Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fáth a bhuartha what's bothering him
" Má aontaím leis, cuirfidh mé fáth a bhuartha isteach i Seomra 220.
cén fáth gurb é leas na hAstráile why it's in Australia's interest
" An rud is mó atá ag cur as don phobal ná nach bhfuil sé mínithe fós ag an rialtas cén fáth gurb é leas na hAstráile dul ag troid.
fáthanna éagsúla various reasons
" Dála mo stairr pearsanta féin, is léir go bhfuil fáthanna éagsúla ann go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an ardrang le blianta anois.
ar na fáthanna contráilte for the wrong reasons
" Bheadh sé seo go breá, ach measaim go bhfuiltear á dhéanamh seo ar na fáthanna contráilte.
Meas tú cén fáth? I wonder why?
" Meas tú cén fáth? *Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney.
fáth a chuarta the reason for his visit
" MÁNAS: Agus? DENIS: Agus luaigh seisean fáth a chuarta le fear an phoist, a luaigh le Jimí GAA é, a luaigh leis an mhúinteoir scoile é, a luaigh le mo mháthair sa tsiopa é.
cén fáth a seinneann tú ceol why you play music
" AÓF: Dá gcuirfinn ceist ort cén fáth a seinneann tú ceol, céard a déarfá? MNíE: Tá mé an-tógtha leis an gceol agus is maith liom a bheith ag casadh os comhair daoine.
sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn that's why we were awarded a licence
" Ach cad iad na cineálacha cláracha ba mhaith léi a chur ar fáil do lucht éisteachta an stáisiúin? “Ba mhaith linn cláracha maithe trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ná sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn.
Cén fáth a raibh sé seo amhlaidh? Why was this so?
" Cén fáth a raibh sé seo amhlaidh? “Easpa tuisceana ar an meán féin.
Cén fáth ar tháinig tú ar an gcinneadh sin? Why did you reach that decision?
" Cén fáth ar tháinig tú ar an gcinneadh sin? Agus cén fáth an oiread sin spéise agat sna hospidéil? EO’B: Tá spéis agam in Ospidéal an Aonaigh toisc gurb é m’ospidéal áitiúil é agus tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann uair ar bith go raibh orainn dul ann.
cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac why smoking wouldn't be banned
" An bhliain seo caite cuireadh ceist cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus bialanna na Gearmáine.
Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár, why is the programme so popular,
" Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár, a d’fhiafraigh mé de Nicholas.
Cumaim fáthanna I make up reasons
" Cumaim fáthanna nach bhfuil mé ábalta an rud beag simplí seo a sheinnt a thuilleadh.
Cén fáth gur theip ar a phósadh? Why did his marriage fail?
" Conas a fuair sé bás ina aonar, beo bocht i gcarbhán san Aill, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath? Cad a tharla san idirlinn? Cén fáth gur theip ar a phósadh? Cén fáth nár tugadh post dó in Éirinn nuair a d’fhill sé ó Shasana sna seascaidí? Cén fáth? Cén fáth? Cén fáth? Ceisteanna, ceisteanna.
An fáth go mba éacht chomh tábhachtach é The reason it was such an important achievement
" An fáth go mba éacht chomh tábhachtach é ná go bhfuil Pádraig ar an gcéad Éireannach le 60 bliain anuas a bhuaigh ceann de mhórchomórtais ghailf an domhain.
cén fáth a ndearna sí athmhachnamh why she changed her mind
" Mar bharr air seo, níl sé dearmadta ag daoine gur vótáil sí i bhfabhar an chogaidh in 2003, agus beidh sé deacair di a mhíniú cén fáth a ndearna sí athmhachnamh idir an dá linn.
an fáth the reason
" Sin an fáth gur gheall siad go labhródh siad Gaeilge lena chéile feasta go deo.
Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn why would you want to get a job on the basis
" Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn gur bean, nó gur fear, nó gur eachtrannach thú?”Is maith an rud é nach raibh an dearcadh céanna aige maidir le cuótaí agus é ag glacadh lena áit in UCD.
an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm the reason this poem affected me
" Is é an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile.
Ní fheadar cén fáth I don't know why
" Ní fheadar cén fáth ar chuir siad scairt ormsa ach fuair mé glaoch agus chuaigh mé chuig triail ceamara.
cén fáth nár gabhadh duine ar bith why nobody was arrested
" D’fhiafraigh mé de cén fáth nár gabhadh duine ar bith agus dúirt sé liom: "*It was out of order, but we had depleted numbers on duty.
tagann fáth bunúsach chun cinn a fundamental reason emerges
" Ach nuair a chuirtear iad ar fad le chéile, tagann fáth bunúsach chun cinn – fáth atá, mar a deirtear sa Bhéarla, *greater than the sum of its parts*.
Is é sin an fáth a bhfuil áthas orm that it is the reason I am happy
" Is é sin an fáth a bhfuil áthas orm – más féidir an focal ‘áthas’ a úsáid – go bhfuil sé clúdaithe sa chlár: tuigfidh daoine cé chomh tromchúiseach agus atá cúrsaí thall.
sin an fáth that's the reason
" Ba é an Prionsa Bernhard an ball deireanach (sin an fáth ar tugadh “1001” air).
fátha ar thoiligh sé reasons he agreed
" Deir sé freisin gur chreid an Rinneach féin nach raibh aon duine níos fearr ná é agus nach raibh eolas níos fearr ag aon duine eile faoin gcluiche ná mar a bhí aige féin – fátha ar thoiligh sé an scannán a dhéanamh is dóigh.
fáth reason
" Tuigim an fáth, is dóigh liom, a chuireann na Gaeil-Mheiriceánaigh spéis i gcultúr na hÉireann – mothaíonn siad níos gaire don tír dhúchais dá bharr.
fáth cause, reason
" Tá daoine den tuairim nach ball den chine dhaonna é Fritzl de dheasca na truaillíochta a bhí go smior ann, ach go deimhin, is é an fáth a gcuireann cás Friztl a oiread uafáis ar dhaoine ná go bhfuil sé ina bhall den chine dhaonna.
fáth reason
" Chuaigh Thomas Sotinel agus Jacques Mandelbaum, criticeoirí scannáin, céim níos faide i Le Monde ag deireadh mí Márta agus iad ag scríobh faoin inimireach neamhdhleathach mar phearsa i scannáin an lae inniu: Is é an fáth go bhfuil na scannáin ‘*Welcome*’ agus ‘*The Visitor*’ (scannán de chuid Tom McCarthy a tháinig amach in Éirinn le linn an tsamhraidh 2008) chomh éifeachtach sin ná go gcuirtear saol corrach cumhach an inimircigh os comhair gnáthdhuine, garda tarrthála i linn snámha nó múinteoir ollscoile i gcás an dá scannán thuas.
Cén fáth why
" Cén fáth a mbíonn ar mhic léinn in Éirinn fanacht chomh fada sin le torthaí scrúdaithe? Ach má tá deireadh tagtha leis an mbliain acadúil nó leis an mbliain scoile agus mic léinn ar fud na tíre anseo ag fanacht lena gcuid torthaí scrúdaithe roimh thús ceart a chur le scléip an tsamhraidh, ní hamhlaidh atá an scéal i roinnt mhaith ollscoileanna sa Fhrainc.
