Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fógraí advertisements
" Bhí an lá ann gur bhain daoine taitneamh as teachtaireachtaí nua ríomhphoist a fháil, ach faraor is minic gur fógraí is mó a bhíonn ag líonadh suas boscaí poist leictreonacha na laethanta seo.
fógraí advertisements
" Ní iontas ar bith é sin nuair a chuimhníonn tú gur fógraí ar mhaithe le bia milis de shaghas amháin nó de shaghas eile atá i 95 faoin gcéad de na fógraí teilifíse do pháistí a chraoltar, de réir suirbhé amháin.
fógraí tobac tobacco advertisements
" Agus cé go dtagaim go hiomlán leis na daoine a deir gur chóir cosc a chur ar fhógaí don "ghreim ghasta", faoi mar atá déanta le fógraí tobac, tuigim go maith gur orainn féin sa mbaile atá an fhreagracht is mó.
dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad if we allowed them to see all the adverts
" dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad bheadh muid bodhraithe ceart ag na leaids ó mhaidin go hoíche.
tréimhse saor ó fhógraí advert-free period
" Tá an tAire Cultúir sa tír ag iarraidh go bhfógróidh an tAontas Eorpach "tréimhse saor ó fhógraí" thart timpeall ar chláracha teilifíse do pháistí.
fhógraí bréagán toy adverts
" **An Ghréig** - cosc ar fhógraí bréagán ar an teilifís.
fógra announcement
" Bhí fadhb amháin ann: Níor chreid duine ar bith an fógra seo i ndáiríre.
fógraí Breatnaise Welsh signs
" Chuir Gwyn in iúl dom go raibh trioblóid sa cheantar le cúpla mí, go raibh duine nó daoine ag scrios fógraí Breatnaise, agus mar sin de.
fógra sign
" Chomh luath agus a fheicim an fógra "Fáilte don Ghaidhealtachd" mothaím sásta.
scríbhneoir fógraí sign writer
" D'oibrigh Noonan mar mhaisitheoir agus mar scríbhneoir fógraí agus bhí sé ina bhall den Transvaal '98 Centenary Committee - poblachtánaigh a bhí in aghaidh riail na Breataine San Afraic Theas.
fógra notice
" Bíonn scata maith daoine i mbun marcaíochta toinne ansin, cé go bhfuil fógra ann a chuireann cosc ar shnámh.
fógraí ar líne on-line adverts
" Ach tá saghsanna áirithe fógraíochta ar an idirlíon fós ag tabhairt tinneas cinn d'úsáideoirí - blianta tar éis do shaineolaithe a thuiscint gur chóir fógraí ar líne a choimeád simplí.
breac le fógraí full of adverts
fógra advertisement
" AÓF: Inis dom faoin bpáirt a ghlac tú i bhfógra teilifíse Telecom Éireann (mar a bhí air ag an am).
fógra notice
" Ach fógra deich mbliana a thabhairt, agus coimisiún a chur ar bun chun an beart a phleanáil go ciallmhar - agus chun an pholaitíocht a bhaint amach as an rud.
fógra advertisement
" Chonaic mé fógra do phost sa *Liverpool Echo *le gairid: coimeádaí do Mendips, áit chónaithe John Lennon nuair a bhí sé óg.
fógra notice
" Mar shampla, níl focal Béarla (ná aon teanga eile) le cloisint ach Seicis amháin ar na fógraí taistil ar an *metro*, ar an mbus agus ar an *tramvaj*, agus muna bhfuil taithí agat ar theanga Shlavach, tógann sé tamall teacht isteach ar léamh agus ar chóras foghraíochta na Seicise.
fógraí advertisements
" Tá liosta mór fada acu sna *Yellow Pages*, agus bíonn fógraí sa *Belfast Telegraph *gach Aoine.
fógra snasta glossy advertisement
" Tá gníomhaireacht áirithe in aice le Halla na Cathrach, mar shampla, agus tá fógra snasta crochta san fhuinneog acu.
