Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
féileacáin butterflies
" Ba mhaith liom scríobh faoi na féileacáin.
i gcruth féileacáin in the shape of a butterfly
" Tá fáiscín gorm i gcruth féileacáin á chaitheamh aici ina cuid gruaige, agus scairf uirthi den ghorm céanna.
féileacáin butterflies
" Ach cuirfidh fíormhothúcháin deora le do shúile, ardóidh siad do spiorad agus cuirfidh siad féileacáin ag eitilt i do bholg! AÓF: Cén áit is mó a mbíonn tú ar do shuaimhneas ag casadh? ÁNíD: I dTigh Hughes sa Spidéal tráthnóna Dé Domhnaigh i measc comhcheoltóirí agus cairde.
ar shiúl leis na féileacáin on another planet, away with the fairies
" ” Ach bhí a fhios ag Máire nach falsa a bhí Síle ach gur ar shiúl leis na féileacáin a bhí sí bunús an ama.
an líon beach, féileacán agus éan the number of bees, butterflies and birds
" Tugadh tacaíocht don dearcadh seo cúpla bliain ó shin nuair a foilsíodh staidéar sa mBreatain a thaispeáin go raibh laghdú mór tagtha ar an líon beach, féileacán agus éan i gceantar a raibh bia a raibh modhnú géiniteach déanta air ag fás ann.
féileacán ag ainliú os cionn sióige a butterfly hovering above a fairy
" Cé go bhfuil a shaothar rud beag *twee* – sampla amháin dá ealaín nféileacán ag ainliú os cionn sióige atá ina suí ar bhláth mór is ea sampla amháin den chineál ruda a dhéanann sé – tá an-tóir ar a chuid íomhánna agus tá clú bainte amach aige i measc phobal an dara saol.
an n-amharcfadh an féileacán agus an tsíog go deas would the butterfly and the fairy look nice
" Do bharúil an n-amharcfadh an féileacán agus an tsíog go deas i seomra suí dhíonteach Michelle?Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.
ar shiúl leis na féileacáin off with the butterflies
" Is fear millteanach brionglóideach mé, agus imíonn m’intinn ar strae mar a bheadh leipreachán beag ann, agus roimh i bhfad, bhí mé ar shiúl leis na féileacáin in ionad a bheith sa léachtlann – an áit ba chóir domh a bheith, ag diúl isteach gach focail a bhí le rá ag na daoine léannta agus tábhachtacha seo.
féileacán butterfl(ies)y
" Lean na céadta míle féileacán, faoileán, geabhróg agus go leor cineál éin eile nach iad an t-uisce ar an aistear aduaidh.
ar shiúl le féileacáin away with the fairies
" Ní fíor gur dream ar shiúl le féileacáin iad na mainicíní.
fhéileacáin butterflies
" An cheist is mó atá ag déanamh scime do sheirbhísí rúnda na Stát Aontaithe faoi láthair ná seo: an bhfuil spiairí na Rúise chomh huafásach sin? Nó ar fhéileacáin mealltacha na hamadáin seo, a cuireadh go Meiriceá d'aon ghnó chun an dallamullóg a chur ar an rialtas nach bhfuil spiairí proifisiúnta ag oibriú saor ó shúile na n-údarás? Sergei Curtha den Saol? ========= I ndeireadh báire, an rud is mó atá ag cur iontais ar dhaoine ná chomh beagmhaitheasach is a bhí a gcuid oibre.
Eitlíonn féileacáin butterflies fly
" Creid é nó ná creid é, téann feithidí ar imirce chomh maith! Eitlíonn féileacáin agus leamhain, nó ‘leamain’ mar a deir muintir Thír Chonaill, achar an-fhada.
i mo phréachán i measc na bhféileacán a crow among the butterflies
" Bhí mé ag súil nach mbeidís pisreogach faoi na dathanna agus go mbeadh cead isteach agam i mo phréachán i measc na bhféileacán.
féileacáin butterflies
" Spreagann an nós seo bláthanna fiáine, beacha, féileacáin agus éin mar an traonach.