Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá ag clis ar an gcóras sláinte the health system is failing
" Tá níos mó ná 4 mhilliún duine dífhostaithe, tá ag clis ar an gcóras sláinte agus tá na pinsin i mbaol chomh maith.
ag loic ar na nGaeilge failing the Irish language
" " Cuirtear i leith RTÉ go minic go bhfuil an stáisiún ag loic ar na nGaeilge agus gur beag clár teilifíse as Gaeilge atá le feiceáil ar an stáisiún na laethanta seo.
go raibh sprid an ghrúpa ag teip that the spirit of the group was failing
" Bhí scéal ann gur fhreastail sé ar scoil, Coláiste na Carraige Duibhe, sna héadaí céanna, gur cuireadh abhaile é lena éadaí a athrú ach nuair a d’fhill sé go raibh culaith oíche eile á caitheamh aige! Teip ar an sprid Tháinig deireadh leis an ngrúpa ag Live Aid ach tá sé soiléir ón DVD agus ó leabhar Geldof, *Is That It?*, go raibh sprid an ghrúpa ag teip ar feadh roinnt blianta sula stopadar.
ag teip failing
" Creideann Europus go bhfuil ag teip ar dhaoine a chuireann isteach ar phostanna leis an AE mar nach mbíonn oiliúint curtha orthu roimh ré.
teip an ghrá, the failing of love,
" Ní haon ionadh ach an oiread go bhfuil a shaothar breac le fadhbanna grá, teip an ghrá, agus, níos uaigní fós, cé acu an bhfuil caidrimh phearsanta neamhfhéideartha sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta sin agus cé acu an maireann saoi an cheamara ansin.
Deirtear go bhfuil ag teip ar chomhlachtaí ceirníní it is said that record companies are failing
" Deirtear go bhfuil ag teip ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain, ach ó bheith ag breathnú ar oifigí áille an chomhlachta seo, níl sé sin fíor.
faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain about the way in which record companies are continually failing around the world
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
ag loiceadh ar a n-íocaíochtaí failing in their payments
" Nuair a thosaigh na daoine seo ag loiceadh ar a n-íocaíochtaí, d'imigh foinse airgid tirim na mbancanna leo.
meath ar failing
" Bhí meath ar shaol na mainistreach agus cuireadh glaoch air, féachaint an mbeadh sé ábalta cuidiú leo an fhadhb a réiteach.
ag teip fosta failing also
"ag teip fosta le haon iarracht atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus ag na Coláistí Oiliúna íomhá na bunmhúinteoireachta a athrú mar gur léir go n-amharctar air go fóill mar rogha ghairme do mhná amháin.
ag meath failing
" “Ní ginearál maith a theastaíonn uaim” mar a dúirt Napeoleon, “níl uaim ach ginearál ádhúil!” Nuair a bhí an geilleagar ag moilliú is ag meath ar domhan, thosaigh na Gaeil ag díol is ceannach tithe lena chéile, rud a choinnigh dlús faoi anseo seal sa bhreis.
loiceadh failing
" ie ar an fhocal 'collapsing' - imphléascadh, loiceadh, teip, tnáitheadh, tabhairt chun talún, turnamh, cliseadh srl.
titim i léig failing, on the way out
" Creideann 61% de Mheiriceánaigh go bhfuil Meiriceá ag titim i léig.
ar tí teip on the point of failing
" Thosaigh gluaiseacht na Tea Parties i mí Feabhra 2009 nuair a thograigh infheisteoirí baile (daoine a dhéanann infheistíocht óna dtithe féin), a chaill go leor sa teip airgeadais sna míonna beaga roimhe sin, málaí tae, mar chomharthaí díspeagtha, a sheoladh chuig na comhaltaí comhdhála a vótáil ar son an phacáiste tarrthála ollmhóir do na bancanna agus do na comhlachtaí móra a bhí ar tí teip.
ag teip failing
" Ar Son na Príomhchathrach ======== Ba léir cúig bliana déag ó shin go raibh ag teip ar Bhaile Átha Cliath soláthar ar mhuintir na cathrach ar mhórán bealaí.
ag teip failing
" Dúirt sé go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fhágáil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann a bhformhór acu ceithre bliana déag á foghlaim.
ag titim failing
" **ONT: Mar sin má tá rudaí ag titim in ainneoin na n-eagraíochtaí go léir, céard atá mícheart, céard atá le cur leis, céard a chaithfear fáil réidh leis, agus cén deasadh beag a chaithfear a dhéanamh?** DB: “An moladh atá agamsa ná an Bord Oideachais, mar tá an t-oideachas chomh bunúsach san athrú céime ó theanga go cultúr.
ag cliseadh failing
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
ag teip ar failing
" Faoi láthair tá ag teip ar thíortha láidre na hEorpa – an Fhrainc agus an Ghearmáin go háirithe – ceannaireacht chumasach a thabhairt don Aontas in uair na cinniúna.
i meathlú millteanach failing terribly
" Agus an tír i meathlú millteanach, níl aon dara rogha ag an rialtas ach airgead a fháil ar iasacht chun íoc as cúnamh dífhostaíochta, scéimeanna sóisialta, cogaí, seirbhísí poiblí, agus gach rud eile a mbíonn rialtais freagrach as.
ag cliseadh failing
" Ba léir dom go raibh an córas oideachais ag cliseadh sa mhéid is nach raibh bunscileanna matamaitice ag sciar mhór de na mic léinn a bhíodh ag tabhairt faoin tríú leibhéal.
An Chith a d’Fhliuch gach Roinn Stáit the universal failing in every government department
" An Chith a d’Fhliuch gach Roinn Stáit ================ Tharla neamart na nGardaí i gceantair ar nós Ghaoth Dobhair ag am nuair atá an teanga faoi bhrú leanúnach sa Ghaeltacht.
ag teip go tiubh failing left right and centre
" Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.
bhfuil ag teip ar are failing
" Ach is dóigh liom féin go bhfuil ag teip ar pháirtithe agus ar “ghluaiseachtaí” na heite clé na díospóireachta is tábhachtaí a chur in eagar.
na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce the blessings and failings of emigration
" Téann na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce i gcion ar gach duine, idir fhir is mhná, ó liath go leanbh, agus is iomaí buntáiste agus míbhuntáiste a roinneann gach duine a thugann faoi thuras thar lear, pé inscne atá i gceist.
bhfuil ag teip ar dhíolacháin carranna nua new car sales are failing
" An fáth gur baolach áirid é an branda a thabhairt ar ais go hÉirinn, go bhfuil ag teip ar dhíolacháin carranna nua de gach aon chineál sa tír seo agus ar fud an domhain faoi láthair.
atá ag cliseadh which are failing
" Titim an ANC ====== Ach ní féidir linn samhlú go dteipfidh go hiomlán ar an Afraic Theas agus go dtitfidh sí siar i measc na dtíortha Afracacha eile atá ag cliseadh.
ag teip failing
"ag teip go tubaisteach ar go leor de na heagraíochtaí Gaeilge freastal ar chuid riachtanas lucht foghlama na teanga, áfach.
an gcith a d’fhliuch saol imeartha the universal failing in the world of playing
" D’amharc Colm Mac Séalaigh le deireanas ar an gcith a d’fhliuch saol imeartha na spórt páirce, an gortú fadtréimhse.