fógraí advertisements
" Tá níos mó agus níos mó fógraí á seoladh ag comhlachtaí chuig gutháin shoghluaiste gan choinne.
fhógra advertisement
" "We Want to Drink, Smoke Free" atá mar theideal ar fhógra leath leathanaigh sa nuachtán áitiúil an tseachtain seo, agus tá suíomh gréasáin acu fosta: (www.
fógra notice
" Oíche amháin bhuail mé le mo chara i dteach tábhairne Éireannach le haghaidh dí agus, iontas na n-iontas, thug muid faoi deara fógra ar an mballa faoi ranganna Gaeilge san *Escuela Oficial de Idiomas *(Scoil na dTeangacha) sa chathair sin.
fógra advertisement
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
fógraí notices
" Tá sé ag obair mar eagarthóir le comhlacht fógraíochta.
fógraí teilifíse television ads
" Tá a ndícheall déanta ag na Poblachtánaigh an eagla a chothú, le fógraí teilifíse, cuir i gcás, a thaispeánann mic thíre ag teacht níos cóngaraí agus níos cóngaraí don cheamara.
fógra announcement
" Ardaíonn an fógra a rinneadh le déanaí go bhfuil breis is fiche scoil Chaitliceach i gCathair Nua-Eabhrac le dúnadh nó le nascadh go leor ceisteanna stairiúla, cultúrtha agus geilleagair.
clár fógraí noticeboard
" Phléasc mé amach ag gáire nuair a chonaic mé clár fógraí ar dhá chos agus "*Croeso i mBerwyn*" scríofa air.
dhá fhógra ollmhóra two huge signs
" " Agus sháigh Bertie Buíoch Beannachtach agus Micí Mealltach Mímhúinte a gcloigne isteach sa ghal agus tharla mar a bheadh scaipeadh ceo agus chonacthas dóibh dhá fhógra ollmhóra, ceann acu ar dheis agus ceann acu ar chlé.
san fhógra turasóireachta in the tourism advertisement
" ” *Sin a deirtear san fhógra turasóireachta do Dhún na nGall atá le cluinstin ar na meáin náisiúnta faoi láthair.
fógra oifigiúil an official announcement
" Mar sin, is féidir linn bheith ag súil le fógra oifigiúil roimh dheireadh mhí na Bealtaine.
san fhógra turasóireachta in the tourism advertisement
" ” *Sin a deirtear san fhógra turasóireachta do Dhún na nGall atá le cluinstin ar na meáin náisiúnta faoi láthair.
fógraí notices
" Tháinig na fógraí seo chun mo chuimhne le déanaí nuair a d’eisigh Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann tuarascáil a thug le fios go raibh laghdú suntasach tagtha ar líon na dturasóirí atá ag teacht go hiarthar na tíre.
fógraí bagartha threatening signs
" Agus cad atá le tairiscint againne in Éirinn ach sconsaí, sreang deilgneach agus fógraí bagartha? Ní fiú cac an diabhail cosáin siúlóide na hÉireann.
fógraí rabhaidh warning signs
" Rialaigh an Breitheamh ag an am gur ar an chosantóir a bhí an locht mar nach raibh fógraí rabhaidh crochta in airde aige.
fógra teilifíse television advertisement
" Tá muid á dhéanamh seo le bileoga eolais, suíomh gréasáin cuimsitheach, agus fógra teilifíse atá le craoladh ó oíche Shamhna ar aghaidh.
fógraí rabhaidh warning signs
" Bhí fógraí rabhaidh faoi mhadraí gardála ar an sconsa agus ba léir ón tafann a bhí siad a dhéanamh go raibh siad fíochmhar.
fógra lánleathanaigh full-page advertisement
" Cuireadh iontas orm le déanaí nuair a chonaic mé fógra lánleathanaigh sa New York Times ina raibh pictiúirí de Richard Nixon agus George Bush taobh le taobh.
fógraí ar líne online advertisements
" Cruthaíonn an blag seo “trácht” ard ar an suíomh - rud atá tábhachtach do na fógróirí atá ansin sásta níos mó a íoc as fógraí ar líne.