Cén fáth why
" Cén fáth nár smaoinigh mé air seo cheana, a Bhaloir.
fáth why, reason
" com/watch?v=E_BXG7HdaYk ) Namhaid as an Nua Tuigeann, go deimhin, an chuid is mó den dream de bhunadh Éireannach an fáth go bhfuil fáilte romhainn le déanaí - is iad na Moslamaigh an namhaid mór anois acu (Beo, eagrán 6, Deireadh Fómhair 2001).
fáthanna reasons
" Achan tír ar domhan a bhfuil tiomáint taobh ciotach an bhealaigh ina dhlí, is ceann de na fáthanna taismí báis is coitianta é sin.
fáth reason, cause
" Cé gur rí ar deoraíocht é Séamas, thug sé fáth do mhaithe an bhaile bród mór a bheith acu arís as St Germain.
fáth a léimse why I read
" – cloisimse an nuacht ag a seacht a chlog ar maidin, agus coinneoidh mé súil ar cad tá ar siúl sa tír, caithfidh tú a thuiscint céard tá ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath! Tá an-fhaisean ag muintir Bhaile Átha Cliath a cheapadh go bhfuil chuile shórt ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus níl aon neart acub ar sin, ach sin é an fáth a léimse, chomh minic is atá mé in ann, an Connacht Tribune, an Meath Chronicle agus The Farmers Journal, mar tuigfidh tú ansin .
fáth reason
" *’ Sin an fáth go bhfuil ceist an teanga a bhí ag na dídeanaithe a tháinig i dtír i Learpholl chomh tábhachtach, mar aibhsíonn sé an fhíric gurb iad dream dúchais na hÉireann a fuair bás sa tragóid seo, íobartaigh de chinedhíothú a bhí mar dhúnghaois ag Rialtas na Ríochta Aontaithe.
fáth reason
" Iompar a Insíos go Leor Le linn na trioblóide, gortaíodh deichniúr póilín ach is éigean an cheist a chur, cén fáth nach raibh an PSNI in ann stad a chur leis an rúscadh sular thosaigh sé.
fáth reason
" Is ea, tá grá agam do dhroichid, ach níorbh é seo fáth mo chuairte.
fáth reason
" Is siúl leadránach é, mar ní fheicfidh tú an radharc iontach ó Bhun Glas (165 méadar os cionn na farraige) – an fharraige agus na haillte arda, agus sin iad an fáth go dtáinig tú ann! Molann clár fógra (le cuma bhuan air) ag Bun Glas Cosán an Oilithrigh mar shlí suas an cnoc: "Ta an cosán traidisiúnta le cois barr na n-aillte faoi bhrú de bharr riar maith dochair a bheith déanta dó ag siúlóirí agus tá clár oibre athchóirithe agus deisiúcháin idir lámha,” a deir sé.
fáth a raibh reason why
" Dar le McAliskey gur thuig Aontachtaithe sin agus gurb shin é an fáth a raibh siad chomh diongbháilte sin in éadan an leasaithe ba shuaraí.
fáth reason
" Tá tuairim ag daoine thar lear nach féidir le duine caife a ól mar is ceart in áit a bhfuil 130 deicibeil ag siabadh fá do chluais! An fáth gur tógadh BÁC, Béal Feirste, Corcaigh, Doire, Droichead Átha, Dún Dealgan, Gaillimh, Luimneach, Loch Garmain, Port Láirge, Sligeach agus cibé áit eile, mar gur sráidbhailte calafoirt iad.
Fáth a reason
" Fáth nach leor an Béarla – teanga sholúbtha na meán cumarsáide – mar ghnáth-theanga gnó na tíre seo ná nach linne amháin go sainiúil í.
fáth why, reason
" Ach níor éirigh liom mórán ama a chaitheamh i Gwynedd, sin an fáth go bhfuil Gaeilge níos fearr agam.
fáth reason
" Saibhreas an Ghrinnill ========= Tá fáth simplí amháin leis an gcogadh béil seo – meath an oighir de bharr athrú aeráide.
fáth reason
" Shocraigh Domican ar an bhfeidhmchláirín seo a chruthú dá hiníon féin, Grace, agus sin an fáth go bhfuil an t-ainm sin ar an gcláirín.
