Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar féarach grazing
" Is ceantar é atá lán d'áilleacht neamhcheansaithe agus is iad an aimsir shíorathraitheach agus na caoirigh ar féarach na fórsaí is mó a fhágann a rian ar an talamh fiáin seo.
ar féarach grazing
" Bíonn na ba le feiceáil i dtrí shuíomh: ina suí, ar féarach agus ina seasamh.
ar féarach grazing
" Tá cuma gharbh ar an talamh, ach bhí ba ramhra donna ar féarach anseo is ansiúd agus laonna leo.
ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach thinking about the possibilities of life out on grass
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
tír fhéaraigh land of pasture
" Is ainm Briotanach é sin a chiallaíonn "tír fhéaraigh" agus tá caoirigh agus ba ar fud an oileáin go fóill.
cnoc féarach grassy hill
" Giota beag níos faide ar shiúl, tá cnoc féarach le feiceáil agus cruth mar a bheadh triantán géar air.
féarach grassy
" Ansin chuaigh mé síos go dtí páirc álainn darb ainm “The Meadows” – spás mór féarach atá ann ina bhfuil aibhinní crann agus an cnoc a dtugtar Suíochán Artúir air le feiceáil sa chúlra.
an talamh féaraigh uilig all the grassland
" Ansin thosaigh siad a dhíshealbhú daoine, mar go raibh an talamh féaraigh uilig de dhíth do na caoirigh nua bána tréana, a tháinig ó na Críocha.
ar féarach on the grass, retired
" Measann muid fós gur áit í atá an-oiriúnach mar áit le teaghlach a thógáil – agus tá an tseanlánúin seo ar mhuin na muice agus ár saol ar féarach á chaitheamh againn in Canberra! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann.
beithígh ar féarach cattle grazing
" Ach ní ansin a bhí sé le fáil ach oiread, agus moladh dúinn tiomáint chuig áit áirithe taobh amuigh de bhaile an Choireáin mar a raibh beithígh ar féarach aige.
féarach úr fresh grazing
" Meallann an féarach úr méith ainmhithe fiáine as an bhfásach freisin agus tá camaill go leor le feiceáil sna grinnill agus cois locha i láthair na huaire.
Tulán Féarach grassy knoll
" Ar an Tulán Féarach Sheasas ar an "Grassy Knoll" ar feadh meandair ag déanamh mo mhachnaimh.
féarach grazing
" Cé gur oileán sceirdiúil é, gan aon chrann arbh fhiú crann a thabhairt air le feiceáil ann, tá talamh maith féarach ann agus tá neart garrantaí curtha le glasraí de gach cineál ar an taobh foscúil den oileán.
féarach beithíoch cattle grazing
" Ach ós rud é nach gcleachtann na hOgiek an cur ná féarach beithíoch, is beag a chuireann siad isteach ar an bhForaois.
ar féarach retired
" Rud tábhachtach i gcás *River Road* ná gur múinteoir é an príomhcharactar sa scéal seachas iriseoir ná bleachtaire atá ar féarach.
ar féarach retired
" An Leas-Cheann Comairle: Dinny McGinley =================== Sa chás go seasfaidh sé babhta amháin eile (agus ó tharla Pádraig Mc Cormack a bheith dulta ar féarach) beidh aitheantas le fáil ag an seanfhondúir agus Gaeilgeoir líofa i ndeireadh thiar thall.
sula dtéann sé amach ar féarach before he retires
" Beidh ar an chréatúr dhá mhí dhéag eile a chur isteach ag obair sula dtéann sé amach ar féarach.
imithe amach ar féarach retired
" Tá bhur bhflaitheas féin caillte agaibh le bliain anois, agus nach maith mar atá sibh imithe i dtaithí air? Nach bhfuil sibh i bhfad níos fearr as faoin Troika? Nach fearr i bhfad an saol atá agaibh anois ná mar a bhí agaibh cheana? Féach anois, beidh leath na seirbhíse poiblí imithe amach ar féarach faoi dheireadh na míosa seo – an leath is sine agus is sinsearaí – agus tá airgead mór de dhíth chun na cnapshuimeanna ar fad a íoc, gan trácht ar na pinsin.
phaiste cothrom féarach a level grassy patch
" Níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach seo í an fhírinne lom: thángthas, ar na mallaibh, ar phaiste cothrom féarach idir Baile Thoir agus Baile Thiar.