Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
troid fhíochmhar a fierce fight
"troid fhíochmhar ar siúl idir na hAontachtaithe bunreachtúla, sprid an ghnáthphobail s'acu in ísle brí (agus is rud an-chontúirteach é seo, rud nach dtug náisiúnaithe a n-aghaidh mar is ceart air go fóill).
go fíochmhar fiercely
" Ag an bpointe sin thosaigh na mná do mo mhaslú go fíochmhar agus dúirt, "You ain't lettin' us in cause we're black".
racán fíochmhar ferocious tumult
" Bhí an oifig i Sráid Duibhise, ceantar lán-náisiúnaíoch, ach thoiligh an RUC an bhratach a thógáil, rud a chuir tús le tréimhse fhada de racán fíochmhar.
fíochmhar fierce, vicious
" Ní féidir mórán eile a rá faoi chomh fíochmhar agus chomh fuafar is a bhí an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda ar an 11 Meán Fómhair (agus an dá eachtra eile an lá céanna), an chailliúint thragóideach beatha agus an trombhuairt a d'fhulaing daoine dá barr.
argóintí fíochmhara fierce arguments
" Uaireanta ionsaíonn siad daoine a dhiúltaíonn airgead a thabhairt dóibh agus is minic fosta a bhíonn argóintí fíochmhara acu le daoine.
díospóireacht fhíochmhar fierce debate
" Anois, le cúpla bliain anuas tá díospóireacht fhíochmhar ag dul ar aghaidh sna tíortha forbartha maidir leis na GMOs nó an bia ginchóirithe.
go fíochmhar ferociously
" ) Is minic an CLG cáinte, agus cáinte go fíochmhar ag a bhaill féin agus ag naimhde araon.
go fíochmhar ferociously
" D'fhulaing Jimmy go mór as ucht an bhotúin sin - cáineadh é go fíochmhar sna meáin, i litreacha agus ar an bhfón agus cuireadh isteach air féin, ar a bhean agus ar a chlann.
cáineadh é go fíochmhar he was fiercely criticised
" D'fhulaing Jimmy go mór as ucht an bhotúin sin - cáineadh é go fíochmhar sna meáin, i litreacha agus ar an bhfón agus cuireadh isteach air féin, ar a bhean agus ar a chlann.
ionsaí fíochmhar buamála fierce bombing attack
" Rinneadh é chun déistin agus fearg a chur in iúl i ndiaidh do na Gearmánaigh ionsaí fíochmhar buamála a dhéanamh ar an bhaile Bascach, Guernica, ar an 27 Aibreán 1937.
fhís fhíochmhar fierce vision
" Bhí a leathshúil druidte go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtaíodh dó: Éire mar a bheas i gcionn deich mbliana! Éire i samhradh na bliana 2013! Bhí sé scanrúil, scéiniúil, scáfar mar aisling.
ionsaí fíochmhar ferocious attack
" D'imigh sé go dtí an Astráil i 1971 agus chuaigh sé go Goa i 1974, an bhliain a théaltaigh an Tiarna Lucan as Sasana tar éis dhúnmharú a bhuime agus ionsaí fíochmhar ar a bhean chéile.
ag luascadh go fíochmhar rocking fiercely
" * Gluais • Glossary i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves ag dreapadhclimbing gíogsqueak ionadhsurprise míthuiscintmisunderstanding a bhéic CathalCathal shouted bhfolachhiding an-mhíshasúilvery unsatisfactory ní chuirfidh mise isteach ortI won't bother you gáire meidhreachmirthful laugh ag útamáil thartfumbling around gan amhrasundoubtedly lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think ag déanamh aithrise arcopying a cásher situation bhraith séhe felt praiseachmess os ísealin a low voice mí-ádhbad luck piseogsuperstition caladhport, harbour Gháir SaidíSaidí laughed catachcurly chun é a ghríosadhto incite him ceangalbond an tríú mílaoisthe third millennium mí-ádhbad luck cinneadhdecision chun na líonta a tharraingtto draw the nets péarlachpearly íoróinirony i gcruachásin a predicament ag treabhadhploughing déanachlate ag ardúrising ag luascadh go fíochmharrocking fiercely fothainshelter fliuch báitesoaking wet cuma chrostaa cross look sorncooker doirtealsink cuisneoirfridge ar eagla go gcasfadh séin case he'd turn around Bhí sí i bponc ceart.