cén fáth nár chóir é why not
" Inseoidh muidne don Roinn cén fáth a dteastaíonn sé uainn, ach an inseoidh agus an míneoidh siadsan dúinne cén fáth nár chóir é a chur ar fáil.
fáthanna reasons
" Cloistear gach leithscéal, “Níl an t-am ag daoine”, “Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”, “Tá branda ar leith uaim”, “Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” agus neart fáthanna eile.
gan fáth ar leith for no particular reason
" com> a ligeann duit siopa a chruthú ar Facebook díreach os comhair do chustaiméirí (Ar ndóigh tá a fhios agat ó do shuirbhé go mbíonn siad istigh ar Facebook!) - Tabhair bronntanas anois is arís! Ná bac le comórtas díreach tabhar rud sa bhreis anois is arís gan fáth ar leith.
fáthanna reasons
" D’fhéadfadh duine cailliúint le cúig vóta agus an ndéarfaí ansin gur dhiúltaigh na daoine leis agus d'fhéadfaí buachtaint le cúig vóta agus gur ghlac na daoine leis!? Féachaim air ar shlí eile, go gcuireann tú do chuid smaointí agus do chuid polaitíochta os comhair na ndaoine agus bíonn ana-chuid fáthanna go vótálann daoine.
fáth reason
" Ba léir gur shíl McGuinness nach raibh a chomhghleacaí inchurtha leis an dúshlán agus sin an fáth gur ghlac sé freagracht don Fheidhmeannas sa ghéarchéim.
fáth reason
" Sin é an fáth is dócha gur thiontaigh roinnt mhaith tíortha beaga ó chóras an dá sheomra go córas an tseomra aonair.
fáth reason
" Tá droichead ann taobh thoir den bhaile, agus sin an fáth gur thóg na Rómhánaigh an cheanncheathrú ansin.
Sin an fáth that’s why
" Sin an fáth go mbíonn tubaistí agus timpistí againn.
Cén fáth why
" In Aghaidh a Thola ======== Cén fáth a raibh an fear as oirthear Bhéal Feirste ag iarraidh a bheith ina cheannaire ar an pháirtí a bhí ag máirseáil go diongbháilte go bun an bhóthair chaoch.
fáth reason
" “Agus cén fáth sin?” a fhiafraíonn sibh.
Cén fáth why
" Cén fáth an diamhracht go léir faoi na seanadóirí teifeacha? Téann sé ar ais sé mhí nó mar sin, nuair a bhí Meiriceá agus an Páirtí Daonlathach in ísle brí mar gheall ar thitim an gheilleagair.
cén fáth why
" “Is cuimhin liom mé féin ag cur ceiste ar an Aire Oideachais, Fernando Cardenal, sagart Íosagánach, cén fáth go raibh siad ag caitheamh an oiread sin airgid ar chúrsaí oideachais agus dúirt sé liom ‘el education es muy importante”.
fáthanna reasons
" “Tá an fhéile ar na fáthanna gur chláraigh mé le Sinn Féin” arsa Caitríona.
fáthanna reasons
" Ar chúiseanna éagsúla, a dúradh linn: an chíor thuathail pholaitíochta sna tíortha Arabacha, an Éigipt agus an Túinéis go háirithe, agus an ghéarchéim i ngeilleagar na hEorpa na fáthanna ar shocraigh daoine an tsaoire a chaitheamh sa bhaile.
fáthanna cause
" Cé gur mór an méid saineolais agus comhairle atá ar fáil maidir le gortaithe a sheachaint agus cúram a dhéanamh díobh, ní léir go bhfuil mórán cainte nó iniúchadh á dhéanamh ar na fáthanna atá leis an méadú a bhraitear a bheith ar líon agus ar mhinicíocht gortú tromchúiseach.
fáth reason
" An é sin an fáth go bhfuil na mílte Protastúnach á ngríosadh le dul isteach sa PSNI agus deireadh tagtha le hearcaíocht 50/50? Tá na Trioblóidí thart ach beidh neart le scríobh faoi ag iriseoirí na tíre
fáth reason
" Sin an fáth go gcaithfidh tú a bheith cúramach.
