Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
measadh riachtanais needs were estimated
" Dúirt daoine liom gur chuimhin leo grúpaí a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach, leithéidí Ridirí Colambanus, ag moladh do Chaitlicigh a gcreideamh a líonadh isteach sna foirmeacha ar an ábhar, dar leo, go raibh an Stát athraithe agus gur measadh riachtanais maidir le seirbhísí oideachais, sláinte agus cultúir de réir fhigiúirí an daonáirimh.
meastacháin estimate
" (De réir meastacháin amháin, chaill breis is 120 páiste athair ar phóilín é ar an 11 Meán Fómhair.
a mheas to estimate
" Liostaí seoltaí ======= Tá sé deacair a mheas cé mhéad airgid a shaothraíonn na comhlachtaí a fhógraíonn le *spam *cé gur dócha gurb iad na comhlachtaí a dhíolann na liostaí seoltaí is mó a dhéanann airgead.
meastachán estimates
" Is eachtrannaigh iad formhór na striapach atá ag obair ar an tsráid na laethanta seo - idir 25,000 - 40,000 den líon iomlán, de réir meastachán airithe; is fearr le go leor de na striapacha Iodálacha a gcuid custaiméirí a aimsiú i slí eile.
Meastar it is estimated
" Meastar go bhfuil idir 50,000 - 70,000 striapach ag obair san Iodáil agus gur eachtrannaigh níos mó na leath acu.
mheastachán eolaíoch scientific estimate
" Tá na moltaí sin bunaithe ar mheastachán eolaíoch ar an méid is mó éisc ba chóir a mharú gan dochar fadtéarmach a dhéanamh do na stocanna.
Leabhar na Meastachán The Book of Estimates
" Go praiticiúil, is éard a chiallaíonn sé ná go mbeidh muid in ann teacht ar na cáipéisí a bhí os comhair an Rialtais nuair a glacadh le Leabhar na Meastachán don bhliain 1999.
meastar it is estimated
" Ar an iomlán, meastar gur ghlac milliún go leith duine i 100 tír thart timpeall an domhain páirt san ócáid stairiúil sin, a d'eagraigh (www.
Meastar it is estimated
" Meastar go bhfuil 200 saghas éin agus 5,500 saghas éisc ann agus níl a bhformhór sin le fáil in aon áit eile.
meastachán estimate
" An meastachán a bhí ann ná go raibh thart ar 40,000 duine a bhí i dteideal an chárta órga, ach taobh istigh den chéad bhliain tugadh breis is 90,000 cárta amach.
Leabhar na Meastachán the Book of Estimates
" Níl aon teist níos fearr orthu ná an chaoi a ndéileálfar leis an Tionscnamh Iompair Tuaithe agus Leabhar na Meastachán á réiteach do cháinaisnéis na bliana seo chugainn.
meastacháin estimates
" Tá go leor de na Críostaithe seo i Meiriceá ag caoineadh an mhíle agus céad ná mar sin saighdiúir Meiriceánach a fuair bás ó thosaigh an cogadh ach is beag trácht a dhéanann siad ar an líon mór Iarácach (suas le 30,000 dar le meastacháin áirithe agus 100,000 dar le cinn eile), a maraíodh go dtí seo.
nach féidir a mheas than cannot be estimated
" Chomh maith leis an chostas daonna, bhí costaisí eile ann nach féidir a mheas go furasta.
Meastar it is estimated
" Meastar go bhfuil breis is 90,000 duine fostaithe go díreach sa 570 comhlacht Meiriceánach atá lonnaithe anseo.