fógra sign
" “Ar mo bhealach suas a bhí mé,” arsa Dead Eye O’Dea, “nuair a chonaic mé an fógra mór a bhí crochta faoi bhun Fhorógra na Cásca ar cheann de cholúin Ardoifig an Phoist.
fógraí ar líne online advertisements
" Cruthaíonn an blag seo “trácht” ard ar an suíomh - rud atá tábhachtach do na fógróirí atá ansin sásta níos mó a íoc as fógraí ar líne.
fógra advertisement
" ======= (Dála an scéil, tá fógra ar leathanach a trí, atá - conas mar a chuirfead seo - mífhortúnach ina shuíomh agus ina fhoclaíocht.
roinnt fógraí gairide some short advertisements
" Má theastaíonn uait breathnú ar na cláracha atá ar shuíomh ABC caithfidh tú féachaint ar roinnt fógraí gairide atá curtha isteach i lár na gcláracha.
Tháinig an fógra seo aniar aduaidh ar chách. This announcement caught everyone by surprise.
fógra notice
" Lean mé í trasna an chlóis, thar Cró na mBuaiteoirí go dtí an foirgneamh nua, áit a raibh an fógra seo ar an doras: “Owners, trainers and jockeys only beyond this point”.
fógra i leith neamhspleáchais an announcement regarding independence
" Beag déanta aige maidir le cúrsaí cumarsáide, agus TG4 fós ag fanacht le fógra i leith neamhspleáchais mar a bhí sonraithe i gClár an Rialtais.
ní raibh aon éalú ó na fógraí there was no escape from the adverts
" In ainneoin dianfheachtas earcaíochta a bheith ar siúl ag Roinn na Cosanta Náisiúnta (ní raibh aon éalú ó na fógraí ar theilifís Cheanada i rith Chorn an Domhain), ní fios an mbeidh speisialtóirí san arm féin chun na huirlisí cogaíochta úra a oibriú.
fógraí signs
" Tá an suíomh tochailte le feiceáil – tá sé clúdaithe le féar, agus tá fógraí ann ag míniú cad é a fuarthas san áit.
chun fógraí a thaispeáint don lucht féachana to show adverts to the viewers
" Tá airgead mór le déanamh ó na cluichí teilifíse anois, agus dá réir sin, stoptar na cluichí go minic chun fógraí a thaispeáint don lucht féachana.
slám mór fógraí a great number of adverts
" Más ag breathnú orthu ar an teilifís atá tú, caithfidh tú cur suas le slám mór fógraí gach dhá nó trí nóiméad, nó airgead mór a íoc chun suíochán a fháil cúpla céad slat ón slacaí.
fógraí bagartha threatening notices
" Ní fheiceann tú na fógraí bagartha atá coitianta in Éirinn, a bhfuil cuid acu déanta ag eagraíochtaí feirmeoireachta mar an ICMSA.
ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha overflowing with positive and negative adverts
" Mar a bheifeá ag súil, is deacair an nuacht a dheighilt ón stocaireacht faoi seo, agus na meáin ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha faoi iarrthóir amháin nó iarrthóir eile.
fógraí adverts
" Cuireadh fógraí sna páipéir áitiúla agus tháinig 100 iarratas isteach.
ar fhógra on a notice
" Is éard a bhí le léamh ar fhógra sa teach tábhairne céanna ná "Ós rud é gur iarr cuid mhaith dár gcustaiméirí orainn é, beidh an seomra seo saor ó ghal tobac ón 20 Samhain amach".
breac le fógraí full of adverts
" Le coicís anuas, tá na nuachtáin breac le fógraí do theilifíseáin ollmhóra leathscáileáin.
chun fógraí a chraoladh. to broadcast adverts.
