
" Tá Robert McMillen den tuairim go mbaineann cur as feidhm na n-easaontóirí le cothrom na Féinne a roinnt ar chách tríd an pholaitíocht.
cothrom na Féinne equality
" Feictear do Cholm Mac Séalaigh go bhfuil dhá chomórtas éagsúla ag gabháil ar aghaidh faoi chóras Chraobh na hÉireann mar atá agus níl cothrom na Féinne le fáil ann.
chomionannais of equality
" Bhuail Robert McMillen le fear a bhfuil tionchar mór ar dhá thaobh na teorann i saol na craoltóireachta agus i saol an chomionannais, an fear a bhí ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ nuair a cuireadh TG4 ar bun.
cothrom na Féinne equality
" Is é cothrom na Féinne croílár cheist na dtáillí tí agus ceadúnas teilifíse/cumarsáide dar le Ciarán Mac Aonghusa.