Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fíorú na híomhá sin verifying that image
" Tá na Sé Chontae ag fíorú na híomhá sin atá ag an tsaol taobh amuigh gur duine mire achan uile chréatúr againn.
a fhís a fhíorú to fulfil his vision
" Bheadh sé go deas dá bhféadfaí a rá gur cheadaigh siad do Trimble a fhís a fhíorú, ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil fís ag ceannaire an UUP ná ag an pháirtí ina iomláine, taobh amuigh de chúpla eisceacht.
go dtí gur fíoraíodh an fhís until the vision was fulfilled
" Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo ó bunaíodh é i 1996 agus is cinnte go bhfuil na ghníomhaígh teanga a raibh an fhís acu an chéad lá riamh, agus a throid ar feadh na mblianta fada go dtí gur fíoraíodh an fhís, breá sásta leis an toradh atá ar a saothar.
dá bhfíorófaí na líomhaintí sin if those allegations were confirmed
" An bhféadfadh sé go raibh sé ag déanamh tagairt chliathánach don chúléisteacht a líomhnaíonn dlíodóirí áirithe a rinneadh orthu nuair a bhí siad ag caint lena gcuid cliant i stáisiún na nGardaí? Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá bhfíorófaí na líomhaintí sin mar, ar ndóigh, *Up here it’s different.
dá bhfíorófaí na líomhaintí sin if those allegations were confirmed
" An bhféadfadh sé go raibh sé ag déanamh tagairt chliathánach don chúléisteacht a líomhnaíonn dlíodóirí áirithe a rinneadh orthu nuair a bhí siad ag caint lena gcuid cliant i stáisiún na nGardaí? Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá bhfíorófaí na líomhaintí sin mar, ar ndóigh, *Up here it’s different.
Ag Fíorú na hAislinge Eorpaí Fulfilling the European Dream
" Bhí moladh eile ag Conradh na Gaeilge ina bpolasaí oideachais, “1+1+1 - Ardchumas i 3 theanga –Ag Fíorú na hAislinge Eorpaí”.
ar tí a fíoraithe. about to come through.
" ” Bheadh taithí ar an saghas sin timpeallachta úsáideach agus an bhrionglóid a bhí ag Izabela a bheith ina láithreoir teilifíse ar tí a fíoraithe.
go bhfíoraíonn sé that he verifies
" Ach tá sé deacair an chaint seo a shéanadh agus Irial sa seomra leat mar is léir go bhfíoraíonn sé na teoiricí ó thaobh na slí a gcuireann sé é féin i láthair, agus ó thaobh a fhéinmhuiníne agus a údaráis cainte de.
le hiad a fhíorú to verify them
" Mar sin, cuireadh neart teoiricí os ár gcomhair, ach ní raibh mórán fianaise ar fáil le hiad a fhíorú nó a bhréagnú.
nach mbeidís in ann an fhís Oilimpeach a fhíorú that they wouldn't be able to realise the Olympic vision
" É sin ar fad ráite, d’fhéadfaí cur i leith cuid mhór tíortha eile – tíortha saibhre de chuid an Domhain Fhorbartha ina measc – nach mbeidís in ann an fhís Oilimpeach a fhíorú.
chonaic mé go raibh mo thromluí fíoraithe I saw that my nightmare was realised
" Nuair a d’fhill mé ar Shliabh Liag ag an Cháisc, chonaic mé go raibh mo thromluí fíoraithe.
fís a fhíorú to realize a vision
" Ba cheart Sat Nav a bhronnadh ar Fhoras na Gaeilge le cabhrú leo Gaoth Dobhair a bhaint amach, camchuairt ar Damascas a thabhairt do Frank Dunlop, léarscáil de Chúige Laighean a thabhairt d’iománaithe na Gaillimhe agus turas chun na Muir Cairibe do Ghlór na nGael le go mbeidís in ann fís a fhíorú nár éirigh leo a bhaint amach sa mbaile.
Fíorú Físe bringing to life of a vision
" Fíorú Físe Ach bhí fís ag daoine i Ros Muc agus i gCamus, agus an fhís a bhí acu, páirc peile cheart agus ionad le seomraí feistis agus seomraí cruinnithe a thógáil.
á fhíorú is coming to pass
" Tá an chuma ar an scéal gurb é an dearcadh diúltach atá á fhíorú.
fíorú na físe realising (this) vision
" Thuair saineolaithe go leor go mbeadh roinnt de na tíortha seo céim ar chéim leis na Stáit Aontaithe faoi lár na haoise seo, ach is í an tSín is mó atá ag fíorú na físe seo, geall leis.