Meastar it is estimated
" **Gearáin** Meastar go dtiocfaidh idir 4,000-5,000 gearán faoi bhráid Choimisiún Ombudsman an Gharda gach bliain agus beidh iarchomhaltaí de chuid fhórsaí na Ríochta Aontaithe, na hAfraice Theas, Mhálta, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne á bhfiosrú.
tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, it is difficult to estimate what they played really,
" 138 bliain ina dhiaidh sin, tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, ach amháin go raibh rialacha i gceist.
meastar it is estimated
" Bhí 150 flóta sa pharáid agus meastar gur tháinig suas le 300,000 duine le chéile le féachaint uirthi.
réamh-mheastachán pre-estimate
" Shíl mé go mbeadh anailís costais is tairbhe ann mar aon le réamh-mheastachán faoin bhuntáiste a bhainfeadh an teanga as cuideachtaí a chónascadh nó a chomhchuimsiú agus as athstruchtúrú iomlán a dhéanamh ar na heagraíochtaí deonacha.
mheas to estimate
" Tá an tóin ag titim as geilleagar na hÉireann chomh tapaidh is nach féidir leis na heacnamaithe na figiúirí a mheas chomh gasta is atá an scéal ag athrú.
a mheas to estimate
" Chuir an tAire Ó Cuív an t-iarratas faoi bhráid Príomhoifigeach Rannóg Polasaí na Gaeilge leis an iarratas a mheas "agus moladh a chur faoi mo bhráid.
meastúchán estimate
" Ach ní féidir a shéanadh gur mar airgead reatha a cuireadh i láthair é i mbuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i meastúchán na cainaisnéise (féach lch.
Meastar it is estimated
" Meastar go bhfuil suas le leathmhilliún duine dífhostaithe sna tíortha beaga san Aigéan Ciúin agus tá fadhbanna móra sóisialta acu dá dheasca.
Meastar it is estimated
" Meastar go gcosnóidh an £12,000 an t-íobartach, £40 milliún, ach tá an Grúpa Comhairliúcháin ag iarraidh £300 milliún eile leis an obair a chur i gcrích.
Meastar it is estimated
" Meastar go gcosnóidh na tinte breis is $2 bhilliún.
Mheas estimated
" Mheas Mikhail Gorbachev gur ghoid na holagarcaigh $1 trilliún ón stát Rúiseach sa 'príobháideachas' seo - nó 'mafia-áideachas' mar a thugann na Rúisigh air.
Measann estimate
" Measann an PSNI go bhfuil tuairim's ar 300 ball ag na heasaontóirí.
mheas estimate, judge
" Sílim nár mhiste na trí ráithe, nach mór, atá caite agam i ‘dtír na deise’ a mheas.
mheas siad they estimated
" Bhí i bhfad an iomarca Meiriceánach ag maireachtaíl ar chreidmheas, go háirithe an t-airgead a mheas siad a bhí acu ina dtithe.
Ceaptar it is thought, estimated
" Ceaptar go bhfuil trálaeir iascaireachta ó thíortha ar fud an domhain ag goid os cionn $300 milliún in aghaidh na bliana ó thír atá beo bocht, ina bhfuil go leor den daonra ag brath go mór ar an iascach.
Measann estimates
" Measann an t-Ollamh Georges go bhfuil 25 mamach andúchasach ar a laghad bunaithe anois san Astráil, agus fearacht Oileán Mhic Guaire, tá an-dochar déanta acu do na hainmhithe bunaidh, ach go háirithe do na fiachait.
áireamh go cruinn to estimate accurately
" Is deacair a líon a áireamh go cruinn, ach meastar go bhfuil corradh is 3 milliún de na Carainn i mBurma féin chomh maith leis na céadta míle díobh sa Téalainn, ceann de chúig cinn de thíortha atá le taobh Bhurma.
meastar it's estimated
" Tháinig beagnach 20 faoin gcéad de na mic léinn seo as an India agus meastar go mbeidh an India ar an gcúigiú páirtí trádála is mó ag an Astráil faoi cheann deich mbliana eile.
Meastar it's estimated
" Meastar go labhraítear 1,500 teanga ó cheann ceann na tíre.
Measann estimates
" Measann an Banc Domhanda go maireann 456 milliún Indiaigh faoi bhun líne an bhochtanais, ’sé sin, go maireann siad ar $1.
