Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fabhar fola nepotism
" Gach cineál caimiléireachta ======= Bhí gach cinéal caimiléireachta ag tarlú sna coláistí ar fud na tíre - fabhar fola agus fabhraíocht, mar shampla.
fabhar faoi leith special favour
" B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach cá bhfuil an fhianaise? An bhfuil sé ceart ná cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith dó, mar go bhfuil sé mór leis an Aire, agus go mbeadh sé slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas? Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann! Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug sé do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell ná dul ar an ionsaí.
i bhfabhar an ilchultúrachais in favour of multiculturalism
" Daoine áirithe go fíochmhar in aghaidh labhairt teangacha “eile” agus daoine eile i bhfabhar an ilchultúrachais.
i bhfabhar cumhachta núicléiche in favour of nuclear power
" An scéal mór ar dtús: d’fhógair Tony Blair, Príomh-Aire na Breataine, go bhfuil sé i bhfabhar cumhachta núicléiche mar réiteach ar an easpa fuinnimh a bheas ann sna blianta atá romhainn.
i bhfabhar an athraithe. in favour of the change.
" Ach an uair seo, bhí an iomarca brú ar an rialtas sin: bhí gach tír Eorpach sásta leis an dréacht-chomhaontú Open Skies ach amháin an Bhreatain Mhór, agus fiú amháin bhí BMI British Midland i bhfabhar an athraithe.
ina fhabhar. in his favour.
" I láthair na huaire, tá níos lú ná tríocha faoin gcéad ina fhabhar.
i bhfabhar an chogaidh in favour of the war
" Mar bharr air seo, níl sé dearmadta ag daoine gur vótáil sí i bhfabhar an chogaidh in 2003, agus beidh sé deacair di a mhíniú cén fáth a ndearna sí athmhachnamh idir an dá linn.
bhronn sí a fabhair she bestowed her favour
" Bhí clú ar Pihanga de bharr a háilleachta, agus bhronn sí a fabhair ar na ceithre shliabh a bhí á mealladh: Taranaki, Tongariro, Tauhara agus Putauaki.
i bhfabhar an Aontais Eorpaigh. in favou of the European Union
" Más Caitliceach, coimeádach, traidisiúnta an dearcadh agus na polasaithe a bhí ag PiS maidir le cúrsaí eacnamúla agus sóisialta, is liobrálach iad na polasaithe a bheidh á gcur i bhfeidhm ag PO, páirtí atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh.
i bhfabhar iarrthóireacht Obama in favour of the candiditure of Obama
" Ar an 26 Lúnasa, labhair Hillary Clinton go tréan agus go faghartha i bhfabhar iarrthóireacht Obama.
cairdeas fabhair cronyism
" Maítear go rialta go bhfuil éilliú agus cairdeas fabhair le sonrú go forleathan ann, cibé páirtithe a bhíonn i gcumhacht, agus ar an gcaoi sin go ndíomlaítear an-chuid den chúnamh forbartha idirnáisiúnta a fhaigheann an tír.
i bhfabhar agus i gcoinne for and against
" Max Bromson, nach Maireann =========== Tá deis ag eagrais agus daoine aonair aighneas a chur faoi bhráid choiste de chuid an tSeanaid faoin mbille i láthair na huaire agus tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara i bhfabhar agus i gcoinne an togra.