" Deirim "seó" d'aon ghnó, mar gur cluiche teilifíse an cluiche seo – stopfar gach cúpla nóiméad é chun fógraí a chraoladh.
fógra báis obituary
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
lá an fhógra mhóir the day of the big announcement
" Ar chuala tú Gerry nuair a bhí sé ina shuí in aice liom lá an fhógra mhóir i Stormont? Ar chuala tú an dúramán: ‘Tús maith leath an obair’ a dúirt an t-amadán.
dhóigh na mná na fógraí fágála. the women burnt the notices to quit.
" Sa bhliain 1843, rinne sé iarracht tionóntaí Ghleann Cailbhidh a chaitheamh amach, ach dhóigh na mná na fógraí fágála.
fógra notice
" Caithfidh tú a bheith cúramach – d’ól mé braon beag, ansin léigh mé fógra ar an bhalla a dúirt gur phurgóid láidir an saghas sin uisce! **A lán imeachtaí**In aice leis an seomra caidéil, tá foirgneamh tarraingteach a dtugtar The Pavilion air.
fógraí móra big notices
"fógraí móra i stáisiúin traenach an MRT (Mass Rapid Transport) ar a bhfuil na focail seo scríofa: "Graciousness - it's caring for other people by giving up your seat when they need it more".
fógra neamhspleáchais declaration of independence
" Íoróin, mar tá sé tagtha chun solais le déanaí gur lean Jefferson ar aghaidh lena sheilbh ar sclábhaithe tar éis gur scríobh sé fógra neamhspleáchais Mheiriceá i 1776, ach is cosúil anois go léiríonn fianaise DNA gur fhág sé páistí ar dhuine de na sclábhaithe seo, Sally Hemings.
fógra mór ar bharr pubaill: a big sign on top of a tent:
" ’ “Ní raibh mé i bhfad san áit seo nuair a chonaic mé fógra mór ar bharr pubaill: '*Seo Puball na Gaeilge – Fáilte Roimh Phuball na Gaeilge chuig Puball na Gaeilge!'* Anonn liom gur casadh dom Meiriceánaigh ag díol foclóirí Béarla – Gaeilge, Meicsicigh ag díol foclóirí Gaeilge – Béarla agus ceolfhoireann bheag as Texas ag seinm cheol na Briotáine agus na hAlban.
Trí fhógraí a dhíol by selling advertisements
" Agus conas a dhéanfaidh siad airgead? Trí fhógraí a dhíol ag geallúint d’fhógróirí go mbeidh spéis agat iontu.
ag díriú a bhfógraí orthu. targeting their adverts at.
" Dá mhéad eolas is féidir le seirbhís a bhailiú agus a roinnt le fógróirí faoina húsáideoirí, is ea is mó airgead a bhíonn fógróirí sásta a íoc léi toisc go mbeidh a fhios acu cé hiad na daoine a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu.
a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu. they will be aiming their ads at
" Dá mhéad eolas is féidir le seirbhís a bhailiú agus a roinnt le fógróirí faoina húsáideoirí, is ea is mó airgead a bhíonn fógróirí sásta a íoc léi toisc go mbeidh a fhios acu cé hiad na daoine a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu.
trí fhógra thosach feidhme three commencement orders
"trí fhógra thosach feidhme faighte ag an Chomhairle Chontae as an 14 eastát nach bhfuil aon socrú déanta acu.
gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta. not to publish its adverts in Irish anymore
" I mbeagán focal, ní féidir nuachtán laethúil náisiúnta Gaeilge a sholáthar ar an bhuiséad sin – sin sula gcuirtear san áireamh na deacrachtaí breise a bhaineann le nuachtán a chur i gcló i sochaí nach dtugann aon aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, gan trácht ar shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta.
fógra rabhaidh a warning notice
" ” Seans gur cheart go gcuirfí fógra rabhaidh ar an siollabas Gaeilge feasta: “Déanann staidéar ar an Ghaeilge dochar mór do do chumas foghlama.
fógra notice
" Chonaic mé fógra in *An Phoblacht*, nuachtán Shinn Féin, faoi “*mini*-choláiste” a bhí eagraithe acu sa chathair sin agus nuair a chuir mé litir chucu ag fiafraí faoi, fuair me litir chairdiúil ar ais i mí an Mhárta ó Mháirtín Ó Muilleoir, Ceannasaí Roinn an Chultúir, agus dúirt seisean: “Beidh fáilte is céad romhat ag an chéad *mini*-choláiste eile”.
