Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fabht bunúsach a basic flaw
" Mar shampla, níos luaithe i mbliana ba é an Seanadóir Shane Ross a thug faoi deara fabht bunúsach sa reachtaíocht chun cosc a chur ar phobalbhreitheanna sna laethanta roimh thoghchán.
fabhtanna faults
" Ar ndóigh, tá seantaithí ag an gcomhlacht céanna ar imeartas focal (cuimhnigh nach mbíonn fabhtanna sna bogearraí acu ach "tréithe" nó *features*), agus go praiticiúil ciallaíonn an tseirbhís nua seo gur gá níos mó airgid a íoc leo.
fabhtanna baolacha dangerous faults
" Thug beirt mhúinteoirí sa Roinn Spóirt faoi deara go raibh fabhtanna baolacha san ionad spóirt sa choláiste.
a dheiseodh an fabht which would repair the fault
" Go deimhin, bhí an víreas seo deartha chun suíomh Microsoft a ionsaí ar lá faoi leith chun nach bhféadfadh daoine teacht ar na bogearraí a dheiseodh an fabht.
an fabht áirithe seo a ruaigeadh as a n-imirt to drive this particular fault from their play
" Neosfaidh an aimsir an féidir le foireann Átha Cliath an fabht áirithe seo a ruaigeadh as a n-imirt in am don chraobhchomórtas.
fabhtanna faults
" Ba iad na fabhtanna a bhaineann leis an bpróiseas seo a bhí idir chamáin ag an gcomhdháil Le Chéile Arís.
fabht éigin some fault
" An ndéarfá go raibh fabht éigin sa chóras a cheadódh a leithéid? Sin é go díreach atá ar bun de réir mo bharúlsa i gcás an líon ard scoláirí atá ag fáil díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sa mheánscoil ach atá ag an am chéanna ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach amháin eile ar a laghad a fhoghlaim.
fabhtanna faults
" ” Airgead, airgead, airgead Ach an bhfuil aon fhianaise ann gur calaois é a rinneadh d’aon ghnó? “*The purpose of a system is what it does*,” a fhreagraíonn Gates, agus é ag tagairt don acrainm, POSIWID, téarma atá ag anailísithe córas le fabhtanna sistéamacha a aithint.
fhabhtanna faults
" Maítear i gclár an rialtais go raibh sciar mhaith den locht 'ar fhabhtanna i gcóras polaitíochta na tíre' as an ghéarchéim airgeadais ina bhfuilimid.
fabhtanna a bhain leis faults which pertained to
" Leabhar is ea *The Revival of Irish: Failed Project of a Political Elite* le Donal Flynn (*Original Writing*) a léiríonn na fadhbanna agus go deimhin na fabhtanna a bhain leis an chóras éigeantach ó bhunú an stáit a leith.