gan fáth ar bith without any reason
" Tá na mílte míle bealaigh idir cathair Rio de Janeiro sa Bhrasaíl agus an chathair bheag Alphen aan den Rijn san Ísiltír, ach bhain an dá áit na ceannlínte idirnáisiúnta amach ar an údar céanna an mhí seo caite: d’fholmhaigh beirt ógfhear a gcuid gunnaí le daoine neamhurchóideacha gan fáth ar bith, sular chuir siad iad féin den tsaol.
an fáth why
" Feictear dom go léiríonn an sliocht thíos an fáth a bhfuil an ardurraim seo tuillte go maith ag Éireannaigh na hAstráile.
fáth why, reason
" Sin an fáth a mbím sáraithe nó a mbíonn frustrachas orm agus mé ag foghlaim na Gaeilge.
mhíniú cén fáth to explain why
" Ag an chruinniú maidin Dé Lúain, d'iarr duine den bheirt orainn a mhíniú cén fáth a raibh muid ar an chúrsa agus cén sórt taithí a bhí againn.
seo leanas an fáth for the following reason
" An éireoidh leo? Ní móide é, agus seo leanas an fáth: Tá fadhb sa chóras dhá pháirtí faoi láthair.
fáthanna reasons
" Leagann sé amach na fáthanna gur éirigh le dreamanna áirithe agus nár éirigh le dreamanna eile céimeanna éagsúla forbartha a bhaint amach, céimeanna ó thaobh na feirmeoireachta, na teicneolaíochta agus na déantúsaíochta.
fáth reason
" ’* Bunadh na hÉireann ======= Níl a fhios agam an bhfuil ealaín Lowry ina shean-saobhshamhail agus sin an fáth nach bhfuil sé féin ar an líosta thuas, ach ar scor ar bith, tá an Duais Ealaín Thuaisceart Shasana (NAP) ina cúigiú bliain anois agus tugaim faoi deara go bhfuil ealaíontóirí de bhunadh Éireannach go láidir ann.
sin an fáth that’s the reason
" Déanann poblachtánaithe an rud céanna, ach ní raibh an chumhacht acu ó thuaidh ach sin an fáth gur mó an fonn atá orthu (ní orthu uilig) coimisiún de chineál éigin firinne a bheith ann.
ar fáth éigin for some reason
" In ainneoin sin áfach, d’éirigh deacrachtaí móra ar fáth éigin nach bhfuil an-soiléir, domsa ar aon nós, in a lán cluichí móra i dtaca le cumas réiteoirí, maoir chúil agus maoir líne riail na ‘cearnóige bige’ a chur i bhfeidhm.
fáthanna lúchaire reasons for joy
" Agus bhí go leor fáthanna lúchaire ag craoltóirí Raidió na Gaeltachta leis an bhóthar abhaile a ghiortú dóibh.
fáth a bhfuilimid anseo why we’re here
" Sin an fáth a bhfuilimid anseo, gan amhras.
an fáth why
" Sin an fáth go gcaithfidh lucht tacaíochta Diwan dul i muinín imeachtaí dála ar Redadeg chun airgead a fháil.
fáthanna a dteipeann orthu reasons why they fail
" Ceann de na fáthanna a dteipeann orthu ná easpa infheistíochta ón rialtas, ó urraitheoirí, infheisteoirí agus ó na custaiméirí.
b’shin an fáth that was the reason
" Ní raibh ach cúpla rang ar siúl an chéad cúpla bliain, le múinteoirí na buíne féin i mbun na ranganna, ach i mbliana, mar gheall ar an ráchairt a bhí ag teacht air, cuireadh rang ardleibhéil leis, agus b’shin an fáth domsa a bheith in eitleán ag taisteal ó thuaidh as Nua-Eabhrac go hAerfort Billy Bishop i lár chathair Toronto i dtús mhí an Mheithimh chun rang ardleibhéil a mhúineadh don Deireadh Seachtaine.