sna fógraí gluaisteán in the car adverts
" Má bhíonn déithe na comaitéireachta leis, ní chaithfidh sé ach $32 sa lá ar pheitreal dá thuras, ach má bhíonn an trácht ina aghaidh, d'fhéadfadh sé $50 sa lá a chaitheamh – ar pheitreal amháin! Den chéad uair riamh, mar sin, tá rud ar leith le feiceáil sna fógraí gluaisteán ar an teilifís (agus is cosúil gur fógraí gluaisteán iad a leathchuid de na fógraí teilifíse!).
má thriomaíonn tobar na bhfógraí stáit, if the well of state advertising dries up
" Trá fholamhAr ndóigh, fágfar na nuachtáin Ghaeilge ar an trá fholamh ar fad má thriomaíonn tobar na bhfógraí stáit, rud a d’fhéadfadh a bheith ar na bacáin, dar liomsa.
Fógra Fainice a word of warning
" (Foláireamh agus Fógra Fainice ón Eagarthóir: Níl an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu le brú fola nó le croí lag.
fógraí notices
" Taobh amuigh de na bialanna agus na tábhairní ar fad tá fógraí móra trítheangacha crochta anois: ‘Keine Dogs, le bhur dtoil! Keine Paddies le bhur dtoil!’ Magadh beag searbh atá ann nó níl Paddy ar bith anois faoin cheantar sin a mbeadh sé d’acmhainn aige aon rud a cheannach sna háiteanna céanna; agus níl madadh ar bith i gConnacht nach bhfuil ite.
fógraí advertisements
" Molann an suíomh ceoil duit, bunaithe ar an gceol atá agat cheana mar sin, agus is féidir sruth de na moltaí seo a sheinnt ar an suíomh, nó ar d’fheidhmchlár féin cosúil le stáisiún raidió gan na fógraí.
fógra notice
" De réir fógra a bhí crochta air, is le NWE Wireless ltd.
fógraí notices
"fógraí crochta leath bealaigh in airde a thugann foláireamh do shiúlóirí faoin chontúirt a bhaineann leis: “*Tonnes of unstable rock and scree now present a high level of objective dangers and local guides are strongly advising people to avoid the route*.
fógra sign
" Tá súil ag Balor go ndéanfaidh Enda Aoibhinn Aoibhiúil fógra mór nuair a bheidh an Seanad curtha ar scor aige, nó beag seans go dtabharfar a uireasa faoi deara.
fógra announcment
" FOINSE Agus ansin i bhfaitheadh na súl seo chugainn, chan amháin athréimniú agus athbhrandáil Foinse, ach an fógra ó Fhoras na Gaeilge go mbeadh nuachtán náisiúnta eile ag teacht sna sála air, agus iad beirt lonnaithe i gConamara.
Fuíoll Fógraí too much advertising
" Fuíoll Fógraí? Ach theip ar aon nuachtán Gaeilge go n-uige seo líon cruthanta de fhógraí a mhealladh ón earnáil phríobháideach, agus iad i dtuilleamaí, cuid mhór, ar fhógraíocht stáit agus ar phinginí beaga ó na heagrais Ghaeilge.
fógra notice
" Faraor, an lá a raibh mé ann, bhí fógra mór ar cheann acu ag tabhairt le fios go raibh sé briste! Tá iontais go leor ar thaobh eile an droichid, ámh.
fógra tóra manhunt
" Eachtra a spreag an líne – “*I figure to have my picture took with them two just one more time*”, nuair a fhilleann Frank Hamer ar an aicsean chun fógra tóra marfach a eagrú ina gcoinne sa deireadh.