Meastar it's estimated
" Meastar go bhfuil tuairim is 90,000 Batwa fágtha faoi na Mór-Lochanna agus iad scaipthe thar achar tuairim is 100,000 ciliméadar cearnach, achar ábhairín níos mó ná oileán na hÉireann.
Measadh it was estimated
" Measadh go raibh suas le 85 cineál éin le feiceáil ar an loch an uair dheiridh ar líonadh go hiomlán é, sa bhliain 1974.
meastacháin estimates
" Ní raibh a fhios ag daoine cá mhéad acu a bhí ann (idir 30 agus 300 a bhí na meastacháin) go dtí gur fhoilsigh Sir Hugh Munro (1856- 1919) an 'Munros Tables' san iris de chuid Chumann Sléibhteoireachta na hAlban (SMC) i 1891.
athbhreithniú re-estimate
" Nuair a d’fhoilsigh Galileo, Sidereus Nuncius i 1610, áfach, b’éigean don domhan athbhreithniú a dhéanamh ar an tslí a mbídís ag amharc ar an ghealach.
mheas to estimate
" Foilsiú an Drochscéala Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas.
Mheasúnaithe estimates
" Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d'Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais.
mheas estimate
" Dúirt Dónall go mbeidh siad ag iarraidh ar na húdaráis i Sasana suirbhé níos cuimsithí a dhéanamh chun an t-éileamh atá ar an Ghaeilge go náisiúnta a mheas.
athbhreathnú re-estimating
" I ngan a fhios don chuid is mó againn, tá lucht saineolais ag iniúchadh agus ag athbhreathnú na seanchoincheap níos mó ná ariamh, i ngeall ar an dul chun cinn atá déanta ina réimsí léinn éagsúla.
mheas estimate
" Agus ag féachaint ar scéal na Fionlainne ina iomláine, b’fhéidir go mbeimid in ann an méid atá romhainn ó thaobh athruithe agus coimhlintí sóisialta a mheas.
áirítear it's estimated
" Tá breis is míle Mandaean i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus áirítear go bhfuil tuairim is 5,000 díobh sa tSualainn, díreach líon an phobail sin atá fágtha san Iaráic féin.
mheas estimate
" Is é seo an cineál eolais atá de dhíth má táimid lenár scéal a mheas, beartú i gceart dá réir agus a theacht ar an mbuille ceart righin tomhasta le sinn a thabhairt as an ghá a bhfuilimid ann le cúig ghlúin anuas go dtínár linn féin.
meastúcháin estimates
" Ba léir go ndearna sé beart de réir a bhriathair, tráth ar foilsíodh na meastúcháin ag deireadh na bliana mar go raibh buiséad agus cúraimí leagtha síos don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
dochar a thomhas to estimate the damage
sa mheá in the estimate
" Is dócha gurb í an phríomhcheist atá le cur agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an gceapachán mar sin, an cúis sách maith tóir an phobail a bheith ar dhuine leis an duine céanna a roghnú i gcomhair post fíordhúshlánach? Ní foláir a chur sa mheá freisin gur fear é Maradona – bíodh go bhfuil sé ag teannadh le leathchéad bliain d’aois – a bhfuil go leor fadhbanna domhainfhréamhaithe dá chuid féin aige, ní áirím an cúram a bheith air faire amach do scata imreoirí éilitheacha, cuid acu an-teasaí ina mbealach féin.
meastar it’s estimated
" Sa bhreis ar sin, meastar go bhfuil tuairim is 8,000 duine fásta ag foghlaim na teanga san am i láthair.
meastachán coitianta common estimate
" Is deacair méid an bhaill a thomhas go baileach, ach de réir meastachán coitianta amháin tá sé chomh mór le Texas agus tá na milliúin tonna de phlaisteach ann.