fíochmhar ferocious
" Liúis mhóra ceaptha aige féin, muis, cúig phunta dhéag meáchain, is cinn níos mó, iad fíochmhar, an duáilce le sonrú ina gcuid súl.
sceimhlitheoir fíochmhar a fierce terrorist
" Ba é marú Gregg, sceimhlitheoir fíochmhar a bhí ina laoch i measc dílseoirí míleata mar gur scaoil sé Gerry Adams, an dé deiridh do dhrong Adair.
ghála fíochmhar fierce gale
" Bhí sé ina ghála fíochmhar an tseachtain seo caite; níor bhog na leacáin nua, ach chailleamar leacán nó dhó den gnáthchineál.
fharraige fhíochmhar ferocious sea
" Bhí solas an halla ag cur na réaltaí ag damhsa ina cuid súl agus bhí a gnúis lasta suas mar a bheadh teach solais ann ar fharraige fhíochmhar mar threoraí d'iascaire i mbaol.
is fíochmhaire most ferocious
" Ní chreideann náisiúnaithe go ndéanfadh Caitlicigh ionsaithe ar Phrotastúnaigh i gceann de na ceantracha dílseacha is fíochmhaire ó thuaidh.
fíochmhar fierce
" Is fada an lá ó chonacathas cath chomh salach, ná chomh fíochmhar, idir beirt iarrthóirí toghcháin ón pháirtí céanna leis an cheann atá ar siúl le seachtainí anuas idir Eoin Ryan agus Royston Brady, beirt iarrthóirí Eorpacha Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath.
chun tacaíocht fhíochmhar, ghlórach a thabhairt to give fierce, noisy support
" Déanann sé scrúdú ar céard a spreagann muintir na hÉireann chun Staid Semple, Cluain Eois, Páirc Uí Mhórdha agus araile a líonadh ar chostas nach beag chun tacaíocht fhíochmhar, ghlórach a thabhairt dá gcontae dúchais.
gcoimhlint fhíochmhar ferocious conflict
" " Leis an mionn dúshlánach sin a fhógraítear an chéad chath eile sa gcoimhlint fhíochmhar atá ar bun faoi láthair sna Stáit Aontaithe.
díospóireachtaí fíochmhara fierce debates
" Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh? An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici.
ionsaí fíochmhar fierce attack
" Mórshiúl a raibh tús síochanta leis agus é mar chuspóir aige aird a tharraingt ar an easpa tithíochta, deiseanna fostaíochta agus cearta sa chathair, agus a chríochnaigh leis an RUC ag déanamh ionsaí fíochmhar ar na mórshiúlóirí le bataí agus canónacha uisce.
go fíochmhar fiercely
" Fear é a throidfidh go fíochmhar ar son tionscadail má mheasann sé go bhfuil fiúntas ag baint leis.
ionsaí fíochmhar fierce attack
" In ainneoin go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne, rinne na meáin chumarsáide ionsaí fíochmhar air agus b’éigean dó na figiúir a ghlanadh amach.
ionsaithe fíochmhara ferocious attacks
" Mhair sin go dtí go ndearna criticeoirí Bhaile Átha Cliath ionsaithe fíochmhara air.
ionsaithe fíochmhara vicious attacks
" “Caithfidh muid an cheist a chur, ‘Cad chuige?’ I ndiaidh 9/11, rinne ollúna Meiriceánacha ionsaithe fíochmhara orm, ach ní leor é a rá go bhfuil ‘siad’ á dhéanamh mar go bhfuil fuath acu ar an tsaoirse atá againn.