Clár Fógra notice board
" Athreic Eolais Ach nuair a bhí mé sa carr chlós ag Bun Glas faoi Cháisc, sular thosaigh muid ag siúl, chonaic mé Clár Fógra nua le ‘eolas’ faoi Sliabh a Liag air.
clár fógra notice board
" A luaithe agus a chuirtear rudaí saorga mar ionad cuairteoirí, clár fógraí, binsí plaisteacha agus mar sin de san áit, tá sé scríosta.
fógraí notices
" Idir an dá linn, tá lucht an fhreasúra ag cur fógraí in airde in aghaidh Ioslaim ar bhusanna i Siceagó, Nua-Eabhrac, agus i San Francisco.
ach ab é na fógraí bóthair other than the road signs
" Tá bóthar ‘La Route Touristique’ le taobh na farraige idir sráidbhailte deasa nár fhulaing aon díobháil ailtireachta ach ab é na fógraí bóthair.
fhógra notice
" A luaithe agus a d'fhág mé an cosán chonaic mé Iarsmalann Rómhánach, leis an fhógra seo air: *‘Site of the Headquarters building (principia) of Bremetennacum Veteranorum, established c.
fógra ar bith any notice
" Ní bhfuair muintir shléibhte Rio de Janeiro fógra ar bith ó dhéithe na haimsire.
fógra breá mór a fine large notice
" Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil fógra breá mór ann anois: "Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba," a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra.
fógraí adverts
" Creidim go bhfuil na Marys seo i ndiaidh fógraí a chur isteach in *Ireland’s Own*, sa chuid phearsanta ar chúl na hirise.
fógraí bóthair road signs
" An Daingean ======= **SMM: Ach an Daingean agus thart sa taobh sin, tá fógraí bóthair millte, sa Ghaeltacht féin** BNC: Ní dóigh liom gur cheart dóibh é sin a dhéanamh.
fógraí rialta regular ads
" Ainneoin fógraí rialta ar an raidió le trí lá roimhe sin, bhí oíche mharbhánta, mhíthaitneamhach á tuar.
fógraí bréagacha false ads
" Feictear fógraí bréagacha sna meáin nó ar an idirlíon ó am go chéile ag spochadh as fíorshaol na fógraíochta, ach cuma shnasta proifisiúnta orthu.
fógra breá úr fine new sign
" Chonaic mé an fógra breá úr "Fáilte gu Alba" nuair a chuaigh mé thar an teorainn agus mé ar mo bhealach go Baile Chloichrigh, áit a raibh mé ag déanamh cúrsa treoraí siúl sléibhe geimhridh agus bhí mé ag súil go mór le seachtain sna Garbhchríocha.
fógra an announcement
"fógra ar shuíomh idirlín an TTNB go dtiocfaidh deireadh lena gcuid gníomhaíochta ar fad ag deireadh na scoilbhliana reatha seo.
fhógra announcement
" Fáilte Chroíúil, Más Ea ========= Fáilte chroíúil a chur na heagrais Ghaeilge roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, roinnt míonna ó shin go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
fógra notice
" Má bhí fógra ann mar leide faoin áit a bhí istigh, níor aithin mise é i measc na gcomharthaí éagsúla i dteanga na hArabaise.
fógra nuachtáin newspaper advertisement
" D’fhoilsigh PNAC agus trí dhream eile fógra nuachtáin sa New York Times ar an 20 Meán Fómhair faoin teideal, *“Mr.
clár fógra an advertising board
" Bosca agus clár fógra? Ag tarraingt airde uirthi féin, ach ag an am céanna, a bheith folamh? Bhí mearbhall amach is amach orm.
fógra a bhfuil ‘Rabhadh’ air a notice which has ‘Warning’ on it
" Ansin, áfach, ag fógra a bhfuil ‘Rabhadh’ air (Beo eagrán 113, Meán Fómhair 2010), téann na cipíní soir ó thuaidh, i dtreo Dhíseart Aoidh Mhic Bhricne.
fógra an advertisement
" Chonaic mé fógra coicís ina dhiaidh sin ar an nuachtán tráthnóna, ag lorg príomhoide do Ghaelscoil Míde.