Meastar it’s estimated
" Meastar go bhfuil 13% den ola neamhnochta ar domhan faoin Artach, ach níl an ola ach in áit na leathphingine i gcomórtas leis an ngás nádúrtha atá ann.
meastúchán estimate
" Le meastúchán a dhéanamh ar chomhdhéanamh na chéad Dála eile, chaith mé súil ar na 43 Dáilcheantair.
figiúirí measta estimates
" Cé nach dtugann údaráis Mheiriceá figiúirí measta ar shlógaí níos mó, meastar go neamhoifigiúil go raibh cúpla céad míle duine i láthair ag an slógadh úd, a thugtaí ‘Restoring Honor’, nó ‘Athghabháil an Mheasa’ air.
meastúchán estimate
" **SMM: Thosaigh tú campa samhraidh do na gasúir as na scoileanna éagsúla ansin?** RÓS: Thosaigh mé le meastúchán.
á mheas being estimated
" Cur i bhfeidhm na rialacha agus stiúradh an chluiche a bhíonn á mheas.
mheastachán estimate, survey
" Bhí 25,900 duine as gach aoisghrúpa mórthimpeall na tíre páirteach sa mheastachán agus iarradh orthu a meáchan féin a mheasúnú.
mheasúnú to estimate
" Bhí 25,900 duine as gach aoisghrúpa mórthimpeall na tíre páirteach sa mheastachán agus iarradh orthu a meáchan féin a mheasúnú.
féinmheasta self-estimated
" Bhí éagsúlacht shuntasach idir na staidrimh féinmheasta agus iad bunaithe ar innéacs corpmhaise, a léirigh go raibh 62% de na fir agus 45% de na mná sa mheastachán aicmithe mar róthrom nó murtallach.
a mheá to estimate
" Chreid sé, a dúirt sé, go mba ghá do na baill dul chun cinn na heagraíochta a mheá agus an cineál eagraíochta atá uathu a shainiú.
Mheas estimated
" Mheas an Coimisiún freisin go raibh na rialtais éagsúla ag caitheamh $4.
feidhmiúlachtaí costais a mheas estimate the cost practicalities
" Tá luach geilleagrach i gceist agus go teoiriciúil d’fhéadfaí na feidhmiúlachtaí costais a mheas.
tosaíochtaí a mheas to estimate (their) priorities
" San am atá le theacht beidh ar gach tír a cuid tosaíochtaí a mheas, a cuid luachanna a mheabhrú, agus cinnidh deacra a thabhairt dá dheasca seo.
gach dúnghaois a mheas to estimate every policy
" Ní foláir gach dúnghaois a mheas go grinn agus anailís costais is tairbhe a dhéanamh sula gceadófaí aon phlean mór.
máistir fómhais estimates officer
" De réir an iriseora le RTÉ, Feargal Keane, dúirt máistir fómhais de chuid na gcúirteanna leis gur ar mhaithe leis an chúlú gheilleagair atá costais na n-abhcóidí tite ó chúig mhíle sa lá go ceithre mhíle sa lá.
ag plé na meastúchán discussing the estimates
" Táimid ag plé na meastúchán anois agus beidh an cháinaisnéis ag teacht amach ar an seisiú lá de mhí na Nollag agus tá mé cinnte go mbeidh ciorruithe ansin nach raibh, fiú amháin, daoine ag súil leis.
Measann an tuairisc seo this report estimates
" Measann an tuairisc seo go mbeidh gá le 290,000 cuairteoir in aghaidh na bliana má tá Ionad Titanic le teacht slán ó thaobh ioncaim de agus tá amhras ar an Oifig Iniúchóireachta go sroichfear an sprioc sin go fadtéarmach agus nach bhfaighfidh cuairteoirí luach a gcuid airgid as.
slat tomhais lom garbh a rough estimate
" Ba í sin ceist na míosa in eagrán na Nollag de Beo! agus mar a shíl muid a bheadh sé, bhí leath na ndaoine a d’fhreagair an cheist faoi bhrú sa tsaol agus ní raibh sa cheistneoir seo ach slat tomhais lom garbh.