spéirlingí fíochmhara fierce hurricanes
" Ní hiad spéirlingí fíochmhara Mheiriceá ná creathanna tobanna talún sa Phacastáin ná an cogadh fuilteach, barbartha san Iaráic atá i gceist agam ach an oiread, ach domhan an spóirt anseo in Éirinn.
fíochmhar fierce, vicious
" Bhí fógraí rabhaidh faoi mhadraí gardála ar an sconsa agus ba léir ón tafann a bhí siad a dhéanamh go raibh siad fíochmhar.
ionsaí fíochmhar a vicious attack
" “Is ionsaí fíochmhar é ar sheirbhísí pobail,” arsa Brian Campfield ón NIPSA.
fíochmhar fierce
" B’fhéidir nach é an fear is mó ar an bpáirc é ach níl mórán iománaithe a bhfuil croí chomh mór ná paisean chomh fíochmhar acu is atá ag cúl báire an Chláir, Davy Fitzgerald.
forrán fíochmhar fierce assault
" “Ní scliúchas a bhí ann ar an chéad dul síos,” a d’fhreagair Cosantóir na Bearna, “Ní ná scliúchas! Círéib, ionsaí seicteach, forrán fíochmhar ar na Dílseoirí Dílse Truacánta – sin a bhí ann.
go fíochmhar fiercely
" D’ionsaigh gluaiseacht na Gaeilge ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, go fíochmhar anuraidh nuair a leag sé amach polasaí a pháirtí i leith theagasc na Gaeilge sna meánscoileanna.
go fíochmhar fiercely
" Daoine áirithe go fíochmhar in aghaidh labhairt teangacha “eile” agus daoine eile i bhfabhar an ilchultúrachais.
i nguth fíochmhar in a fierce voice
" Scairt bean taobh thiar díom leis an slua i nguth fíochmhar agus dúirt ionsaí a dhéanamh ar an “Fuhrer nua”.
fíochmhar sa choimhlint fierce in the contest
" Tá imreoirí an Chláir mór, láidir, crua agus fíochmhar sa choimhlint, ach nílim in ann a rá go bhfuil aon iománaí speisialta acu, cé go gcaithfeadh duine ardmheas a bheith aige ar a ndíograis agus a gcur chuige, agus ar imreoirí mar Dhaithí Mac Gearailt, Brian Ó Lóthán agus Séanín Mac Mathúna as an tseirbhís atá tugtha acu don chontae.
chomh fíochmhar agus ab fhéidir as fiercely as I could
" Is liomsa an gunna agus ní chaithfidh mé amach é, a scairt mé chomh fíochmhar agus ab fhéidir, agus tá mé ag iarraidh rud éigin le hithe, anois láithreach.
foirceann fíochmhar fierce ending
" An té atá bródúil as a Shasanachas, níl sé le cáineadh mura nglactar leis an tírghrá uaidh: I’ve been dreaming of a time When to be English is not to be baneful, To be standing by the flag not feeling shameful, racist or partial Cuirtear foirceann fíochmhar leis an aisling: I’ve been dreaming of a time When the English are sick to death of Labour and Tories And spit upon the name Oliver Cromwell And denounce this royal line that still salute him And will salute him Forever Ag cuimhneamh ar an raic a tharraing sé le bratach na Breataine i 1993, bhain tábhacht nach beag lena chinneadh bratach eile a tharraingt amach agus a chaitheamh isteach sa slua ag an gceolchoirm sin i Manchain i 2004.
fogha fíochmhar fierce attack
" Fear a chleachtaigh sciúirse leanúnach ar Mhac Gearailt sa Dáil – thug sé fogha fíochmhar faoin Aontú Angla-Éireannach (1985).
ionsaí fíochmhar ferocious attack
" Ba sa chumann sóisialta sin a rinneadh ionsaí fíochmhar ar Gowdy.
fíochmhar agus fuilteach fierce and bloody
" Is ar dhaltaí scoile a bhíonn an taispeántas seo dírithe de ghnáth, agus tá sé fíochmhar agus fuilteach, rud a thaitníonn le páistí.
