Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tite i bhféimheacht bankrupt
" Chuir muid achainí isteach, ach thóg sin míonna, agus cé go bhfuil Paul ina Ghobharnóir anois, tá an coláiste tite i bhféimheacht agus tá an dífhostaíocht i ndán dúinn uilig.
ag titim i bhféimheacht becoming bankrupt
" Mar gheall ar an méid comhlachtaí a thug morgáistí do cheannaitheoirí tí a raibh fadhbanna creidmheasa acu, agus nach féidir leo na morgáistí úd a íoc anois, tá earnáil na tithíochta ag titim as a chéile agus comhlachtaí baincéireachta ag titim i bhféimheacht dá réir.
i bhféimheacht in bankruptcy
" Cé gur mhaígh Blankfein nach raibh sé ann ar son a bhainc féin, ach chun an córas airgeadais iomlán a chosaint, tharla gurb é AIG an comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Goldman Sachs, agus go gcaillfeadh siad $20 billiún dá dtitfeadh AIG i bhféimheacht! Coimhlint Leasa Anuas ar sin, bhí Paulson féin ina chathaoirleach agus POF ar Goldman Sachs sular thosaigh sé ag obair mar Rúnaí Státchiste, post a fuair sé ina dhiaidh do Joshua Bolten, iarfhostaí eile de chuid Goldman Sachs, é a mholadh do George W.
i dtreo na féimheachta into bankruptcy
" Míchumas seachas mí-ionraiceas a léirigh Brian Cowen agus a chomhleacaithe agus an tír ag sleamhnú go tubaisteach i dtreo na féimheachta.
féimheacht bankruptcy
" Bíonn féimheacht, caillteanas an tí, foréigean teaghlaigh, meabhairghalar, féinmharú agus go fiú dúnmharú i measc na bhfadhbanna sóisialta a eascraíonn as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca sna hinnill.