Meastar it’s estimated
" Meastar go dtagann a ainm as focail éagsúla sna teangacha bundúchasacha a labhraítí sa dúiche ina bhfuil *Sydney* anois.
mheas to estimate
" '* Is faoin Dáil atá sé mar sin a mheas cá dtiteann an leas choiteann sa chás áirithe seo.
thug siad meastachán they gave us an estimate
" Chuir muid ceist ar an teilgcheárta i mBaile Átha Cliath agus dúirt siad linn gur féidir agus thug siad meastachán ar an obair dúinn.
Meastar it is estimated
" Meastar - agus níl ann ach garmheastachán - go gcaitheann teifigh san Áise tuairim is cúig bliana ar an meán ag feitheamh sula bhfaigheann siad cead dul chuig tír éigin ar imirce.
Is é mo mheas I estimate
" Is é mo mheas go gcaithfimid daoine leochaileacha a chosaint ar dhaoine leochailacha eile, ach tá an saol agus gach ní leagtha amach don dream fuinniúil láidir daoine gur cuma leo na buillí a buaileadh, a bhuailtear is a bhuailfear orthu.
caithfead athbhreithniú a dhéanamh ar nath I have to re-estimate the phrase
" Ach anois, i bhfianaise uisce-faoi-thalamh pragmatach Abe Naofa Uachtaráin, caithfead athbhreithniú a dhéanamh ar nath Giulio Andreotti, a rabhas ag tabhairt amach anseo faoi le deireannas: *‘You sometimes have to do evil in order to do good’*.
a mheas de réir estimated according to
" Cleas an Philibín ======= ’Sé an cur chuige atá ag an Aire ná '*never mind the quality feel the grades*' ach i ndeireadh ama, níor cheart fiúntas an tsiollabais a mheas de réir torthaí arda, ach de réir cumas cainte agus tuisceana na ndaltaí.
dhéanann measúnú priacail go rialta regularly does danger estimates
" “Even though I had been practising self-arrest earlier in the month, the angle of the slope was much greater, and very little time was left to respond quickly enough before I was taking some bounces,” a dúirt Mark, a oibríonn mar comhairleoir sláinte agus sábháilteachta agus a dhéanann measúnú priacail go rialta.
meastúchán íseal a low estimate
" Ar an meán má chaitheann gach ceann acu €2,000 (meastúchán íseal, déarfainn) gach bliain ag aistriú na dtuarascálacha, na gcuntas airgeadais agus na doiciméidí ina ‘leagtar amach tograí beartais phoiblí’ mar a thugtar orthu san Acht, is ionann san agus €1,200,000 in aghaidh na bliana d’airgead stáit caite ar bhealach sách seafóideach ag cur cáipéisíocht ar fáil i nGaeilge nach léitear.
meastar it’s estimated
" Ach léiríonn figiúirí ón DWP (An Roinn Oibre agus Pinsean) féin go meastar nach bhfuil calaois i gceist ach le 0.
Measann estimates
" Spreagann sé an cheist, cá mhéad duine in Éirinn a bhfuil "fuil na nGormán" iontu i ngan fhios dóibh? Measann Bill Rolson go raibh i bhfad níos mó daoine gorma in Éirinn ná mar a shamhlaíonn muid leis na céadta, sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha go Dyflinnarskiri/Baile Átha Cliath, croílár na sclábhaíochta Lochlannaí, a deirtear.
meastar it’s estimated
" Is ionann Laidin-Mheirceánaigh agus 16% den daonra anois agus meastar go ndúblóidh an sciar sin faoi 2050.
Meastar it’s estimated
" Meastar go bhfuil tuairim is 214 milliún díobh ar dhroim na cruinne sa lá atá inniu ann, is é sin 3% de dhaonra an domhain, méadú mór ar an 150 milliún imirceach idirnáisiúnta a áiríodh sa bhliain 2000.
Na Srutháin Inmheánacha a Mheas estimating the internal streams
" Na Srutháin Inmheánacha a Mheas ============== Más ea, ní dhéanfadh an Cadhnach toil Dé, ná an tírdhreach ná an fómhar bliantúil a adhradh ina chuid cumadóireachta féin.
mheas i gceart estimate properly
" Orainn féin atá an locht mar phobal mura bhfuil sé ar ár gcumas ceannairí na tire agus a gcuid dúnghaoisí a mheas i gceart.