go fíochmhar ferociously
" Bhí go leor daoine i ndiaidh cur ina choinne go fíochmhar, go háirithe colúnaithe de chuid na nuachtán náisiúnta, ag maíomh gur airgead amú amach is amach a bhí ann.
coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar a fierce and very strong rivalry
" Tá cuimhne an-soiléir agam ar chluichí ceannais an Oireachtais sna blianta thart ar 1964/65 nuair a bhí coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann agus imreoirí mar Jimmy Ó Dúill, Eddie Ó Cathaoir, Seán Ó Dúill agus Ollie Breatnach ag imirt.
díospóireachtaí fíochmhara fierce debates
" Baineann Duais Turner le healaín atá úr agus comhaimseartha, agus dá bharr sin, is minic a tharlaíonn díospóireachtaí fíochmhara i measc an phobail agus na gcriticeoirí ar aon faoi ionracas agus fiúntas na saothar a bhíonn le feiceáil ann.
ag troid go fíochmhar fiercely fighting
" Tá lucht an tobac an-láidir mar bhrúghrúpa sa nGearmáin, áfach, agus tá siad ag troid go fíochmhar in aghaidh an choisc.
fíochmhar, savage,
" Deir sé go raibh an lucht critice an-dian orthu, fíochmhar, fiú.
fíochmhar, fierce,
" Ach nuair a rinne na dílseoirí / faisistigh ionsaí ar an áit, thiocfadh leis a bheith fíochmhar, iad armtha le sceana, slabhraí agus a leithéid.
ionsaí fíochmhar a fierce attack
" Rinne Colin ionsaí fíochmhar air ar an toirt agus thit an *skinhead* anuas ón bhus.
fíochmhar. ferocious.
" Má bhíonn athrú chun donais ar an aimsir sna sléibhte sin, bíonn sé fíochmhar.
ina choinne seo go fíochmhar vehemently opposed to this
" Ní cúis iontais é go bhfuil na Meiriceánaigh ina choinne seo go fíochmhar faoi láthair, ach b’fhéidir gur féidir dul chun cinn a dhéanamh leo i gcomhthéacs na caibidlíochta eile a bheas ann maidir le hOpen Skies roimh 2010.
níos fíochmhaire more ferocious
" Tá an spórt seo níos fraochta i bhfad ná an *happy slapping*, níos forniata ná cluiche ceannais idir Glasgow Rangers agus Glasgow Celtic, agus níos fíochmhaire ná Mr White agus Mr Pink ó na Reservoir Dogs.
thart le heas fada fíochmhar. past a long fierce waterfall.
" Is féidir dul isteach in dhá uaimh eile agus turas gairid báid a dhéanamh thart le heas fada fíochmhar.
na hionsaithe fíochmhara the fierce attacks
" Caillfidh Joe go leor tacaíochta i measc mhuintir na Gaeilge an iarraidh seo de bhrí gur sheas sé le Béarlóirí an Daingin agus mar gheall ar na hionsaithe fíochmhara atá déanta aige ar an Acht na dTeangacha Oifigiúla.
go fíochmhar inár measc. ferociously amongst us.
" Is aoi dofheicthe é ag ár gcóisirí dinnéir, a mbíonn a chuid tuairimí á bplé go fíochmhar inár measc.
an t-ionsaí fíochmhar the fierce attack
" Ionsaí SquinterAn buille ba throime a bualadh ar Gerry Adams agus a pháirtí ná an t-ionsaí fíochmhar a rinne an scríbhneoir Squinter orthu ina cholún clúiteach ar an *Andersonstown News* coicís ó shin.
ionsaí fíochmhar vicious attack
" Ionsaí SquinterAn buille ba throime a bualadh ar Gerry Adams agus a pháirtí ná an t-ionsaí fíochmhar a rinne an scríbhneoir Squinter orthu ina cholún clúiteach ar an *Andersonstown News* coicís ó shin.