Fáth maith eile another good reason
" Fáth maith eile leis an téarma “inimircigh neamhdhleathacha” a sheachaint ná nár ciontaíodh an chuid is mó de na daoine seo in aon choir in aon chor.
fáthanna ilghnéitheacha á luadh for many reasons
" D’fhéadfaí leabhar galánta Hugo Hamilton féna óige, *The Speckled People*, a cheiliúrádh le dlisteanacht agus fáthanna ilghnéitheacha á luadh.
an fáth gurbh fhiúntach an rud why it was something worthwhile
" Sin é an fáth gurbh fhiúntach an rud a rinne Baumgartner.
níl fáth ar bith nach mbeadh an fiontar céanna ionainn féin there’s no reason why we wouldn’t be as adventurous
" Má bhí mianach siúil sna sean-Ghaeil, níl fáth ar bith nach mbeadh an fiontar céanna ionainn féin.
b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn that’s why we liked Ó N.
" Feictear saibhreas agus bunúlacht ina shaothar, agus b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn agus tá suim fós ina shaothar, féach, cuirim i gcás i mbliana féin, an fhéile nua faoin scríbhneoir a thosaigh ar an Srath Bán i dTír Eoghain! Bhí ainm cleite eile ag Ó Nualláin ina shaothar grinn mar cholúnaí, an Cruiskeen Lawn, (an t-ainm is barrúla is dóigh), Myles na gCopaleen.
Ní mé cén fáth nár chruthaigh an duine I can’t understand why man has not created
" Ní mé cén fáth nár chruthaigh an duine, an comhphobal daonna ar fud an domhain, dóigh thart ar na huafáis seo sular tharla siad.
cén fáth a scríobhfainn why would I write
" Ní scríobhaim féin ar a gclár plé agus ní scríobhfainn, bíodh nach acu atá an clár plé is gangaidí a bhfaca mé i saol na Gaeilge, ach cén fáth a scríobhfainn isteach faoi m’ainm féin agus mórchuid na peannaireachta ag daoine eile faoi ainmneacha cleite? Ar thug siad faoi deara fiú amháin gur moladh do scríbhneoir dá gcuid cúpla bliain ó shin, lámh a chur ina bhás féin.
níl fáth ar bith there’s no reason
" Feiceann aontachtaithe é seo mar chogadh chultúir ach níl fáth ar bith nach mbeadh an dá fhéiniúlacht beo taobh le taobh ach ní fheicim Acht Gaeilge ag teacht am ar bith sa ghearrthéarma! Go dtí go dtosóidh na páirtithe polaitíochta uilig ag obair ar bhonn trasphobail, ní athróidh a dhath.
níl fáth ar bith there’s no reason
" Is linn an teanga agus níl fáth ar bith nach n-úsáidfimis í agus go ndéarfadh duine ‘slán’, ‘go raibh maith agat’ agus mar sin de le bród.
Meas tú cén fáth why do you reckon
" Crios Sómais an Duine ======== Meas tú cén fáth go bhfuil CLG chomh mór sin fós mar inspreagadh aige? Tá an freagra ag Steven Kernan, captaen fhoireann Chrois Mhig Lionnáin a bhuaigh Chraobh Club na hÉireann cúig huaire.
an fáth why
" Ar ndóigh, breathnaíonn sé seo mar leithcheal, agus sin an fáth go bhfuil éileamh Edith dulta chomh fada leis an gCúirt Uachtarach.
maítear gurbh shin é an fáth that’s mentioned as a reason
" Fiosrú faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí =============== **SMM: Cén tuairim a fuair tú i measc mhuintir Shinn Féin ar cheist Dhomhnaill Uí Lubhlaí a bheith ag taobhú is ag faire ar Ghluaiseacht na Poblachta agus maítear gurbh shin é an fáth a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis ar throigh gan tuairisc?** TÓC: Tá mé ag fiosrú an scéil sin.