Fíoraíodh an méid a gheall sé a tharlódh what he said would happen came to pass
nach bhfíorófar an tuar úd that that prophesy shall not come to pass
" Tá cúig bliana de sin imithe cheana féin agus fán am a thiocfaidh deireadh le do chonradh, ní bheidh ach deich mbliana fágtha lena chinntiú nach bhfíorófar an tuar úd.
tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh verify nor censure such abstract forecasts
" Ba léir do Nietzsche gur chur i gcéill an cineál sin obair staire toisc ná féidir na tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh.
roimh fíorú na haidhme sin about the realisation of that aim
" Is é aidhm Chumann Lúthchleas Gael go mbeadh déantóirí camán in Éirinn in ann a bheith spleách ar fhuinseog na tíre seo amháin faoin mbliain 2017 ach tá amhras mór ann anois roimh fíorú na haidhme sin.
a fhíoraíonn imeagla which proves the grave concerns
" Dar leis ansin, níorbh iad muintir na n-oileán ach: ‘Peártaí an Aois Saothair, an Phróletariat, an Aitheach Tuatha, Peártaí na nDaor agus na bhFuidhear, agus na sean-chleith, Peártaí an Ollphobail dhísheilbhithe…’ (Luann Ó Buachalla ráiteas brónach Pheig Sayers sa seoladh amach aige in Aisling Ghéar, ráiteas a fhíoraíonn imeagla Uí Chadhain: ‘Daoine bochta ab ea sinn ná raibh eolas ar rachmas ná ar éirí in airdre an tsaoil againn.
Fíoraíodh mionsonraithe a insinte the minute details of its narration were verified
" Fíoraíodh mionsonraithe a insinte in eagrán léanta Eakin agus Logsdon (1968).
dá bhfíorófaí mianta an Chonartha were the league’s wishes to be realized
" Ní féidir cur amú airgid poiblí agus cur amú cumais daoine a chosaint, agus sin a bheadh ann, dá bhfíorófaí mianta an Chonartha.
fíoraíonn siad they show, realize
" ” Don chuid is mó áfach, fíoraíonn siad an méid atá tugtha faoi ndeara ag eagraíochtaí neamhbhrabúis le tamall anuas.
eagla agus trí bhríonglóidí nach bhfíorófaí go brách fear and unobtainable dreams
" Is iad na daoine na sclábhaithe agus níl sa chóras stáit ach córas báillíochta le pingneacha a bhailiú agus le smacht a choinneáil ar na daoine trí dhífhostaíocht, eagla agus trí bhríonglóidí nach bhfíorófaí go brách, gan ór na cruinne.
Má fhíoraítear an tairngeacht if the prophecy is fulfilled
" Má fhíoraítear an tairngeacht is féidir le duine maíomh as a shaineolas agus mura bhfíoraítear í is féidir leis an milleán a chur ar réiteoir éigin! Tá daoine ann os cionn aoise áirithe, Ciarraígh den chuid is mó, a chreideann agus a áitíonn agus nach n-athróidh a n-intinn go brách ina thaobh, gurb í foireann Chiarraí '75-'86 an fhoireann ab fhearr riamh.
ar fíoraíodh a chuid brionglóidí if his dreams were fulfilled.
" Tháinig sé go hÉirinn i dtosach toisc a spéis sa cheol Gaelach agus mar a deir sé féin, na smaointe rómánsacha a bhí aige faoin tír! Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí le fáil amach ar fíoraíodh a chuid brionglóidí.
fíoraíodh Gort na gCnámh a poem by Cathal Ó Searcaigh was brought to life
" Cad é an dóigh ar fíoraíodh Gort na gCnámh eile i lár na hEorpa lenár linn? Cad é a thug an Dr.
fíorú na haislinge Meiriceánaí bringing the American dream to life
" Sonia Sotomayor a hainm agus tá sí ag fíorú na haislinge Meiriceánaí.
atá le fíorú go fóill not yet witnessed
" Banks ar shaol na teicneolaíochta, atá le fíorú go fóill, i bhfeidhm ar Roseanne Smith in imeacht na mblianta de bheith ag léamh a shaothair.
a chuaigh i mbun fíorú a n-aislinge who set about realising their dream
" Chuaigh Colm Mac Séalaigh i dteagmháil le dream iontach aislingeach san ardchathair, dream gníomhach a chuaigh i mbun fíorú a n-aislinge, Na Gaeil Óga.