drochíde fhíochmhar béil the ferocious verbal abuse
" Ba bhreá liom fáil amach cad é a bhí taobh thiar den drochíde fhíochmhar béil a thug sé do Chaitlicigh gan choir sna caogaidí agus sna seascaidí.
níos fíochmhaire agus níos géire more fierce and more severe
" Tá an córas caipitleach níos fíochmhaire agus níos géire ná mar a bhí sé riamh.
níos fíochmhaire more vicious
" Ní ghlacann sí le leithscéalta, beag ná mór, agus cé nach bhfuil sí díreach chomh sprionlaithe céanna leis an Doornail, tá an Lion i bhfad níos fíochmhaire.
Ionsaí fíochmhar fierce attack
" Ionsaí fíochmhar ab ea é inar maraíodh thart ar 2,000 duine, cuid acu go barbartha.
smísteáil fhíochmhar fierce beating
" Ní tharlaíonn rud ar bith ar feadh bomaite uafásach go dtí go n-éiríonn cineál de gháir chatha agus tarraingítear na príosúnaigh nochta amach duine ar dhuine le smísteáil fhíochmhar a fháil agus iad ar na ceithre boinn ag dul suas an dorchla.
fíochmhar fierce
" Mar sin féin, níor mharaigh roicéid Hamas duine ar bith in Iosrael idir sin agus an 27ú Mí na Nollag nuair a thionscain Iosrael an t-ionsaí fíochmhar a mharaigh mile trí chéad duine agus a ghortaigh go dona na mílte eile.
fíochmhar fierce
" D’éirigh siad ní ba mheasa i mí na Nollag anuraidh nuair a rinne Iosrael ionsaí fíochmhar ar Ghaza ar feadh 22 lá inar maraíodh breis is 1,300 Palaistíneach agus 13 Iosraelach.
feachtas fíochmhar a fierce campaign
" Tar éis feachtas fíochmhar a stiúir an dlíodóir Alan Dershowitz, diúltaíodh seilbhíocht do Finkelstein ag Ollscoil DePaul i *Chicago*.
tsáinn fhíochmhar ina bhfuilid terrible fix in which they are
" Glacann an pobal leis fán dtráth seo nach bhfuil aon bhealach éasca as an tsáinn fhíochmhar ina bhfuilid.
fhís fhíochmhar ferocious vision
" Bhí a leathshúil ar oscailt go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtadh dó nuair a bhí a shúil druidte: Éire mar a bheidh i gcionn cúig bliana! Éire i samhradh na bliana 2014! Míle bliain i ndiaidh Chath Chluain Tairbh beidh Éire faoi ionsaí arís, más fíor d’fhís Bhaloir.
go fonnmhar, fíochmhar daingean with fierce determined relish
" Thug poblachtánaithe dúshlán Thatcher agus ghlac sí leis go fonnmhar, fíochmhar daingean.
fhíochmhar fierce
" Tá iriseoirí gairmiúla den scoth agus neart airgid riachtanach don fhiosrú fhíochmhar a bhíonn de dhíth chun an solas a lonrú i nduibheagáin an daonlathais.
go fíochmhar viciously
" Thug an ghramaisc faoi féin go fíochmhar agus bhuail taom croí Kevin.
fíochmhara ferocious
" Bhí aird na hAstráile dírithe ar dheisceart na tíre an mhí sin mar gur tharla an tubaiste nádúrtha is measa i stair na tíre nuair a bhí falscaithe fíochmhara i stát Victoria (Eagrán 95, Márta 2009).
go fíochmhar fiercely
" Is beag tionscnamh a bhain leis an teanga le dornán blianta anuas nár ionsaíodh go fíochmhar i nuachtáin bhaicle an Independent.
fhíochmhar fierce
" Thig a bheith cinnte de mar sin go mbeidh iomaíocht fhíochmhar ann idir an dá nuachtán úra do líon teoranta fógraí.