Le obair an rialtais seo a mheas in order to estimate the work of this government
" Le obair an rialtais seo a mheas is fiú go mór an comhthéacs a bhreathnú.
costasú ceart déanta proper cost estimate(s) done
" *’ Dálta an lá inniu, bhí géarchéim airgeadais sa tír ag an am agus bhí an tAire buartha nach raibh costasú ceart déanta ar go leor de na moltaí agus nach bhféadfaí leithéidí stáisiún teilifíse a chur ar bun ‘*in the foreseeable future.
praghas measta estimated price
" I measc na sonraithe bhí praghas measta, ach iarradh orthu an praghas ceart a mheas de réir an taithí a bhí acu féin ar an cheantar srl.
measann saineolaithe go leor quite a few experts estimate
" Níor foilsíodh torthaí an chláir eolaíoch seo réamhráite agus measann saineolaithe go leor gur féidir an t-eolas thuas a fháil gan an t-ainmhí mara a mharú.
a mheas estimated
" I ndeireadh ama, is ar chaighdeán a gcuid scéalta a dhéanfar an nuachtán úr a mheas.
Measann estimates
" Agus as an eolas seo atá anois ag an PSNI, an bhfeicfidh muid daoine á gciontú? Measann Moloney gur beag an seans.
mheas in aice le fianaise ó thíortha eile to estimate relative to evidence from other countries
" ”) Ba mhór an tsuim a chuir Daniel Corkery sa “normálachas” freisin ina chuid saothar, cé nár thuig údar *The Hidden Ireland* riamh conas fadhbanna na hÉireann, “*that land, so dark, so scorned*”, a mheas in aice le fianaise ó thíortha eile.
measúnú a dhéanamh ar an mhéid éileamh to estimate the demand
" Cead a Chinn ag Comhlacht ========== Deir an Roinn Oideachais sa Bhreatain gur cinneadh é do gach bord scrúdaithe measúnú a dhéanamh ar an mhéid éileamh atá ar cháilíochtaí faoi leith.
Meastair it’s estimated
Ní fios an tuiscint we’ve no estimate of the understanding
" Ní fios an tuiscint a chnuasófaí ar an tsaol bhraonach cheachartha mhíorúilteach álainn seo.
Meastar it’s estimated
" Meastar go mbeidh muintir na hÉireann ar barr liosta murtaill na hEorpa i 2030 de réir Dr.
Meastar gur seandúchasaigh it’s estimated that natives
" Meastar gur seandúchasaigh de chuid na háite iad tuairim is leathmhilliún duine i nGáza agus brúite anuas orthu sin i nGáza, tá tuairim is 1.
le dearcadh an phobail a mheas to estimate the public’s view
" Baineann siad feidhm as slite éagsúla le dearcadh an phobail a mheas sula gceapann siad aon dúnghaois a bhaineann le ceist shóisialach chonspóideach.
thomhas estimate
" An té atá in ann an t-athrú a bhrath, a thomhas agus athrú go luath dá réir é féin, déanfaidh sé a leas agus ní chuirfidh sé am ná iarracht amú de bheith ag iarraidh snámh in aghaidh sruth na teicneolaíochta.
ag meá estimating
" Bhí Robert McMillen ag meá oibriú imeachtaí ar na páirtithe go léir.
ag meá na Dála úire estimating the new Dáil
" Bhí fear fochaide BEO, an tUasal Balor Béimeann, ag meá na Dála úire le fear meáite dálaí úire, Bertram Ó Hernia, ID (.
á meas ag na dreamanna éagsúla shall be estimated by various groups
" Tá Robert McMillen agus daoine go leor eile in ann tuairim a thabhairt roimhré ar an dóigh a mbeidh cur chuige imeachtaí áirithe atá amach romhainn á meas ag na dreamanna éagsúla.