Ní fios cén fáth no one knows why
" Ní fios cén fáth, ach níor reáchtáladh an comórtas thuasluaite go dtí an bhliain 1996, nuair a thángthas ar an gcorn sa smionagar a bhí fágtha nuair a chuaigh an clubtheach trí thine.
Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir why is everyone heedless to the slaughter
" Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir ar son chóras geilleagair an artdollair? Nár spéisiúil ann féin ceist an phíblíne ola seo thar an phíblíne ola siúd mar chlár faisnéise? Bhí Gurdjieff den tuairim gur ‘*potiential human beings*’ sinn ach go gcaithfimis dúiseacht agus gníomhú le sinn féin a fheabhsú mar dhaoine.
an fáth go gcuireann muid daoine gorma why we call black people (blue coloured people)
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
a raibh fáthanna éagsúla acu who had different reasons
" Na polaiteoirí a léirigh a gcuid neamhspleáchais, Peadar Tóibín, Lucinda Creighton dar ndóigh, agus an ceathrar Teachta eile ó Fhine Gael, ba dhaoine iad a raibh fáthanna éagsúla acu, ar a seasamh pearsanta féin ar an nginmhilleadh.
fáthanna éagsúla taobh thiar de na laghdaithe seo various reasons behind this decrease
" Meastar go bhfuil fáthanna éagsúla taobh thiar de na laghdaithe seo.
Ní mhíneodh sé seo cén fáth this wouldn’t explain
" Ní mhíneodh sé seo cén fáth ar laghdaigh na rátaí le linn an chúlaithe seo, ach ar a laghad b’fhéidir go raibh baint aige leis an titim fhadtéarmach atá ar bun sna tíortha saibhre.
cén fáth go raibh sé uaim why I wanted it
" Bhí ort cead a fháil chun seoladh r-phost a aimsiú agus is cuimhin liom míniú don léachtóir Gaeilge s’agam céard ba r-phost ann agus cén fáth go raibh sé uaim.
níorbh é sin an fáth that wasn’t the reason
" Tuigim go bhfuil scéal ag dul thart go ndearnadh na hathruithe seo mar gheall ar an uimhir 13 a bheith mí-ámharach, ach i ndáiríre, níorbh é sin an fáth in aon chor.
an fáth go raibh orthu imeacht the reason they had to go
" “Is i Londain a casadh m'athair ar mo mháthair agus bhíodh siad i gcónaí ag inseacht dúinn a dheacra is a bhí sé orthu thall, an fáth go raibh orthu imeacht le dul ag obair i dtír eile, chuaigh sé sin i gcion orainn go léir,” ar sí.
faoi na fáthanna nach bhfuil tú ag tabhairt fúthu about the reasons you’re not engaging with them
" Fiú má shocraíonn tú gan páirt a ghlacadh i dteicneolaíocht ar bith, bí eolach fúthu agus bí cinnte faoi na fáthanna nach bhfuil tú ag tabhairt fúthu.
fásfaidh fáth feidhme as an dúil the reason for use shall grow out of natural desire
" B’fhéidir mar sin go bhfuil an ceart ag na Luddaigh inár measc: fan fada go leor agus fásfaidh fáth feidhme as an dúil.
Sin an fáth that’s why
" Sin an fáth go mbíonn an oiread sin spéise nuair a sheoltar iPhone nó iOS nua: déanfaidh na feabhsúcháin difríocht inbhraite sa saol laethúil.
Fáth eile another reason
" Caithfear an leabhar a cheannach chun eolas a chur orthu seo! Fáth eile nár bhac scoláirí leis an réimse amhránaíochta seo chomh minic ná go mba mhodh thar a bheith pearsanta a bhí sa sean-nós.