greann fíochmhar satire
" Tugann Kirstin Scott Thomas dínit, intleacht agus greann fíochmhar léi chuig ról na mná uaigní seo a cheap í féin tréigthe ag Lennon, i lár na déaga, nuair a d’athaimsigh sé a mháthair breithe, deirfiúr Mimi, Julia.
fíochmhar fierce
" Tá cogadh fíochmhar ar na mallaibh, ní hamháin idir Daonlathaigh agus Poblachtánaithe, ach idir dhá eite an Pháirtí Phoblachtánaigh, agus ní tharlóidh tada sa tír go dtí go mbeidh an cogadh sin thart.
fíochmhaire ferocity
" Ní nach ionadh, chuir fíochmhaire an dúnmharaithe alltacht ar dhaoine ag tréimhse ina bhfuil imní ag méadú ina measc go bhfuil dream beag daoine réidh le feachtas fadtéarmach paraimíleatach a chur sa tsiúl.
a fhíochmhaire how strongly
" Impleachtaí i bhFad ó na hOileáin Díol suntais ab ea a fhíochmhaire a labhair Uachtarán na Brasaíle, Luiz Inácio da Silva, nó Lula, mar is fearr aithne air, faoin ábhar.
go fíochmhar fiercely
" Throid na heaspaig Caitliceacha go fíochmhar in aghaidh éileamh an Chonradh.
fhíochmhar severe
" Bíonn sé ag réabadh thart ó cheann ceann na páirce, tugann sé ugach d’imreoirí a bhíonn in ísle brí agus tugann sé íde béil fhíochmhar d’imreoirí nach mbíonn ag déanamh a gcuid ar son na foirne, saighdeann sé imreoirí níos réchúisí chun gnímh agus cuireann sé ’chuile mhónóg allais dá bhfuil ann ar son na cúise.
fhíochmhaire ferocity
" Bíodh sin mar atá, maíonn an tríú tuarascáil mhonatóireachta **POBAL** ar fheidhmiú na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh gur ag dul in olcas atá cúrsaí Gaeilge ó thuaidh agus léirítear líon mór fada d’fhaillí, de chur ó dhoras, de neamhaird i leith na teanga agus fás ar líon agus ar fhíochmhaire na n-ionsaí ar an teanga.
go fíochmhar ferociously
" Ach ar mhodh draíochtúil, tháinig loinnir ann, bhog sé go fíochmhar, líon sé a scamhóga don chéad uair, agus lig sé gáir as.
cath fíochmhar fierce contest
" 
“Ní athróidh próiseacht s'againne,” arsa Sinn Féineach amháin liom agus é ar nós cuma liom, ach beidh cath fíochmhar le troid acu féin agus ag an SDLP faoi leasa sóisialaigh, faoi fhostaíocht, faoi aire a chinntiú do sheandaoine agus do pháistí, a thuar sé.
fíochmhara fierce
" *Out of the frying pan, into the fire* a deirtear i mBearla – ‘ó mhaoil go mullach' is dóigh - agus tá muintir an tuaiscirt i ndiaidh bogadh ó ré na dTrioblóidí go dtí ré an chruacháis agus ciorruithe fíochmhara le cur i bhfeidhm ag Feidmheannas Stormont.
fhíochmhar fierce
" Anois cuimhnigh go raibh an chraobh áirithe sin buaite i bhfad roimh leath ama ag Cill Chainnigh, ach ina ainneoin sin ní raibh aon staonadh ná maolú ar a n-imirt fhíochmhar faoi mar a léirítear sa ghrianghraf.
fíochmhara fierce
" Is iad súd atá ins an Phortaingéil, sa Ghréig agus sa Spáinn ag cur na bpolasaithe fíochmhara chun cinn.
dúshaothrú fíochmhar fierce exploitation
" Luann tú an tionscal eolais, ach ins an tionscal san tá dúshaothrú fíochmhar ar siúl; pá an-íseal don chuid is mó agus coinníollacha oibre atá go huafásach, go minic, ins na lárionaid ghutháin agus a leithéid.
go fíochmhar viciously
" Beo ar an Ghaoith ========= Ba é rialtas Lucht Oibre Ramsey Macdonald a ghearr an caiteachas poiblí go fíochmhar, a ghearr 10 faoin gcéad ó thuarastail státseirbhíseach agus 10 faoin gcéad ó liúntais dífhostaíochta.
fíochmhar fierce
" Fuil ar Eitilt ===== Ach, sular thosaigh sé, rinne na póilíní ionsaí fíochmhar orainn.
fíochmhara fierce
" Mire, eh? Tharla an rud céanna i 1969 nuair a rinneadh ionsaithe fíochmhara ar cheantracha Caitliceacha - ar shráid Bombay ach go háirithe - agus ba bheag gunna a bhí ann lena gcosaint.
feachtas fíochmhar a fierce campaign
" Ní hionadh é mar sin, go bhfuil feachtas fíochmhar ar siúl ag na monaróirí móra idirnáisiúnta tobac in éadan na hiarrachta atá ar na bacáin ag an rialtas cónaidhme srian eile a bhrú ar chur chun cinn an tobac.
feachtas fíochmhar a fierce campaign
" Ní hionadh é mar sin go raibh ceannaire an fhreasúra, Tony Abbott, in ann feachtas fíochmhar in éadan na cánach a chothú.
an cur chuige fíochmhar fierce approach
" Níor tharla an taispeántas mór, an imirt ghaisciúil, an cur chuige fíochmhar a raibh chuile dhuine ag súil leis, ach a mhalairt.
go fíochmhar vociferously
" In Albain, mar shampla, chuir go leor feirmeoirí go fíochmhar in éadan an Acht um Leasuithe Talún a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 2005.
thug ionsaithe fíochmhara faoi made fierce attacks at
" Faraor do Mitt Romney, is cosúil gur roghnaíodh é, ní de bharr a bhuanna oráidíochta ná a éirimiúlacht polaitiúil, ach de bharr gurbh é an t-iarrthóir ab fhearr as baicle iarrthóirí antoisceacha, ina measc Newt Gingrich, a thug ionsaithe fíochmhara faoi Romney sular ceansaíodh é, agus Rick Santorum, Caitliceach a sheasann go láidir in aghaidh aerachais agus frithghiniúna.
foréigean agus trodaíocht uafásach fíochmhar violence and terrible fighting
" Mar is léir ar scaileáin teilifíse chuile oíche, tá foréigean agus trodaíocht uafásach fíochmhar feicthe ag muintir Aleppo le míonna beaga anuas.
ag fáil greadadh fíochmhar síos an bóthar being kicked ferociously down the road
" Ritheann an íomhá liom den channa smolchaite úd ag fáil greadadh fíochmhar síos an bóthar.
toghchán fíochmhar ar siúl a fierce election in progress
"toghchán fíochmhar ar siúl sa Seanad, agus is é seo blár catha na bliana, an áit a gcuirfear an fhuil is deirge agus an t-allas is goirte.
go fíochmhar fiercely
" D'ionsaigh Mourdock agus an Tea Party go fíochmhar é mar eadránaí a bhí ró-réidh comhréiteach a dhéanamh leis na Daonlathaigh, agus fuair siad an ceann is fearr air i réamhthoghcháin an pháirtí.
thug siad faoina raibh ann go fíochmhar they fiercely attacked all who were present
" Ar an 17 Lúnasa 1882 thug scaifte fir ruathar faoi theach comharsan leo, John Joyce, agus thug siad faoina raibh ann go fíochmhar agus go brúidiúil le gunnaí glaice agus le maidí.
Nochtú fíochmhar anama atá ann it’s a rending exposition of the human soul
" Nochtú fíochmhar anama atá ann.
Naimhde fíochmhara do vicious enemies to
" Naimhde fíochmhara do Hammarskjöld agus d’fheachtas O Brien ab iad an Bhreatain agus an Bheilg áfach.